Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Welcome to the Primate MacMahon Archbishop of Armagh
Title
Welcome to the Primate MacMahon Archbishop of Armagh
Compiler/Editor
Morris, H.
Composition Date
1739
Publisher
(Dún Dealgan: Co. Louth Archaeological Society, 1913)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fáilte Do'n tighearna ro-dhersgnaidh .i. Brian Mac Mathghamhna árd-easbóg árdmacha, agus príomfháidh Éireann uile. Pádraig Ua Pronntaigh cct. Nochad milléan fáilte fíor Uaim do theachta an Áird-ríogh, Thainic chugainn 'nois go mbuaidh, Stiúraightheóir ós cionn príomhshluaigh. Bile buadhach, sochmaidh, sáimh, d'fhír-shliocht uasal Eireamhain; Sgoth chru Gaedheal mur fiadhantar linn, Dar dhual ceannus Éireann. Príomh-dhochtúir diadhacht' Inis Fáil, Ar lorg Phádraig an tearláim; Salmaire séimhghlórach, binn, Meir-leabhar, oirdheirc, aoibhinn. Cloch chormhogal go neagaibh n-óir, Dar dhual meisgeacha maoth-shróil A bheith go buan, i dtús catha, Dtimcheall Mhic an Árd-fhlatha. Diadhaire dearsgnaidh, dána, dúr, I ndiamhair-rún léighinn gan mhiosúr; Bollsaire beannuigh', is binn guth, Le briathra Chríosd' do mhíniughadh. Ambasadóir oirdheirc ó Dhia, Fear ionaid Chríosd an t-Áird-thriath, Buadhbhall milis na mbriathra n-árd, An t-uasal-mhac dil .i. Bearnárd.
Coill-bhile as coilltibh go fíor, Oll-dhair nar thuill tathaoir, Grianán áluinn go mur maith, Deaghmhac Phádraig an t-árd-fhlaith. Mar Sholamh é i n-eagna ghrinn, Saoi is féile 'sa' bhfóghluim, Cothughadh éigsí is cléire gan locht, 'S ag pronnadh spré ar dhaonacht. Fear le sgriúdthar gach am Teartulain, agus Criosostom, Aibhisdín, is Belairmin go mion, 'S a' diadhaire oirdheirc Ciprian. Béada fós, léightear leis, Griogoir naomhtha, is Bhincensius, Basilius, is Ierom gan fos, 'S a' t-athair iúlmhar Ireneus. Ioseph é i n-am na gorta, Ag síor-chur an tsíl shoisgealta Mar Mhaois é i gceann an phobaill Eabhrach, Dul tríd mhuir Éirceacht go lán-chalma. Tempall Árdmhac, leannan gráidh, Tá pósta leis an phríomhfháidh; Caoimh chéile Chríosd d'ar gheall buaidh d'aimhdheóin ifrinn 'sa bhorb-shluaigh. Mar dhealruigheas an ghrian ghlan ghorach Ós cionn éasg' agus réaltanna, Dárduigh do chliú-sa is dála ós ceann Gach diadhaire i n-oileán Éireann. Do dhís dhearbhrathair, saoithe shéimh, Ross, agus Tuathal, go n-áird sgéimh, Préalaidibh fós go n-eagna cheart, Go n-uaisle, go n-glaine, sgo n-inntleacht. An t-athair Ross - saoi an-ghrinn, I ndiamhair Gaedhilge mar chluinim, Dar ab dual suairces agus oineach ceart, Buaidhe, caithréim, agus ceannsacht. I ndignid Easbógachta fós Tá an t-athair Ross go ndeaghnós; 'Sar oirdheirc a chliú 'san gcrích Tré dhuthracht a theasghráidh do'n Áird-Rígh. Tuathal fós, a thainic a n-oir Chugainn do bhall an mhionmhuir, Ar mbeith le tréimhse as Chrích Chuinn I dtíorthaibh aineóil ag foghluim. Mar bhadar fós bhur seinnsir shéimh I n-Inis Fódla go gcaithréim, Go n-éirighidh ceannus is buaidh go beacht Libh-se gach uair i n-aoinfheacht. Na loingbhile taraidh budh tréan, Clann chrodha Eochaidh duibhléan, Triar le'r teasgadh Ultaighibh oll, Aodh, Muireadhach, agus Cairioll. Muireadhach Colla dhá chrích, Uadh do shiolaidh Mathghamhnaigh - Fir do chleachtadh deabhadh teann A thabhairt ag díothchur eachtrann. Do chuadar an triar ar sáile anonn Ar cuairt go críochaibh Alban, Mar bhfuair siad fearann is fáilte shoir, Tré bháidh re h-oileach a máthair. Iar dtilleadh dhóibh do'n gcrích-si 'steach Do chuadar go h-Áird-Rígh Teamhrach, 'S do bhadar aige na mbuadhnaidhibh teann Ag cosnamh ríoghacht' Éireann. Taoi sibhse fós anois go fíor I gceannus spioradalta ag a n-Áird-Rígh, Mar mbeirthear buaidh do chead an Trír, Ar shluagh-bhuidhean ifrinn go síorruidhe. Is buadhach bhur n-eachtra 'noir ar fhán, Teacht díonnsaidhe bhur gcarad go h-iomlán: 'S is urus dóib a bheith uile teann, Ó's aca féin atá an primh-cheann.
Iomdha fuil ró-uasal ríogh A lasfadh 'ngruaidhibh a n-áird thrír: Fuil ríghthe Breifne gan tár, Fir budh crodha 'san teagmháil. Ó Néill Uladh, na gcuach n-óir, Maguidhir fós, na gcorn bhfleadhamhail, Ó Domhnaill tréan, badh comhla theann - Rí Thíre Conaill na saor-chlann. Gach príomhfhuil eile ó sin amach D'ar shiluidh ó Chonn Céad-chathach, Tá barradh timcheall an trír-si i gcéim Nach dtuilleann ó aoinneach oilbhéim. Dá dtigeadh an t-iarmhaireach isteach, 'S go bhfeicfeamaois díot-chur Éirceach, Bheadh carbad luath go stéadaibh mear Agaibh, ar nós bhur sinnsear. Fáilte anois, ó Righ na Rann; Fáilte na naomh 's na maighdean' Go rabh i bhflaitheas rómhaibh gan stad Milléan fáilte ar nochad. Nochad milléan fáilte fíor.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services