Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Monarchain na nGearmáineach

Title
Monarchain na nGearmáineach
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1916
Publisher
The Irish Nation

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Aistí Poilitidheachta III.



Monarchain na nGearmáineach.



Is é an scéal is éachtaighe i dtaobh an choghaidh ar
ball ná an iarracht atá dá dhéanamh ag oibrightheoiríbh
miotail an Athardha. Gach lá dá ngealann, tig
scéala chugainn dá rádh gur iongantach ar fad an
fuadar atá fútha. Dá chomhartha sin féin, ní leigtear
iarann ná earraí iarainn go dtí, ní h-é amhain na
tíortha ná fuil lámh sá chogadh aca, acht go dtí an
Bhothémia féin mar a déantar cuid mhaith oibre ar
son na hAustria. Tá comhartha eile againn fairis
sin.



Ullamhuighthear an chuid is mó de chruaidhíbh na
Gearmáine i sarnaibh Mic Thomáis nó i sornaibh
Siemens-Máirtín; cuir i gcás rinne comhlucht
mór an Fhéinics le linn céad bhliadhna an chogaidh
587,000 tonna de chruaidhe Tomáis in aghaidh
506,000 tonna de chruaidhe S.M. agus do méaduigheadh
ar soláthairt na sorn dTomásach in san dara
bhliadhain. Rud eile de, tá an tiarann ag dul
i ndaoire in aghaidh an lae, dá a dhá oiread dá
n-éileamh ar raillíbh bothair iarainn i mbliadhna a's
bhí dá éileamh ortha anuraidh.



Ba mhór an dul amú ar dhuine dá mba dhóigh leat
nach raibh san obair seo do'n coitcheantacht acht
sclábhaidheacht agus anbhruid: acht ní mar sin
atá sé in aon chor, tá luach saothair le faghail ag
lucht oibre comh maith le cách.



Tuilleamh fir oibre le dara ráithche na bl. 1914:
352 marc.



Tuilleamh fir oibre le dara ráithche na bl. 1916:
450 marc.



Agus is féidir leis na búird puiblidhe, má's
dóigh leo go bhfuil leathtrom dá dhéanamh ar
aoinneach an scéal do shocrú fé mar is fearr leo.
Cuir i gcás i seachtmhain deiridh Mí D. Foghmhair
chuir Coiste Tiúscail an Mhiotail i mBerlin amach
go raibh fear déanta glas i bhfastodh ag an Stat
agus nach raibh aon tuarastal ceart le fagháil aige
mar dá mba leis an Riaghaltas féin an mhonarcha
nó an teach oibre tá cead aca a ladhar do chur
isteach agus gnó de'n tsórt san do réidtheach do
réir an chirt. Chuir an Coiste in a luighe ar an
máighistear go gcaithfeadh sé ceachtar aca breis
páighe do thabhairt dó agus dá raibh an scéal céadna
aca nó scaoileadh dóibh i dtreo go bhfuighbhdís aimsear
áit éigin eile. Níor mhiste beagán de'n Phrúiseachas
sin againn i nÉirinn.

Is fíor ámh, go bhfuil lucht ceannais na Gearmáine
an dhian 'san éileamh ar lucht oibre na monarchan
cogaidh mar ba dhóigh le duine. Agus táid ag
ceapadh leis stop do chur le fógraíbh ag iarraidh
lucht oibre in sna páipéaraibh i dtreo go mba
dheacra de ag duine malairt ionaid d'fhagháil.
Acht ní lugha-de ar cor ar bith an brabás atá le
fagháil ag an bhfear oibre as an riaghlughadh seo.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services