Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Saltair Mhuire

Title
Saltair Mhuire
Author(s)
Céitinn, Seathrún,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Riseárd
Composition Date
1640
Publisher
(B.Á.C.: Dominican Fathers, 1909)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An treas caogad den tSaltair Mhuire,
ina bhfuilid chúig diamhar-rúin ghlórmhara.



Do bhí ár Slánuighthóir, Íosa Críost, fomósach go bás, fós go bás
na croiche. Tríd sin d'árduigh Dia é, agus thug ainm do os cionn an
uile ainm.



An chéad díamhar-rún ghlórmhar,
ar an gcéad Phaidir. - Eiseirghe an Tighearna.



d'éis mar d'fhágaibh a anam ró-naomhtha fíor-ghlórmhar, ár dTighearna
is ár Slánuighthóir, a chorp marbh ar an gCrois, téid gan fuireach don
log dá ngoirthear Limbus na n-aithreadha, áit nar líonadh tré bheith dá
láthair sin, anmanna naomh an tsheannreachta (do bhí ar n-a gcoingbháil
i ndorchadus) le solus deallraightheach, le gáirdeachus do-mheasta,
agus le lúthgháir, ag glacadh na naomhbheatha ré a raibh a súil cian ó
shoin, do gheibhthior le Dia d'fhaicsin, agus mar sin don ghealladh thug
don ghaduidhe aithrigheach, mar a ndubhairt "Biaidh tu indiu mar aon
riom-sa i bParrthas." An treas lá go grod i ndiaidh mheadhon oidhche
(do bharamhail sean-aithreach na heagluise) ar tilleadh don anam
ghlórmhar gus an gcorp, iad araon ag déanamh duine iomshláin, tig
amach as an dtumba agus gan é d'fhoscladh, agus ar dtriall dá éis
sin, do thúirling aingiol do Neamh, corruidheas an chloch ó dhorus an
tumba agus suidheas uirthi agus gabhas uamhain lucht na faire uime
sin, agus rithidh gus an gcathraigh agus nochtaid do na hÁrdshagartaibh
an ní thárla ann.



Ar gcómhthionól dóibh ris na seanóiríbh i gcomhairle, dáilid suim
mhór airgid don fhorfhaire tré n-a rádh go dtángadar a dheisciobail
san oidhche agus gur gadadh leó é, ar mbeith dóibh féin ina gcodla.



An chéad Abhe. - Dá éis sin do thaisbeán ár Slánuighthóir glórmhar é
féin dá Máthair ionmhuin rés an uile-dhuine ar mbith, ar
dtuilliomh an


L. 336


chomhshóláis sin di, amhail fhéadas gach Críostuidhe a mheas tar ceann
nách fuil sin (ar mbeith neamhéigiontach) ar n-a scríobhadh san
tsoiscéal.



An dara Abhe. - Do Mhagdaléna naomhtha agus do dhís eile do bhí
ag teacht d'ungadh a chuirp, do rinn an t-aingiol d'fhiadhnaise gur
eiseirigh sé, ritheas sisi dá innisin do na hapstalaibh, agus tilleas
leó, ré n-imtheacht arís dóibh do thaisbeán an Tighearna é féin di.



An treas Abhe. - Do thaisbeán arís é féin do Mhagdaléna naomhtha
agus don dias eile, agus ré tilleadh dá dtig dóibh, do abhradar é,
agus d'fhuráil ortha dul dá innisin dá dheisciobhalaibh go bhfaicfidís
é féin san Ghaililee.



An ceathramhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin, an lá céadna do
Pheadar agus do dhaingnidh ina chreidiomh é, agus do féadfaidhe gur
thaisbeán é féin do Eóin, dá chomhfhortacht óir do chreid sé d'éis an
tumba d'fhaicsin.



An cúigmhadh Abhe. - Do thaisbeán mar an gcéadna an Slánuighthóir
é féin do S. Seáin, fíoraon dá ngoirthear bráthair an Tighearna, is
ró-cosmhail an lá sin féin, óir adeirthear d'éis coirn an Tighearna nár
chaith biadh ná deoch go bhfeacaidh ar n-eiseirge ó bhás é.



An sémhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin mar an gcéadna don dís
dheisciobal ré mbeith ag dul go hEmaus agus iad ag iomrádh air féin,
gidheadh níor chreidiodar a eiseirghe (mar go dtugadar cuireadh mar
dheórach dhó) gidheadh do aithneadar ar mbriseadh an aráin é.



An seachtmhadh Abhe. - Mar an gcéadna i dtráthnóna an laoi sin do
thaisbeán an Tighearna é féin do dheichneabhar dá abstalaibh do bhí i
bhfochair a chéile, ar mbeith do na dóirsibh druidthe ortha; ar mbeith do
Thomás amháin i n-a n-éaghmais an tráth sin, níor chreid an chuid eile de
na habstalaibh an tan do innis siad do go bhfacadar an Tighearna.



An t-ochtmhadh Abhe. - I gcionn ocht lá do thaisbeán an Tighearna é
féin don aonabstal déag agus adubhairt re Tomás "Cuir do mhéar i
ngonaibh mo lámh is mo thaoibh agus ná bí díchreidmheach acht bí díleas."
Do fhreagair Tomás "Ó mo Thighearna is mo Dhia."



An naomhadh Abhe. - Do thaisbeán an Tighearna arís é féin do
Pheadar, do Shéamus, do Eóin, do Thomás, do Nathaniel, agus
do dhís eile ag muir Tiber; ann sin do rinn biocaire do féin de
Pheadar ar dtalmhain, agus árdaodhaire ar an Eagluis. Do
réimhfhaisnéis dó mar an gcéadna gurab é a chrochadh do dhéantaí.



An deichmhadh Abhe. - Do thaisbeán é féin arís don aonduine déag
san Gaililee, mar ar fhógair dóibh an soiscéal do sheanmóir agus na
sacramentí d'fhreastal ar feadh an domhain, ar n-a ghealladh
dhóibh go gcuirfeadh an Spioraid Naomh do chongnamh leó go deireadh
an tsaoghail.


L. 470


An dara diamhar-rún glórmhar, ar an dara Phaidir. Freasgabháil
an Tighearna ar Neamh.



Ga mhioncha agus cia na pearsanna dár thaisbeán an Tighearna, ár
Slánuighthóir, é féin idir a eiseirghe is a fhreasgabháil, leith amuich
de na taisbeántaibh do luadhmair romhainn, ní feas do chréatúir san bith
somharbhtha é, tairis sin ní curtha dhúinn i gconntabhairt gur
taidhbhrigheadh go minic dá mháthair bheannuighthe é, agus fós is
ionchreidte gan eadeimhne gur taidhbhrigheadh ar uairibh é dá dhís óglách
Enoch is Elias ar mbeith dhóibh fós ina mbeatha ina gcorpaibh
somharbhtha i bParrthas talmhaidhe, agus gur taidhbhrigheadh go minic
dá abstalaibh é agus go raibh go muinnteardha ina gcaidreabh mar aon
riú, ní hiad amháin na seanaithre acht an Scrioptúir Naomhtha do ní
d'fhiadhnaise é agá dheimhniughadh gur thaisbeán é féin beó dhóibh d'éis
a pháise ar mórán de chrothaibh feadh dá fhichid lá, dá thaidhbhreain
dhóibh agus ag labhairt ar Fhlaithios Dé mar atá ar Eagluis agus ar gach
feidhm agus ar gach ofic do bhiadh ré a dhéanamh innti. Idir gach ní
eile d'orduigh an chuid eile de na sacramentíbh nár hórduigheadh cheana,
agus thug ughdarás is comhacht iomshlán agus barántus dá eagluis
chaithaighthigh féin ré breith anam gus an eagluis mbuadhaigh, do
shaoradh na n-anam a carcar na n-aithreach, ar mbeith ainséin dá
leanmhain féin is gach áit gus a roicheadh.



An chéad Abhe. - Fá dheireadh an dáfhicheadmhadh lá déis a eiséirghe,
ar mbeith don Tighearna ar n-a thaidhbhreadh i mBetánia da abstalaibh,
do thill go déadhnach ón Gaililee, d'fhógair dóibh gan triall go
Ierusalem, go ndoirtí cómhachta anuas ortha.



An dara Abhe. - Adubhairt fós riú go madh fiaguin iad ar a pháis,
ar a eiséirghe, ar mhaitheamh na bpeacadha in Ierusalem agus san uile
Iudea agus san Samaria agus fós gus an rann is iomluighe den
talamh.



An treas Abhe. - Ar mbeith don Tighearna ar sliabh Olibhet do
láthair follamh ré freasgabháil ar neamh, mar cheileabhradh déadhnach,
ag


L. 471


togbháil a lámh suas, do bheannuigh an eaglais ag sloinn a grás (amhail
do rinn go minic roimhe) le comhartha foirimeallach.



An ceathrámhadh Abhe. - Ar ndáil a bheannachta mar sin, do
freasgabháladh go díreach ar Neamh é, go n-uimhir mhóir dá fheithiomh,
nó gur folachadh lé scamall rug as a radharc é.



An cúigmhadh Abhe. - Ar mbeith dóibh ag á ghnáth-fhéachain ina dhiaidh,
má thárla gur fhéadadar a fhaicsin i meadhon na néall, féach dá
aingiol i riocht fear ina seasamh lámh riú i n-earradhaibh bána.



An sémhadh Abhe. - Adubhradar na haingil riú "Sibh-se a fheara
Gaililee créad é fáth bhur seasaimh ag féachain go Neamh? an tÍosa so
do glacadh uaibh go Neamh tiocfaidh sé amhail do chonnairc sibh ag
imtheacht é."



An seachtmhadh Abhe. - Annsin ar mbeith dóibh sin uile dá adhradh
triallaid ó shliabh Olibhet go Ierusalem, go ngáirdeachus mór,
ag breith buidheachuis ris an dTigheana tré na tiodhlaicibh
iongantacha do bhronn agus d'ollmhuigh sé ré slánughadh na ndaoine.



An t-ochtmhadh Abhe. - Ar dteacht dóibh gus an gcathraigh, ár
mbantighearna, máthair an Tighearna mar aon ris na habstalaibh is ré
fíoraonaibh eile, tuairm sé bhficidh a líon, ag dul suas i seómra, do
bhádar d'aoinmhéin ag buansheasamh úrnaighthe.



An naomhadh Abhe. - Do fhuráil Peadar annsin mar príomhaodhaire
ar an ndeibhleán sin uile togha do dhéanamh ar apstal do chómhlíonadh
ionad Iudáis, ní nách déarna sé tré fhógra fhollus scríobhtha ó Dhia,
acht tré fhuráiliomh spioraide Dé dhóibh go hoireamhnach don
Scrioptúir.



An deichmhadh Abhe. - Do thoghadar dias, Ioseph is Matias, agus ar
nguidhe Dé dhóibh tré thoradh crannchur, a fhoillsiughadh dhóibh cia díobh
araon badh rogha leis le glacadh, tuiteas an crannchur ar Mhatias agus
do háirmheadh é mar aon ris an aonapstal déag eile.



An treas díamhar-rún glórmhar,
ar an treas Paidir. Do theacht an Spioraid Naoimh.



Ar bhfaicsin na Maighdine ró-naomhtha, Máthair Dé, lán de ghrásaibh,
na hapstail naomhtha do bhí mar an gcéadna ar n-a n-óirneadh do
chumhacht is d'ughdarás, agus na creidmhigh uile ar mbeith fíoraonda
dhóibh, taris sin go ndeárnadar buantseasamh i n-urnaighthe deich lá
cómhlána ré teacht an Spioraid Naoimh do gealladh leis an Slánuighthóir
dhóibh. Is mó sa chách dleaghthar dhúinne, na peacaigh truaghanta, atá
n-ár soitheacha aibhriosca éagcruaidhe, buansheasamh do dhéanamh i
n-aithrighe agus i nguidhe agus i n-úrnaighthe, ionnus go nglacfadh an
Spioraid Naomh sinn ré maithiomh ár bpeacadha dhúinn má táimíd go
fóill san staid sin, nó ré méadughadh grás má táimíd cheana ar
bhfagháil aisig cáirdeasa Dé, agus annso, ó, m'anam, is mó sa chách
dhligheann tú bheith friochnamhach i ndéanamh rinnfheithimh an diamhar-rúin


L. 472


sin, de bhrígh go bhfuil annso haonta saor féin agus do chómhoibriughadh
ag a iarraidh go héigiontach ré thu féin do shaorghlanadh agus dot ghairm,
aon ghníomh badh chongnamh ar obair nDé. Acht cheana muna raibh gabháil
go haontadhach agat ar an ngrás d'fhagháil duit, agus comhoibriughadh
do dhéanamh leis, ní hé amháin, gan sealbh na beatha suthaine d'fhagháil
duit, acht fós is barr damanta theagmhas duit tré n-a chomhmhór sin de
thiodhlacadh do thabhairt i ndearmad.



An chéad Abhe. - An deichmhadh lá déis a fhreasghabhála, ar n-a bheith
caogad lá déis Cásca, an treas uair ó éirghe gréine, tig go hobann
torann do Neamh, amhail do bhiadh ó ghaoith gháibhthigh, agus líonas an
teach uile ina rabhadar ag úrnaighe.



An dara Abhe. - Do taidhbhrigheadh do láthair teangtha éagsamhla
dhóibh amhail do bhiadh ó theine, do ní solus, agus comhnuidheas ar gach
aon de na sé fichid pearsa do bhí mar sin ag úrnaighthe mar aon.



An treas Abhe. - Atáid ar n-a líonadh de rath an Spioraid Naoimh,
ar gabháil bisig grás go líonmhar, maille ris na seacht dtíodhlaicthibh na
heagna, na tuigsiona, na comhairle, an neirt, an fheasa, na búidheachta
agus eagla an Tighearna.



An ceathramhadh Abhe. - Ar gclos an torainn sin do thionóil an
pobul i n-éinfheacht ó iomad críoch, agus teanga n-éagsamhail, do chluin
gach aon díobh na hapstail ag labhairt a dteanga féin, mórghníomha Dé.



An cúigmhadh Abhe. - Adeir drong dhíobh "Ag magadh atáid na fiora
so lán nua"; gidheadh claoidheas Peadar an tuathleas so, ag suigheamh
Íosa do crochadh leó-san gur eiséirigh agus gur freasghabháladh é, agus
gur chuir an Spioraid Naomh uaidh, agus do baisteadh chúig mhíle ann sin.



An sémhadh Abhe. - Seanmóraid na hApstail go dána Críost do
céasadh, ag suighiomh a bhforcadal le Scrioptúir is le míorbhúilibh, tar
ceann gur fhógradar na hIobhail dóibh, le bagarthaíbh gan labhairt ar
chor ar bith ar Íosa.



An seachtmhadh Abhe - Ananias is Saphira, tré n-a gceallarghoin, do
thuiteadar marbh ar fhocal Pheadair, agus do leighis drong eile ó
easláintibh fós le scáth Pheadair ar n-a theilgion mar aon re drong
eile i bpríosún, ar mbeith ar n-a bhfóirithin le haingiol, agus do
sheanmóir go hoscailte san teampoll.



An t-ochtmhadh Abhe. - Do lámhuigheadh uile arís iad agus rugadh gus
an gcomhairle iad agus do héiligheadh tré shárughadh fhógartha na
nÁrdshagart iad, gidheadh d'fhreagradar sin gurab éigion fóghmós do
thabhairt do Dhia ní sa chóra ná mar do bhéarthaí do dhuine. Fá dheireadh
do sciúrsadh iad agus do ghabh luthgháir iad tríd sin.


L. 546


An treas díamhar-rún glórmhar,
ar an treas Paidir. Do theacht an Spioraid Naoimh.



An naomhadh Abhe. - Do rinneadh déacon de Stiabhna naomhtha mar
aon lé seisior eile, do sheanmóir sé Críost, do ghníomhuigh míorbhúile,
do chlaoidh a eascaraid, do cuireadh ina leith diamhasladh do dhéanamh
agus do clochadh gur marbhadh é, gidheadh, atá ar n-a choróineadh ar
Neamh, agus táinig iompódh mhóráin dá bhás is dá úrnaighthe.



An deichmhadh Abhe. - Do níd an dá easpal déag an Chréidh, agus iar
ndul dhóibh i rannaibh éagsamhla an domhain seanmóraid an suibhscéal,
do rinneadh príomhapstal de Pheadar, agus mar sin do sheanmóir sé
Críost, ag iompódh iomad cinidheach.



An ceathramhadh diamhar-rún glórmhar,
ar an gceathramhadh Paidir. Bás is dul suas na Banóighe.



An tráth do sheanmóradar na hApstail suibhscéal Chríost do réir
a bhfeadhma, agus do shaothruigh siad na hanaim i n-ionadaibh éagsamhla,
agus go háirithe is na rannaibh seo den domhan: Peadar, prionnsa na
n-apstal, ar dtús, san Iudea, annséin san Syria, san Antiocia, agus
i n-áitibh eile, agus fa dheireadh san Iodáil; Andrias san
Acaia; S. Séam Mór san Easpáinn; Eóin san Asia; S. Séam
Beag san Ierusalem, agus Pilib san Phrygia; Pártholán san
Scythia; Matha san Ethiop; Síomon san Persia; Thadeus i
bPalestína; Pól i n-urmhór an domhain, an eaglais uile ag fás
san uile ghné shubháilcigh. Do dearscnaidh an Ógh ró-choisreagtha
Máthair Dé tar gach uile, gidheadh tar cheann go raibh sí sár-
áightheach ar n-a hóirneadh le heolus diadha, ionnus gur sheól sí
dona suibhscéalaibh mórán de neithibh do bhean ré teacht ár
Slánuighthóra i gcolainn, ré n-a bhreith ré n-a oideas agus
ré n-a n-ionamhlaibh eile de dhiamhar-rúnaibh is fearr do b'eól
disi 'ná do na huile-dhaoinibh; acht cheana ar mbeith n-a
deagh-mhnaoi agus í ró-umhal tar an uile-chréatúr, níor sheanmóir
sí ós árd; ní thug fós


L. 547


caidriobh do mhórán, acht thug a beatha as go huaigneach i
ngníomh-ghnáthughadh shíor na n-uile-shubháilcí, gur fhágaibh réim a
beatha san domhan mar riaghail ró-iomlán agus mar bheó-shómpla do na
huilibh lé ar mhian triall i ndáil na hiomláine.



An chéad Abhe. - Tar éis fhreasghabhála ár dTighearna, ar mbeith dá
Mháthair Bheannuighthe ár mBaintighearna, ní-sa-saoire ná do bhí
riamh roimhe ón uile-chúram shaoghalta, do ling sí go léir ar
chrábhadh maille ré hEóin suibhscéal do bheith ag soláthar di san
uile-riachtanus aimsiordha agus spiorada.



An dara Abhe. - Ar mbeith ag fuireach di i gcionn chúig mbhliadhan
ndéag, do foillsigheadh don Ógh ró-choisreagtha go ndeaghnadh malairt
a beatha somharbhtha ar bheatha dhomharbhtha, agus mar sin go ngreamóchadh
sealbh shíor a Mic bheannuighthe.



An treas Abhe. - Do iarr ar a mac go humhal go madh fiú lais
radharc na n-abstal do thabhairt di, sul go dhéanfadh ceileabhradh don
bheatha tadhaill seo.



An ceathramhadh Abhe. - Do tógbhadh na habstail uile go hobann i
n-éinfheacht suas san aieor agus tugadh iad go Ierusalem d'
fhiosrughadh na Naomh-Óighe, acht S. Séam do bhí ar n-a mhartradh
agus S. Tomás táinig tré oirchill spesialta Dé, beagán ní ba
deadhnaighe.



An cúigmhadh Abhe. - Ar gcruinniughadh i gcionn a chéile do na
habstalaibh agus do dhaoinibh eile abstalda, ré triall d'anam
ró-naomhtha na hÓighe Coisreagtha go sámh as an gcorp, téid ar Neamh go
n-aicme d'ainglaib glórmhara.



An sémhadh Abhe. - An Corp Coisreagtha (ó ar ghaibh Dia colann)
atá go ró-onórach ar n-a adhlacadh i nGetsemaní go gceól abstal is
aingiol, agus oirfídeadh ró-neamhdha.



An seachtmhadh Abhe. - Do chomhnuigh an chora aingiolda sin trí lá
chomhlána ag an uaigh, ag sinnim salm, n-iomnach, agus gcainticeadh
spiorada, ag moladh Dé agus a Mháthar.



An t-ochtmhadh Abhe. - I gcionn trí lá do rinneadar scur dá seinm,
agus Tomás Abstal ag teacht tré glandúthracht bhruithnig, d'iarr
ar an gcuid eile de na habstalaibh, radharc an Chuirp Choisreagtha
ró-chadhusaigh do thabhairt dó.



An naomhadh Abhe. - Mar shárughadh dá mhianduthracht d'oscail siad
an uaigh, áit is nach fuaradar acht an eisléine amháin go ndeaghbholaith
gcúbhra, mar a raibh an Naomhchorp cumhdaighthe: níor fríoth an corp
féin ar chor ar bith san talmhain.



An deichmhadh Abhe. - Uime sin do bhí an oiread san d'fhiadhnaibh
dearbhtha dearscnaithe, do bhreathnuigh siad gurab é an tí do ghabh colann
san chorp neamhcháidheach so do ghlac ar neamh é, iar n-a cheangal ris an
anam i nglóir shíorruidhe.


L. 626


An cúigmhadh diamhar-rún glórmhar, ar an gcúigmhadh Paidir.
Do Chorónadh na Bantighearnan.



Do cuireadh na habstail arís tar an ais gus na háitibh as a
dtugadh iad, agus do faisnéiseadh leó-san agus le drongaibh eile
bás agus dul ar neamh na hÓighe glórmhaire ró-ghloine Muire, Máthair
Dé, fá huile rannaibh an domhain, agus mar sin is mó sa chách do
chóimhlíonadh an fháistne do rinn sí, agá rádh: "ó sin amach déaraid na
huile-chineadha gurab beannuighthe misi," óir, do láthair, iar n-a bhreith
ar neamh do thionnscain Eagluis Chríost amhail atá do ghnáith ar marthain
agus ag foillsiughadh go ró-shollamanta ní hé amháin dul ar neamh dá
hanam ró-naomhtha (amhail naomh eile) acht fós eiséirghe agus dul ar
neamh a Cuirp glórmhair mar a sealbhuigheann radharc iomlán Dé san
chéim is áirde d'éis a Mic ós an uile-chréatúr, ar n-a daingniugadh
'n-a banríoghain ar Fhlaithios Dé agus ar an uile-naomh beannuighthe
agus ar na hainglaibh lé n-a hóirneadh le coróinn dhearscnaithe dá nach
samhail ní talmhuidhe san bith: tar cheann gurab minic tarngaradha dá
hionn, shamhlughadh le hiomad de neithibh agus re pearsoin
dearscnaithe - gidheadh ní bhfuil críoch ar a neamhchosmhaile ris an ní
ré a samhluighthear iad.



An chéad Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ós cionn an
uile-chonfeasóir, agus an uile aingiol, óir ar gcoiméad gloine
aingiolda di san bheatha so i staid phósta, do beannuigheadh í le
toradh tré ar fuascladh an cine daonna.



An dara Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ar an uile-bhaintreabhaigh
agus an Archainglaibh aingiolda, do sháruigh comh-dhearscnaithe na huile eile
i ngloine mhaghdanda, amhail sháruigheas banríoghain a híochtaráin i ndignit
phrionnsamhail.



An treas Abhe. - Do coróineadh í 'n-a banríoghain ós an uile órd
riaghalta agus ós na comhachtaibh aingiolda de bhrígh ar ndiúltadh don
tsaoghal di agus ar dtréigion le móid gheanmnuidheachta do thabhairt,
an modh gineamhna do ghabh ón Spioraid Naomh ár bhFuasclathóir.


L. 627


An ceathramhadh Abhe. - Do coróineadh 'na banríoghain ar na
suibhscéalaibh í agus ar na subháilcíbh aingiolda óir do theagaisc sí
na suibhsceóil féin i rúndiamhraibh diadha, agus do ghabh 'n-a clí
agus d'iomchair an tí is ughdar amháin agus is gníomhuighthóir ris na
huile-mhíorbhúilibh.



An cúigmhadh Abhe. - Do coróineadh ós na habstalaibh i gcéimibh
onóra í, amhail do thuill naomhthacht a beatha riamh ó thús.



An sémhadh Abhe. - Do coróineadh í ós an uile-easbog agus aodhaire
ar na trónaibh aingiolda de bhrígh go dtug sisi (ar dtabhairt a haonta
spesialta ris an ní do breathnuigheadh leis an dTríonóid mBeannuighthe)
gus an ndomhan arán na beatha, oileamhain fhíor na n-anam.



An seachtmhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar na
hárdaithribh agus ar na trónaibh aingiolda de bhrigh gur ghabh sí ina clí
ar mhodh dofhaisnéisi, agus gur iomchair ina broinn naoi mí Mac Dé,
agus a mac díleas féin.



An t-ochtmhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar an uile-fháidh
agus ar an uile-cherubin naomhtha, óir is iomláine do bhí fios an
uile-dhiamhar-rúin aici (ar mbeith di ina Máthair Dé) 'ná ag créatúr
eile san bith.



An naomhadh Abhe. - Do coróineadh í ina banríoghain ar na huile-mhartíribh
agus ar na Seraphínibh loiscneacha óir is cian do sháruigh iad
(san ní nar dhearscnuig siad tar seirbhíseachaibh Dé) i mbruithnigh grádh.



An deichmhadh Abhe. - Is í ar an adhbhar san do sháruigh i ngrásaibh
an uile-órd de dhaoinibh agus de anglaibh, do sháruigh iad mar an
gcéadna i gcéim ró-árd glóire agus atá ar n-a suidhe agus ar n-a
coróineadh i bhfochair a Mic ró-dhearscnaithe féin ina banríoghain ar na
huile-chréatúiribh.



Tugadh an uile-bhreathamhnus don Mhac de bhrigh gurab Mac Duine É.



Creidim i nDia, etc.



Bí buidheach (ó, m'anam) den Tríonóid, Aon-Dia síorruidhe, do
chruthuigh thu ar a iomháigh féin, ionnus go ndéantá feidhm dhó, agus
maille ris sin go ngabhthá ríoghacht Neimhe ón tí fós d'fhuascail tu, ar
mbeith dhuit de bhíthin an pheacadh it dhíorsach ag an diabhal agus ciontach
ré bás síorruidhe agus ré bheith damanta, do chuir a Aon-Mhac féin (an
dara pearsa den Tríonóid ró-naomhtha) do ghabháil cholna ón nduine
agus do bhreith ó óigh, ré marthain i mbochtacht, i saothar, i mbuaidhreadh
agus i dtruaghántacht shaoghalta, agus fá dheire, ré fulang báis
ró-mhaslaighthigh phiantamhla na Croise, an tí do eiséirigh an treas lá ré
naomhghlanadh, do freasghabháladh ar Neamh i gcionn dá fhichid lá dá éis
sin, lé ar glórmharadh é agus tar éis deich lá eile, do chuir an
Spioraid Naomh (an treas pearsa den Tríonóid ró-bheannuighthe úd i
gcomharthadhaibh só-fhaicsiona ina eaglais féin ar dtionnsonadh an tráth


L. 628


sin in Ierusalem) re marthain nó ré gnáthfhuireach mar aon ris an
eaglais sin go deire an tsaoghail, ionnus, maille re n-a ghrásaibh agus
ré n-a chomhoibriughadh go mbiadh tusa agus gach anam eile páirteach
ris na comhmór sin de thiodlaicthibh do shaothruigheadh chomh daor sin dár
Slánuighthóir sár-chaoin féin, agus go rannuidhe bí buidheach, de bhrígh
gurab do na grásaibh ón Spioraid Naomh, (ní nách ar bh'fhéidir leat-sa
do thuilliomh ar chor ar bith) ataoi-se anois ad bhall den Eaglais
Chatoilica: agus mar sin bheith páirteach uim cheann shácramentí
n-éagsamhail agus diamhar-rún ró-naomhtha eile ré húrnaighthibh agus ré
luachsaothar fioraon an tsaoghail seo, agus fós ris an gcoradh neamhdha
uile; agus leis na grásaibh sin mar an gcéadna ód pheachadhaibh do
saoradh is do naomhadh thú, agus ní aon uair amháin sin acht go minic,
gan d'fhuasclathóir agá fhulang gus anois, gan tú féin d'fhagháil bháis
ad pheacadhaibh (amhail fuaradar an iomad eile) acht d'fhuráil sé a
ghrás agus a mhaithfiochas féin ort, é ollamh réd ghlacadh gacha mioncha
fhilleas tú dáríribh air, agus geabhaidh sin uait go díograiseach do
láthair anois, acht muna ruagthar leat féin uait é, agus fá dheireadh
má do ní tú buantsheasamh i ndéanamh feadhma dhó go deireadh,
do-bhéartha dhuit (ó a anaim) go haithghearr i ndiaidh bháis, agus don
cholainn ar do shon, lá na breithe coitchinne an tan do dhéana an
uile-cholan eiseirghe, Coróin domheasta ghlóire, agus beatha shíor. Amen.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services