Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhluchd Seandachta Lughmhaighe

Title
Comhluchd Seandachta Lughmhaighe
Author(s)
Lynch, Daniel,
Composition Date
1904
Publisher
County Louth Archaeological and Historical Society

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


COMHLUCHD SEANDACHTA LUGHMHAIGHE.



Gluaisimís feasda 'n ár slóightibh
A bailiughadh sean-sgeolta an Mhágha
Ó Bhrúgh aedhrach Aenguis cois Bóinne
Go Caol-Uisge 'dteorainn Iúbhair
Trágha;
Ná fágaimís túr ann gan taisdeal,
Ná fágaimís leacht ann 'ná lios,
Ná fágaimís caisleán 'ná caiseal
Gan cúis a mbunúdhais chur i bhfios.



Is fialmhar, feuramhuil Magh Mhuir-
thimhne
Is ór-buidhe 'n t-arbhar ann san
bhfoghmhar,
Acht i dteannta na mbarraí ó'n ithir,
Ta saothar sean-ghaodhal ann go leor:
Tá uaimheanna théidheann cúrsaí fada
Faoi'n dtalamh, 's leacacha dá ndíon,
Is séomraí gan aol in-a mballaibh
In a gcomhnuidheann gan mhairg
sluagh-shidhe.



Deir úghdair deagh-mhúinte in ársacht
Gurbh iongantach tar bhárr iad sean-
Ghaoidhil
Go fonnmhar thóg dúin suas anáirde
Agus túrtha gan áireamh san tír;
As feuch ar an roilig atá 'guinn,
Cois Bóinn' is golám le n-a taoibh,
Is draoi-leac chun íodhbhairt págánach,
Go díreach le láimh Rois na Ríogh.



A's ca bhfuil an té ná béadh bród air
Do théidheann do'n Mheadóig ins an
gcúm,
I n-ar mhair, i n-ar oibrigh go glórmhar
Ins an aimsir fad ó, na Naomh-Úird?
Infhiúchtar gach doras is áirs ann,
Is na clocha tá geárrtha gan bhéim,
'S beidh iongna, dar lioms', ar gach
sár-fhear
Faoi rún-shlachd is cheárduígheacht na
nGaodhal.



Agus théidhmís go Mainsdir Bhuíthe
I n-ar mhair Flann na laoidhthe fad ó
'S ná fágaimís cros gan craobh-
sgaoileadh,
A míniughadh gach brigh bhaineas leo;
Is cuardaimís uaimh atá lámh leis
An mainisdir ársa na naomh,
Agus scríbhmís do'n mhuíntir nar tháinig
Ar chroidhe-chion is chráibhtheacht na
nGaodhal.



Ná fágam an t-áth i n-ar threasgair
Cúchulainn,'na phéarsain an treon,
Is d'fhág 'guinn dá bhárr san mar ainm
Áth'rdí ar ár mbaile go deo;
Ná fágaimís cuais ann cois leasa —
Ná bíodh ann áit catha, ná gleoidh —
Ná clocha árd-dhíreach 'na seasamh
Gan tuairisg le cad a bhain leo.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services