Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaelic Address to Maude Gonne
Title
Gaelic Address to Maude Gonne
Author(s)
Patrick Ford (eagarthóir),
Compiler/Editor
Ford, Patrick
Composition Date
1898
Publisher
Irish World and American Industrial Liberator Co.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Irish World and American Industrial Liberator, Nua Eabhrac, 8-1-1898:8, Eagarthóir, Patrick Ford. Gaelic Address to Maude Gonne, The Gaelic Address to Maude Gonne From Ladies' Committee representing Irishwomen of New York. Díleagra Do'n mhnaoi uasail Maud Gonne, ó chomhlachd na m-ban Éireannach, chomhnuigheas i Nuadh Eabhrac. A bhean uasail urramaigh, Sinne a tá in ár n-díseartachaibh as oileán dhíl na naomh agus na n-ollamh, beannuighmíd dhuit! Is feasach dhúinn an obair mhór atá tú ag deunadh, eadhon, do mheudughadh agus do leathanughadh aondachda imeasg Chlann na nGaodhal; do aith-bheodhughadh agus do bhuanughadh ár d-teanga mathardha, teanga mhín mhilis na h-Éireann; agus faoi dheoidh agus faoi dheire, do shaoradh ár m-bráthrach ó chuibhreachaibh diura (?) i g-carcar na Sacsan. Tá tú chomh fialmhar fonnmhar soin ag cur na h-oibre sin chum cinn, nach misde rádh gur thoirbhir tú do bheatha go h-uile agus go h-iomlán do chuis ár d-tíre. Tá cuid mhór le deunadh agat agus ag do chomh-oibritheóraibh fós. Tar éis iomad bliadhan de ghéir-leanamhain agus eig-ceart tríd dlighthibh feallta na Sacsannach, is trom-chroidheach a táid mhuintir na h-Éireann. Caithfear iad d'árdughadh suas agus do mhunadh gur ó n-a stáir féin agus ó na litridheacht féin is córr dhóibh dul air lorg eisiompláir is iomairbhe (?) iad do bhrosdughadh do chum neitheadh glórmhar óirdhearc do chomh-líonadh. Lean ort do'n obair luachmhar so, agus go m-budh fada seunmhar a bheidheas do laetheanta; agus go mairidh tú slán no go bhfeicfidh tú Éire ár Máthair 'na Náisiún imeasg na Náisiúnthadh, 'sé guidhe do shiúrach is an g-cúis. Barbar Ní Chathasaigh - Uachdarán. Caitlín Ní h-Ainmhreach (?) - Cléireach. Máirgréad Ní Ghallchobhair - Cisdeoír. Mí Nodlag, 27adh 1897.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services