Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saltair Mhuire
Title
Saltair Mhuire
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Riseárd
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: Dominican Fathers, 1909)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IrRos13 63-64,141-143,227-229,303-304} {L 63} {B 1630c 17T} {G L} {U 0047} {C Prós} {M 8} Saltair Mhuire. Seathrún Céitinn, D.D. do scríbh. An dara caogad den tSaltair Mhuire, ina bhfuilid Chúig Diamhar-rún Doilgheasacha. Nár léige Dia go ndiongnainn acht i gCrois ár dTighearna Íosa Críost, do umhluigh É féin, do rinne fóghmósas go bás, fós go bás croiche. An chéad diamhar-rún dhoilghéasach, ar an gcéad Phaidir, d'imshníomh is d'fhulang ár dTighearna i nGarrdha Getsémaní. Iar n-ithe an Uain Chásca dár dTighearna is dár Slánuighthóir, mar aon re n-a dhá Abstal déag, an oidhche ré n-a Pháis, do ghlac tubhaille re hionnladh a gcos uile, agus ina dhiaidh sin do ghabh agá dteagasc ré mbeith umhal glan: d'órduigh is do fhuráil is do fhreastal Sacraimint ró-bheannuighthe is Sacrifis A Chuirp is A Fhola féin i bhfoirm aráin is fíona, agus mar an gcéadna d'órduig Sácraimint naomhtha na nGrádha nEaglaise agus d'fhógair dá Abstalaibh (dóibh féin is dá gcomharbaibh) an ní céadna do dhéanamh mar atá Coisreagadh is Íodhbairt A Chuirp is A Fhola ina Sacrifis ar mbeith dhi ina Sacrifis Nuareachta do réir Úird Mhelchísedeic, go teacht Dó féin arís do dhéanamh breitheamhnuis ar an ndomhan. Téidh Iudas an tráth sin amach agus do fhan an Tighearna ag seoladh is ag teagasc, agus ag cur meisnigh i gcách, do gheall dóibh an Spioraid Naomh, do ghuidh an tAthair ar son an uile-fhíoraon, agus leis sin do thriall mar aon ris an aon-abstal déag, go Garrdha Getsémaní, áit fa háithnid do Iudas, óir do ghnáthuigheadh an Tighearna dul ann sin mar aon re n-a dheisciobalaibh. An chéad Abhe. - Ar ndul don Tighearna isteach don Gharrdha go n-a dheisciobalaibh adubhairt riú, "Suidhtar libh annsúdh go ndeachad-sa do ghuidhe."
An dara Abhe. - Ar mbreith Pheadair is Shéamuis is Eóin ar Íosa beagán tairis sin, do thionnscain bheith tóirseach doilghéasach agus adubhairt riú, "Atá mh'anam dólásach re hucht an bháis. Fanaidh annso agus déinidh faire im fhochair." An treas Abhe. - Ar ndul mar an gcéadna urchur cloiche ón triúr sin, do rinn guidhe agá rádh, "A Athair ionmhuin, má's féidir é, tiagadh an corn so thorm; gidheadh, thairis sin, nárab é mo thoil-se acht do thoil-se do dhéantar." An ceathramhadh Abhe. - Tig Íosa i ndáil a dheisciobal, agus iar n-a bhfagháil ina gcodla, adubhairt ré Peadar, "An amhla atá, a Shimeon, an codla dhuit, an é nach féadfá faire aon uaire do dhéanamh mar aon riom-sa, déana faire is úrnaighthe, ionnus nach lingfeá i mbuaireadh." An cúigmhadh Abhe. - Téid uatha arís agus guidhios amhail do rinn thuas, "A Athair ionmhuin, má's féidir é, tógaibh uaim-se an corn so, gidheadh, ní mar is toil liom-sa acht mar is toil leat-sa." An seiseadh Abhe. - Táine seision arís agus fuair ina gcodla iad, óir do bhádar a súile ró-throm agus níor bh'fheas dóibh créad an freagra do bhéaraidís air, agus ní dubhairt sin aon ní riú. An seachtmhadh Abhe. - Ar n-a bhfágbháil dó, téid arís do ghuidhe an treas feacht na ghuidhe chéadna: "A Athair ionmhuin, má's féidir é, tógaibh an corn so uaim-se, gidheadh, nárab í mo thoil-se acht do thoil-se do dhéantar." An t-ochtmhadh Abhe. - Do taibhrigheadh dó annsin (gach uair de na trí huairibh sin nó go háirithe an feacht déadhnach) aingiol do Neamh dá neartughadh. Ó, a umhlacht aonaránach! Tighearna na n-uile dá chomhfhortacht le n-a óglách, agus an Cruthuighthóir le n-a chréatúir. An naomhadh Abhe. - Agus ar mbeith abhfad ag guidhe dhó i bhfulang táine a allus amhail braoin fola, ág snighe síos go talmhain. An deichmhadh Abhe. - Ar dteacht an treas feacht, adubhairt ris na habstalaibh, "Codlaidh-si anois agus glacaidh suaimhneas": (go grod dá éis sin) "Is lór, táine an uair, féach, feallfuidhear ar Mhac an duine, dá thíodhlacadh i lámhaibh na bpeacach; eirghidh liom, (ag imtheacht), féach an tí lé a mbraithfidhear mise, atá sé do láthair."
An dara diamhar-rún doilghéasach, ar an dara Paidir: Gabháil ár Slánuighthóra, a lámhughadh masluightheach is a sciúrsadh cruadhálach. An tan do labhair an Tighearna, ár Slánuighthóir, féach an méirleach Iudas, duine dhen dhá fhear déag ag teacht agus drong mhór mar aon ris go lóchrannaibh is go dtáprachaibh, go gcloidhmhibh agus go n-armaibh eile, agus le glór Íosa do rádh "Is mise é" do thuiteadar ar a gcúlaibh go talmhain, gidheadh, d'fhulaing Sé dhóibh éirghe arís, agus ar mbeannughadh dá mháighistir do Iudas le póig (fa comhartha do chách le heision do aithne tar na habstalaibh) do chuireadar a lámha i nÍosa, do nocht Peadar a chloidhiomh agus do ghearr an chluas deas de Mhalchus, óglách de mhuinntir an Árdshagairt. Do tháith is do leighis an Slánuighthóir do láthair í. Adubhairt re Peadar a chloidhiomh do chur ina thruaill taisce, de bhrigh gurab í sin toil A Athar, É féin d'fhulaing bháis ar son an chine daonna, agus muna bheith sin go bhfaghadh iomad léigion aingiol dá chosnamh dá mba amhla ba oireamhnaighe do mhaith Dhé agus do shlánughadh na ndaoine é. An tan sin, ar dtréigion a Mhaighistir do na deiscioblaibh, do ritheadar uile rómpa agus is mar sin do chomhlíonadh an fháistine so, "Buailfid an t-aodhaire agus do dhéantar na caoire do scaradh." An chéad Abhe. - Ar mbeith do Íosa ceangailte, rugadh go hAnánias agus as sin go Caiphas é: do bheanadar sin araon forrthan de do thaoibh a dheisciobal agus do leith a fhoirceadail, agus do rinne casaoid bhréige air, do bhuailead ar a dheilbh lé daormhach é. An dara Abhe. - Do chuir Caiphas de gheasaibh ar an Slánuighthóir a inisin dó ar bh'É Críost Mac Dé é, agus an tan d'fhreagair agá rádh gur bh'é do bheannuigsiod na diamhasluighthóirí á, sic agus dá rádh gur chionntach ré bás dh'fhulang é, dá ghreamughadh go ró-tharcuisneach agus go gcruadháil. An treas Abhe. - Do ghabhadar daoine ró-úirísle do chruinntshilibh i ndeilbh Chriost ár dTighearna, do bhuaileadar dá ndóirnibh é, agus ar bhfolach a shúl dóibh, do ghabhadar air, agus d'fhuráladar air a thómhas cia do bhuail é.
An ceathramhadh Abhe. - Ann sin do shéan Peadar fá thrí an Tighearna, gidheadh, ré silleadh do Íosa air, do chuaidh amach as an bpalás agus do ghuil go searbh, agus ar gcómhdháil comhairle do na hIobhlaibh do damnuigheadh Íosa leó mar chionntach re n-a bhásughadh. An cúigmhadh Abhe. - Go moch ar na mhárach tugadar roighne na nIudaigheach Íosa 'n-a bhrágha do Phíoláid, fear ionaid Chaesair ann sin. Mar do chonnairc Iudas Íosa damanta re n-a bhásughadh do chroch é féin tré éadóthchus. An sémhadh Abhe. - An tan d'fhiafruigh Píoláid díobh créad é an gearán do bhí aca lé a chur i n-'aghaidh d'fhreagradar sin, "muna bheith sé 'n-a dhrochbheartach ní dháilfimís-na dhuit-se é." An tan do reic Píoláid a neamh-chionnta, níor ghabhadar sin gan a chrochadh. An seachtmhadh Abhe. - Do ghabhadar ag casaoid ar an tráith sin tré bheith ag saobhadh a ndúthchusa, ag toirmisc ortha gan cíoscháin d'íoch re Caesar agus tré Rí do ghairm de féin agus ar n-a léigion de fhreagradh do thabhairt ar aon chor ar an dá chéad ní (ar mbeith fuarchúiseach dhóibh) do aduimh sé bheith 'n-a Rígh, gidheadh nach den tsaoghal so a fhlathas. An t-ochtmhadh Abhe. - An tan do thuig Píoláid gurab ón Gaililee Críost, cuirios go hIoruadh é, mar a bhfuair iomad de cheastaibh gannchúiseacha do chur air, magadh do dhéanamh faoi mar amadán, agus achur tar a ais go Píoláid. An naomhadh Abhe. - Do fhuráil Píoláid ar an bpobal a thoghadh cia de dhís .i. Barabas nó Íosa do dháilfí saor dhóibh: do rug siad-san de rogha Barabas; durfáil
ortha mar an gcéadna Íosa, do gháireadar sin ag rádh, "Beir uainn é, agus tabhair dhúinn Barabas." An deichmhadh Abhe. - Tug Píoláid fa deara (do bhogadh a gcroidheadha clochda) ár Slánuighthóir do sciúrsadh chomh cruadhálach sin, ionnus gur réabadh ó bhathas go bonn a chorp leis sin go huile, ar nglacadh (amhail a deirthear do bheith ar n-a thaisbeánadh do Bhríghid naomhtha) chúig mhíle is cheithre chéad, a deich is cheithre fichid de chréachtaibh i n-aon ló. An treas diamhar-rún doilghéasach, ar an treas Paidir. Do Chorónadh ár dTighearna lé deilginibh agus dá dhamnughadh ré a chéasadh. Tar éis mar do sciúrsadh ár dTighearna go ró-chruadhálach, do rugadar na diolmhúnaigh leó é go cúirt an pháláis mar ar thionóladar an tsluaghbhuidhean sin i gceann a chéile mar gurab do thulaigh aidhbhsigh chluiche do thiocfaidís, do ghabhadar ag fochuidmhe faoi, agus fá do dhúthchásaibh na nIúdaigheach uile, do bhí ag maoidheamh garma boichte dearóile ríogh is ríoghachta de: do stríocadh leó arís a éadach dhe, agus do chuireadar ar a chorp, fórlíonta d'fhuil, ionar phuirpuir, ar
gceapadh annsan coróinne go ndeilginibh láidre géara, agus do chuireadar ar a cheann maoth coisreagtha í, mar nár fhágbhadar aon ní gan déanamh d'fhóirfeadh ré n-a tharcuisniughadh is ré n-a phianadh, do chuireadar búdán 'n-a láimh dheis, ar n-a chur mar sin i n-ionad árd, maille ré feacadh a nglún tré fhonomhad, do bheannuigh siad do, ag rádh "Dia do bheatha a Rí na nIúdaigheach," agus fós do shalachadh leó é tré iomad tarcuisne lé n-a gcruinntsilíbh déistineacha a ghnúis ró-choisreagtha, do ghabhadar mar an gcéadna dá ndóirnibh air amhail do rinneadar na hIobhail an oidhche roimhe sin. An chéad Abhe. - Do bheanadar as a lámhaibh agus do bhuaileadar um a cheann an choróinn deilgneach, do chomh-éigniughadh a fhola ró-choisreagtha ré linge amach ré snídhe feadh a chuirp uile. An dara Abhe. - Ar n-a mheas do Phíoláid ré fhaicsin an radhairc sin go ngeabhadh an oiread sin de thruaigh na hIobhail dó go n-ainicfidís a bheatha, rug amach ár Slánuighthóir gus an áitreabh imeallach ar an órdughadh so. An treas Abhe. - Ar n-a thaisbeánadh mar sin ina earradh phurpuir, go n-a choróinn deilgnigh um a cheann, go n-a bhúdán ina láimh, a chorp uile go lochordha leadhbach, fórlíonta d'fhuil, adubhairt leis na nIobhlaibh. "Féach an duine." An ceathramhadh Abhe. - Do gháireadar na hárdshagairt is an pobal go hallatha, "Croch é! Croch é!" amhail adéaraidís "Is maith do thosaigh tú; congaibh ort é, óir is maith oireas an ghné sciúirsithe sin don tí do bhiag re hucht a chéasta." An cúigmhadh Abhe. - Ar ngabháil feirge Píoláid, trés an gcruadháil sin, adubhairt. "Beiridh libh é, agus crochaidh é, óir ní fhaghainn- se aonrud ré n-a dhéanamh air": d'fhreagair siad gur fá héigion a bhásughadh agus go gcaithfeadh bheith ar n-a chéasadh. An sémhadh Abhe. - Mar do chonnacadar na nIobhail, tar ceann a leadráin, nach raibh mian ar Phíoláid Críost do chrochadh, do bhagair siad air aindísleacht do dhlighe Chaesair do bheith ann, agus ag éigmhe, ag rádh "Dá scaoile tu don fhior ní cara do Chaesar thu." An seachtmhadh Abhe. - Ar gclos na nua-gháire sin do Phíoláid, rug Íosa amach leis, agus suidheas arís i gcathaoir bhreitheamhnuis óir fá fhearr lais cinneadh ar Chríost do bhásughadh (bíodh gur bhfeasach dho a bheith ró-neamh-chionntach) iná a iocht do chur i nguais do thaoibh Chaesair.
An treas diamhar-rún doilghéasach, ar an treas Paidir. Do Chorónadh ár dTighearna lé deilginibh agus dá dhamnughadh ré a chéasadh. An t-ochtmhadh Abhe. - Gidheadh, aoinfheacht amháin do thaisbeáin sé Íosa do na hIobhlaibh agá n-iomcháineadh, agus adubhairt "Féachaidh bhur Rí féin annso," do gháireadar sin agá rádh "Beir uainn é, Croch é! ní bhfuil aoin-rí againn acht Caesar!" An naomhadh Abhe. - Mar do chonnairc Píoláid nár bh'fhearrde dhó aoin-ní dhíobh so, d'ionnail sé a lámha, agá admháil do láthair an phobail "Atáim neamh-chionntach tré fhuil an fhíoréin seo: tabhraidh-se bhur n-aire díbh féin." Do gháir an pobal, agá rádh. "Bíodh a fhuil oirne agus ar ár gcloinn." An deichmhadh Abhe. - Ar mbeith do Phíoláid ar n-a shárughadh le héighmhe an phobail, agus le heagla Chaesair, rug breith go gcuirfí Íosa a' Nasareth, rí na nIúdaigheach, ar chrois go fagháil bháis dó." An ceathramhadh diamhar-rún doilgheasach, ar an gceathramhadh Paidir. Do iomchair ár Slánuighthóir a Chros go Cnoc Chalbhaire. Rugadar an cheithrinn ár Slánuighthóir leo ar mbeith damanta ré a bhásughadh ó shuidheachán an bhreitheamhnuis go cúirt an Pháláis, áit inar thoghairmsiad i gceann a chéile an sluagh-bhuidhean uile, agus ar mbuain an ionair de Chríost, do bhí ag leanmhain go docht ina chréachtaibh, do tharraingsiad amach tuile fola agus do chuireadar a éadach féin air, gidheadh d'fhágbhadar an choróinn deilgneach go daingion sáidhte ina ceann, do mhéadughadh a phéine is a aithise, ionnus nach taisbeánadh é acht i gcruith éigin ina mbiaidh innioll ríogh air, nó d'fhaithchíos go mbiaidh easbhaidh peaill air a léigfeadh comhnuidhe dá cheann ré mbeith dhó ar crochadh san gcrois dó, agus ar n-ollmhughadh Croise uathbhásaighe ró-thruime, do chuireadar ar a ghualainn tinn í re n-a hiomchar gó Cnoc Calbhaire, dá phianadh le hamharc is le truime a chomhmór sin d'ualach sul do cuireadh na tairrngí ann uirthi: tairis sin fá ró-thruime dó-san bheith ag gnáthsmuaineadh ar ár bpeacaíbh-na,
tré ar fhuiling seision gach ní díobh so, go háirighthe ár neamhbuidheachus, an méid nach cuirimíd romhainn a shompla d'aithris, i dtógbháil ár gcros suas agus ina leanmhain féin, ná fós agus sinn inár gcréatúiríbh dearóile agus inár ndaoirseachaibh neamhfhiúntacha, nach breithnuighthar linn mar is díol, créad do rinn sé ar ár son. An chéad Abhe. - Ar ndul amach do Íosa as an gcathraigh agus é fá'n gCrois, ag caoineadh ár bpeacaí-na, d'fhágaibh san tslighe ré mbeith ag triall dó, sliocht lorg a fhola féin, ionnus, gibé do bhiaidh ina leanmhain go bhféadfadh gan dul amugha do lorg díreach a chéimeann. An dara Abhe. - Tárla an Mháthair ro-choisreagtha, an Mhaighdean neamhcháidheach (ag iomchur mar an gcéadna na croise ró-thruime, compáise), ar ár Slánuighthóir agus do mhéaduigh a faicsin is a teacht ina láthair go mór an doilgheas is an phian do bhí roimhe sin air. An treas Abhe. - Ar mbeith dár dtighearna an tan sin anbhfann ina chorp agus ró-chortha d'éis a chomhmór sin de thruaill uile agus tréigthe fola, tuitios i dtáimhnéall ar an dtalmhain, do thuit go faon fá n-a chrois. An ceathramhadh Abhe. - Buailid na ceasdúnaigh cruadhálacha ár Slánuighthóir milis (ina luighe ar talmhain mar uan mhín nó mar chrúimh, ní mar dhuine) agus sporaid le n-a gcosaibh é, agus sonnaid is sraoilid ar a aghaidh é. An cúigmhadh Abhe. - Gidheadh, d'eagla go bhfaghadh bás san slighe, agus mar sin go rachadh as ó bhás d'fhagháil ar an gcrois, d'éignig siad Simon Cirenon re hiomchar croise Chríost an chuid eile de'n tshlighe. An sémhadh Abhe. - Do leanadar drong mhór den phobal Íosa. Tárla dóibh sin drong d'áirighthe de mhnáibh cráibhtheacha, agus iad dá chaoineadh; feasach ar a éigcirte do cuireadh dá chéasadh eision, nach deárna dochar d'aonduine agus do rinn maith do mórán. An seachtmhadh Abhe. - Ar bhfilleadh do Chríost ortha, adubhairt "A inghíona Ierusalem, ná guiltear libh ar mo shon-sa, acht caointear sibh féin libh agus bhur gclanna, oir tiocfaidh an lá an tan bhias Ierusalem uile ní-sa-truaghánta iná mar saoiltear libh mise do bheith." An t-ochtmhadh Abhe. - Soicheas bean chráibhtheach d'áirighthe dar bh'ainm Bheronica a lámhghiobal do thiormughadh a dheilbhe leis, agus ar mbeith lán d'allus, d'fhuil, is de chroinntsillaoibh salcha ó na ceasdúnchaibh. An naomhadh Abhe. - Do bheir an Tighearna di an lámhéadach gan é salach amhail do saoilfidhe a bheith, acht maiseach uile, agus iomháig ró-shochma a ghnúise geanamhla féin innti. An deichmhadh Abhe. - Tig ár Slánuighthóir go cnoc Calbhaire, ionad neamhshona, lán d'ablachaibh is de thaisíbh marbh, áit is nár ghnáth aon duine do chrochadh acht feilbheartaig fhógartha: saoilid mórán gurab san áit sin do hadhlaiceadh Adam.
An cúigmhadh diamhar-rún doilgheasach, ar an gcúigmhadh Paidir. Crochadh an Tighearna, agus a bhás ar an gCrois. Ré teacht don Tighearna go mullach sléibhe Calbhaire, i n-ionad an fhíona shobhlasta fá gnáth do thabhairt do chur misnigh is neirt i gcroidheadhaibh na droinge bhíodh re bás d'fhulang, do-bheirid dár Slánuighthóir sámhchaoin (agus é lán de thuirse is d'imshníomh) bhinéigre ar n-a chumasc tré mhiorr is tré dhomblas aedha. Ar n-a fhromhadh dhó níor bh'áil leis a n-ól. Annsan arís do stathadh a éadach uile dhe maille re n-a comhmór sin de chuthach is de fhraochtacht, go dtugadar ní-sa-mhó d'fhuil a chuirp as cnéadhaibh do-áirmhighthe an Chuirp choisreagtha, agus mar sin, ag sreangtharrang a lámha is a chosa tré fhoiréigion mhór, dá gcómhshíneadh i n-oireamhan d'fhad na Croise, maille re húirlighe iomad órd: do dhaingnidh siad le tairrngidhibh é ar an gCrois, ag tolladh a chuislionn ró-mhaoth, lúthach a fheóla agus cnámha a lámha is a chos le tairrngidhibh móra garbha, agus mar mhéadughadh masladh do b'éigion dár Slánuighthóir beannuighthe suidhe idir dhá bhitheamhnach, mar go ma é féin ba milltighe dhíobh uile, agus do chuireadar tiodal garma ós a chionn ina raibh a ainm, a dhútha, agus adhbhar a bháis scríobhtha i nEabhra, i nGréigis is i Laidin, "Íosa Nasaret Rí na nIudaigheach," agus leis sin do thógbhadar suas an Chros, do leigiodar ar a bonn í, i bpoll do rinneadh d'aontoisc chuige sin. An chéad Abhe. - Breathnuigh anois, ó mh'anam féin, agus meas leat féin mar atá a chorp uile ar crith go truaghánta, na tonna dá fhuil luachmhóir atá ag snámhrith amach thar na cheithre lánchréachtaibh úd. An dara Abhe. - Créad é a mhéid de dhoilghíos don tSlánuighthóir na sagairt, na seanóirí, is na dlíghthóirí, ag diamhaslughadh air, ar mbeith ar gcrochadh ar an gcrois ar a son sin, agus ar son an chine daonna. An treas Abhe. - Smuain mar an gcéadna a grádh ró-iomlán, mar nách é amháin do ghuidh sé ar son an domhain, acht fós go spesialta ar son na droinge do bhí dá chrochadh an tan sin agus ag á dhiamhaslughadh, ag á rádh "A Athair, maith dóibh, óir ní feas dóibh créad do níd." An ceathramhadh Abhe. - Breathnuigh mar an gcéadna agus cuir i n-iongnadh doimhneas a ghrádh, a thrócaire sháruightheach do thaoibh na h-aithrigheach, gur thoirbhir cómh grásamhail sin don ghaduidhe aithrigheach ní sa mhó 'ná d'iarr air, ag á rádh "Biaidh tu indiu mar aon riom-sa i bParrthas.
An cúigmhadh diamhar-rún doilgheasach, ar an gcúigmhadh Paidir. Crochadh an Tighearna, agus a bhás ar an gCrois. An cúigmhadh Abhe. - Is mó sa chách is ionchuir dhuit i n-iongantus doimhne a ghrádh don uile-fhíréan agus go háirithe dá Mháthair ionmhuin agus dá dheisciobal dil ag ár aithin sé féin dá chéile iad, ag rádh léisi: "Féach do Mhac" agus ris-sion "Féach do Mháthair." An sémhadh Abhe. - Ar marthain dorchaduis feadh trí n-uaire as a chéile do ghabh machtnamh mór iad uile. D'ofráil Críost mar dhuine é féin do íodhbart do Dhia, agus sin go ró-éagcoimseach, ní d'fhoillsigh sé féin fá dheireadh, ag á rádh, "Ó, mo Dhia, mo Dhia, créad fáth ar thréigis me"? An seachtmhadh Abhe. - Ar mbeith don Tighearna imshníomhach le tiormach cuirp agus le ró-fhriochnamh slánuighthe an chine daonna, adubhairt "Atá tart orm" ar mbeith dá cholain dáríribh le hionnfhuaradh d'fhághail le dig, agus dá spioraid aithmhisneach d'fhághail tré shlánughadh na n-anam. An t-ochtmhadh Abhe. - Do tomadh leo spoinge lán de uinéigre go n-ísóip, agus do shoichsiad ina bhéal é, ar n-a ghlacadh go ceannsa don Tighearna mhilis, adubhairt "atá sé críochnuighthe." An naomhadh Abhe. - Ar an adhbhar sin, ar gcomhlíonadh gach níth do réir orduighthe Dé ar son an chine daonna, adubhairt de ghuth láidir fhollusghlan "A Athair, tiomnaim mo spioraid it láimh." An deichmhadh Abhe. - Mar sin ag coimhling ris an mbás, bíth go bhféadfadh marthain ní budh shia, le claonadh a chinn do thoirbhir a spioraid, ag comhlíonadh an níth adubhairt sé roimhe sin: "ní bheanfaidh aonduine mo bheatha dhíom, acht me féin dháileas uaim í." Biaidh a thuamba súd glórmhar. Creidim i nDia, etc. An tráth fuair Mac Dé bás ar an gCrois d'fhuascladh an chine daonna, fá toil leis an gcomhacht ndiadha, mar fhiadhnaise agus mar dhearbhadh ar a chomhiongantach san de dhiamhar-rún, míorbhúilí éagsamhla
agus dearbhuighthe iongantacha do thaisbeánadh, agus badh follus don domhan uile: ar dtúis, ar mbeith do chruithighthóir neimhe is talmhan le haindlighe a chréatúirí, ar n-a chrochadh ar an gcrois, do dhorchaidh an talamh i meádhon laoi, mar sin dó trí huaire cómhlána diaidh i ndiaidh tré úrdhubhadh na gréine os cionn na huile réimhe nádúrtha os cionn na talmhan uile, agus sin san éasca lán. Dá éis sin, ar mbeith d'ughdar na beatha rés an nádúir ar n-a chómhéigniughadh do thiodnaic uaidh a spioraid dá aonta féin, ní nách féadann créatúir ar bith eile do dhéanamh. Annsin do scoilteadh brat an teampuill ina dhá rann, ó bhuaic go lár, do chrithnigh an talamh, do raobadh na cairrge ina mblodhaibh, do hoscladh na huaighe (tar éis eiseirghe an Tighearna), d'eirgheadar iomad de chorpaibh na naomh do bhí ina gcodladh agus do taidhbhsigheadh do mhórán iad. An captín is an cheithrín ag á rabhadar a gcroidheadha ar n-a gcruadhughadh le mailís ré n-imtheacht dóibh, do adhmaidh siad go hoscailte gurab é sin dáríribh Mac an Duine, agus mórán den lucht fa hanúide de na hIobhlaibh, do imthighdar go haithrigheach agus iad ag bualadh a mbos. Ar dtolladh a thaoibh le gaith do dhíolmhanach, tig go hobann fuil is uisce as. Téidh Ioseph ó Armatéa, seanathair uasal, roimhe sin nár lámh a admháil é féin do bheith ina dheisciobal ag Críost, téidh anois go dána go Píoláid agus athchuinghios an corp, agus beiridh leis ón gcrois é. San obair naomhtha sin do bhí duine prionnsapáltha de na hIobhlaibh dár bh'ainm Nicodémus lé ar ghnáth dul d'fhios Chríost san oidhche, ní nach lámhadh ar ló do dhéanamh, do tháith é féin leis, tug leis cumasc mioir is aloe, tuairm céad púnt. Féadta tu leis na neithibh míorbhúileacha sin tárla le linn báis ár Slánuighthóra, a chur go cneasta, ag smuaineadh mórdhacht aonaránach, cródhacht dochlaoidhte, agus neirt ró-fhoighidhnigh, agus búidheacht na hÓighe Coisreagtha, a Mháthair, do chonnarc dá súilibh agus do mhothuigh ina croidhe féin gach ní tárla ann; agus gurab ar a hAonmhach féin do himreadh an díol agus gurab é d'fhuiling é, tairis sin nár aomh agus nách deárnaidh gníomh badh éigcneasta dá phearsain iomshláin ró-áird san uile-shubháilce; agus do thógaibh ina hucht féin a chorp marbh, céadámeas a beathadh, do chaoin sí é agus do thoirbhir uaithe arís é; do rinn feithiomh ar é d'adhlacadh, agus mar sin, ar mbeith don chorp mórluaigh ar n-a chórughadh le spíosardhaibh agus ar n-a cheangal le héadach líshnasda lín, do hadhlaiceadh i dtuamba nua do rinneadh i gcarraig é mar nár cuireadh aonduine roimhe, agus do hiompuigheadh líogh mhór ris an ndorus do chead Phíoláid ar ar chuir siad na hIobhail mar an gcéadna séala agus do chuireadar lucht forfhaire do choiméad an tuamba d'eagla a dheisciobal dhá ghoid leó agus dá rádh gur éirigh ó bhás.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services