Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar ndualgas do'n teangaidh
Title
Ar ndualgas do'n teangaidh
Author(s)
Fáinne Fionn,
Pen Name
Fáinne Fionn
Composition Date
1909
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar ndualgas do'n teangaidh. Fáinne Fionn. Cas is dualgas ann? Is é is dualgas i gcoitchionn ann an ní sin atá d'fhíachaibh orrainn do dhéanamh. Tá trí shaghas ndualgas ann, & tá gach ceann aca ceangailte ar gach duine, 'sé sin an dualgas is éigin dúinn do chóimhlíonadh le Día, an dualgas chaithfimid do dhéanamh d'ár gcómh-dhaoinibh, & an dualgas a dlíghmid dúinn féin. Fághtar eólas ar ndualgas do Dhía 'san dTeagasg Chríostuidhe, & fághmaid eólas ar dhualgas d'ár gcomharsain 'san dTeagasg Chríostuidhe chéadna, & 'san dlighe choitchionn, acht cá fuighimid eólas ar an ndual- gas a dlightear dhúinn féin? Is ó Dhía féin fághamaid an t-eólas sin, óir is ó Día theagasgas dúinn cad is ceart dúinn d'fhághail, & cad is ceart dúinn do thabhairt. Go bhfuighimis aon ní ó Dhía no ó dhuine is éigin dúinn é íarraidh, & is é an fáth thug Sé teanga dhúinn go n-íarrfamais uaidh 'ch uile ní is ceart dúinn d'íarraidh. Is mór an gean budh cóir dhuinn a bheith againn ar an urlabhradh sin do thug Día dhúinn go bhféudfamais cainnt leis, & ar n-uireasbaidh uile do nochtadh dó, & caithfimid níos mo de mheas a bheith againn air 'ná ar aon tsaghas urlabhraidh eile. Ní'l an domhan uile ag labhairt na teangadh céadna, chídhmid go bhfuil teanga ar leith ag tíorthaibh eagsamhla an domhain. Tá an sgeul mar sin ó aimsir Túir Niomruaidh chor air bith, & bíonn gach tír aca so do réir na féidhme a bhaineann síad as a dteangaidh. Go mb'fhéidir brigh & éifeacht do bhaint as teangaidh air bith, caithfidh go mbeidh an teanga sin ar foghnamh, & oireamhnach do'n dream sin darab teanga dhóibh í. Ní lía tíre 'ná teangtha, acht ní hionnann sin le rádh, & go bhfuil gach teanga díbh comh uasal le chéile. Tá cuid aca a bhfad níos uaisle 'ná cuid eile, acht pé aca uasal nó íseal, budh cóir do'n dream arab teanga dóibh í ghreamughadh léithí go do sgaoilte daingean, & í fheabhsughadh & chur chum cinn. Is íad an Eabhrais, an Gréigis & an Laidin na trí Phrímhtheangtha an domhain, acht do réir an leabhiair sin do sgríobh Cionn Fola i n-aimsir Cholum Chille dá nglaodhtar "Uraiceapt na n-Éigeas" air, bhí acht aon teanga amháin i dtosach an ré ann, & goirtighearn .i. Lingua Humana, da bh'ainm do'n chéad teangaidh sin. An tráth, amh, do dligheadh an teanga so i ndá teanga deug is trí ficit re linn
déanmha an Túir Niomruaidh, bhí árd rí ar Scitia dar bh'ainm Féinius Forsait & chuir sé iolsgoil ar bunn i Magh Seanair & do chuir na teangtha uile seo dá múineadh innti. Dob í sin chéad iolsgoil an domhain í. Bhíodh Féinius ag éisteacht le fuaimeannuibh na n-ilbhéarla sin & ag compráid na bhfocal le chéile gur cheap sé teanga nuaidh asta go léir, gur thug sé ainm fa leith uirri 'sé sin Gaedhilg nó guth-ealg .i. Vox Eligans. A deirid daoine eile gur tugadh Gaedhilg ar an teangaidh sin ó Oide bhí ag múineadh 'san Oilsgoil sin dar bh'ainm Gaedhal. Bh'í sin an teanga b'annsa, dílse de Féinius díbh. Do múineadh an teanga Ghaedhilg 'san Iolsgoil móir mar gach teanga eile innsin, & deirtear gurbadh ar thaibhléibh adhmuid do sgríobhtaí ar dtús í i bhfuirm an Óghaim. A deirtear leis go dtugadais na mic léighinn na taibhli seo a bhaile leó ag dul ar a laeithibh saora dhóibh, & ar an nós sin do fóirleithniughadh an Ghaedhilg 'san Scitia. Tá fhios ag an tsaoghal gur as an domhan shoir do shroith an mhuinntir sin darab teanga dhóibh an Ghaedhilg go h-Éirinn, & gurab é an Ógham an módh sgríbhinne bhí inti ar dtús. Má chuirimid na fuirmeanna Óghaim atá againn mar sein-leabhraibh i gcompráid leis an Eitiópais, chidhfimid an mór chosmhaileas atá eadorra ar son. Is iondual gur craobhsgaoileadh & gur leasuigheadh an Eitiópais, & gur cuireadh biseach ar litreachaibh na teangadh sin i rith na haimsire, & is féidir an ní ceadna do rádh i dtaobh an Óghaim. Tá eochair againn ar na gnéithibh Óghaim atá 'nar seinlebhraibh, acht is dócha go raibh cuma dhíbh a bhfad níos ársa 'ná sin againn nár frioth a n-eoch- air go fóil. Cad eile acht seanchuma an Óghaim atá le feiceál fós ar na clochaibh idir beag agus mór i mBrúgh na Bóinne, & i slíabh na Caillighe? Is mór an cosmhaileas atá idir an dá fuirm de sgríbhinn greannta is na dá háiteachaibh seo, & ní h-iongnadh sin, óir sguireadar righthe Uladh d'adhlaiceadh 'san mBrúgh, & gairid 'na dhiaidh sin d'adhlaictis 'san darna áit. Bhí Cígire Sgoil Náisiúnta i gCondae na Midhe 'san mbliadhain 1865, nó tímchioll ar sin, darb' ainm Eóghan Ó Conbhaill, & do chuir sé roimhe na Cairn móra sin ar Shliabh na Caillighe do thocailt & na h-adhlaicthe 'tá ionnta do nochtadh. Fuair sé cead & congnamh ó'n Tíghearna talmhan dar bh'ainm Napier, & tar éis mórán de dhuadh & de dhíanshaothar d'éirigh sé leis i ngach Carn aca, acht aon mhórcharn amháin, & fuair sé na seómrái adhlaicthe istigh i na gceirtmheadhoin. Is na seómraibh no cistibh seo, ar leacaibh chumh- daighthe tíomchioll orra, fuair sé suaitheantas sgríbhinne greannta go deas ionnta, & do rinne sé graibhléas díbh. Fuair sé leis mealla innchinne, bioráin fionndruinne, & mórán de sheanrudaibh eile. Do sgríobh sé leabhar annsin ag cur síos ar an áit, & gan amhras is taithneamhach, spéiseamhail an leabhar ceadna. Is mór an ceall & gan eochair againn ar an seinsgríbhinn sin, óir is iomdha sgeul d'inneós-
aidis na leacha sin dúinn dambadh ionnann sinn íad a léigheadh í a thuigsint. 'San roilig arsaidh sin do cuireadh Ollamh Fodhla do fuair bás do réir an Staruidhe Dochtúir Céiting 'san mbliadhain 3832 a.m. B'é an t-Ollamh Fodhladh sin Sólon mór na h-Éireann 'na aimsir féin. Is leis do rinneadh Mur Ollamhan a dTeamhraigh & is leis do cuireadh Feis na Teamhrach ar bunn. Do bh'é do rinne dlighthe cirt fóghanta d'Éirinn ar dtús. Is é an carn 'nar adhlaiceagh é an carn sin go bhfuil cathaoir mhór chloiche le n-ais, & is dóighche gur giorra do'n fhírinne an bhárramhail sin 'ná an bhárramhail eile gur Cathaoir na caillighe í an chathaoir sin. B'Árdrí Éireann & b'áirdbhreithamh é, óir is ionnann Ollamh & breitheamh no áirdfhile & is ionnann Fodhla & Éire. Is é bárramhail an Chonbhailligh, & is é mo bhárramhail láidir féin leis, gurbh'é an chúis go rinneadh & gur cuireadh an chathaoir mhór chloiche sin ag a adhlaic ar thaobh shoir de Shlíabh na Caillighe os cómhair na gréine ag éirigh, mar chomhartha a bhreitheamh- nachta, & mar gheall ar na deighdhlighthibh do chuir sé ar bunn. Do sgaigeadh, & do ceartuigheadh seindlighthe na h-Éireann i n-aimsir an Naoimh Pádruig, & do rinneadh an Seanchus Mór asta, & ní bheadh mar bhreug no Aidhbhéil a rádh gur cuid mhór de'n dlighe sin do cheap Ollamh Fodhladh ata i gcorp an tSeanchuis Mhóir sin go dtí an lá indiú. Is deachair an tseangaedhilg atá 'san tSeanchus Mór anois féin, gidheadh is dóigh go mbadh deachra a bhfad an Ghaedhilg do bhí air ar dtús, acht "tuigeann saoi leathfhocail." Do bh'é Dubhailt Mac Firbis, an sgoláire Gaedhalach do bh'fheárr 'ná aimsir féin, do leig 'na dhiaidh eochair mhínighthe na ndlightheadh Éireannach dhúinn, acht do mharbhadh go h-anbhfalach é i laeithibh a sheandachta le saighdiur dearg- bhradach Sasannach do bh'ainm dó Crosbuidh, & ó shion i leith go dtí gur fuair Eóghan Ó Comhraidh an Eochair sin, níor bh'fhéidir le h-aoinne seindlighthe na h-Éireann do léigheadh, no do thuig sin i gceart.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services