Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Cork Gaelic Text on a Napoleonic Campaign

Title
A Cork Gaelic Text on a Napoleonic Campaign
Author(s)
Ó Floinn, Donncha,
Compiler/Editor
Buttimer, C.G.
Composition Date
1806
Publisher
(Corcaigh: Cumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, 1990)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TEXT



1 Ma mithid riot is cóir a mhaoidheamh
móréachta dhearbhrathar da mháthar, go
sonrach an 8 mhi na bliadhna so: et uime sin
adeirid na haoilig (no is mian reo a radh) go
bhfuil an fiabhrus coididiana a tiocht go dian
ar chSeorse, et ar mháor theighleach et go
bhfuil an leoghan et an t-aonadharcach maille
colamhna an torchaithighreach féin, a riocht
na rabhadar fós re 3. chead. bliadhan .i. an
eaglaigheacht bas gan súil re heiseirghe. etc.



2 Ce cian do chomhnaidhe o chogar do
chomhaltaidhe ni fulair liom gur chluinis tor-
chradh ardthimtire na Breatan, tug amus
minic gan athas, ar eirleach na mor-luch (mor
cancelled).



3 Do chualais. mur an gceadhna bas ann-
trathach tSheanaig na siochana do chuir
Lauderdale go lansaolta a suiridhe re. dear-
bhrathair do mhathar. no gur dhein maicne na
n-olc gne tathaighthe re Frederic (anos)
fluchshuileach, d'fhag é gan tigh, gan aird,
gan aitreabh; gan oiread et feár in uice mar do
fagbha ag Proinsias roimesi.



4 An 8mhadh la d. ochtmhi na bhliadhna
(sic) so tainig an luch mhór sa chlann an
ithlinn Frederic - An 10mhadh la do mar-
bhadh leo a mhac .i. Laoiseach prionsa Pruisia.
An 14 la do tugadh an cath calma úd (Cath
Jena in marg.) badh cosamhail re Cath Cluana
Tairbh ionar cuireadh an ruag ar Frederic et ar
a shluaghtaibh iomdha, do goineadh Duke
Bhrunswic go milteach et fos do chaill se a
radharc, do rineadh priosunach do Phrionsa na
n-Arástaidhe et do marbhadh ii each faoi
Frederic e féin, et a bhean rioghan lear mhian
cath... sin do chonairc si e iar na heitilt.



5 An 25 lá do ghabh na luchaigh seilbh
Berlin et an 28 tainig dearbhrathar do mhathar
féin asteach don caithir sin et do rín comh-
naidhe inte. An ait eile dobadh eigean don
Phrionnsa Hohenloe tabhairt suas maille
16000 cosaide airm, 6000 armmharcach 45 do
bhratachaibh 64 canoin infheadhmadh. Do
marbhadh fos mac eile do Frederic an la so .i.
an 29 .i. Prionsa A. Ferdinand et móran nach e
etc ar mhodh go n-aithristear gur cuireadh an
ruag an tan so ar 10 mile eile diobh et gur
sgaipeadar mórbhuidhean Frederic ar feadh
mhoin an áir amhuil ceo fobhair ar eirge
ghréine, do thoisg mhóráithis na laoch. Adeir
dearbhráthair do mháthar gur togbhadh go
deanach 60 000 eile priosunach 65 do
mheirgibh 600 canuinn et ós cionn 20 ard-
theoiseach .etc. Do theith Frederic et word
erased ni feas cá haith a bhfuil se. Do rin
t-uncle uachtarán don taoiseach Cleirk ar
Bheirlin et ar Rioghacht Phrusia go huile. As
clos damh gur fear aon tre dhuit an taoiseach
so .i. Cleirc agus gur o Thiobradaran e gan
amhras. et fós do cuireadh a gceill domh gur
Ciaraigheach an mór-thaoisach eile ud .i.
Solt et gur Mac Sheehy a ainm dileas. Na
biodh eagla ort a Ghaodhal ionmhuinn an tan
ataid na mórchuiraidhe-si a bhfabhar ag
t-uncle etc as amhrach do comaltaidhe gach
la.



6 An 6 la don 9 mhi do togbhadh caithir
.i. Lubec leis an taoiseach .i. Bearrnadot. et do
togbhadh Magdeburg an 8 la, an foslongport
bu treise sin Orip. et adeir leitir o Hambuirgh
nach feas d'aoineach ca hait don Ocheathar-
dha ionar fholaic Frederic é féin - d'eag
Duke Bhrunswick an Altona an xii don 9 mhí
et do bhrigh mar goineadh et fós an tan
chualadh se gur chaill se a Rioghacht do bhris a
chroidhe et d'éag. Do rineadh priosunach do
Phrionsa Meclenburgh .i. dearbhrathair
bheanrioghan Phrusia leis an dtaoiseach
Sabhary et do word cancelled chuaigh na
luchaigh go Poland an 5mhadh le do shaoradh
na bPoles o anbhruid an trir úd do chreach iad
.i. breaks off.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services