Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Monarchain na nGearmáineach
Title
Monarchain na nGearmáineach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1916
Publisher
The Irish Nation
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Aistí Poilitidheachta III. Monarchain na nGearmáineach. Is é an scéal is éachtaighe i dtaobh an choghaidh ar ball ná an iarracht atá dá dhéanamh ag oibrightheoiríbh miotail an Athardha. Gach lá dá ngealann, tig scéala chugainn dá rádh gur iongantach ar fad an fuadar atá fútha. Dá chomhartha sin féin, ní leigtear iarann ná earraí iarainn go dtí, ní h-é amhain na tíortha ná fuil lámh sá chogadh aca, acht go dtí an Bhothémia féin mar a déantar cuid mhaith oibre ar son na hAustria. Tá comhartha eile againn fairis sin. Ullamhuighthear an chuid is mó de chruaidhíbh na Gearmáine i sarnaibh Mic Thomáis nó i sornaibh Siemens-Máirtín; cuir i gcás rinne comhlucht mór an Fhéinics le linn céad bhliadhna an chogaidh 587,000 tonna de chruaidhe Tomáis in aghaidh 506,000 tonna de chruaidhe S.M. agus do méaduigheadh ar soláthairt na sorn dTomásach in san dara bhliadhain. Rud eile de, tá an tiarann ag dul i ndaoire in aghaidh an lae, dá a dhá oiread dá n-éileamh ar raillíbh bothair iarainn i mbliadhna a's bhí dá éileamh ortha anuraidh. Ba mhór an dul amú ar dhuine dá mba dhóigh leat nach raibh san obair seo do'n coitcheantacht acht sclábhaidheacht agus anbhruid: acht ní mar sin atá sé in aon chor, tá luach saothair le faghail ag lucht oibre comh maith le cách. Tuilleamh fir oibre le dara ráithche na bl. 1914: 352 marc. Tuilleamh fir oibre le dara ráithche na bl. 1916: 450 marc. Agus is féidir leis na búird puiblidhe, má's dóigh leo go bhfuil leathtrom dá dhéanamh ar aoinneach an scéal do shocrú fé mar is fearr leo. Cuir i gcás i seachtmhain deiridh Mí D. Foghmhair chuir Coiste Tiúscail an Mhiotail i mBerlin amach go raibh fear déanta glas i bhfastodh ag an Stat agus nach raibh aon tuarastal ceart le fagháil aige mar dá mba leis an Riaghaltas féin an mhonarcha nó an teach oibre tá cead aca a ladhar do chur isteach agus gnó de'n tsórt san do réidtheach do réir an chirt. Chuir an Coiste in a luighe ar an máighistear go gcaithfeadh sé ceachtar aca breis páighe do thabhairt dó agus dá raibh an scéal céadna aca nó scaoileadh dóibh i dtreo go bhfuighbhdís aimsear áit éigin eile. Níor mhiste beagán de'n Phrúiseachas sin againn i nÉirinn. Is fíor ámh, go bhfuil lucht ceannais na Gearmáine an dhian 'san éileamh ar lucht oibre na monarchan cogaidh mar ba dhóigh le duine. Agus táid ag ceapadh leis stop do chur le fógraíbh ag iarraidh lucht oibre in sna páipéaraibh i dtreo go mba dheacra de ag duine malairt ionaid d'fhagháil. Acht ní lugha-de ar cor ar bith an brabás atá le fagháil ag an bhfear oibre as an riaghlughadh seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services