Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saltair Mhuire
Title
Saltair Mhuire
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Riseárd
Composition Date
1640
Publisher
(B.Á.C.: Dominican Fathers, 1909)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N IrRos13 335-336,470-472,546-547,626-628} {L 335} An treas caogad den tSaltair Mhuire, ina bhfuilid chúig diamhar-rúin ghlórmhara. Do bhí ár Slánuighthóir, Íosa Críost, fomósach go bás, fós go bás na croiche. Tríd sin d'árduigh Dia é, agus thug ainm do os cionn an uile ainm. An chéad díamhar-rún ghlórmhar, ar an gcéad Phaidir. - Eiseirghe an Tighearna. d'éis mar d'fhágaibh a anam ró-naomhtha fíor-ghlórmhar, ár dTighearna is ár Slánuighthóir, a chorp marbh ar an gCrois, téid gan fuireach don log dá ngoirthear Limbus na n-aithreadha, áit nar líonadh tré bheith dá láthair sin, anmanna naomh an tsheannreachta (do bhí ar n-a gcoingbháil i ndorchadus) le solus deallraightheach, le gáirdeachus do-mheasta, agus le lúthgháir, ag glacadh na naomhbheatha ré a raibh a súil cian ó shoin, do gheibhthior le Dia d'fhaicsin, agus mar sin don ghealladh thug don ghaduidhe aithrigheach, mar a ndubhairt "Biaidh tu indiu mar aon riom-sa i bParrthas." An treas lá go grod i ndiaidh mheadhon oidhche (do bharamhail sean-aithreach na heagluise) ar tilleadh don anam ghlórmhar gus an gcorp, iad araon ag déanamh duine iomshláin, tig amach as an dtumba agus gan é d'fhoscladh, agus ar dtriall dá éis sin, do thúirling aingiol do Neamh, corruidheas an chloch ó dhorus an tumba agus suidheas uirthi agus gabhas uamhain lucht na faire uime sin, agus rithidh gus an gcathraigh agus nochtaid do na hÁrdshagartaibh an ní thárla ann. Ar gcómhthionól dóibh ris na seanóiríbh i gcomhairle, dáilid suim mhór airgid don fhorfhaire tré n-a rádh go dtángadar a dheisciobail san oidhche agus gur gadadh leó é, ar mbeith dóibh féin ina gcodla. An chéad Abhe. - Dá éis sin do thaisbeán ár Slánuighthóir glórmhar é féin dá Máthair ionmhuin rés an uile-dhuine ar mbith, ar dtuilliomh an
chomhshóláis sin di, amhail fhéadas gach Críostuidhe a mheas tar ceann nách fuil sin (ar mbeith neamhéigiontach) ar n-a scríobhadh san tsoiscéal. An dara Abhe. - Do Mhagdaléna naomhtha agus do dhís eile do bhí ag teacht d'ungadh a chuirp, do rinn an t-aingiol d'fhiadhnaise gur eiseirigh sé, ritheas sisi dá innisin do na hapstalaibh, agus tilleas leó, ré n-imtheacht arís dóibh do thaisbeán an Tighearna é féin di. An treas Abhe. - Do thaisbeán arís é féin do Mhagdaléna naomhtha agus don dias eile, agus ré tilleadh dá dtig dóibh, do abhradar é, agus d'fhuráil ortha dul dá innisin dá dheisciobhalaibh go bhfaicfidís é féin san Ghaililee. An ceathramhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin, an lá céadna do Pheadar agus do dhaingnidh ina chreidiomh é, agus do féadfaidhe gur thaisbeán é féin do Eóin, dá chomhfhortacht óir do chreid sé d'éis an tumba d'fhaicsin. An cúigmhadh Abhe. - Do thaisbeán mar an gcéadna an Slánuighthóir é féin do S. Seáin, fíoraon dá ngoirthear bráthair an Tighearna, is ró-cosmhail an lá sin féin, óir adeirthear d'éis coirn an Tighearna nár chaith biadh ná deoch go bhfeacaidh ar n-eiseirge ó bhás é. An sémhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin mar an gcéadna don dís dheisciobal ré mbeith ag dul go hEmaus agus iad ag iomrádh air féin, gidheadh níor chreidiodar a eiseirghe (mar go dtugadar cuireadh mar dheórach dhó) gidheadh do aithneadar ar mbriseadh an aráin é. An seachtmhadh Abhe. - Mar an gcéadna i dtráthnóna an laoi sin do thaisbeán an Tighearna é féin do dheichneabhar dá abstalaibh do bhí i bhfochair a chéile, ar mbeith do na dóirsibh druidthe ortha; ar mbeith do Thomás amháin i n-a n-éaghmais an tráth sin, níor chreid an chuid eile de na habstalaibh an tan do innis siad do go bhfacadar an Tighearna. An t-ochtmhadh Abhe. - I gcionn ocht lá do thaisbeán an Tighearna é féin don aonabstal déag agus adubhairt re Tomás "Cuir do mhéar i ngonaibh mo lámh is mo thaoibh agus ná bí díchreidmheach acht bí díleas." Do fhreagair Tomás "Ó mo Thighearna is mo Dhia." An naomhadh Abhe. - Do thaisbeán an Tighearna arís é féin do Pheadar, do Shéamus, do Eóin, do Thomás, do Nathaniel, agus do dhís eile ag muir Tiber; ann sin do rinn biocaire do féin de Pheadar ar dtalmhain, agus árdaodhaire ar an Eagluis. Do réimhfhaisnéis dó mar an gcéadna gurab é a chrochadh do dhéantaí. An deichmhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin arís don aonduine déag san Gaililee, mar ar fhógair dóibh an soiscéal do sheanmóir agus na sacramentí d'fhreastal ar feadh an domhain, ar n-a ghealladh dhóibh go gcuirfeadh an Spioraid Naomh do chongnamh leó go deireadh an tsaoghail.
An dara diamhar-rún glórmhar, ar an dara Phaidir. Freasgabháil an Tighearna ar Neamh. Ga mhioncha agus cia na pearsanna dár thaisbeán an Tighearna, ár Slánuighthóir, é féin idir a eiseirghe is a fhreasgabháil, leith amuich de na taisbeántaibh do luadhmair romhainn, ní feas do chréatúir san bith somharbhtha é, tairis sin ní curtha dhúinn i gconntabhairt gur taidhbhrigheadh go minic dá mháthair bheannuighthe é, agus fós is ionchreidte gan eadeimhne gur taidhbhrigheadh ar uairibh é dá dhís óglách Enoch is Elias ar mbeith dhóibh fós ina mbeatha ina gcorpaibh somharbhtha i bParrthas talmhaidhe, agus gur taidhbhrigheadh go minic dá abstalaibh é agus go raibh go muinnteardha ina gcaidreabh mar aon riú, ní hiad amháin na seanaithre acht an Scrioptúir Naomhtha do ní d'fhiadhnaise é agá dheimhniughadh gur thaisbeán é féin beó dhóibh d'éis a pháise ar mórán de chrothaibh feadh dá fhichid lá, dá thaidhbhreain dhóibh agus ag labhairt ar Fhlaithios Dé mar atá ar Eagluis agus ar gach feidhm agus ar gach ofic do bhiadh ré a dhéanamh innti. Idir gach ní eile d'orduigh an chuid eile de na sacramentíbh nár hórduigheadh cheana, agus thug ughdarás is comhacht iomshlán agus barántus dá eagluis chaithaighthigh féin ré breith anam gus an eagluis mbuadhaigh, do shaoradh na n-anam a carcar na n-aithreach, ar mbeith ainséin dá leanmhain féin is gach áit gus a roicheadh. An chéad Abhe. - Fá dheireadh an dáfhicheadmhadh lá déis a eiséirghe, ar mbeith don Tighearna ar n-a thaidhbhreadh i mBetánia da abstalaibh, do thill go déadhnach ón Gaililee, d'fhógair dóibh gan triall go Ierusalem, go ndoirtí cómhachta anuas ortha. An dara Abhe. - Adubhairt fós riú go madh fiaguin iad ar a pháis, ar a eiséirghe, ar mhaitheamh na bpeacadha in Ierusalem agus san uile Iudea agus san Samaria agus fós gus an rann is iomluighe den talamh. An treas Abhe. - Ar mbeith don Tighearna ar sliabh Olibhet do láthair follamh ré freasgabháil ar neamh, mar cheileabhradh déadhnach, ag
togbháil a lámh suas, do bheannuigh an eaglais ag sloinn a grás (amhail do rinn go minic roimhe) le comhartha foirimeallach. An ceathrámhadh Abhe. - Ar ndáil a bheannachta mar sin, do freasgabháladh go díreach ar Neamh é, go n-uimhir mhóir dá fheithiomh, nó gur folachadh lé scamall rug as a radharc é. An cúigmhadh Abhe. - Ar mbeith dóibh ag á ghnáth-fhéachain ina dhiaidh, má thárla gur fhéadadar a fhaicsin i meadhon na néall, féach dá aingiol i riocht fear ina seasamh lámh riú i n-earradhaibh bána. An sémhadh Abhe. - Adubhradar na haingil riú "Sibh-se a fheara Gaililee créad é fáth bhur seasaimh ag féachain go Neamh? an tÍosa so do glacadh uaibh go Neamh tiocfaidh sé amhail do chonnairc sibh ag imtheacht é." An seachtmhadh Abhe. - Annsin ar mbeith dóibh sin uile dá adhradh triallaid ó shliabh Olibhet go Ierusalem, go ngáirdeachus mór, ag breith buidheachuis ris an dTigheana tré na tiodhlaicibh iongantacha do bhronn agus d'ollmhuigh sé ré slánughadh na ndaoine. An t-ochtmhadh Abhe. - Ar dteacht dóibh gus an gcathraigh, ár mbantighearna, máthair an Tighearna mar aon ris na habstalaibh is ré fíoraonaibh eile, tuairm sé bhficidh a líon, ag dul suas i seómra, do bhádar d'aoinmhéin ag buansheasamh úrnaighthe. An naomhadh Abhe. - Do fhuráil Peadar annsin mar príomhaodhaire ar an ndeibhleán sin uile togha do dhéanamh ar apstal do chómhlíonadh ionad Iudáis, ní nách déarna sé tré fhógra fhollus scríobhtha ó Dhia, acht tré fhuráiliomh spioraide Dé dhóibh go hoireamhnach don Scrioptúir. An deichmhadh Abhe. - Do thoghadar dias, Ioseph is Matias, agus ar nguidhe Dé dhóibh tré thoradh crannchur, a fhoillsiughadh dhóibh cia díobh araon badh rogha leis le glacadh, tuiteas an crannchur ar Mhatias agus do háirmheadh é mar aon ris an aonapstal déag eile. An treas díamhar-rún glórmhar, ar an treas Paidir. Do theacht an Spioraid Naoimh. Ar bhfaicsin na Maighdine ró-naomhtha, Máthair Dé, lán de ghrásaibh, na hapstail naomhtha do bhí mar an gcéadna ar n-a n-óirneadh do chumhacht is d'ughdarás, agus na creidmhigh uile ar mbeith fíoraonda dhóibh, taris sin go ndeárnadar buantseasamh i n-urnaighthe deich lá cómhlána ré teacht an Spioraid Naoimh do gealladh leis an Slánuighthóir dhóibh. Is mó sa chách dleaghthar dhúinne, na peacaigh truaghanta, atá n-ár soitheacha aibhriosca éagcruaidhe, buansheasamh do dhéanamh i n-aithrighe agus i nguidhe agus i n-úrnaighthe, ionnus go nglacfadh an Spioraid Naomh sinn ré maithiomh ár bpeacadha dhúinn má táimíd go fóill san staid sin, nó ré méadughadh grás má táimíd cheana ar bhfagháil aisig cáirdeasa Dé, agus annso, ó, m'anam, is mó sa chách dhligheann tú bheith friochnamhach i ndéanamh rinnfheithimh an diamhar-rúin
sin, de bhrígh go bhfuil annso haonta saor féin agus do chómhoibriughadh ag a iarraidh go héigiontach ré thu féin do shaorghlanadh agus dot ghairm, aon ghníomh badh chongnamh ar obair nDé. Acht cheana muna raibh gabháil go haontadhach agat ar an ngrás d'fhagháil duit, agus comhoibriughadh do dhéanamh leis, ní hé amháin, gan sealbh na beatha suthaine d'fhagháil duit, acht fós is barr damanta theagmhas duit tré n-a chomhmhór sin de thiodhlacadh do thabhairt i ndearmad. An chéad Abhe. - An deichmhadh lá déis a fhreasghabhála, ar n-a bheith caogad lá déis Cásca, an treas uair ó éirghe gréine, tig go hobann torann do Neamh, amhail do bhiadh ó ghaoith gháibhthigh, agus líonas an teach uile ina rabhadar ag úrnaighe. An dara Abhe. - Do taidhbhrigheadh do láthair teangtha éagsamhla dhóibh amhail do bhiadh ó theine, do ní solus, agus comhnuidheas ar gach aon de na sé fichid pearsa do bhí mar sin ag úrnaighthe mar aon. An treas Abhe. - Atáid ar n-a líonadh de rath an Spioraid Naoimh, ar gabháil bisig grás go líonmhar, maille ris na seacht dtíodhlaicthibh na heagna, na tuigsiona, na comhairle, an neirt, an fheasa, na búidheachta agus eagla an Tighearna. An ceathramhadh Abhe. - Ar gclos an torainn sin do thionóil an pobul i n-éinfheacht ó iomad críoch, agus teanga n-éagsamhail, do chluin gach aon díobh na hapstail ag labhairt a dteanga féin, mórghníomha Dé. An cúigmhadh Abhe. - Adeir drong dhíobh "Ag magadh atáid na fiora so lán nua"; gidheadh claoidheas Peadar an tuathleas so, ag suigheamh Íosa do crochadh leó-san gur eiséirigh agus gur freasghabháladh é, agus gur chuir an Spioraid Naomh uaidh, agus do baisteadh chúig mhíle ann sin. An sémhadh Abhe. - Seanmóraid na hApstail go dána Críost do céasadh, ag suighiomh a bhforcadal le Scrioptúir is le míorbhúilibh, tar ceann gur fhógradar na hIobhail dóibh, le bagarthaíbh gan labhairt ar chor ar bith ar Íosa. An seachtmhadh Abhe - Ananias is Saphira, tré n-a gceallarghoin, do thuiteadar marbh ar fhocal Pheadair, agus do leighis drong eile ó easláintibh fós le scáth Pheadair ar n-a theilgion mar aon re drong eile i bpríosún, ar mbeith ar n-a bhfóirithin le haingiol, agus do sheanmóir go hoscailte san teampoll. An t-ochtmhadh Abhe. - Do lámhuigheadh uile arís iad agus rugadh gus an gcomhairle iad agus do héiligheadh tré shárughadh fhógartha na nÁrdshagart iad, gidheadh d'fhreagradar sin gurab éigion fóghmós do thabhairt do Dhia ní sa chóra ná mar do bhéarthaí do dhuine. Fá dheireadh do sciúrsadh iad agus do ghabh luthgháir iad tríd sin.
An treas díamhar-rún glórmhar, ar an treas Paidir. Do theacht an Spioraid Naoimh. An naomhadh Abhe. - Do rinneadh déacon de Stiabhna naomhtha mar aon lé seisior eile, do sheanmóir sé Críost, do ghníomhuigh míorbhúile, do chlaoidh a eascaraid, do cuireadh ina leith diamhasladh do dhéanamh agus do clochadh gur marbhadh é, gidheadh, atá ar n-a choróineadh ar Neamh, agus táinig iompódh mhóráin dá bhás is dá úrnaighthe. An deichmhadh Abhe. - Do níd an dá easpal déag an Chréidh, agus iar ndul dhóibh i rannaibh éagsamhla an domhain seanmóraid an suibhscéal, do rinneadh príomhapstal de Pheadar, agus mar sin do sheanmóir sé Críost, ag iompódh iomad cinidheach. An ceathramhadh diamhar-rún glórmhar, ar an gceathramhadh Paidir. Bás is dul suas na Banóighe. An tráth do sheanmóradar na hApstail suibhscéal Chríost do réir a bhfeadhma, agus do shaothruigh siad na hanaim i n-ionadaibh éagsamhla, agus go háirithe is na rannaibh seo den domhan: Peadar, prionnsa na n-apstal, ar dtús, san Iudea, annséin san Syria, san Antiocia, agus i n-áitibh eile, agus fa dheireadh san Iodáil; Andrias san Acaia; S. Séam Mór san Easpáinn; Eóin san Asia; S. Séam Beag san Ierusalem, agus Pilib san Phrygia; Pártholán san Scythia; Matha san Ethiop; Síomon san Persia; Thadeus i bPalestína; Pól i n-urmhór an domhain, an eaglais uile ag fás san uile ghné shubháilcigh. Do dearscnaidh an Ógh ró-choisreagtha Máthair Dé tar gach uile, gidheadh tar cheann go raibh sí sár- áightheach ar n-a hóirneadh le heolus diadha, ionnus gur sheól sí dona suibhscéalaibh mórán de neithibh do bhean ré teacht ár Slánuighthóra i gcolainn, ré n-a bhreith ré n-a oideas agus ré n-a n-ionamhlaibh eile de dhiamhar-rúnaibh is fearr do b'eól disi 'ná do na huile-dhaoinibh; acht cheana ar mbeith n-a deagh-mhnaoi agus í ró-umhal tar an uile-chréatúr, níor sheanmóir sí ós árd; ní thug fós
caidriobh do mhórán, acht thug a beatha as go huaigneach i ngníomh-ghnáthughadh shíor na n-uile-shubháilcí, gur fhágaibh réim a beatha san domhan mar riaghail ró-iomlán agus mar bheó-shómpla do na huilibh lé ar mhian triall i ndáil na hiomláine. An chéad Abhe. - Tar éis fhreasghabhála ár dTighearna, ar mbeith dá Mháthair Bheannuighthe ár mBaintighearna, ní-sa-saoire ná do bhí riamh roimhe ón uile-chúram shaoghalta, do ling sí go léir ar chrábhadh maille ré hEóin suibhscéal do bheith ag soláthar di san uile-riachtanus aimsiordha agus spiorada. An dara Abhe. - Ar mbeith ag fuireach di i gcionn chúig mbhliadhan ndéag, do foillsigheadh don Ógh ró-choisreagtha go ndeaghnadh malairt a beatha somharbhtha ar bheatha dhomharbhtha, agus mar sin go ngreamóchadh sealbh shíor a Mic bheannuighthe. An treas Abhe. - Do iarr ar a mac go humhal go madh fiú lais radharc na n-abstal do thabhairt di, sul go dhéanfadh ceileabhradh don bheatha tadhaill seo. An ceathramhadh Abhe. - Do tógbhadh na habstail uile go hobann i n-éinfheacht suas san aieor agus tugadh iad go Ierusalem d' fhiosrughadh na Naomh-Óighe, acht S. Séam do bhí ar n-a mhartradh agus S. Tomás táinig tré oirchill spesialta Dé, beagán ní ba deadhnaighe. An cúigmhadh Abhe. - Ar gcruinniughadh i gcionn a chéile do na habstalaibh agus do dhaoinibh eile abstalda, ré triall d'anam ró-naomhtha na hÓighe Coisreagtha go sámh as an gcorp, téid ar Neamh go n-aicme d'ainglaib glórmhara. An sémhadh Abhe. - An Corp Coisreagtha (ó ar ghaibh Dia colann) atá go ró-onórach ar n-a adhlacadh i nGetsemaní go gceól abstal is aingiol, agus oirfídeadh ró-neamhdha. An seachtmhadh Abhe. - Do chomhnuigh an chora aingiolda sin trí lá chomhlána ag an uaigh, ag sinnim salm, n-iomnach, agus gcainticeadh spiorada, ag moladh Dé agus a Mháthar. An t-ochtmhadh Abhe. - I gcionn trí lá do rinneadar scur dá seinm, agus Tomás Abstal ag teacht tré glandúthracht bhruithnig, d'iarr ar an gcuid eile de na habstalaibh, radharc an Chuirp Choisreagtha ró-chadhusaigh do thabhairt dó. An naomhadh Abhe. - Mar shárughadh dá mhianduthracht d'oscail siad an uaigh, áit is nach fuaradar acht an eisléine amháin go ndeaghbholaith gcúbhra, mar a raibh an Naomhchorp cumhdaighthe: níor fríoth an corp féin ar chor ar bith san talmhain. An deichmhadh Abhe. - Uime sin do bhí an oiread san d'fhiadhnaibh dearbhtha dearscnaithe, do bhreathnuigh siad gurab é an tí do ghabh colann san chorp neamhcháidheach so do ghlac ar neamh é, iar n-a cheangal ris an anam i nglóir shíorruidhe.
An cúigmhadh diamhar-rún glórmhar, ar an gcúigmhadh Paidir. Do Chorónadh na Bantighearnan. Do cuireadh na habstail arís tar an ais gus na háitibh as a dtugadh iad, agus do faisnéiseadh leó-san agus le drongaibh eile bás agus dul ar neamh na hÓighe glórmhaire ró-ghloine Muire, Máthair Dé, fá huile rannaibh an domhain, agus mar sin is mó sa chách do chóimhlíonadh an fháistne do rinn sí, agá rádh: "ó sin amach déaraid na huile-chineadha gurab beannuighthe misi," óir, do láthair, iar n-a bhreith ar neamh do thionnscain Eagluis Chríost amhail atá do ghnáith ar marthain agus ag foillsiughadh go ró-shollamanta ní hé amháin dul ar neamh dá hanam ró-naomhtha (amhail naomh eile) acht fós eiséirghe agus dul ar neamh a Cuirp glórmhair mar a sealbhuigheann radharc iomlán Dé san chéim is áirde d'éis a Mic ós an uile-chréatúr, ar n-a daingniugadh 'n-a banríoghain ar Fhlaithios Dé agus ar an uile-naomh beannuighthe agus ar na hainglaibh lé n-a hóirneadh le coróinn dhearscnaithe dá nach samhail ní talmhuidhe san bith: tar cheann gurab minic tarngaradha dá hionn, shamhlughadh le hiomad de neithibh agus re pearsoin dearscnaithe - gidheadh ní bhfuil críoch ar a neamhchosmhaile ris an ní ré a samhluighthear iad. An chéad Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ós cionn an uile-chonfeasóir, agus an uile aingiol, óir ar gcoiméad gloine aingiolda di san bheatha so i staid phósta, do beannuigheadh í le toradh tré ar fuascladh an cine daonna. An dara Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ar an uile-bhaintreabhaigh agus an Archainglaibh aingiolda, do sháruigh comh-dhearscnaithe na huile eile i ngloine mhaghdanda, amhail sháruigheas banríoghain a híochtaráin i ndignit phrionnsamhail. An treas Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ós an uile órd riaghalta agus ós na comhachtaibh aingiolda de bhrígh ar ndiúltadh don tsaoghal di agus ar dtréigion le móid gheanmnuidheachta do thabhairt, an modh gineamhna do ghabh ón Spioraid Naomh ár bhFuasclathóir.
An ceathramhadh Abhe. - Do coróineadh 'na banríoghain ar na suibhscéalaibh í agus ar na subháilcíbh aingiolda óir do theagaisc sí na suibhsceóil féin i rúndiamhraibh diadha, agus do ghabh 'n-a clí agus d'iomchair an tí is ughdar amháin agus is gníomhuighthóir ris na huile-mhíorbhúilibh. An cúigmhadh Abhe. - Do coróineadh ós na habstalaibh i gcéimibh onóra í, amhail do thuill naomhthacht a beatha riamh ó thús. An sémhadh Abhe. - Do coróineadh í ós an uile-easbog agus aodhaire ar na trónaibh aingiolda de bhrígh go dtug sisi (ar dtabhairt a haonta spesialta ris an ní do breathnuigheadh leis an dTríonóid mBeannuighthe) gus an ndomhan arán na beatha, oileamhain fhíor na n-anam. An seachtmhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar na hárdaithribh agus ar na trónaibh aingiolda de bhrigh gur ghabh sí ina clí ar mhodh dofhaisnéisi, agus gur iomchair ina broinn naoi mí Mac Dé, agus a mac díleas féin. An t-ochtmhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar an uile-fháidh agus ar an uile-cherubin naomhtha, óir is iomláine do bhí fios an uile-dhiamhar-rúin aici (ar mbeith di ina Máthair Dé) 'ná ag créatúr eile san bith. An naomhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar na huile-mhartíribh agus ar na Seraphínibh loiscneacha óir is cian do sháruigh iad (san ní nar dhearscnuig siad tar seirbhíseachaibh Dé) i mbruithnigh grádh. An deichmhadh Abhe. - Is í ar an adhbhar san do sháruigh i ngrásaibh an uile-órd de dhaoinibh agus de anglaibh, do sháruigh iad mar an gcéadna i gcéim ró-árd glóire agus atá ar n-a suidhe agus ar n-a coróineadh i bhfochair a Mic ró-dhearscnaithe féin ina banríoghain ar na huile-chréatúiribh. Tugadh an uile-bhreathamhnus don Mhac de bhrigh gurab Mac Duine É. Creidim i nDia, etc. Bí buidheach (ó, m'anam) den Tríonóid, Aon-Dia síorruidhe, do chruthuigh thu ar a iomháigh féin, ionnus go ndéantá feidhm dhó, agus maille ris sin go ngabhthá ríoghacht Neimhe ón tí fós d'fhuascail tu, ar mbeith dhuit de bhíthin an pheacadh it dhíorsach ag an diabhal agus ciontach ré bás síorruidhe agus ré bheith damanta, do chuir a Aon-Mhac féin (an dara pearsa den Tríonóid ró-naomhtha) do ghabháil cholna ón nduine agus do bhreith ó óigh, ré marthain i mbochtacht, i saothar, i mbuaidhreadh agus i dtruaghántacht shaoghalta, agus fá dheire, ré fulang báis ró-mhaslaighthigh phiantamhla na Croise, an tí do eiséirigh an treas lá ré naomhghlanadh, do freasghabháladh ar Neamh i gcionn dá fhichid lá dá éis sin, lé ar glórmharadh é agus tar éis deich lá eile, do chuir an Spioraid Naomh (an treas pearsa den Tríonóid ró-bheannuighthe úd i gcomharthadhaibh só-fhaicsiona ina eaglais féin ar dtionnsonadh an tráth
sin in Ierusalem) re marthain nó ré gnáthfhuireach mar aon ris an eaglais sin go deire an tsaoghail, ionnus, maille re n-a ghrásaibh agus ré n-a chomhoibriughadh go mbiadh tusa agus gach anam eile páirteach ris na comhmór sin de thiodlaicthibh do shaothruigheadh chomh daor sin dár Slánuighthóir sár-chaoin féin, agus go rannuidhe bí buidheach, de bhrígh gurab do na grásaibh ón Spioraid Naomh, (ní nách ar bh'fhéidir leat-sa do thuilliomh ar chor ar bith) ataoi-se anois ad bhall den Eaglais Chatoilica: agus mar sin bheith páirteach uim cheann shácramentí n-éagsamhail agus diamhar-rún ró-naomhtha eile ré húrnaighthibh agus ré luachsaothar fioraon an tsaoghail seo, agus fós ris an gcoradh neamhdha uile; agus leis na grásaibh sin mar an gcéadna ód pheachadhaibh do saoradh is do naomhadh thú, agus ní aon uair amháin sin acht go minic, gan d'fhuasclathóir agá fhulang gus anois, gan tú féin d'fhagháil bháis ad pheacadhaibh (amhail fuaradar an iomad eile) acht d'fhuráil sé a ghrás agus a mhaithfiochas féin ort, é ollamh réd ghlacadh gacha mioncha fhilleas tú dáríribh air, agus geabhaidh sin uait go díograiseach do láthair anois, acht muna ruagthar leat féin uait é, agus fá dheireadh má do ní tú buantsheasamh i ndéanamh feadhma dhó go deireadh, do-bhéartha dhuit (ó a anaim) go haithghearr i ndiaidh bháis, agus don cholainn ar do shon, lá na breithe coitchinne an tan do dhéana an uile-cholan eiseirghe, Coróin domheasta ghlóire, agus beatha shíor. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services