Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Poésies Modernes.
Title
Poésies Modernes.
Author(s)
Leasg,
Pen Name
Leasg
Composition Date
1916
Publisher
The Irish Nation
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Poésies Modernes. V. Buachaillín na mBláth. A bhuachaillín ar beagán pláis, Ca bhfuarais féin do cháirrín bláth, Innis go séimh dom brigh do cháis, Ní misde dhuit dar liom a rádh. An bhfuarais iad cois imill trágha? Nó an bhfuarais iad ó Dhia na bpáirc? Nó ar ghoidis iad ó gháirdín bhreághdha? Nó ar stathais iad i ngleann na bhfeádha? Ta lilí caomha, glé id' chárr, Salchuach go fairsing - scoth na mbláth - Rósaí a's raithneach a's partaing árd, Smaointe a's pamhsae * ann in a lár. Is geal a's is gleoite é do chárr Fa ualach thromdha, líonmhar bláth, 'Pé ball i bhfuarais iad, a ghrádh, Ort-sa a's ortha-san go raibh an t-ádh. * Fr. pensées, Béarla, "pansies." VI. Ruspaidín Drochshúileach. ("Sin é tuairisc an fhiminigh úd, Ruspaidín, duit; ní raibh puinn maitheasa ann acht amháin péire súl an-mhillteach do thug ar fhíor-Rúiseachaibh an duthchas do dhíol agus do thug mórán ban ar bhealach a n-aimhleasa." - Páipéar Seachtmhaineach.) A Ruspaidín, a Ruspaidín, Is iongantach iad do shúile cinn Do tharraing mé go dlúth in a ndiaidh A Ruspaidín! Do ghruaig chiar, do leaca mhín, Do bhéala dearga do chím Acht chímse leis, cé leasc liom, iad: Do shúile nimhe. A Ruspaidín, a Rúspaidín Cé dubh an choill tré bhfuil ár dtriall, Cé bocht, ró-bhuaidheartha, cam, an tslighe Is beag mo shuím. A Ruspaidín, a Ruspaidín, Ar son do ghrádha-sa, d'fhágbhas iad Mo mháithrín, mo cháirde gaoil An sneachta chím - A Ruspaidín, a Ruspaidín, An é tar éis mo thréigthe ataoi Sa 'tsneachta measc na gcrann seo fiadhian, A Ruspaidín? A Ruspaidín, a Ruspaidín Is maith do-chluinim-se an gaoth-ghuth, A's cluinim leis, a Dhé! na faolchoin! A Ruspaidín! Uch! Uch! Mo dhíth!. VII. Cill Bearaigh. (Tá Cill Bearaigh leath bhealaigh idir Bl. Átha Cliath agus sean-Bheann Éadair: fothrach uaigneach, glas cois imill fairrge atá ann.) In oirthear Breagh cois cuain Átha Cliath Ós comhair Binn' Éadair, aoibhinnm, árd, Ar millín ghlas, fos suain a liacht, I mbeol gach séideáin suidhte atá Cill Bhearaigh Gan cheol, gan gan chléir, gan mhuintir atá Cill Bhearaigh. Mar fhothrach caithte uaigneach, fríth, Na dóirse réabhtha, an díon ar lár Gach fuinneóg spealtha, gach stuagh críon Mo bhrón, is éachtach línn mar atá Cill Bearaigh, Gan chór, gan chré, gan ghuidhe i dtráth, Cill Bearaigh. Is follus scamaill dá scuabadh siar Is mór an fraoch do chím fá'n tráigh Ag tonnaibh alpacha ag brughadh i dtír; Is brón liom scréach na bhfaoileann mbán Faoidh gharg, Id' chlós gan séan, gan síth ó'n ghlám Cill Bearaigh, Seadh: codladh cneasta chughaibh, a chliar, Gur leor bhúr séan, mo ghuidhe ós árd! Ach, stoirm bhraithim uaim ós Cliathaibh, Ní mór dom éalódh dian ó chádhas Cill Bearaigh. Ní mór dom tréigean cuíbhreann áidh Cill Bearaigh. Leasg. [Chuir Seán Bán iarracht an-mhaith filidheachta chugainn ar "P. Mac P." B'éidir go gcuirfí i gcló ar ball é. Mar sin dá lán eile. Eagarthóir.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services