Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Deasgán Tuanach - Selections from Modern Clare Poets

Title
Deasgán Tuanach - Selections from Modern Clare Poets
Compiler/Editor
O'Rahilly, T. F.
Composition Date
1733
Publisher
(B.Á.C.: Gill & Son, Ltd., 1925)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Selections from Modern Clare Poets.



II.
AINDRIAS MAC CRUITÍN CCT.



Ach! a Dhúilimh do dhealbh cumtha
na ceathardhúla móire,
'S do thabhair samhra an aitis dúinne,
acfainn iumdha, is óige, -
Tairis siúd, a Fhlaith na ndúl,
is dealbh d'fhúigis beó me
Is leath mo lunnra sgara lium,
's gan a bharra chúm rem ló ar ais.



Tamhan cumhra gasta gnúisgheal
do casadh liumsa as m'óige,
'S gurbh'fheas gurbh'iumdha fear bhí ag tnúth liom
tan ghlacas chúm nar nóchar.
Ó cneasadh liumsa, - beart nárbh'fhiú me -
níorbh'fheas dam frumha ar a fónamh,
'S ba machtna leamhais dam amaltú dham
is leath mo lúth ar leóna.



Ní chleachtain údair ceana sgrúda,
ná meanmnú re ceólta,
'S is measa mú dham tart d'airiú orm
is brath ar liunn rem ló agum.
Do sgaradh lium, mar ghainimh úr-laist,
m'aiceacht iúil is eólais;
'S ní bhainfeadh súra sreath na Siúire
brat ceanúil mo bhróin díom.



Mo charaid dlúth cé maith bhíd liumsa
tan chaithim dlús don ló acu,
Mo theasdas chútsa, a shearc 's a rúin ghil,
gur fada lium bhím frósan;
'S is measa an chúis, ó gheal mo chúl,
gur theastaig clúdamh cró uaim,
Is banaltra úr má charaim chúm,
nách aiteas súd gan tóir air.
Is fada an funnra dham gan tú agum
ó theacht do thús an fhómhair,
Ag caitheamh cuntais cnead tan mhúsglaim,
mar leanbh diúil ag deóraibh;
Ach cé balbh thú, is ná labhrair riumsa
is óm aicis m'iunnla is m'fhóirthin,
Caithfead diúlta leat gan amhras
is ceart mo chúil do thóirt duit.



Cé deacair dúr dham, ort tan smúinim,
do mhalairt dúinn do phósa,
'S dá mbeanadh dlúimh an deataig riumsa
go racha anunn trím dhrólann;
Ach ós dearbh dhúinn do shealbhú-sa
tar ais i nDún na glóire,
A mhaiseach mhúinte aireach iunnraic,
mo bheannacht dlúth 's m'ochón leat!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services