Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Poésies Modernes.

Title
Poésies Modernes.
Author(s)
Leasg,
Pen Name
Leasg
Composition Date
1916
Publisher
The Irish Nation

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Poésies Modernes.



V. Buachaillín na mBláth.



A bhuachaillín ar beagán pláis,
Ca bhfuarais féin do cháirrín bláth,
Innis go séimh dom brigh do cháis,
Ní misde dhuit dar liom a rádh.



An bhfuarais iad cois imill trágha?
Nó an bhfuarais iad ó Dhia na bpáirc?
Nó ar ghoidis iad ó gháirdín bhreághdha?
Nó ar stathais iad i ngleann na bhfeádha?



Ta lilí caomha, glé id' chárr,
Salchuach go fairsing - scoth na mbláth -
Rósaí a's raithneach a's partaing árd,
Smaointe a's pamhsae * ann in a lár.



Is geal a's is gleoite é do chárr
Fa ualach thromdha, líonmhar bláth,
'Pé ball i bhfuarais iad, a ghrádh,
Ort-sa a's ortha-san go raibh an t-ádh.



* Fr. pensées, Béarla, "pansies."



VI. Ruspaidín Drochshúileach.



("Sin é tuairisc an fhiminigh úd, Ruspaidín,
duit; ní raibh puinn maitheasa ann acht amháin
péire súl an-mhillteach do thug ar fhíor-Rúiseachaibh
an duthchas do dhíol agus do thug mórán ban ar
bhealach a n-aimhleasa." - Páipéar Seachtmhaineach.)



A Ruspaidín, a Ruspaidín,
Is iongantach iad do shúile cinn
Do tharraing mé go dlúth in a ndiaidh
A Ruspaidín!



Do ghruaig chiar, do leaca mhín,
Do bhéala dearga do chím
Acht chímse leis, cé leasc liom, iad:
Do shúile nimhe.



A Ruspaidín, a Rúspaidín
Cé dubh an choill tré bhfuil ár dtriall,
Cé bocht, ró-bhuaidheartha, cam, an tslighe
Is beag mo shuím.



A Ruspaidín, a Ruspaidín,
Ar son do ghrádha-sa, d'fhágbhas iad
Mo mháithrín, mo cháirde gaoil
An sneachta chím -



A Ruspaidín, a Ruspaidín,
An é tar éis mo thréigthe ataoi
Sa 'tsneachta measc na gcrann seo fiadhian,
A Ruspaidín?



A Ruspaidín, a Ruspaidín
Is maith do-chluinim-se an gaoth-ghuth,
A's cluinim leis, a Dhé! na faolchoin!
A Ruspaidín!
Uch! Uch! Mo dhíth!.



VII. Cill Bearaigh.



(Tá Cill Bearaigh leath bhealaigh idir Bl. Átha
Cliath agus sean-Bheann Éadair: fothrach uaigneach,
glas cois imill fairrge atá ann.)



In oirthear Breagh cois cuain Átha Cliath
Ós comhair Binn' Éadair, aoibhinnm, árd,
Ar millín ghlas, fos suain a liacht,
I mbeol gach séideáin suidhte atá
Cill Bhearaigh
Gan cheol, gan gan chléir, gan mhuintir atá
Cill Bhearaigh.



Mar fhothrach caithte uaigneach, fríth,
Na dóirse réabhtha, an díon ar lár
Gach fuinneóg spealtha, gach stuagh críon
Mo bhrón, is éachtach línn mar atá
Cill Bearaigh,
Gan chór, gan chré, gan ghuidhe i dtráth,
Cill Bearaigh.



Is follus scamaill dá scuabadh siar
Is mór an fraoch do chím fá'n tráigh
Ag tonnaibh alpacha ag brughadh i dtír;
Is brón liom scréach na bhfaoileann mbán
Faoidh gharg,
Id' chlós gan séan, gan síth ó'n ghlám
Cill Bearaigh,



Seadh: codladh cneasta chughaibh, a chliar,
Gur leor bhúr séan, mo ghuidhe ós árd!
Ach, stoirm bhraithim uaim ós Cliathaibh,
Ní mór dom éalódh dian ó chádhas
Cill Bearaigh.
Ní mór dom tréigean cuíbhreann áidh
Cill Bearaigh.



Leasg.



[Chuir Seán Bán iarracht an-mhaith filidheachta
chugainn ar "P. Mac P." B'éidir go gcuirfí i
gcló ar ball é. Mar sin dá lán eile. Eagarthóir.]

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services