Saltair Mhuire.
Seathrún Céitinn, D.D. do scríbh.
An dara caogad den tSaltair Mhuire,
ina bhfuilid Chúig Diamhar-rún Doilgheasacha.
Nár léige Dia go ndiongnainn acht i gCrois ár dTighearna Íosa
Críost, do umhluigh É féin, do rinne fóghmósas go bás, fós go bás
croiche.
An chéad diamhar-rún dhoilghéasach,
ar an gcéad Phaidir, d'imshníomh is d'fhulang ár dTighearna i
nGarrdha Getsémaní.
Iar n-ithe an Uain Chásca dár dTighearna is dár Slánuighthóir, mar
aon re n-a dhá Abstal déag, an oidhche ré n-a Pháis, do ghlac tubhaille
re hionnladh a gcos uile, agus ina dhiaidh sin do ghabh agá dteagasc ré
mbeith umhal glan: d'órduigh is do fhuráil is do fhreastal Sacraimint
ró-bheannuighthe is Sacrifis A Chuirp is A Fhola féin i bhfoirm aráin is
fíona, agus mar an gcéadna d'órduig Sácraimint naomhtha na nGrádha
nEaglaise agus d'fhógair dá Abstalaibh (dóibh féin is dá gcomharbaibh)
an ní céadna do dhéanamh mar atá Coisreagadh is Íodhbairt A Chuirp is
A Fhola ina Sacrifis ar mbeith dhi ina Sacrifis Nuareachta do réir
Úird Mhelchísedeic, go teacht Dó féin arís do dhéanamh breitheamhnuis
ar an ndomhan. Téidh Iudas an tráth sin amach agus do fhan an
Tighearna ag seoladh is ag teagasc, agus ag cur meisnigh i gcách, do
gheall dóibh an Spioraid Naomh, do ghuidh an tAthair ar son an
uile-fhíoraon, agus leis sin do thriall mar aon ris an aon-abstal déag, go
Garrdha Getsémaní, áit fa háithnid do Iudas, óir do ghnáthuigheadh an
Tighearna dul ann sin mar aon re n-a dheisciobalaibh.
An chéad Abhe. - Ar ndul don Tighearna isteach don Gharrdha go n-a
dheisciobalaibh adubhairt riú, "Suidhtar libh annsúdh go ndeachad-sa do
ghuidhe."
An dara Abhe. - Ar mbreith Pheadair is Shéamuis is Eóin ar Íosa
beagán tairis sin, do thionnscain bheith tóirseach doilghéasach agus
adubhairt riú, "Atá mh'anam dólásach re hucht an bháis. Fanaidh annso
agus déinidh faire im fhochair."
An treas Abhe. - Ar ndul mar an gcéadna urchur cloiche ón triúr
sin, do rinn guidhe agá rádh, "A Athair ionmhuin, má's féidir é, tiagadh
an corn so thorm; gidheadh, thairis sin, nárab é mo thoil-se acht do
thoil-se do dhéantar."
An ceathramhadh Abhe. - Tig Íosa i ndáil a dheisciobal, agus iar n-a
bhfagháil ina gcodla, adubhairt ré Peadar, "An amhla atá, a
Shimeon, an codla dhuit, an é nach féadfá faire aon uaire do
dhéanamh mar aon riom-sa, déana faire is úrnaighthe, ionnus nach
lingfeá i mbuaireadh."
An cúigmhadh Abhe. - Téid uatha arís agus guidhios amhail do rinn
thuas, "A Athair ionmhuin, má's féidir é, tógaibh uaim-se an corn so,
gidheadh, ní mar is toil liom-sa acht mar is toil leat-sa."
An seiseadh Abhe. - Táine seision arís agus fuair ina gcodla iad,
óir do bhádar a súile ró-throm agus níor bh'fheas dóibh créad an
freagra do bhéaraidís air, agus ní dubhairt sin aon ní riú.
An seachtmhadh Abhe. - Ar n-a bhfágbháil dó, téid arís do ghuidhe an
treas feacht na ghuidhe chéadna: "A Athair ionmhuin, má's féidir é,
tógaibh an corn so uaim-se, gidheadh, nárab í mo thoil-se acht do
thoil-se do dhéantar."
An t-ochtmhadh Abhe. - Do taibhrigheadh dó annsin (gach uair de na
trí huairibh sin nó go háirithe an feacht déadhnach) aingiol do Neamh
dá neartughadh. Ó, a umhlacht aonaránach! Tighearna na n-uile dá
chomhfhortacht le n-a óglách, agus an Cruthuighthóir le n-a chréatúir.
An naomhadh Abhe. - Agus ar mbeith abhfad ag guidhe dhó i bhfulang
táine a allus amhail braoin fola, ág snighe síos go talmhain.
An deichmhadh Abhe. - Ar dteacht an treas feacht, adubhairt ris na
habstalaibh, "Codlaidh-si anois agus glacaidh suaimhneas": (go grod
dá éis sin) "Is lór, táine an uair, féach, feallfuidhear ar Mhac an
duine, dá thíodhlacadh i lámhaibh na bpeacach; eirghidh liom, (ag
imtheacht), féach an tí lé a mbraithfidhear mise, atá sé do láthair."
An dara diamhar-rún doilghéasach, ar an dara Paidir:
Gabháil ár Slánuighthóra, a lámhughadh masluightheach is a sciúrsadh
cruadhálach.
An tan do labhair an Tighearna, ár Slánuighthóir, féach an méirleach
Iudas, duine dhen dhá fhear déag ag teacht agus drong mhór mar aon
ris go lóchrannaibh is go dtáprachaibh, go gcloidhmhibh agus go n-armaibh
eile, agus le glór Íosa do rádh "Is mise é" do thuiteadar ar a
gcúlaibh go talmhain, gidheadh, d'fhulaing Sé dhóibh éirghe arís, agus ar
mbeannughadh dá mháighistir do Iudas le póig (fa comhartha do chách le
heision do aithne tar na habstalaibh) do chuireadar a lámha i nÍosa,
do nocht Peadar a chloidhiomh agus do ghearr an chluas deas de
Mhalchus, óglách de mhuinntir an Árdshagairt. Do tháith is do leighis
an Slánuighthóir do láthair í. Adubhairt re Peadar a chloidhiomh do
chur ina thruaill taisce, de bhrigh gurab í sin toil A Athar, É féin
d'fhulaing bháis ar son an chine daonna, agus muna bheith sin go bhfaghadh
iomad léigion aingiol dá chosnamh dá mba amhla ba oireamhnaighe do
mhaith Dhé agus do shlánughadh na ndaoine é. An tan sin, ar dtréigion
a Mhaighistir do na deiscioblaibh, do ritheadar uile rómpa agus is
mar sin do chomhlíonadh an fháistine so, "Buailfid an t-aodhaire agus
do dhéantar na caoire do scaradh."
An chéad Abhe. - Ar mbeith do Íosa ceangailte, rugadh go
hAnánias agus as sin go Caiphas é: do bheanadar sin araon forrthan
de do thaoibh a dheisciobal agus do leith a fhoirceadail, agus do rinne
casaoid bhréige air, do bhuailead ar a dheilbh lé daormhach é.
An dara Abhe. - Do chuir Caiphas de gheasaibh ar an Slánuighthóir a
inisin dó ar bh'É Críost Mac Dé é, agus an tan d'fhreagair agá rádh
gur bh'é do bheannuigsiod na diamhasluighthóirí á, sic agus dá rádh gur
chionntach ré bás dh'fhulang é, dá ghreamughadh go ró-tharcuisneach agus
go gcruadháil.
An treas Abhe. - Do ghabhadar daoine ró-úirísle do chruinntshilibh
i ndeilbh Chriost ár dTighearna, do bhuaileadar dá ndóirnibh é, agus
ar bhfolach a shúl dóibh, do ghabhadar air, agus d'fhuráladar air a thómhas
cia do bhuail é.
An ceathramhadh Abhe. - Ann sin do shéan Peadar fá thrí an
Tighearna, gidheadh, ré silleadh do Íosa air, do chuaidh amach as an
bpalás agus do ghuil go searbh, agus ar gcómhdháil comhairle do na
hIobhlaibh do damnuigheadh Íosa leó mar chionntach re n-a bhásughadh.
An cúigmhadh Abhe. - Go moch ar na mhárach tugadar roighne na
nIudaigheach Íosa 'n-a bhrágha do Phíoláid, fear ionaid
Chaesair ann sin. Mar do chonnairc Iudas Íosa damanta re n-a
bhásughadh do chroch é féin tré éadóthchus.
An sémhadh Abhe. - An tan d'fhiafruigh Píoláid díobh créad é an
gearán do bhí aca lé a chur i n-'aghaidh d'fhreagradar sin, "muna bheith
sé 'n-a dhrochbheartach ní dháilfimís-na dhuit-se é." An tan do reic
Píoláid a neamh-chionnta, níor ghabhadar sin gan a chrochadh.
An seachtmhadh Abhe. - Do ghabhadar ag casaoid ar an tráith sin tré
bheith ag saobhadh a ndúthchusa, ag toirmisc ortha gan cíoscháin d'íoch
re Caesar agus tré Rí do ghairm de féin agus ar n-a léigion de
fhreagradh do thabhairt ar aon chor ar an dá chéad ní (ar mbeith
fuarchúiseach dhóibh) do aduimh sé bheith 'n-a Rígh, gidheadh nach den
tsaoghal so a fhlathas.
An t-ochtmhadh Abhe. - An tan do thuig Píoláid gurab ón Gaililee
Críost, cuirios go hIoruadh é, mar a bhfuair iomad de cheastaibh
gannchúiseacha do chur air, magadh do dhéanamh faoi mar amadán, agus
achur tar a ais go Píoláid.
An naomhadh Abhe. - Do fhuráil Píoláid ar an bpobal a thoghadh cia
de dhís .i. Barabas nó Íosa do dháilfí saor dhóibh: do rug siad-san de
rogha Barabas; durfáil <do fhuráil> ortha mar an gcéadna Íosa, do
gháireadar sin ag rádh, "Beir uainn é, agus tabhair dhúinn Barabas."
An deichmhadh Abhe. - Tug Píoláid fa deara (do bhogadh a gcroidheadha
clochda) ár Slánuighthóir do sciúrsadh chomh cruadhálach sin, ionnus
gur réabadh ó bhathas go bonn a chorp leis sin go huile, ar nglacadh
(amhail a deirthear do bheith ar n-a thaisbeánadh do Bhríghid naomhtha)
chúig mhíle is cheithre chéad, a deich is cheithre fichid de chréachtaibh
i n-aon ló.
An treas diamhar-rún doilghéasach, ar an treas Paidir. Do
Chorónadh ár dTighearna lé deilginibh agus dá dhamnughadh ré a chéasadh.
Tar éis mar do sciúrsadh ár dTighearna go ró-chruadhálach, do
rugadar na diolmhúnaigh leó é go cúirt an pháláis mar ar thionóladar
an tsluaghbhuidhean sin i gceann a chéile mar gurab do thulaigh aidhbhsigh
chluiche do thiocfaidís, do ghabhadar ag fochuidmhe faoi, agus fá do
dhúthchásaibh na nIúdaigheach uile, do bhí ag maoidheamh garma boichte
dearóile ríogh is ríoghachta de: do stríocadh leó arís a éadach dhe,
agus do chuireadar ar a chorp, fórlíonta d'fhuil, ionar phuirpuir, ar
gceapadh annsan coróinne go ndeilginibh láidre géara, agus do
chuireadar ar a cheann maoth coisreagtha í, mar nár fhágbhadar aon ní
gan déanamh d'fhóirfeadh ré n-a tharcuisniughadh is ré n-a phianadh, do
chuireadar búdán 'n-a láimh dheis, ar n-a chur mar sin i n-ionad árd,
maille ré feacadh a nglún tré fhonomhad, do bheannuigh siad do, ag
rádh "Dia do bheatha a Rí na nIúdaigheach," agus fós do shalachadh leó é
tré iomad tarcuisne lé n-a gcruinntsilíbh déistineacha a ghnúis
ró-choisreagtha, do ghabhadar mar an gcéadna dá ndóirnibh air amhail do
rinneadar na hIobhail an oidhche roimhe sin.
An chéad Abhe. - Do bheanadar as a lámhaibh agus do bhuaileadar
um a cheann an choróinn deilgneach, do chomh-éigniughadh a fhola
ró-choisreagtha ré linge amach ré snídhe feadh a chuirp uile.
An dara Abhe. - Ar n-a mheas do Phíoláid ré fhaicsin an radhairc sin
go ngeabhadh an oiread sin de thruaigh na hIobhail dó go n-ainicfidís a
bheatha, rug amach ár Slánuighthóir gus an áitreabh imeallach ar an
órdughadh so.
An treas Abhe. - Ar n-a thaisbeánadh mar sin ina earradh phurpuir,
go n-a choróinn deilgnigh um a cheann, go n-a bhúdán ina láimh, a chorp
uile go lochordha leadhbach, fórlíonta d'fhuil, adubhairt leis na
nIobhlaibh. "Féach an duine."
An ceathramhadh Abhe. - Do gháireadar na hárdshagairt is an pobal
go hallatha, "Croch é! Croch é!" amhail adéaraidís "Is maith do
thosaigh tú; congaibh ort é, óir is maith oireas an ghné sciúirsithe sin
don tí do bhiag re hucht a chéasta."
An cúigmhadh Abhe. - Ar ngabháil feirge Píoláid, trés an gcruadháil
sin, adubhairt. "Beiridh libh é, agus crochaidh é, óir ní fhaghainn-
se aonrud ré n-a dhéanamh air": d'fhreagair siad gur fá héigion
a bhásughadh agus go gcaithfeadh bheith ar n-a chéasadh.
An sémhadh Abhe. - Mar do chonnacadar na nIobhail, tar ceann a
leadráin, nach raibh mian ar Phíoláid Críost do chrochadh, do
bhagair siad air aindísleacht do dhlighe Chaesair do bheith ann,
agus ag éigmhe, ag rádh "Dá scaoile tu don fhior ní cara do Chaesar
thu."
An seachtmhadh Abhe. - Ar gclos na nua-gháire sin do Phíoláid, rug
Íosa amach leis, agus suidheas arís i gcathaoir bhreitheamhnuis óir fá
fhearr lais cinneadh ar Chríost do bhásughadh (bíodh gur bhfeasach dho a
bheith ró-neamh-chionntach) iná a iocht do chur i nguais do thaoibh
Chaesair.
An treas diamhar-rún doilghéasach, ar an treas Paidir. Do Chorónadh
ár dTighearna lé deilginibh agus dá dhamnughadh ré a chéasadh.
An t-ochtmhadh Abhe. - Gidheadh, aoinfheacht amháin do thaisbeáin sé
Íosa do na hIobhlaibh agá n-iomcháineadh, agus adubhairt "Féachaidh bhur
Rí féin annso," do gháireadar sin agá rádh "Beir uainn é, Croch é!
ní bhfuil aoin-rí againn acht Caesar!"
An naomhadh Abhe. - Mar do chonnairc Píoláid nár bh'fhearrde dhó
aoin-ní dhíobh so, d'ionnail sé a lámha, agá admháil do láthair an phobail
"Atáim neamh-chionntach tré fhuil an fhíoréin seo: tabhraidh-se bhur
n-aire díbh féin." Do gháir an pobal, agá rádh. "Bíodh a fhuil oirne
agus ar ár gcloinn."
An deichmhadh Abhe. - Ar mbeith do Phíoláid ar n-a shárughadh le
héighmhe an phobail, agus le heagla Chaesair, rug breith go gcuirfí
Íosa a' Nasareth, rí na nIúdaigheach, ar chrois go fagháil bháis dó."
An ceathramhadh diamhar-rún doilgheasach,
ar an gceathramhadh Paidir. Do iomchair ár Slánuighthóir
a Chros go Cnoc Chalbhaire.
Rugadar an cheithrinn ár Slánuighthóir leo ar mbeith damanta ré
a bhásughadh ó shuidheachán an bhreitheamhnuis go cúirt an Pháláis, áit
inar thoghairmsiad i gceann a chéile an sluagh-bhuidhean uile, agus ar
mbuain an ionair de Chríost, do bhí ag leanmhain go docht ina
chréachtaibh, do tharraingsiad amach tuile fola agus do chuireadar a
éadach féin air, gidheadh d'fhágbhadar an choróinn deilgneach go
daingion sáidhte ina ceann, do mhéadughadh a phéine is a aithise, ionnus
nach taisbeánadh é acht i gcruith éigin ina mbiaidh innioll ríogh air, nó
d'fhaithchíos go mbiaidh easbhaidh peaill air a léigfeadh comhnuidhe dá
cheann ré mbeith dhó ar crochadh san gcrois dó, agus ar n-ollmhughadh
Croise uathbhásaighe ró-thruime, do chuireadar ar a ghualainn tinn í re
n-a hiomchar gó Cnoc Calbhaire, dá phianadh le hamharc is le truime a
chomhmór sin d'ualach sul do cuireadh na tairrngí ann uirthi: tairis
sin fá ró-thruime dó-san bheith ag gnáthsmuaineadh ar ár bpeacaíbh-na,
tré ar fhuiling seision gach ní díobh so, go háirighthe ár neamhbuidheachus,
an méid nach cuirimíd romhainn a shompla d'aithris, i dtógbháil ár
gcros suas agus ina leanmhain féin, ná fós agus sinn inár
gcréatúiríbh dearóile agus inár ndaoirseachaibh neamhfhiúntacha, nach
breithnuighthar linn mar is díol, créad do rinn sé ar ár son.
An chéad Abhe. - Ar ndul amach do Íosa as an gcathraigh agus é
fá'n gCrois, ag caoineadh ár bpeacaí-na, d'fhágaibh san tslighe ré
mbeith ag triall dó, sliocht lorg a fhola féin, ionnus, gibé do bhiaidh
ina leanmhain go bhféadfadh gan dul amugha do lorg díreach a
chéimeann.
An dara Abhe. - Tárla an Mháthair ro-choisreagtha, an Mhaighdean
neamhcháidheach (ag iomchur mar an gcéadna na croise ró-thruime,
compáise), ar ár Slánuighthóir agus do mhéaduigh a faicsin is a teacht
ina láthair go mór an doilgheas is an phian do bhí roimhe sin air.
An treas Abhe. - Ar mbeith dár dtighearna an tan sin anbhfann ina
chorp agus ró-chortha d'éis a chomhmór sin de thruaill uile agus tréigthe
fola, tuitios i dtáimhnéall ar an dtalmhain, do thuit go faon fá n-a
chrois.
An ceathramhadh Abhe. - Buailid na ceasdúnaigh cruadhálacha ár
Slánuighthóir milis (ina luighe ar talmhain mar uan mhín nó mar chrúimh,
ní mar dhuine) agus sporaid le n-a gcosaibh é, agus sonnaid is
sraoilid ar a aghaidh é.
An cúigmhadh Abhe. - Gidheadh, d'eagla go bhfaghadh bás san slighe,
agus mar sin go rachadh as ó bhás d'fhagháil ar an gcrois, d'éignig siad
Simon Cirenon re hiomchar croise Chríost an chuid eile de'n tshlighe.
An sémhadh Abhe. - Do leanadar drong mhór den phobal Íosa.
Tárla dóibh sin drong d'áirighthe de mhnáibh cráibhtheacha, agus iad dá
chaoineadh; feasach ar a éigcirte do cuireadh dá chéasadh eision, nach
deárna dochar d'aonduine agus do rinn maith do mórán.
An seachtmhadh Abhe. - Ar bhfilleadh do Chríost ortha, adubhairt "A
inghíona Ierusalem, ná guiltear libh ar mo shon-sa, acht caointear sibh
féin libh agus bhur gclanna, oir tiocfaidh an lá an tan bhias
Ierusalem uile ní-sa-truaghánta iná mar saoiltear libh mise
do bheith."
An t-ochtmhadh Abhe. - Soicheas bean chráibhtheach d'áirighthe dar
bh'ainm Bheronica a lámhghiobal do thiormughadh a dheilbhe leis, agus ar
mbeith lán d'allus, d'fhuil, is de chroinntsillaoibh salcha ó na
ceasdúnchaibh.
An naomhadh Abhe. - Do bheir an Tighearna di an lámhéadach gan é
salach amhail do saoilfidhe a bheith, acht maiseach uile, agus iomháig
ró-shochma a ghnúise geanamhla féin innti.
An deichmhadh Abhe. - Tig ár Slánuighthóir go cnoc Calbhaire, ionad
neamhshona, lán d'ablachaibh is de thaisíbh marbh, áit is nár ghnáth aon
duine do chrochadh acht feilbheartaig fhógartha: saoilid mórán gurab
san áit sin do hadhlaiceadh Adam.
An cúigmhadh diamhar-rún doilgheasach,
ar an gcúigmhadh Paidir. Crochadh an Tighearna, agus
a bhás ar an gCrois.
Ré teacht don Tighearna go mullach sléibhe Calbhaire, i n-ionad
an fhíona shobhlasta fá gnáth do thabhairt do chur misnigh is neirt i
gcroidheadhaibh na droinge bhíodh re bás d'fhulang, do-bheirid dár
Slánuighthóir sámhchaoin (agus é lán de thuirse is d'imshníomh) bhinéigre
ar n-a chumasc tré mhiorr is tré dhomblas aedha. Ar n-a fhromhadh dhó
níor bh'áil leis a n-ól. Annsan arís do stathadh a éadach uile dhe
maille re n-a comhmór sin de chuthach is de fhraochtacht, go dtugadar
ní-sa-mhó d'fhuil a chuirp as cnéadhaibh do-áirmhighthe an Chuirp
choisreagtha, agus mar sin, ag sreangtharrang a lámha is a chosa tré
fhoiréigion mhór, dá gcómhshíneadh i n-oireamhan d'fhad na Croise,
maille re húirlighe iomad órd: do dhaingnidh siad le tairrngidhibh é
ar an gCrois, ag tolladh a chuislionn ró-mhaoth, lúthach a fheóla agus
cnámha a lámha is a chos le tairrngidhibh móra garbha, agus mar
mhéadughadh masladh do b'éigion dár Slánuighthóir beannuighthe suidhe
idir dhá bhitheamhnach, mar go ma é féin ba milltighe dhíobh uile, agus do
chuireadar tiodal garma ós a chionn ina raibh a ainm, a dhútha, agus
adhbhar a bháis scríobhtha i nEabhra, i nGréigis is i Laidin, "Íosa
Nasaret Rí na nIudaigheach," agus leis sin do thógbhadar suas an
Chros, do leigiodar ar a bonn í, i bpoll do rinneadh d'aontoisc chuige
sin.
An chéad Abhe. - Breathnuigh anois, ó mh'anam féin, agus meas leat
féin mar atá a chorp uile ar crith go truaghánta, na tonna dá fhuil
luachmhóir atá ag snámhrith amach thar na cheithre lánchréachtaibh úd.
An dara Abhe. - Créad é a mhéid de dhoilghíos don tSlánuighthóir na
sagairt, na seanóirí, is na dlíghthóirí, ag diamhaslughadh air, ar mbeith
ar gcrochadh ar an gcrois ar a son sin, agus ar son an chine daonna.
An treas Abhe. - Smuain mar an gcéadna a grádh ró-iomlán, mar
nách é amháin do ghuidh sé ar son an domhain, acht fós go spesialta ar
son na droinge do bhí dá chrochadh an tan sin agus ag á dhiamhaslughadh,
ag á rádh "A Athair, maith dóibh, óir ní feas dóibh créad do níd."
An ceathramhadh Abhe. - Breathnuigh mar an gcéadna agus cuir i
n-iongnadh doimhneas a ghrádh, a thrócaire sháruightheach do thaoibh na
h-aithrigheach, gur thoirbhir cómh grásamhail sin don ghaduidhe aithrigheach
ní sa mhó 'ná d'iarr air, ag á rádh "Biaidh tu indiu mar aon riom-sa i
bParrthas.
An cúigmhadh diamhar-rún doilgheasach, ar an gcúigmhadh Paidir.
Crochadh an Tighearna, agus a bhás ar an gCrois.
An cúigmhadh Abhe. - Is mó sa chách is ionchuir dhuit i n-iongantus
doimhne a ghrádh don uile-fhíréan agus go háirithe dá Mháthair ionmhuin
agus dá dheisciobal dil ag ár aithin sé féin dá chéile iad, ag rádh
léisi: "Féach do Mhac" agus ris-sion "Féach do Mháthair."
An sémhadh Abhe. - Ar marthain dorchaduis feadh trí n-uaire as a
chéile do ghabh machtnamh mór iad uile. D'ofráil Críost mar dhuine é
féin do íodhbart do Dhia, agus sin go ró-éagcoimseach, ní d'fhoillsigh
sé féin fá dheireadh, ag á rádh, "Ó, mo Dhia, mo Dhia, créad fáth ar
thréigis me"?
An seachtmhadh Abhe. - Ar mbeith don Tighearna imshníomhach le
tiormach cuirp agus le ró-fhriochnamh slánuighthe an chine daonna,
adubhairt "Atá tart orm" ar mbeith dá cholain dáríribh le hionnfhuaradh
d'fhághail le dig, agus dá spioraid aithmhisneach d'fhághail tré
shlánughadh na n-anam.
An t-ochtmhadh Abhe. - Do tomadh leo spoinge lán de uinéigre go
n-ísóip, agus do shoichsiad ina bhéal é, ar n-a ghlacadh go ceannsa don
Tighearna mhilis, adubhairt "atá sé críochnuighthe."
An naomhadh Abhe. - Ar an adhbhar sin, ar gcomhlíonadh gach níth do
réir orduighthe Dé ar son an chine daonna, adubhairt de ghuth láidir
fhollusghlan "A Athair, tiomnaim mo spioraid it láimh."
An deichmhadh Abhe. - Mar sin ag coimhling ris an mbás, bíth go
bhféadfadh marthain ní budh shia, le claonadh a chinn do thoirbhir a
spioraid, ag comhlíonadh an níth adubhairt sé roimhe sin: "ní bheanfaidh
aonduine mo bheatha dhíom, acht me féin dháileas uaim í."
Biaidh a thuamba súd glórmhar.
Creidim i nDia, etc.
An tráth fuair Mac Dé bás ar an gCrois d'fhuascladh an chine
daonna, fá toil leis an gcomhacht ndiadha, mar fhiadhnaise agus mar
dhearbhadh ar a chomhiongantach san de dhiamhar-rún, míorbhúilí éagsamhla
agus dearbhuighthe iongantacha do thaisbeánadh, agus badh follus don
domhan uile: ar dtúis, ar mbeith do chruithighthóir neimhe is talmhan le
haindlighe a chréatúirí, ar n-a chrochadh ar an gcrois, do dhorchaidh an
talamh i meádhon laoi, mar sin dó trí huaire cómhlána diaidh i ndiaidh
tré úrdhubhadh na gréine os cionn na huile réimhe nádúrtha os cionn na
talmhan uile, agus sin san éasca lán. Dá éis sin, ar mbeith d'ughdar
na beatha rés an nádúir ar n-a chómhéigniughadh do thiodnaic uaidh a
spioraid dá aonta féin, ní nách féadann créatúir ar bith eile do
dhéanamh. Annsin do scoilteadh brat an teampuill ina dhá rann, ó
bhuaic go lár, do chrithnigh an talamh, do raobadh na cairrge ina
mblodhaibh, do hoscladh na huaighe (tar éis eiseirghe an Tighearna),
d'eirgheadar iomad de chorpaibh na naomh do bhí ina gcodladh agus do
taidhbhsigheadh do mhórán iad. An captín is an cheithrín ag á rabhadar
a gcroidheadha ar n-a gcruadhughadh le mailís ré n-imtheacht dóibh, do
adhmaidh siad go hoscailte gurab é sin dáríribh Mac an Duine, agus
mórán den lucht fa hanúide de na hIobhlaibh, do imthighdar go
haithrigheach agus iad ag bualadh a mbos. Ar dtolladh a thaoibh le gaith
do dhíolmhanach, tig go hobann fuil is uisce as. Téidh Ioseph ó
Armatéa, seanathair uasal, roimhe sin nár lámh a admháil é féin do
bheith ina dheisciobal ag Críost, téidh anois go dána go Píoláid agus
athchuinghios an corp, agus beiridh leis ón gcrois é. San obair naomhtha
sin do bhí duine prionnsapáltha de na hIobhlaibh dár bh'ainm
Nicodémus lé ar ghnáth dul d'fhios Chríost san oidhche, ní nach
lámhadh ar ló do dhéanamh, do tháith é féin leis, tug leis cumasc
mioir is aloe, tuairm céad púnt.
Féadta tu leis na neithibh míorbhúileacha sin tárla le linn báis ár
Slánuighthóra, a chur go cneasta, ag smuaineadh mórdhacht aonaránach,
cródhacht dochlaoidhte, agus neirt ró-fhoighidhnigh, agus búidheacht na
hÓighe Coisreagtha, a Mháthair, do chonnarc dá súilibh agus do mhothuigh
ina croidhe féin gach ní tárla ann; agus gurab ar a hAonmhach féin
do himreadh an díol agus gurab é d'fhuiling é, tairis sin nár aomh
agus nách deárnaidh gníomh badh éigcneasta dá phearsain iomshláin
ró-áird san uile-shubháilce; agus do thógaibh ina hucht féin a chorp
marbh, céadámeas a beathadh, do chaoin sí é agus do thoirbhir uaithe arís
é; do rinn feithiomh ar é d'adhlacadh, agus mar sin, ar mbeith don chorp
mórluaigh ar n-a chórughadh le spíosardhaibh agus ar n-a cheangal le
héadach líshnasda lín, do hadhlaiceadh i dtuamba nua do rinneadh i
gcarraig é mar nár cuireadh aonduine roimhe, agus do hiompuigheadh
líogh mhór ris an ndorus do chead Phíoláid ar ar chuir siad na hIobhail
mar an gcéadna séala agus do chuireadar lucht forfhaire do choiméad
an tuamba d'eagla a dheisciobal dhá ghoid leó agus dá rádh gur éirigh
ó bhás.