Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gaelic Address to Maude Gonne

Title
Gaelic Address to Maude Gonne
Author(s)
Patrick Ford (eagarthóir),
Compiler/Editor
Ford, Patrick
Composition Date
1898
Publisher
Irish World and American Industrial Liberator Co.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Irish World and American Industrial Liberator,
Nua Eabhrac, 8-1-1898:8,
Eagarthóir, Patrick Ford.



Gaelic Address to Maude Gonne,



The Gaelic Address to Maude Gonne



From Ladies' Committee representing Irishwomen of New York.



Díleagra



Do'n mhnaoi uasail Maud Gonne, ó chomhlachd
na m-ban Éireannach, chomhnuigheas i Nuadh Eabhrac.



A bhean uasail urramaigh,



Sinne a tá in ár n-díseartachaibh as oileán
dhíl na naomh agus na n-ollamh, beannuighmíd dhuit!



Is feasach dhúinn an obair mhór atá tú ag deunadh, eadhon,
do mheudughadh agus do leathanughadh aondachda imeasg Chlann na nGaodhal;
do aith-bheodhughadh agus do bhuanughadh ár d-teanga mathardha, teanga
mhín mhilis na h-Éireann; agus faoi dheoidh agus faoi dheire, do shaoradh ár
m-bráthrach ó chuibhreachaibh diura (?) i g-carcar na Sacsan.



Tá tú chomh fialmhar fonnmhar soin ag cur na h-oibre
sin chum cinn, nach misde rádh gur thoirbhir tú do bheatha go h-uile agus
go h-iomlán do chuis ár d-tíre.



Tá cuid mhór le deunadh agat agus ag do chomh-oibritheóraibh
fós. Tar éis iomad bliadhan de ghéir-leanamhain agus eig-ceart tríd
dlighthibh feallta na Sacsannach, is trom-chroidheach a táid mhuintir na
h-Éireann. Caithfear iad d'árdughadh suas agus do mhunadh gur ó n-a
stáir féin agus ó na litridheacht féin is córr dhóibh dul air lorg eisiompláir
is iomairbhe (?) iad do bhrosdughadh do chum neitheadh glórmhar óirdhearc do
chomh-líonadh.



Lean ort do'n obair luachmhar so, agus go m-budh fada seunmhar
a bheidheas do laetheanta; agus go mairidh tú slán no go bhfeicfidh tú Éire
ár Máthair 'na Náisiún imeasg na Náisiúnthadh, 'sé guidhe do
shiúrach is an g-cúis.



Barbar Ní Chathasaigh - Uachdarán.
Caitlín Ní h-Ainmhreach (?) - Cléireach.
Máirgréad Ní Ghallchobhair - Cisdeoír.



Mí Nodlag, 27adh 1897.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services