Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Paul Street Poem, c.1760
Title
A Paul Street Poem, c.1760
Compiler/Editor
Buttimer, C. G.
Composition Date
1760
Publisher
(Corcaigh: Cumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, 1988)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N JCHAS093 126-137} {L 133} {B 1760c 18L} {G L} {U 0201} {C Prós} {M 8} TEXT (Duine) áirithe ag breith bhuíochais le Uilliam séimh fíorcheansa Ceallaigh, táilliúir chónaíos i Sráid Phóil Aspail i gCorcaigh na long, ar son folach de dhaorscarlaéid mhín shlim chraorag f<. . .> fhrinsí dubha dorcha síoda do cheap agus do bhronn sé dho dá phíp. {C Fil.} Fógraim, leathaim is scaipim i measc na tíre, ar fuaid dútha an Bharraigh mar ghabhann go cois na Bríde, go Cluain Meala is go Caiseal má léigtear slí leis 's go Loch Dearg go tapaigh, sin fáth mo scríbhinn'. Tá scéal ar m'aigne sealad 's ní nár liom insin ar shéimhfhear cneasta binnbhlasta lena áireamh díbhse, ní bréag ná bladar ná reacaireacht tá ar m'intinn dar brí mo bhassa ná glagar ach lár gach fírinne'. Ní guag de ghaige ná smalaire smáil do mhaífinn ach suaircmhac searca d'fhuil gharbh nár thláith le naimhde, más méin libh a ainm sin breacaim go hard im phíosa, sé Uilliam Ó Ceallaigh réigh ceasna mo shláinte arís dom.
Ba dheorach cathach le sealad gach tráth mo chroíse, gan ceol mar chleachtainn dá spreagadh go hard le hintinn, gur thóg an scafaire arm ar chlár na scríbe 's is léir mear tapaigh do ghearraigh dom mála pípe. Ní de thóin aon mhadra stracadh an t-áras gaoithe ná d'fhóisc do tachtadh le galar 's do fágadh cloíte, ní haon leadhb smeartha do thabhair an sárfhear groí dhom ach scarlaéid dhearg 's a tarraing le snáth maith síoda. Bhí deimheas dá cheapadh aige ó Shasana is baidcin díreach is iarann dearganta á bhalcadh ar lap board síos leis, snáthaid fhada mhín leabhair 's a teacht thar taoide is méaracán greanta is go dearbh níorbh olc an oidhe air. Is geall le tarbh lá earraigh ag éamh ar maoil chnoic, nó cloig Naoimh Barra 's a sealladh le téada righne, nó fuaim na gcaismearta catha ag Caesar líomhtha an ceol a thagann 'na ceathaibh a corp mo phípe. Níl port dá gcasfainn ó mhaidin go meán na hoíche ná cuirfeadh ag preabarnaigh seanduine fiarchos críonna, i reilig ach seasamh 's dá spreagadh le "Nóra an Chíste" níl uaigh ná scaipfeadh na mairbh do bheadh ag rinnce. An tsaorfhlaith leasaigh 's do tharraing a lámh dheas tríthi an t-éag nár threascra a bheatha go n-aosfaidh críonna, i réim 's i rachmas go rabhaig 's i bhfoirm choíche, 's a Chríost go maire a dhís leanbh is bean a thí aige. Gach n-aon mar ghabhas do dhearcas is léas mo phíosa, ó ghéarshruith Mainge go Daingean 's go Béara an aoibhnis, idir thuata is sagart is easpag is tiarna tíre mo chomhairle glacaig, seo an teagasc do bhéarfad díbhse. Triall go tapaigh don chathair seo i bpéin bhur ndíchill go Sráid Phóil Aspal lér canadh na bréithre diachta, bhur n-éadaí thabhairt le gearradh is le déanamh dlímse do Uilliam Ó Ceallaigh sé ar fheabhas rug barr na ríochta. Is lúthmhar gasta 's is preabanta prap a shuíochaint chun cóta a cheapadh is fairis sin veist is bríste, níl nós ar talamh ná faisean nach leis do fríothar is ó Londain thaistil is ó chathair na Pairíse. Fuair Caesar barra chun catha do bhuadh is díoltais, ar chéill fuair Solomon barra ó na sluaitibh draíochta, fuair Drake an barra chun farraige ar cuaird do thimcheall is fuair Naoí mar bharra é sheachaint ó shruith na Díle.
Fuair Venus barra go dearbhtha ar áilneacht braoithe, Fuair Helen sealad an barra gur sháraigh Príomus, ar thréine pearsan fuair Samson an barr ó dhaoine le cnámh géill asail do leagadh go tláith na mílte. Fuair Óibhid barra i gclútheagasc na rann go líomhtha is fuair Hómar barra tré fheabhas ar imirt dísle, gidh ea ó nach maireann ar talamh 's a ráinig cloíte do bheirimse an barra do Ó Ceallaigh chun mála pípe. An Ceangal A phíp ghléigeal bhinntréitheach shoilbhir shuairc 'na luí tréith nár chloí an t-éag go hobann in uaigh, mo ghuí ghéar óm chroí léigim go flaithis ar cuaird a shíorshaol do shníomh caol 's gur fada é buan. Buan bliana a Thiarna go maire go fóill 's gur cruaidh an téarma é ar iarraidh dá rachadh ar feo, cúis dianghoil lucht iarsma d'fháidh d'fhile is d'fhear ceoil dá dtriallfadh an gliaire faoi leacaibh go deo. Go deo is choíche chaoinfinn féin a bhás, an t-óigfhear groí lér scaoileadh tuar mo chás, do rin mála dom phíp is chuir frainsí léi go bláith 's nach nglacfadh mar dhíol uaim ní san tsaol 'na áit. In áit gach díol do thuill an t-óigfhear uaimse is follas, a phíp, go fíor gur theasta uaitse do thóin do dhíon ón tsín gur theasta uaitse, do lán fá thrí do ghuíonnaibh tabhair uait do. Is do ba chóir an choróin do thabhairt gan dabht, an faraire cróga dom dhóigh sháraigh an domhan, fear oinigh ar bord fear sóghach fear subhach sonn, fear milis fear cóir dá stór ná dearna ronn. Mo stór croí mo leon groí d'fhuil dragan nó suadh san ór bhuí nár speois puinn 's a scaipeadh gan ghruaim mo bheolghrís do deo 'rís go racha don uaigh bhias ag leormhaíomh ar ghnóthaí Uí Cheallaigh gach uair.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services