Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eadhmon De Búrc
Title
Eadhmon De Búrc
Author(s)
Ní Chonaill, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Eadhmon de Búrc." (Scéal Nuadh-dhéanta.) Máire Ní Chonaill. "Dia is Muire dhuit, a Mhuiris," ars Seaghan Shéumais ag teacht abhaile dho ó socraid lá. "Dia is Muire dhuit is Pádraig," ars Muiris, "an ag teacht ó'n socraid ataoi?" "Seadh, díreach, maise, go n-deinidh Dia trócaire ar anam Mhichíl bhoicht, ba mhacánta shultmhar an cómhursa é, agus a' bhfeiceann tú mé, a Mhuiris? táim fliuch báidte." "Taoi, mhaise, a dhuine bhoicht, acht nách maith an cómhartha ar an anam é sin." "Cionnas sain," ars an fear eile, "níor chualadh riamh éan trácht ar a leithéid sin." "Seadh anois, má seadh inneósfad-sa dhuit an scéal go léir. Nuair geibheann duine bás i ndeisceart na h-Éireann, bíonn piseóga go leór tímcheall air, agus 'na measg so go léir tugtar creideamhaint do'n cheann so, agus is é seo é. Má's rud é go dtuiteann lá socraide ar lá bhreágh áluinn, go mbeadh an ghrian ag taithneamh go soillseach, b'in cómhartha go raibh an anamh i gcontabhairt. Ar an dtaobh eile má bhíonn an lá ag cur báistíghe go trom, sin cómhartha go bhfuil an anam imeasg na n-aingeal ar neamh." "A thiarcuis," ars Muiris, "níor chualadh riamh a leithéid de scéal ghreannmhar, acht más ceart suim do chur ann i naon-chor táim deimh- nightheach go bhfuil anam Mhichíl ar dheis an Aon-Mhic. Cúpla lá nó mar sin ó shoin bhí sé go calma láidir, agus ní fheadar i n-Éirinn cad a bhain dó, acht is dócha go ngoilleann an aois ar gac éinne nuair thagann sé." "Is dócha é, a dhalta, acht ceapaim-se féin gur mhaith an cabhair báis do an mac úd a chuaidh 'na choinnibh thar lear. Bhíodh sé i gcómhnuidhe ag trácht thairis, agus ba mhór an trioblóid aigne a bhí air 'n-a thaobh." B'amhlaidh é. Bhí an fear marbh 'na fheirmeoir compórdach tráth, agus bhí an saoghal ag dul ar aghaidh go h-áluinn leis. Chomhnuigh sé i
nGleann Garbh i gConndae Corcaighe. Bhí bean ghrádhmhar chiallmhar aige, rogha mná tighe, agus deagh-Caitlicídhe mar é féin. Seadh, i gceann scathaimh bliadhan do thárla go raibh murgail mór orra, agus ní misde rádh gur tógadh iad 'na gcreideamh féin, agus i ngach deagh- nós ba dhual dóibh ó na sínnsearaibh. Ba mhac an té ba shine 'sa 'tig, agus ba mhór é meas a athar air, agus bhí sé socruighthe 'na aigne féin an oighreacht bheag a bheadh 'na dhiaidh féin d'fágaint aige. Bhí an mac ag dul le na athair i ngach nídh , i bpearsain, i gcráibhtheacht agus i gcreideamh, agus go deimhin féin bhí sé 'na scafaire áluinn, caol, árd, lán d'anam, agus d'anál. Bhí mar sin ar feadh tamaill, agus bhí an buachaill ag dul ar scoil, agus ní gádh dhom a rádh go raibh ínntleacht thar bárr aige. Nuair bhraith sé é féin ag dul thar fiche bliadhan, mheas sé nár cheart do bheith níos sia ag braith ar a athair chum a beathuighe, agus gur cheart do féachaint amach do féin. Leis an íntinn seo chuaidh sé go dtí a athair éan tráthnóna amháin, agus chuir sé i n-iúl do, cad a bí aige á chur trí n-a chéile na thaobh féin, agus dubhairt sé: "Is baoghalach go gcaithfead-sa bheith id fhágaint. Chídhim go bhfuil do dhóthain ór le déanamh agat-sa agus mo dhearbhraithreacha, agus mo dheírbhshiuracha go léir do choimeád i dteannta chéile, agus gan mise, go bhfuil sé ionam mé féín do bheathúghadh, a bheith ort 'na dteannta." "Lean ort," ars an t-athair, "is dócha go bhfuil a thuille 'san scéal seo." "Táim ceapaighthe ar imtheacht thar lear," ars an mac. "Tá an fhios agam go n-eireóchaidh liom go ríogh-mhaith thall, i bhfad nios feárr ná eireóchadh annso." "Cad é seo a deireann tú, a bhuachaill díchéille? dul tar lear! Bhí a fhios agam, go deimhin, go raibh rud éigin bun is cionn leat le cúpla lá no mar sin. Bhís ag imthecht ar fuaid na h-áite ar nós is cuma liom gan suim agat i néin-nídh fá luighe na gréine, acht anois chídhim cad ba bhun leis go léir. Táim chum cómhairle thabhairt duit anois, a Eadhmoin, agus muna nglacfair é bíodh ort féin. Ar chualaidis riamh gur mhór taidhbhseach iad adharca na mbó thar lear? Dá n-déanfá rud orm-sa ní fheicfeá tír thar fairrge an dá lá déug is do mhairfeá." Do lean an t-athair air, ar feadh i bhfad, acht bhí sé fánach aige bheith ag iarraidh aigne an bhuachalla d'atharúghadh. Nuair chonnaic sé gur mhar seo a bhí, dubhairt sé leis féin gur bhfearra dho scaoileadh léis. Gan amhras ní raibh mórán rachtmais aige 'sa' bhaile, acht cheap an t-athair gur tairbhíghe dho dul ag tuilleamh annso is annsúd ar fuaid a dhúthaighe féin, mar chuaidh an chuid eile de'n línn-tíghe náimtheacht thar lear le fan an tsaoghail. Annsan nuair bheadh an chlann go léir fásta suas bheadh an oighreacht beag compórdach i n-áirithe dho.
Bhí ualach trom tógtha de ghuailnibh Eadhmoin nuair bhí an scéal noctuighte aige dá athair, acht bhí rud níos cruaidhe 'na chómhair. Caith sé é chur i niúil do Róisín ní Dhonnchadha, an cailín go raibh grádh aige dhi, agus ní raibh a fhios aige cionnas é féin a neartúghadh chuige. An tráthnóna úd, nuair bhí tuitimín na h-oidhche ann d'imthigh sé air amach, agus níor bhfada ón dtig é nuair bhuail Róisín leis, agus í ag teacht ó'n margadh. Ar dhul fé na déin do, agus ar feicsint an luisne na h-aghaidh agus na súile deasa gorma, is beag ná gus mhaith leis comhairle a athar do thógaint. Nuair bhuaileadar le na chéile do beannuighdear dá chéile. Do thionnlaic Eadhmon abhaile í, augs is iomdha nídh do chuireadar tré na chéile, agus ciodh gur dheocair le Eadhmon an scéal do tharraing anuas d'innis sé do ghrádh a chléibh go raibh sé chum dul go h-Aimeirice. Do tháinigh iongnadh 'na súilibh, acht níor bhféidir léithe focal do labhairt le brón, acht sul a raibh mórán nóimead caithte dubhairt Eadhmon, "fillfead ar ais airís, a Róisín, i gceann scathaimh bliadhan." Ní dubhairt sise éinnídh 'na choinnibh mar bhí fhios aici go raibh sé ag imtheacht chum maitheasa a dhéanamh do féin agus go mbeadh sé saidhbhir ar filleadh dho chúiche airís. Do thionnlaic Eadhmon go dtí i ngiorracht dá tíghe féin í agus d'fhíll sé ar abhaile. An oidhche sin is ar éigin nár bhris croidhe Róisín le brón. Mí no mar sin 'na dhiaidh seo bhí oidhche suilt is caitheamh-aimsire i dtig Mhichíl de Búrc, agus ní misde a rádh go raibh árd oidhche aca go léir — cómhursain Mhichíl. Bhí na sean daoine agus na daoine óga ann idir fear agus bean. Go deimhin is go dearbhtha, ba lúthmhar tapaidh iad an t-aos óg ag rínnce, agus níor bh'fhéidir d'fághail 'na measg beirt do b'feárr ná Róisín agus Eadhmon, agus bhíodar so araon ar an úrlár i gcáitheamh na h-aimsire go léir nách mhór. B'follus do'n chúmplacht go raibh caradas éigin idir an bheirt, agus thugadar fé ndeara é. Bhí na sean-daoine go léir ag tabhairt amhrán uatha i nGaedhilg mhilis bhlasda, agus ní shásóchadh an domhan iad acht go bhfaighdís amhrán ó Eadhmon roimh imtheacht do. Ciodh go raibh guth áluinn ag eisean, níor mhaith leis amhrán do ghabháilt mar bhí an oiread sain uaignis air. Tairéis mór-chuid taithint thug sé uaidh "Stóirín geal mo chroidhe" i nguth lán d'uaigneas is do mhílseacht. D'fhan mar sin go breacadh an lae nuair chaith Eadhmon a chos do chur ar an mbóthar, ag imtheacht leis i bhfad ó athair is máthair gan fhios aige cad a bhí i ndán do, ag fágaint a thíre dhúthchais gan í d'fheicsint go bráth airís b'fhedir. Ba mhílse leis an cuirm ceóil a bhí i dtig a athar an oidhche sin ná éan cheann dá bhfeacadh sé riamh, ciodh b'fhéídir go raibh se láithreach ag ceannaibh níos galántaighe. Chuaidh na cómhursain go léir tamall de'n bhóthar leis, agus annsan d'fhág sé slán aca go léir, agus ní misde a rádh go raibh uaigneas orra 'na dhiaidh, agus níor bh'éan iongnadh é, mar is aige siúd ná raibh
an droch-fhreagra ar éinne a labharfadh leis, ná an droch-áiseamhlachth ná go dtabharfadh sé lámh le h-éan saghas oibre a bheadh ar siubhal. Bí Róisín an duine déidheanach gur fhág sé slán aici, agus b'uaigneach an scaramhaint dóibh araon é. "Slán leat, a Róisín," ars Eadhmon, "agus tá súil le Dia agam go bhfeicead tú annso airís 'san gcomhursanacht céadna." "Slán leat, a Eadhmoin," ar sise, agus b'in a dubhairt mar bhí tocht guil uirri. Sroich Eadhmon agus a athair is a mháthair, agus beirt nó triúr cómhursan port na traeneach, agus níor bhfada an mhoill ar lucht a stiúraighthe í d'ollmhúghadh i gcomhair an bhótair. D'fhág Eadhmon slán aca annso agus bé an cómhairle déidheanach thug a mháthair do, "bheith dílis d'á chreideamh." Isteach leis 'sa' traen agus siúd léi í comh tiugh is gur dhóigh leat go mbéarfadh sí ar an ngaoth bhí roimpi, agus ná béarfadh an ghaoth bhí na diaidh uirri, agus níor bhfada go raib sí is a chuid ualaigh imthighthe as radharc. Annsan d'fhíll lucht na tionnlacan orra abhaile agus bhí an mháthair bhocht ag gol go fuidheach. Do thosnuigh a athair ag smaoineadh leis féin ar an saoghal a bhí roimh a mhac tar lear. Do smaoin sé ar an óigeacht, agus a fhuraisde is tá é iompódh ar bhóthar an aimhleasa. Sroich athair is máthair an deóruidhe an baile airís, agus bhí codla go leór 'na súilibh anois, de bhrígh nár dhúnadar súil an oidhche roimh ré, agus na theannta sain do shileadar an oiread san deór go raibh a n-aghaidh seirghthe. I gceann lae nó dhó fuair athair Eadhmoin litir ó na mhac, roimh dhul ar bórd dho, ag Cóbh-Corcaighe. Do chuir sé fáinne chum a mháthar, agus dubhairt sé go scríobhfadh sé nuair shroichfeadh sé Eabhroc Nuadh. Connacathas litir eile ag teacht 'sa' post an lá céadna chum Róisín, agus biorán brollaigh ar dheiseacht an domhain. Do ghaibh seachtmhain tharrainn, agus chuir sé litir eile uaidh ag rádh gur shroic sé Eabhroc Nuadh go slán folláin, agus ná raibh de bhreóidhteacht fhairrge air acht rud gan áireamh. Do chuir sé síos ar an saoghal a bhí aca 'sa' luing, ar an spórt agus ar an greann a bhí aca. Dubhairt sé go raibh súil aige le h-obair 'fhághail sar a fada. Ní nách iongnadh chuir an litir seo áthas an domhain ar a mhuinntir, agus bhí dóchas aca go n-eireóchadh leis go h-áluinn 'san tír úd saidhbhir thar sáile. Seadh, d'imthigh bliadhain no mar sin tharrainn, agus d'réir gach tuairisge bhí an saoghal ag eiríghe leis an deóruidhe go riogh-mhaith. [Tuille le teacht.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services