Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cóisire an Fháinne, Comhfhreagras

Title
Cóisire an Fháinne, Comhfhreagras
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
The Irish Nation

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cóisire an Fháinne.



Beidh an Chóisire ar siubhal i nÁrus an Chonartha
an Satharn seo chughainn, an 14adh lá de'n mhí, ó n-a
9 go dtí n-a 2. Beidh rinnce, ceól agus amhrán-
nidheacht ar fheabhus ann agus táthar ag súil le
h-oidhche shultmhar shonasach. Céím ar aghaidh i
ngluaiseacht na teangan iseadh an Chóisire. Ag
Ceilidhthe agsu Siamsaí i gConnradh na Gaedhilge
bíonn an Ghaedhluinn á labhairt de ghnath, gan
amhras; mar sin féin, cloistear an Béurla chómh
maith, níos minice ná mar is gádh, uaireannta, agá
leithéid. Ach tá ceapuighte ag lucht an Fháinne,
ó táid féin fé gheasaibh gan ach Gaedhluinn do
labhairt le n-a chéile, gan cead thabhairt d'aoinne,
óg nó aosta, Béurla do labhairt ag aon chruinniú,
- pé 'chu céilidh nó cruinniú gnótha - a chuiridh siad
féin ar siubhal. Táthar ag brath ar na gComhaltaí
go léir 'nar bhféidir dhóibh teacht bheith ag an
gCóisire, agus beidh fáilte a's fiche roimh gach aon
Ghaedhilgeóir a thagann ann, bíodh a's nách comhalta
de'n Fháinne fós é nó í. Beidh caoí cainte ag na
daoine ann i dtaobh cad is fearr do dhéanamh ní
h-amháin chun breis do chuir le comhaltaí an Chumainn,
ach chun na gComaltaí, go mór mór na comhaltaí
ins na ceanntair Gaedhealacha do ghreamú ar a
chéile. Ní bhíonn le déanamh acu fé lathair ach an
mhóid atá tabhartha acu gan ach Gaedhluinn do labhairt
le n-a chéile do choimhlionadh, agus an comhartha do
chaitheamh de ghnáth; b'fhéidir gur mhaith le cuid acu
teacht le céile ó am go h-am, nó cabhrú le
comhaltaí 'sa Ghaedhealtacht ar chuma éigin, agus
má's mar sin atá, is féidir an sgéul do chur tré
chéile le lucht an Chomhairle ag an gCóisire. Agus
maidir leis na daoine ná cuireann suim i n-a
leithéid agus ná fuil uatha ach sult agus caitheamh
aimsire agus seanchus i gcuideachtain Gaedhealach,
ní baoghal ná go mbeidh oidhche shiubhailceach acu ann.
Go mór mór lucht foghlumtha na Gaedhluinne 'na
bhfuil de spiorad a's de mhisneach staonadh ó
labhairt an Bhéarla, gheobhaid siad aoibhneas agus
congnamh ó bheith ag caitheam aimsire i measg
Gaedhilgeóirí.



Tá na ticéidí (ticéad beirte 2s. 6d; ticéad
aonair 1s. 6d.) á ndíol ag Oifig an Chonartha, ag
an Árdchraoibh, Craoibh an Chéitinnigh, Craoibh na
gCúig gCúigí, agus ag gach aoinne de Chomhairle
an Fháinne.



Breith.



Ag Baile na Carraige, Co. na hIar-Mhidhe, 17adh lá
de Mheadhon Fhoghmhair, 1916, bhronn Dia mac ar
Dhochtúir Conchobhar Ó Broin agus ar a mhnaoi,
Pádraig Piarais a ainm.



Comhairle Sagairt Gaedhealaigh i Sasana.



I Sasana Dom,



A Fhir Eagair, 8.10.'16.



Ritheann sé liom go dtaithneochadh litir phoiliti-
dheacht leat as Gaedhilg. Dá bhrigh soin, is amhlaidh
sgríobhaim ag triall ort mar tá ceist thábhachtach le
pléidhe againn. Tá do pháipéar ag teacht chugham ó
chuiris i gcló é, agus do réir mar mheasaim, níl
aon tslighe eile againn anois chum ceart is cóir
a bhaint de'n tSacsanach acht an cúrsa chuireann tú
romhainn.



Chidhim go ndubhairt an Reudhmonnach i bPort-
Láirge an oidhche fé dheireadh go bhfuil sé i gcoinne
aon dlighe presála a chur ar bun i nÉirinn fí láthair.
Tá a chóta iompuighthe arís aige, mar is maith is eol
dó ná glacfadh muinntear na hÉireann go réidh
ná go fonnmhar leis an dtabhartas so ó Shasana.
Acht chidhim leis i bpáipeurthaibh Shasana go bhfuil
cuid des na Feisiríbh Éireannacha (?) ag cuimhneamh
ar ghnó mór liostáltha a thógaint ar lámh i nÉirinn
feasta. 'Nios ceist agam ort. Cad é an teidiol
atá ges na bioránaigh sin a leithéid a dheunamh?
Seirbhisigh na ndaoine seadh iad - droch sheirbhisigh
gan aon amhras - acht seirbhisigh, agus ní headh
máighistir, agus sin ceist le pléidhe ges na daoinibh
féin amháin.



Tá múintear na hÉireann - cuid díobh i gcoinne
an chogaidh agus cuid eile i bhfabhar an chogaidh;
ach do réir mo thuairime féin is cuma dóibh buaidh
na Sacsanach nó buaidh na nGearmanach agus an
tslighe na bhfuilid fé láthair. I dtaobh na gcomhacht
úd, "Ní measa Cách na Concubhár." Ceist eile
cad tá fághalta gen Reudmonach de bharr na
nÉireannach gcalma a mheall agus a sgaoil sé cheana
féin isteach i nArm Shasana agus atá anois ag
tabhairt an fhéir thall ar mhacairí na hEorpa?
Scéim Lloyd George agus cimilt bhaise agus gáire
an tSacsanaigh. Luimneach eile agus CRAOS
MÓR SHASANA ghá oscailt chum a thuilleadh fola
Gaedalaighe a shlogadh siar.



Cuireadh Fianna Fáil ar bun pé dream aca
Éireannaigh nó náisiúnaigh - chum ceart na hÉireann
a chosaint. Agus má chuireann a'n Reudmonnach
thar sáile an chuid is mó díobh san, cia bheidh ann sa
deire cum cúis na hÉireann a chosaint.



Nár cheart do'n "Irish Leader" (?) margadh
maith a dheunamh i dtosach báirr agus gan gach aon
rud a thabhairt uaidh ar gháire agus ar gheallamhaint
Shasana? Cuimhnigh ar na tsean-fhocal. "Gáire
Shasanaigh nó drantán madra ní hionntaobh iad."
Iarradh sé cead muintir na hÉireann fé bheidh an
breall arís air agus gan bheith 'na cheap magaidh
agus na stáicín áiféis ge'n tsaoghal. "Acht an
Aontuighthe," ar fad ar leathtaoibh agus do'n riabhach
an bille bréagach so Home Rule! agus deinimis
siothcháin onóireach le Sasana - acht go dtí sain, ná
tagadh aon fheisire béal scaoiltheach baothchainnteach
ag triall orrainn ag bréagadh ógánach na
nÉireann.



Déin cion fir, tú féin, chum na bhfeisirí úd a
chur ar bhealach a leasa. Buaidh agus beannacht
leat! "Sagart."



P. S. - Tá mo chárta annso agat ach ní gádh é chur
i gclódh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services