Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Paul Street Poem, c.1760

Title
A Paul Street Poem, c.1760
Compiler/Editor
Buttimer, C. G.
Composition Date
1760
Publisher
(Corcaigh: Cumann Staire agus Seandálaíochta Chorcaí, 1988)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TEXT



(Duine) áirithe ag breith bhuíochais le Uilliam
séimh fíorcheansa Ceallaigh, táilliúir chónaíos i
Sráid Phóil Aspail i gCorcaigh na long, ar son folach
de dhaorscarlaéid mhín shlim chraorag f<. . .> fhrinsí
dubha dorcha síoda do cheap agus do bhronn sé dho dá phíp.




Fógraim, leathaim is scaipim i measc na tíre,
ar fuaid dútha an Bharraigh mar ghabhann go cois na Bríde,
go Cluain Meala is go Caiseal má léigtear slí leis
's go Loch Dearg go tapaigh, sin fáth mo scríbhinn'.



Tá scéal ar m'aigne sealad 's ní nár liom insin
ar shéimhfhear cneasta binnbhlasta lena áireamh díbhse,
ní bréag ná bladar ná reacaireacht tá ar m'intinn
dar brí mo bhassa ná glagar ach lár gach fírinne'.



Ní guag de ghaige ná smalaire smáil do mhaífinn
ach suaircmhac searca d'fhuil gharbh nár thláith le naimhde,
más méin libh a ainm sin breacaim go hard im phíosa,
sé Uilliam Ó Ceallaigh réigh ceasna mo shláinte arís dom.


L. 134


Ba dheorach cathach le sealad gach tráth mo chroíse,
gan ceol mar chleachtainn dá spreagadh go hard le hintinn,
gur thóg an scafaire arm ar chlár na scríbe
's is léir mear tapaigh do ghearraigh dom mála pípe.



Ní de thóin aon mhadra stracadh an t-áras gaoithe
ná d'fhóisc do tachtadh le galar 's do fágadh cloíte,
ní haon leadhb smeartha do thabhair an sárfhear groí dhom
ach scarlaéid dhearg 's a tarraing le snáth maith síoda.



Bhí deimheas dá cheapadh aige ó Shasana is baidcin díreach
is iarann dearganta á bhalcadh ar lap board síos leis,
snáthaid fhada mhín leabhair 's a teacht thar taoide
is méaracán greanta is go dearbh níorbh olc an oidhe air.



Is geall le tarbh lá earraigh ag éamh ar maoil chnoic,
nó cloig Naoimh Barra 's a sealladh le téada righne,
nó fuaim na gcaismearta catha ag Caesar líomhtha
an ceol a thagann 'na ceathaibh a corp mo phípe.



Níl port dá gcasfainn ó mhaidin go meán na hoíche
ná cuirfeadh ag preabarnaigh seanduine fiarchos críonna,
i reilig ach seasamh 's dá spreagadh le "Nóra an Chíste"
níl uaigh ná scaipfeadh na mairbh do bheadh ag rinnce.



An tsaorfhlaith leasaigh 's do tharraing a lámh dheas tríthi
an t-éag nár threascra a bheatha go n-aosfaidh críonna,
i réim 's i rachmas go rabhaig 's i bhfoirm choíche,
's a Chríost go maire a dhís leanbh is bean a thí aige.



Gach n-aon mar ghabhas do dhearcas is léas mo phíosa,
ó ghéarshruith Mainge go Daingean 's go Béara an aoibhnis,
idir thuata is sagart is easpag is tiarna tíre
mo chomhairle glacaig, seo an teagasc do bhéarfad díbhse.



Triall go tapaigh don chathair seo i bpéin bhur ndíchill
go Sráid Phóil Aspal lér canadh na bréithre diachta,
bhur n-éadaí thabhairt le gearradh is le déanamh dlímse
do Uilliam Ó Ceallaigh sé ar fheabhas rug barr na ríochta.



Is lúthmhar gasta 's is preabanta prap a shuíochaint
chun cóta a cheapadh is fairis sin veist is bríste,
níl nós ar talamh ná faisean nach leis do fríothar
is ó Londain thaistil is ó chathair na Pairíse.



Fuair Caesar barra chun catha do bhuadh is díoltais,
ar chéill fuair Solomon barra ó na sluaitibh draíochta,
fuair Drake an barra chun farraige ar cuaird do thimcheall
is fuair Naoí mar bharra é sheachaint ó shruith na Díle.


L. 135


Fuair Venus barra go dearbhtha ar áilneacht braoithe,
Fuair Helen sealad an barra gur sháraigh Príomus,
ar thréine pearsan fuair Samson an barr ó dhaoine
le cnámh géill asail do leagadh go tláith na mílte.



Fuair Óibhid barra i gclútheagasc na rann go líomhtha
is fuair Hómar barra tré fheabhas ar imirt dísle,
gidh ea ó nach maireann ar talamh 's a ráinig cloíte
do bheirimse an barra do Ó Ceallaigh chun mála pípe.



An Ceangal
A phíp ghléigeal bhinntréitheach shoilbhir shuairc
'na luí tréith nár chloí an t-éag go hobann in uaigh,
mo ghuí ghéar óm chroí léigim go flaithis ar cuaird
a shíorshaol do shníomh caol 's gur fada é buan.



Buan bliana a Thiarna go maire go fóill
's gur cruaidh an téarma é ar iarraidh dá rachadh ar feo,
cúis dianghoil lucht iarsma d'fháidh d'fhile is d'fhear ceoil
dá dtriallfadh an gliaire faoi leacaibh go deo.



Go deo is choíche chaoinfinn féin a bhás,
an t-óigfhear groí lér scaoileadh tuar mo chás,
do rin mála dom phíp is chuir frainsí léi go bláith
's nach nglacfadh mar dhíol uaim ní san tsaol 'na áit.



In áit gach díol do thuill an t-óigfhear uaimse
is follas, a phíp, go fíor gur theasta uaitse
do thóin do dhíon ón tsín gur theasta uaitse,
do lán fá thrí do ghuíonnaibh tabhair uait do.



Is do ba chóir an choróin do thabhairt gan dabht,
an faraire cróga dom dhóigh sháraigh an domhan,
fear oinigh ar bord fear sóghach fear subhach sonn,
fear milis fear cóir dá stór ná dearna ronn.



Mo stór croí mo leon groí d'fhuil dragan nó suadh
san ór bhuí nár speois puinn 's a scaipeadh gan ghruaim
mo bheolghrís do deo 'rís go racha don uaigh
bhias ag leormhaíomh ar ghnóthaí Uí Cheallaigh gach uair.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services