Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eadhmon De Búrc

Title
Eadhmon De Búrc
Author(s)
Ní Chonaill, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Eadhmon de Búrc."



(Scéal Nuadh-dhéanta.)



Máire Ní Chonaill.



"Dia is Muire dhuit, a Mhuiris," ars Seaghan Shéumais ag teacht
abhaile dho ó socraid lá.



"Dia is Muire dhuit is Pádraig," ars Muiris, "an ag teacht ó'n
socraid ataoi?"



"Seadh, díreach, maise, go n-deinidh Dia trócaire ar anam Mhichíl
bhoicht, ba mhacánta shultmhar an cómhursa é, agus a' bhfeiceann tú mé,
a Mhuiris? táim fliuch báidte."



"Taoi, mhaise, a dhuine bhoicht, acht nách maith an cómhartha ar an
anam é sin."



"Cionnas sain," ars an fear eile, "níor chualadh riamh éan trácht
ar a leithéid sin."



"Seadh anois, má seadh inneósfad-sa dhuit an scéal go léir.
Nuair geibheann duine bás i ndeisceart na h-Éireann, bíonn piseóga
go leór tímcheall air, agus 'na measg so go léir tugtar creideamhaint
do'n cheann so, agus is é seo é. Má's rud é go dtuiteann lá
socraide ar lá bhreágh áluinn, go mbeadh an ghrian ag taithneamh go
soillseach, b'in cómhartha go raibh an anamh i gcontabhairt. Ar an
dtaobh eile má bhíonn an lá ag cur báistíghe go trom, sin cómhartha go
bhfuil an anam imeasg na n-aingeal ar neamh."



"A thiarcuis," ars Muiris, "níor chualadh riamh a leithéid de scéal
ghreannmhar, acht más ceart suim do chur ann i naon-chor táim deimh-
nightheach go bhfuil anam Mhichíl ar dheis an Aon-Mhic. Cúpla lá nó
mar sin ó shoin bhí sé go calma láidir, agus ní fheadar i n-Éirinn cad
a bhain dó, acht is dócha go ngoilleann an aois ar gac éinne nuair
thagann sé."



"Is dócha é, a dhalta, acht ceapaim-se féin gur mhaith an cabhair
báis do an mac úd a chuaidh 'na choinnibh thar lear. Bhíodh sé i
gcómhnuidhe ag trácht thairis, agus ba mhór an trioblóid aigne a bhí air
'n-a thaobh."



B'amhlaidh é. Bhí an fear marbh 'na fheirmeoir compórdach tráth,
agus bhí an saoghal ag dul ar aghaidh go h-áluinn leis. Chomhnuigh sé i


L. 862


nGleann Garbh i gConndae Corcaighe. Bhí bean ghrádhmhar chiallmhar
aige, rogha mná tighe, agus deagh-Caitlicídhe mar é féin. Seadh, i
gceann scathaimh bliadhan do thárla go raibh murgail mór orra, agus
ní misde rádh gur tógadh iad 'na gcreideamh féin, agus i ngach deagh-
nós ba dhual dóibh ó na sínnsearaibh. Ba mhac an té ba shine 'sa 'tig,
agus ba mhór é meas a athar air, agus bhí sé socruighthe 'na aigne féin
an oighreacht bheag a bheadh 'na dhiaidh féin d'fágaint aige. Bhí an mac
ag dul le na athair i ngach nídh , i bpearsain, i gcráibhtheacht agus i
gcreideamh, agus go deimhin féin bhí sé 'na scafaire áluinn, caol, árd,
lán d'anam, agus d'anál. Bhí mar sin ar feadh tamaill, agus bhí an
buachaill ag dul ar scoil, agus ní gádh dhom a rádh go raibh ínntleacht
thar bárr aige. Nuair bhraith sé é féin ag dul thar fiche bliadhan, mheas
sé nár cheart do bheith níos sia ag braith ar a athair chum a beathuighe,
agus gur cheart do féachaint amach do féin. Leis an íntinn seo
chuaidh sé go dtí a athair éan tráthnóna amháin, agus chuir sé i n-iúl
do, cad a bí aige á chur trí n-a chéile na thaobh féin, agus dubhairt
sé: "Is baoghalach go gcaithfead-sa bheith id fhágaint. Chídhim go
bhfuil do dhóthain ór le déanamh agat-sa agus mo dhearbhraithreacha,
agus mo dheírbhshiuracha go léir do choimeád i dteannta chéile, agus
gan mise, go bhfuil sé ionam mé féín do bheathúghadh, a bheith ort 'na
dteannta."

"Lean ort," ars an t-athair, "is dócha go bhfuil a thuille 'san
scéal seo."



"Táim ceapaighthe ar imtheacht thar lear," ars an mac. "Tá an fhios
agam go n-eireóchaidh liom go ríogh-mhaith thall, i bhfad nios feárr ná
eireóchadh annso."



"Cad é seo a deireann tú, a bhuachaill díchéille? dul tar lear!
Bhí a fhios agam, go deimhin, go raibh rud éigin bun is cionn leat le
cúpla lá no mar sin. Bhís ag imthecht ar fuaid na h-áite ar nós is
cuma liom gan suim agat i néin-nídh fá luighe na gréine, acht anois
chídhim cad ba bhun leis go léir. Táim chum cómhairle thabhairt duit
anois, a Eadhmoin, agus muna nglacfair é bíodh ort féin. Ar
chualaidis riamh gur mhór taidhbhseach iad adharca na mbó thar lear?
Dá n-déanfá rud orm-sa ní fheicfeá tír thar fairrge an dá lá déug
is do mhairfeá."



Do lean an t-athair air, ar feadh i bhfad, acht bhí sé fánach aige bheith
ag iarraidh aigne an bhuachalla d'atharúghadh. Nuair chonnaic sé gur
mhar seo a bhí, dubhairt sé leis féin gur bhfearra dho scaoileadh léis.
Gan amhras ní raibh mórán rachtmais aige 'sa' bhaile, acht cheap an
t-athair gur tairbhíghe dho dul ag tuilleamh annso is annsúd ar fuaid a
dhúthaighe féin, mar chuaidh an chuid eile de'n línn-tíghe náimtheacht thar
lear le fan an tsaoghail. Annsan nuair bheadh an chlann go léir
fásta suas bheadh an oighreacht beag compórdach i n-áirithe dho.


L. 863


Bhí ualach trom tógtha de ghuailnibh Eadhmoin nuair bhí an scéal
noctuighte aige dá athair, acht bhí rud níos cruaidhe 'na chómhair. Caith
sé é chur i niúil do Róisín ní Dhonnchadha, an cailín go raibh grádh aige
dhi, agus ní raibh a fhios aige cionnas é féin a neartúghadh chuige. An
tráthnóna úd, nuair bhí tuitimín na h-oidhche ann d'imthigh sé air amach,
agus níor bhfada ón dtig é nuair bhuail Róisín leis, agus í ag teacht
ó'n margadh. Ar dhul fé na déin do, agus ar feicsint an luisne na
h-aghaidh agus na súile deasa gorma, is beag ná gus mhaith leis
comhairle a athar do thógaint. Nuair bhuaileadar le na chéile do
beannuighdear dá chéile. Do thionnlaic Eadhmon abhaile í, augs is
iomdha nídh do chuireadar tré na chéile, agus ciodh gur dheocair le
Eadhmon an scéal do tharraing anuas d'innis sé do ghrádh a chléibh go
raibh sé chum dul go h-Aimeirice. Do tháinigh iongnadh 'na súilibh, acht
níor bhféidir léithe focal do labhairt le brón, acht sul a raibh mórán
nóimead caithte dubhairt Eadhmon, "fillfead ar ais airís, a Róisín,
i gceann scathaimh bliadhan." Ní dubhairt sise éinnídh 'na choinnibh mar
bhí fhios aici go raibh sé ag imtheacht chum maitheasa a dhéanamh do féin
agus go mbeadh sé saidhbhir ar filleadh dho chúiche airís. Do thionnlaic
Eadhmon go dtí i ngiorracht dá tíghe féin í agus d'fhíll sé ar abhaile.
An oidhche sin is ar éigin nár bhris croidhe Róisín le brón.



Mí no mar sin 'na dhiaidh seo bhí oidhche suilt is caitheamh-aimsire
i dtig Mhichíl de Búrc, agus ní misde a rádh go raibh árd oidhche aca go
léir — cómhursain Mhichíl. Bhí na sean daoine agus na daoine óga ann
idir fear agus bean. Go deimhin is go dearbhtha, ba lúthmhar tapaidh iad
an t-aos óg ag rínnce, agus níor bh'fhéidir d'fághail 'na measg beirt
do b'feárr ná Róisín agus Eadhmon, agus bhíodar so araon ar an
úrlár i gcáitheamh na h-aimsire go léir nách mhór. B'follus do'n
chúmplacht go raibh caradas éigin idir an bheirt, agus thugadar fé
ndeara é. Bhí na sean-daoine go léir ag tabhairt amhrán uatha
i nGaedhilg mhilis bhlasda, agus ní shásóchadh an domhan iad acht go
bhfaighdís amhrán ó Eadhmon roimh imtheacht do. Ciodh go raibh guth
áluinn ag eisean, níor mhaith leis amhrán do ghabháilt mar bhí an oiread
sain uaignis air. Tairéis mór-chuid taithint thug sé uaidh "Stóirín
geal mo chroidhe" i nguth lán d'uaigneas is do mhílseacht. D'fhan mar
sin go breacadh an lae nuair chaith Eadhmon a chos do chur ar an
mbóthar, ag imtheacht leis i bhfad ó athair is máthair gan fhios aige cad
a bhí i ndán do, ag fágaint a thíre dhúthchais gan í d'fheicsint go bráth
airís b'fhedir. Ba mhílse leis an cuirm ceóil a bhí i dtig a athar an
oidhche sin ná éan cheann dá bhfeacadh sé riamh, ciodh b'fhéídir go raibh se
láithreach ag ceannaibh níos galántaighe.

Chuaidh na cómhursain go léir tamall de'n bhóthar leis, agus annsan
d'fhág sé slán aca go léir, agus ní misde a rádh go raibh uaigneas
orra 'na dhiaidh, agus níor bh'éan iongnadh é, mar is aige siúd ná raibh


L. 864


an droch-fhreagra ar éinne a labharfadh leis, ná an droch-áiseamhlachth
ná go dtabharfadh sé lámh le h-éan saghas oibre a bheadh ar siubhal. Bí
Róisín an duine déidheanach gur fhág sé slán aici, agus b'uaigneach an
scaramhaint dóibh araon é.



"Slán leat, a Róisín," ars Eadhmon, "agus tá súil le Dia agam
go bhfeicead tú annso airís 'san gcomhursanacht céadna."



"Slán leat, a Eadhmoin," ar sise, agus b'in a dubhairt mar bhí
tocht guil uirri.



Sroich Eadhmon agus a athair is a mháthair, agus beirt nó triúr
cómhursan port na traeneach, agus níor bhfada an mhoill ar lucht a
stiúraighthe í d'ollmhúghadh i gcomhair an bhótair. D'fhág Eadhmon slán
aca annso agus bé an cómhairle déidheanach thug a mháthair do, "bheith
dílis d'á chreideamh." Isteach leis 'sa' traen agus siúd léi í comh
tiugh is gur dhóigh leat go mbéarfadh sí ar an ngaoth bhí roimpi, agus
ná béarfadh an ghaoth bhí na diaidh uirri, agus níor bhfada go raib sí is
a chuid ualaigh imthighthe as radharc. Annsan d'fhíll lucht na tionnlacan
orra abhaile agus bhí an mháthair bhocht ag gol go fuidheach. Do thosnuigh a
athair ag smaoineadh leis féin ar an saoghal a bhí roimh a mhac tar lear.
Do smaoin sé ar an óigeacht, agus a fhuraisde is tá é iompódh ar
bhóthar an aimhleasa. Sroich athair is máthair an deóruidhe an baile
airís, agus bhí codla go leór 'na súilibh anois, de bhrígh nár dhúnadar
súil an oidhche roimh ré, agus na theannta sain do shileadar an oiread
san deór go raibh a n-aghaidh seirghthe.



I gceann lae nó dhó fuair athair Eadhmoin litir ó na mhac, roimh dhul
ar bórd dho, ag Cóbh-Corcaighe. Do chuir sé fáinne chum a mháthar,
agus dubhairt sé go scríobhfadh sé nuair shroichfeadh sé Eabhroc Nuadh.
Connacathas litir eile ag teacht 'sa' post an lá céadna chum Róisín,
agus biorán brollaigh ar dheiseacht an domhain. Do ghaibh seachtmhain
tharrainn, agus chuir sé litir eile uaidh ag rádh gur shroic sé Eabhroc Nuadh
go slán folláin, agus ná raibh de bhreóidhteacht fhairrge air acht rud
gan áireamh. Do chuir sé síos ar an saoghal a bhí aca 'sa' luing, ar an
spórt agus ar an greann a bhí aca. Dubhairt sé go raibh súil aige le
h-obair 'fhághail sar a fada. Ní nách iongnadh chuir an litir seo áthas
an domhain ar a mhuinntir, agus bhí dóchas aca go n-eireóchadh leis go
h-áluinn 'san tír úd saidhbhir thar sáile.



Seadh, d'imthigh bliadhain no mar sin tharrainn, agus d'réir gach
tuairisge bhí an saoghal ag eiríghe leis an deóruidhe go riogh-mhaith.



[Tuille le teacht.]

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services