Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Cork Gaelic Text on a Napoleonic Campaign
Title
A Cork Gaelic Text on a Napoleonic Campaign
Author(s)
Ó Floinn, Donncha,
Compiler/Editor
Buttimer, C.G.
Composition Date
1806
Publisher
(Corcaigh: Cumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, 1990)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N JCHAS095 107-119} {L 116} {B 1806 19T} {G L} {U 0463} {C Prós} {M 8} TEXT 1 Ma mithid riot is cóir a mhaoidheamh móréachta dhearbhrathar da mháthar, go sonrach an 8 mhi na bliadhna so: et uime sin adeirid na haoilig (no is mian reo a radh) go bhfuil an fiabhrus coididiana a tiocht go dian ar chSeorse, et ar mháor theighleach et go bhfuil an leoghan et an t-aonadharcach maille colamhna an torchaithighreach féin, a riocht na rabhadar fós re 3. chead. bliadhan .i. an eaglaigheacht bas gan súil re heiseirghe. etc. 2 Ce cian do chomhnaidhe o chogar do chomhaltaidhe ni fulair liom gur chluinis tor- chradh ardthimtire na Breatan, tug amus minic gan athas, ar eirleach na mor-luch (mor cancelled). 3 Do chualais. mur an gceadhna bas ann- trathach tSheanaig na siochana do chuir Lauderdale go lansaolta a suiridhe re. dear- bhrathair do mhathar. no gur dhein maicne na n-olc gne tathaighthe re Frederic (anos) fluchshuileach, d'fhag é gan tigh, gan aird, gan aitreabh; gan oiread et feár in uice mar do fagbha ag Proinsias roimesi. 4 An 8mhadh la d. ochtmhi na bhliadhna (sic) so tainig an luch mhór sa chlann an ithlinn Frederic - An 10mhadh la do mar- bhadh leo a mhac .i. Laoiseach prionsa Pruisia. An 14 la do tugadh an cath calma úd (Cath Jena in marg.) badh cosamhail re Cath Cluana Tairbh ionar cuireadh an ruag ar Frederic et ar a shluaghtaibh iomdha, do goineadh Duke Bhrunswic go milteach et fos do chaill se a radharc, do rineadh priosunach do Phrionsa na n-Arástaidhe et do marbhadh ii each faoi Frederic e féin, et a bhean rioghan lear mhian cath... sin do chonairc si e iar na heitilt. 5 An 25 lá do ghabh na luchaigh seilbh Berlin et an 28 tainig dearbhrathar do mhathar féin asteach don caithir sin et do rín comh- naidhe inte. An ait eile dobadh eigean don Phrionnsa Hohenloe tabhairt suas maille 16000 cosaide airm, 6000 armmharcach 45 do bhratachaibh 64 canoin infheadhmadh. Do marbhadh fos mac eile do Frederic an la so .i. an 29 .i. Prionsa A. Ferdinand et móran nach e etc ar mhodh go n-aithristear gur cuireadh an ruag an tan so ar 10 mile eile diobh et gur sgaipeadar mórbhuidhean Frederic ar feadh mhoin an áir amhuil ceo fobhair ar eirge ghréine, do thoisg mhóráithis na laoch. Adeir dearbhráthair do mháthar gur togbhadh go deanach 60 000 eile priosunach 65 do mheirgibh 600 canuinn et ós cionn 20 ard- theoiseach .etc. Do theith Frederic et word erased ni feas cá haith a bhfuil se. Do rin t-uncle uachtarán don taoiseach Cleirk ar Bheirlin et ar Rioghacht Phrusia go huile. As clos damh gur fear aon tre dhuit an taoiseach so .i. Cleirc agus gur o Thiobradaran e gan amhras. et fós do cuireadh a gceill domh gur Ciaraigheach an mór-thaoisach eile ud .i. Solt et gur Mac Sheehy a ainm dileas. Na biodh eagla ort a Ghaodhal ionmhuinn an tan ataid na mórchuiraidhe-si a bhfabhar ag t-uncle etc as amhrach do comaltaidhe gach la. 6 An 6 la don 9 mhi do togbhadh caithir .i. Lubec leis an taoiseach .i. Bearrnadot. et do togbhadh Magdeburg an 8 la, an foslongport bu treise sin Orip. et adeir leitir o Hambuirgh nach feas d'aoineach ca hait don Ocheathar- dha ionar fholaic Frederic é féin - d'eag Duke Bhrunswick an Altona an xii don 9 mhí et do bhrigh mar goineadh et fós an tan chualadh se gur chaill se a Rioghacht do bhris a chroidhe et d'éag. Do rineadh priosunach do Phrionsa Meclenburgh .i. dearbhrathair bheanrioghan Phrusia leis an dtaoiseach Sabhary et do word cancelled chuaigh na luchaigh go Poland an 5mhadh le do shaoradh na bPoles o anbhruid an trir úd do chreach iad .i. breaks off.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services