Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Deasgán Tuanach - Selections from Modern Clare Poets
Title
Deasgán Tuanach - Selections from Modern Clare Poets
Compiler/Editor
O'Rahilly, T. F.
Composition Date
1733
Publisher
(B.Á.C.: Gill & Son, Ltd., 1925)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Selections from Modern Clare Poets. II. AINDRIAS MAC CRUITÍN CCT. Ach! a Dhúilimh do dhealbh cumtha na ceathardhúla móire, 'S do thabhair samhra an aitis dúinne, acfainn iumdha, is óige, - Tairis siúd, a Fhlaith na ndúl, is dealbh d'fhúigis beó me Is leath mo lunnra sgara lium, 's gan a bharra chúm rem ló ar ais. Tamhan cumhra gasta gnúisgheal do casadh liumsa as m'óige, 'S gurbh'fheas gurbh'iumdha fear bhí ag tnúth liom tan ghlacas chúm nar nóchar. Ó cneasadh liumsa, - beart nárbh'fhiú me - níorbh'fheas dam frumha ar a fónamh, 'S ba machtna leamhais dam amaltú dham is leath mo lúth ar leóna. Ní chleachtain údair ceana sgrúda, ná meanmnú re ceólta, 'S is measa mú dham tart d'airiú orm is brath ar liunn rem ló agum. Do sgaradh lium, mar ghainimh úr-laist, m'aiceacht iúil is eólais; 'S ní bhainfeadh súra sreath na Siúire brat ceanúil mo bhróin díom. Mo charaid dlúth cé maith bhíd liumsa tan chaithim dlús don ló acu, Mo theasdas chútsa, a shearc 's a rúin ghil, gur fada lium bhím frósan; 'S is measa an chúis, ó gheal mo chúl, gur theastaig clúdamh cró uaim, Is banaltra úr má charaim chúm, nách aiteas súd gan tóir air. Is fada an funnra dham gan tú agum ó theacht do thús an fhómhair, Ag caitheamh cuntais cnead tan mhúsglaim, mar leanbh diúil ag deóraibh; Ach cé balbh thú, is ná labhrair riumsa is óm aicis m'iunnla is m'fhóirthin, Caithfead diúlta leat gan amhras is ceart mo chúil do thóirt duit. Cé deacair dúr dham, ort tan smúinim, do mhalairt dúinn do phósa, 'S dá mbeanadh dlúimh an deataig riumsa go racha anunn trím dhrólann; Ach ós dearbh dhúinn do shealbhú-sa tar ais i nDún na glóire, A mhaiseach mhúinte aireach iunnraic, mo bheannacht dlúth 's m'ochón leat!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services