Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Welcome to the Primate MacMahon Archbishop of Armagh

Title
Welcome to the Primate MacMahon Archbishop of Armagh
Compiler/Editor
Morris, H.
Composition Date
1739
Publisher
(Dún Dealgan: Co. Louth Archaeological Society, 1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Fáilte Do'n tighearna ro-dhersgnaidh .i. Brian Mac Mathghamhna
árd-easbóg árdmacha, agus príomfháidh Éireann uile.



Pádraig Ua Pronntaigh cct.



Nochad milléan fáilte fíor
Uaim do theachta an Áird-ríogh,
Thainic chugainn 'nois go mbuaidh,
Stiúraightheóir ós cionn príomhshluaigh.



Bile buadhach, sochmaidh, sáimh,
d'fhír-shliocht uasal Eireamhain;
Sgoth chru Gaedheal mur fiadhantar linn,
Dar dhual ceannus Éireann.



Príomh-dhochtúir diadhacht' Inis Fáil,
Ar lorg Phádraig an tearláim;
Salmaire séimhghlórach, binn,
Meir-leabhar, oirdheirc, aoibhinn.



Cloch chormhogal go neagaibh n-óir,
Dar dhual meisgeacha maoth-shróil
A bheith go buan, i dtús catha,
Dtimcheall Mhic an Árd-fhlatha.



Diadhaire dearsgnaidh, dána, dúr,
I ndiamhair-rún léighinn gan mhiosúr;
Bollsaire beannuigh', is binn guth,
Le briathra Chríosd' do mhíniughadh.



Ambasadóir oirdheirc ó Dhia,
Fear ionaid Chríosd an t-Áird-thriath,
Buadhbhall milis na mbriathra n-árd,
An t-uasal-mhac dil .i. Bearnárd.


L. 190


Coill-bhile as coilltibh go fíor,
Oll-dhair nar thuill tathaoir,
Grianán áluinn go mur maith,
Deaghmhac Phádraig an t-árd-fhlaith.



Mar Sholamh é i n-eagna ghrinn,
Saoi is féile 'sa' bhfóghluim,
Cothughadh éigsí is cléire gan locht,
'S ag pronnadh spré ar dhaonacht.



Fear le sgriúdthar gach am
Teartulain, agus Criosostom,
Aibhisdín, is Belairmin go mion,
'S a' diadhaire oirdheirc Ciprian.



Béada fós, léightear leis,
Griogoir naomhtha, is Bhincensius,
Basilius, is Ierom gan fos,
'S a' t-athair iúlmhar Ireneus.



Ioseph é i n-am na gorta,
Ag síor-chur an tsíl shoisgealta
Mar Mhaois é i gceann an phobaill Eabhrach,
Dul tríd mhuir Éirceacht go lán-chalma.



Tempall Árdmhac, leannan gráidh,
Tá pósta leis an phríomhfháidh;
Caoimh chéile Chríosd d'ar gheall buaidh
d'aimhdheóin ifrinn 'sa bhorb-shluaigh.



Mar dhealruigheas an ghrian ghlan ghorach
Ós cionn éasg' agus réaltanna,
Dárduigh do chliú-sa is dála ós ceann
Gach diadhaire i n-oileán Éireann.



Do dhís dhearbhrathair, saoithe shéimh,
Ross, agus Tuathal, go n-áird sgéimh,
Préalaidibh fós go n-eagna cheart,
Go n-uaisle, go n-glaine, sgo n-inntleacht.



An t-athair Ross - saoi an-ghrinn,
I ndiamhair Gaedhilge mar chluinim,
Dar ab dual suairces agus oineach ceart,
Buaidhe, caithréim, agus ceannsacht.



I ndignid Easbógachta fós
Tá an t-athair Ross go ndeaghnós;
'Sar oirdheirc a chliú 'san gcrích
Tré dhuthracht a theasghráidh do'n Áird-Rígh.



Tuathal fós, a thainic a n-oir
Chugainn do bhall an mhionmhuir,
Ar mbeith le tréimhse as Chrích Chuinn
I dtíorthaibh aineóil ag foghluim.



Mar bhadar fós bhur seinnsir shéimh
I n-Inis Fódla go gcaithréim,
Go n-éirighidh ceannus is buaidh go beacht
Libh-se gach uair i n-aoinfheacht.



Na loingbhile taraidh budh tréan,
Clann chrodha Eochaidh duibhléan,
Triar le'r teasgadh Ultaighibh oll,
Aodh, Muireadhach, agus Cairioll.



Muireadhach Colla dhá chrích,
Uadh do shiolaidh Mathghamhnaigh -
Fir do chleachtadh deabhadh teann
A thabhairt ag díothchur eachtrann.



Do chuadar an triar ar sáile anonn
Ar cuairt go críochaibh Alban,
Mar bhfuair siad fearann is fáilte shoir,
Tré bháidh re h-oileach a máthair.



Iar dtilleadh dhóibh do'n gcrích-si 'steach
Do chuadar go h-Áird-Rígh Teamhrach,
'S do bhadar aige na mbuadhnaidhibh teann
Ag cosnamh ríoghacht' Éireann.



Taoi sibhse fós anois go fíor
I gceannus spioradalta ag a n-Áird-Rígh,
Mar mbeirthear buaidh do chead an Trír,
Ar shluagh-bhuidhean ifrinn go síorruidhe.



Is buadhach bhur n-eachtra 'noir ar fhán,
Teacht díonnsaidhe bhur gcarad go h-iomlán:
'S is urus dóib a bheith uile teann,
Ó's aca féin atá an primh-cheann.


L. 191


Iomdha fuil ró-uasal ríogh
A lasfadh 'ngruaidhibh a n-áird thrír:
Fuil ríghthe Breifne gan tár,
Fir budh crodha 'san teagmháil.



Ó Néill Uladh, na gcuach n-óir,
Maguidhir fós, na gcorn bhfleadhamhail,
Ó Domhnaill tréan, badh comhla theann -
Rí Thíre Conaill na saor-chlann.



Gach príomhfhuil eile ó sin amach
D'ar shiluidh ó Chonn Céad-chathach,
Tá barradh timcheall an trír-si i gcéim
Nach dtuilleann ó aoinneach oilbhéim.



Dá dtigeadh an t-iarmhaireach isteach,
'S go bhfeicfeamaois díot-chur Éirceach,
Bheadh carbad luath go stéadaibh mear
Agaibh, ar nós bhur sinnsear.



Fáilte anois, ó Righ na Rann;
Fáilte na naomh 's na maighdean'
Go rabh i bhflaitheas rómhaibh gan stad
Milléan fáilte ar nochad.



Nochad milléan fáilte fíor.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services