Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cóisire an Fháinne, Comhfhreagras
Title
Cóisire an Fháinne, Comhfhreagras
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
The Irish Nation
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cóisire an Fháinne. Beidh an Chóisire ar siubhal i nÁrus an Chonartha an Satharn seo chughainn, an 14adh lá de'n mhí, ó n-a 9 go dtí n-a 2. Beidh rinnce, ceól agus amhrán- nidheacht ar fheabhus ann agus táthar ag súil le h-oidhche shultmhar shonasach. Céím ar aghaidh i ngluaiseacht na teangan iseadh an Chóisire. Ag Ceilidhthe agsu Siamsaí i gConnradh na Gaedhilge bíonn an Ghaedhluinn á labhairt de ghnath, gan amhras; mar sin féin, cloistear an Béurla chómh maith, níos minice ná mar is gádh, uaireannta, agá leithéid. Ach tá ceapuighte ag lucht an Fháinne, ó táid féin fé gheasaibh gan ach Gaedhluinn do labhairt le n-a chéile, gan cead thabhairt d'aoinne, óg nó aosta, Béurla do labhairt ag aon chruinniú, - pé 'chu céilidh nó cruinniú gnótha - a chuiridh siad féin ar siubhal. Táthar ag brath ar na gComhaltaí go léir 'nar bhféidir dhóibh teacht bheith ag an gCóisire, agus beidh fáilte a's fiche roimh gach aon Ghaedhilgeóir a thagann ann, bíodh a's nách comhalta de'n Fháinne fós é nó í. Beidh caoí cainte ag na daoine ann i dtaobh cad is fearr do dhéanamh ní h-amháin chun breis do chuir le comhaltaí an Chumainn, ach chun na gComaltaí, go mór mór na comhaltaí ins na ceanntair Gaedhealacha do ghreamú ar a chéile. Ní bhíonn le déanamh acu fé lathair ach an mhóid atá tabhartha acu gan ach Gaedhluinn do labhairt le n-a chéile do choimhlionadh, agus an comhartha do chaitheamh de ghnáth; b'fhéidir gur mhaith le cuid acu teacht le céile ó am go h-am, nó cabhrú le comhaltaí 'sa Ghaedhealtacht ar chuma éigin, agus má's mar sin atá, is féidir an sgéul do chur tré chéile le lucht an Chomhairle ag an gCóisire. Agus maidir leis na daoine ná cuireann suim i n-a leithéid agus ná fuil uatha ach sult agus caitheamh aimsire agus seanchus i gcuideachtain Gaedhealach, ní baoghal ná go mbeidh oidhche shiubhailceach acu ann. Go mór mór lucht foghlumtha na Gaedhluinne 'na bhfuil de spiorad a's de mhisneach staonadh ó labhairt an Bhéarla, gheobhaid siad aoibhneas agus congnamh ó bheith ag caitheam aimsire i measg Gaedhilgeóirí. Tá na ticéidí (ticéad beirte 2s. 6d; ticéad aonair 1s. 6d.) á ndíol ag Oifig an Chonartha, ag an Árdchraoibh, Craoibh an Chéitinnigh, Craoibh na gCúig gCúigí, agus ag gach aoinne de Chomhairle an Fháinne. Breith. Ag Baile na Carraige, Co. na hIar-Mhidhe, 17adh lá de Mheadhon Fhoghmhair, 1916, bhronn Dia mac ar Dhochtúir Conchobhar Ó Broin agus ar a mhnaoi, Pádraig Piarais a ainm. Comhairle Sagairt Gaedhealaigh i Sasana. I Sasana Dom, A Fhir Eagair, 8.10.'16. Ritheann sé liom go dtaithneochadh litir phoiliti- dheacht leat as Gaedhilg. Dá bhrigh soin, is amhlaidh sgríobhaim ag triall ort mar tá ceist thábhachtach le pléidhe againn. Tá do pháipéar ag teacht chugham ó chuiris i gcló é, agus do réir mar mheasaim, níl aon tslighe eile againn anois chum ceart is cóir a bhaint de'n tSacsanach acht an cúrsa chuireann tú romhainn. Chidhim go ndubhairt an Reudhmonnach i bPort- Láirge an oidhche fé dheireadh go bhfuil sé i gcoinne aon dlighe presála a chur ar bun i nÉirinn fí láthair. Tá a chóta iompuighthe arís aige, mar is maith is eol dó ná glacfadh muinntear na hÉireann go réidh ná go fonnmhar leis an dtabhartas so ó Shasana. Acht chidhim leis i bpáipeurthaibh Shasana go bhfuil cuid des na Feisiríbh Éireannacha (?) ag cuimhneamh ar ghnó mór liostáltha a thógaint ar lámh i nÉirinn feasta. 'Nios ceist agam ort. Cad é an teidiol atá ges na bioránaigh sin a leithéid a dheunamh? Seirbhisigh na ndaoine seadh iad - droch sheirbhisigh gan aon amhras - acht seirbhisigh, agus ní headh máighistir, agus sin ceist le pléidhe ges na daoinibh féin amháin. Tá múintear na hÉireann - cuid díobh i gcoinne an chogaidh agus cuid eile i bhfabhar an chogaidh; ach do réir mo thuairime féin is cuma dóibh buaidh na Sacsanach nó buaidh na nGearmanach agus an tslighe na bhfuilid fé láthair. I dtaobh na gcomhacht úd, "Ní measa Cách na Concubhár." Ceist eile cad tá fághalta gen Reudmonach de bharr na nÉireannach gcalma a mheall agus a sgaoil sé cheana féin isteach i nArm Shasana agus atá anois ag tabhairt an fhéir thall ar mhacairí na hEorpa? Scéim Lloyd George agus cimilt bhaise agus gáire an tSacsanaigh. Luimneach eile agus CRAOS MÓR SHASANA ghá oscailt chum a thuilleadh fola Gaedalaighe a shlogadh siar. Cuireadh Fianna Fáil ar bun pé dream aca Éireannaigh nó náisiúnaigh - chum ceart na hÉireann a chosaint. Agus má chuireann a'n Reudmonnach thar sáile an chuid is mó díobh san, cia bheidh ann sa deire cum cúis na hÉireann a chosaint. Nár cheart do'n "Irish Leader" (?) margadh maith a dheunamh i dtosach báirr agus gan gach aon rud a thabhairt uaidh ar gháire agus ar gheallamhaint Shasana? Cuimhnigh ar na tsean-fhocal. "Gáire Shasanaigh nó drantán madra ní hionntaobh iad." Iarradh sé cead muintir na hÉireann fé bheidh an breall arís air agus gan bheith 'na cheap magaidh agus na stáicín áiféis ge'n tsaoghal. "Acht an Aontuighthe," ar fad ar leathtaoibh agus do'n riabhach an bille bréagach so Home Rule! agus deinimis siothcháin onóireach le Sasana - acht go dtí sain, ná tagadh aon fheisire béal scaoiltheach baothchainnteach ag triall orrainn ag bréagadh ógánach na nÉireann. Déin cion fir, tú féin, chum na bhfeisirí úd a chur ar bhealach a leasa. Buaidh agus beannacht leat! "Sagart." P. S. - Tá mo chárta annso agat ach ní gádh é chur i gclódh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services