Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhluchd Seandachta Lughmhaighe
Title
Comhluchd Seandachta Lughmhaighe
Author(s)
Lynch, Daniel,
Composition Date
1904
Publisher
County Louth Archaeological and Historical Society
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COMHLUCHD SEANDACHTA LUGHMHAIGHE. Gluaisimís feasda 'n ár slóightibh A bailiughadh sean-sgeolta an Mhágha Ó Bhrúgh aedhrach Aenguis cois Bóinne Go Caol-Uisge 'dteorainn Iúbhair Trágha; Ná fágaimís túr ann gan taisdeal, Ná fágaimís leacht ann 'ná lios, Ná fágaimís caisleán 'ná caiseal Gan cúis a mbunúdhais chur i bhfios. Is fialmhar, feuramhuil Magh Mhuir- thimhne Is ór-buidhe 'n t-arbhar ann san bhfoghmhar, Acht i dteannta na mbarraí ó'n ithir, Ta saothar sean-ghaodhal ann go leor: Tá uaimheanna théidheann cúrsaí fada Faoi'n dtalamh, 's leacacha dá ndíon, Is séomraí gan aol in-a mballaibh In a gcomhnuidheann gan mhairg sluagh-shidhe. Deir úghdair deagh-mhúinte in ársacht Gurbh iongantach tar bhárr iad sean- Ghaoidhil Go fonnmhar thóg dúin suas anáirde Agus túrtha gan áireamh san tír; As feuch ar an roilig atá 'guinn, Cois Bóinn' is golám le n-a taoibh, Is draoi-leac chun íodhbhairt págánach, Go díreach le láimh Rois na Ríogh. A's ca bhfuil an té ná béadh bród air Do théidheann do'n Mheadóig ins an gcúm, I n-ar mhair, i n-ar oibrigh go glórmhar Ins an aimsir fad ó, na Naomh-Úird? Infhiúchtar gach doras is áirs ann, Is na clocha tá geárrtha gan bhéim, 'S beidh iongna, dar lioms', ar gach sár-fhear Faoi rún-shlachd is cheárduígheacht na nGaodhal. Agus théidhmís go Mainsdir Bhuíthe I n-ar mhair Flann na laoidhthe fad ó 'S ná fágaimís cros gan craobh- sgaoileadh, A míniughadh gach brigh bhaineas leo; Is cuardaimís uaimh atá lámh leis An mainisdir ársa na naomh, Agus scríbhmís do'n mhuíntir nar tháinig Ar chroidhe-chion is chráibhtheacht na nGaodhal. Ná fágam an t-áth i n-ar threasgair Cúchulainn,'na phéarsain an treon, Is d'fhág 'guinn dá bhárr san mar ainm Áth'rdí ar ár mbaile go deo; Ná fágaimís cuais ann cois leasa — Ná bíodh ann áit catha, ná gleoidh — Ná clocha árd-dhíreach 'na seasamh Gan tuairisg le cad a bhain leo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services