Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceiste an Loingis
Title
Ceiste an Loingis
Author(s)
Lugh Lámhfhada,
Pen Name
Lugh Lámhfhada
Composition Date
1916
Publisher
The Irish Nation
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IV - Aistí Poilitidheachta Ceiste an Loingis. Tháinig scéala chugainn an tseachtmhain seo ghabh thart gur cuireadh an long is mó ar cabhlach tráchtála nó iomchair dá bhfuil ag muintir Shacsana .i. An Bhrittanic go tóin puill. Long do rinneadh i nÉirinn iseadh é agus thar dhá milliún a luach. Cuireadh dhá luing mhóra eile go tóin puill ó shoin, agus dornán de longaibh ba lugha mar aon leo. Do réir an mheastacháin is déidheanaighe ceapadh tá 10,000,000 tonnaí loingis ag déanamh a scíthe ar grinneal na fairrge agus is beag an tairbhe dá lucht seilbhe féin é sin. Tá an scéal ag dul chun donais ar fad. Tá teora le loingeas na Sacsana féin díreach mar atá teora le gach aon ní saoghalta agus tá báid fhómharacha na Gearmáine go h-iongantach cliste, díoghbhálach. Ní féidir cosc do chur leo: seolaid amach rómpa gach ndíreach "go bacaideach bocaideach" go bhfeicead i lár na fairrge long mhór thaidhbhreach, áluinn ag cur thar bruacha le h-earraí cogaidh agus le lón airm, ag gearradh claise rompí tré sna tonntracha móra. … Tagann an bád fómharach aníos ar uachtar na fairrge, ina shliogán chaol, ghorm, chruaidhe, mar ollphéist mara. Tá an galtán gallánta in a stad, tá clampar agus scannradh agus toirmeasc i measc lucht na luinge. Cuireann na h-oifigigh glaodh asta agus freagaruigheann an fhuireann; ar ball tá giascán na dtéad agus gliogar na roithleán le cloisin agus iad ag ísliú na mbád; glanaid amach ó thaobh na luinge breághdha maiseamhla agus sceon agus briseadh croidhe i gcléibh gach duine acu. Pléasc! caithtear an t-uisce in áirde in a chubhar bhán ghleoite, réabtar plátaí iarainn na luinge, agus is éachtach an fothram; tagann staon inte: ar ball beag, tá sí imthighthe as radharc: agus na MÍLTE TONNA BIDH MAR AON LÉI. Beidh ocras ar duine éigin i mbárach. Sin é brigh an scéil: ocras a's ganntanas agus gorta. Cheap na Sacsanaigh buadh d'fagháil ar mhuintir sheasamhaigh na Gearmáine acht bloc do chur le gach biadh ó theacht isteach. D'éirigh go maith leo ar dtús acht fá dheireadh thiar tá éirighthe leis na Gearmáinigh a leór dhothain bidh do thabhairt leo. Tá a mhalairt de scéal ag Sacsana mar tá Sacsana ag brath ar bhiadh thar lear. Ní'l aon tseó acht an sceon atá curtha ina gcroidhthibh ag cogadh na mbád bhfómharach. Scríobh Conán Ó Dubhghaill scéal tá tamall maith ó shoin i n-a taobh seo acht clóbhuaileadh le gairid arís é in irisleabhar Fhrancach. Scéal i dtaobh cogaidh idir Sacsana agus náisiún anbheag éigin nach raibh de chabhlach aca acht dornán de bhádaibh fómharacha. D'éirigh leo san stop do chur leis na longaibh do bhí ag iomchar earraí agus bidh ó ghach aon pháirt de'n domhan go dtí Sacsana agus leastigh d'aon mhí amháin b'éigean dí síothcháin do dhéanamh leis an náisiún mbeag. Náisiún anmhór- atá ag troid léi anois … " Lugh Lámhfhada.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services