Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceiste an Loingis

Title
Ceiste an Loingis
Author(s)
Lugh Lámhfhada,
Pen Name
Lugh Lámhfhada
Composition Date
1916
Publisher
The Irish Nation

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


IV - Aistí Poilitidheachta



Ceiste an Loingis.



Tháinig scéala chugainn an tseachtmhain seo ghabh
thart gur cuireadh an long is mó ar cabhlach
tráchtála nó iomchair dá bhfuil ag muintir Shacsana
.i. An Bhrittanic go tóin puill. Long do rinneadh
i nÉirinn iseadh é agus thar dhá milliún a luach.
Cuireadh dhá luing mhóra eile go tóin puill ó shoin,
agus dornán de longaibh ba lugha mar aon leo.
Do réir an mheastacháin is déidheanaighe ceapadh
tá 10,000,000 tonnaí loingis ag déanamh a scíthe
ar grinneal na fairrge agus is beag an tairbhe
dá lucht seilbhe féin é sin. Tá an scéal ag dul
chun donais ar fad. Tá teora le loingeas na
Sacsana féin díreach mar atá teora le gach aon
ní saoghalta agus tá báid fhómharacha na Gearmáine
go h-iongantach cliste, díoghbhálach. Ní féidir
cosc do chur leo: seolaid amach rómpa gach ndíreach
"go bacaideach bocaideach" go bhfeicead i lár
na fairrge long mhór thaidhbhreach, áluinn ag cur
thar bruacha le h-earraí cogaidh agus le lón airm,
ag gearradh claise rompí tré sna tonntracha móra.



… Tagann an bád fómharach aníos ar uachtar na
fairrge, ina shliogán chaol, ghorm, chruaidhe, mar
ollphéist mara. Tá an galtán gallánta in a stad,
tá clampar agus scannradh agus toirmeasc i
measc lucht na luinge. Cuireann na h-oifigigh
glaodh asta agus freagaruigheann an fhuireann;
ar ball tá giascán na dtéad agus gliogar na
roithleán le cloisin agus iad ag ísliú na mbád;
glanaid amach ó thaobh na luinge breághdha maiseamhla
agus sceon agus briseadh croidhe i gcléibh gach
duine acu. Pléasc! caithtear an t-uisce in
áirde in a chubhar bhán ghleoite, réabtar plátaí
iarainn na luinge, agus is éachtach an fothram;
tagann staon inte: ar ball beag, tá sí imthighthe
as radharc: agus na MÍLTE TONNA BIDH MAR
AON LÉI. Beidh ocras ar duine éigin i mbárach.
Sin é brigh an scéil: ocras a's ganntanas agus
gorta. Cheap na Sacsanaigh buadh d'fagháil ar
mhuintir sheasamhaigh na Gearmáine acht bloc do
chur le gach biadh ó theacht isteach. D'éirigh go maith
leo ar dtús acht fá dheireadh thiar tá éirighthe leis
na Gearmáinigh a leór dhothain bidh do thabhairt leo.
Tá a mhalairt de scéal ag Sacsana mar tá Sacsana
ag brath ar bhiadh thar lear. Ní'l aon tseó acht an
sceon atá curtha ina gcroidhthibh ag cogadh na
mbád bhfómharach.



Scríobh Conán Ó Dubhghaill scéal tá tamall
maith ó shoin i n-a taobh seo acht clóbhuaileadh le
gairid arís é in irisleabhar Fhrancach. Scéal i
dtaobh cogaidh idir Sacsana agus náisiún anbheag
éigin nach raibh de chabhlach aca acht dornán de
bhádaibh fómharacha. D'éirigh leo san stop do chur
leis na longaibh do bhí ag iomchar earraí agus bidh
ó ghach aon pháirt de'n domhan go dtí Sacsana agus
leastigh d'aon mhí amháin b'éigean dí síothcháin do
dhéanamh leis an náisiún mbeag. Náisiún anmhór-
atá ag troid léi anois … "



Lugh Lámhfhada.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services