Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ar ndualgas do'n teangaidh

Teideal
Ar ndualgas do'n teangaidh
Údar
Fáinne Fionn,
Ainm Cleite
Fáinne Fionn
Dáta cumtha
1909
Foilsitheoir
Dominican Fathers

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


Ar ndualgas do'n teangaidh.



Fáinne Fionn.



Cas is dualgas ann? Is é is dualgas i gcoitchionn ann an ní sin
atá d'fhíachaibh orrainn do dhéanamh. Tá trí shaghas ndualgas ann, & tá
gach ceann aca ceangailte ar gach duine, 'sé sin an dualgas is éigin
dúinn do chóimhlíonadh le Día, an dualgas chaithfimid do dhéanamh d'ár
gcómh-dhaoinibh, & an dualgas a dlíghmid dúinn féin. Fághtar eólas
ar ndualgas do Dhía 'san dTeagasg Chríostuidhe, & fághmaid eólas
ar dhualgas d'ár gcomharsain 'san dTeagasg Chríostuidhe chéadna,
& 'san dlighe choitchionn, acht cá fuighimid eólas ar an ndual-
gas a dlightear dhúinn féin? Is ó Dhía féin fághamaid an t-eólas sin,
óir is ó Día theagasgas dúinn cad is ceart dúinn d'fhághail, & cad
is ceart dúinn do thabhairt. Go bhfuighimis aon ní ó Dhía no ó dhuine
is éigin dúinn é íarraidh, & is é an fáth thug Sé teanga dhúinn go
n-íarrfamais uaidh 'ch uile ní is ceart dúinn d'íarraidh. Is mór an
gean budh cóir dhuinn a bheith againn ar an urlabhradh sin do thug Día
dhúinn go bhféudfamais cainnt leis, & ar n-uireasbaidh uile do nochtadh
dó, & caithfimid níos mo de mheas a bheith againn air 'ná ar aon
tsaghas urlabhraidh eile. Ní'l an domhan uile ag labhairt na teangadh
céadna, chídhmid go bhfuil teanga ar leith ag tíorthaibh eagsamhla an
domhain. Tá an sgeul mar sin ó aimsir Túir Niomruaidh chor air bith,
& bíonn gach tír aca so do réir na féidhme a bhaineann síad as a
dteangaidh. Go mb'fhéidir brigh & éifeacht do bhaint as teangaidh air
bith, caithfidh go mbeidh an teanga sin ar foghnamh, & oireamhnach do'n
dream sin darab teanga dhóibh í. Ní lía tíre 'ná teangtha, acht ní
hionnann sin le rádh, & go bhfuil gach teanga díbh comh uasal le chéile.
Tá cuid aca a bhfad níos uaisle 'ná cuid eile, acht pé aca uasal
nó íseal, budh cóir do'n dream arab teanga dóibh í ghreamughadh
léithí go do sgaoilte daingean, & í fheabhsughadh & chur chum cinn. Is
íad an Eabhrais, an Gréigis & an Laidin na trí Phrímhtheangtha an
domhain, acht do réir an leabhiair sin do sgríobh Cionn Fola i n-aimsir
Cholum Chille dá nglaodhtar "Uraiceapt na n-Éigeas" air, bhí acht
aon teanga amháin i dtosach an ré ann, & goirtighearn .i. Lingua
Humana, da bh'ainm do'n chéad teangaidh sin. An tráth,
amh, do dligheadh an teanga so i ndá teanga deug is trí ficit re linn


L. 704


déanmha an Túir Niomruaidh, bhí árd rí ar Scitia dar bh'ainm Féinius
Forsait & chuir sé iolsgoil ar bunn i Magh Seanair & do chuir na
teangtha uile seo dá múineadh innti. Dob í sin chéad iolsgoil an
domhain í. Bhíodh Féinius ag éisteacht le fuaimeannuibh na n-ilbhéarla
sin & ag compráid na bhfocal le chéile gur cheap sé teanga nuaidh asta
go léir, gur thug sé ainm fa leith uirri 'sé sin Gaedhilg nó guth-ealg
.i. Vox Eligans. A deirid daoine eile gur tugadh Gaedhilg ar an
teangaidh sin ó Oide bhí ag múineadh 'san Oilsgoil sin dar bh'ainm
Gaedhal. Bh'í sin an teanga b'annsa, dílse de Féinius díbh. Do
múineadh an teanga Ghaedhilg 'san Iolsgoil móir mar gach teanga eile
innsin, & deirtear gurbadh ar thaibhléibh adhmuid do sgríobhtaí ar dtús í
i bhfuirm an Óghaim. A deirtear leis go dtugadais na mic léighinn
na taibhli seo a bhaile leó ag dul ar a laeithibh saora dhóibh, & ar an nós
sin do fóirleithniughadh an Ghaedhilg 'san Scitia. Tá fhios ag an
tsaoghal gur as an domhan shoir do shroith an mhuinntir sin darab
teanga dhóibh an Ghaedhilg go h-Éirinn, & gurab é an Ógham an módh
sgríbhinne bhí inti ar dtús.



Má chuirimid na fuirmeanna Óghaim atá againn mar sein-leabhraibh
i gcompráid leis an Eitiópais, chidhfimid an mór chosmhaileas atá
eadorra ar son. Is iondual gur craobhsgaoileadh & gur leasuigheadh
an Eitiópais, & gur cuireadh biseach ar litreachaibh na teangadh sin i rith
na haimsire, & is féidir an ní ceadna do rádh i dtaobh an Óghaim. Tá
eochair againn ar na gnéithibh Óghaim atá 'nar seinlebhraibh, acht is dócha
go raibh cuma dhíbh a bhfad níos ársa 'ná sin againn nár frioth a n-eoch-
air go fóil. Cad eile acht seanchuma an Óghaim atá le feiceál fós
ar na clochaibh idir beag agus mór i mBrúgh na Bóinne, & i slíabh na
Caillighe? Is mór an cosmhaileas atá idir an dá fuirm de sgríbhinn
greannta is na dá háiteachaibh seo, & ní h-iongnadh sin, óir sguireadar
righthe Uladh d'adhlaiceadh 'san mBrúgh, & gairid 'na dhiaidh sin
d'adhlaictis 'san darna áit. Bhí Cígire Sgoil Náisiúnta i gCondae na
Midhe 'san mbliadhain 1865, nó tímchioll ar sin, darb' ainm Eóghan
Ó Conbhaill, & do chuir sé roimhe na Cairn móra sin ar Shliabh na
Caillighe do thocailt & na h-adhlaicthe 'tá ionnta do nochtadh. Fuair sé
cead & congnamh ó'n Tíghearna talmhan dar bh'ainm Napier, & tar éis
mórán de dhuadh & de dhíanshaothar d'éirigh sé leis i ngach Carn aca, acht
aon mhórcharn amháin, & fuair sé na seómrái adhlaicthe istigh i na
gceirtmheadhoin. Is na seómraibh no cistibh seo, ar leacaibh chumh-
daighthe tíomchioll orra, fuair sé suaitheantas sgríbhinne greannta
go deas ionnta, & do rinne sé graibhléas díbh. Fuair sé leis mealla
innchinne, bioráin fionndruinne, & mórán de sheanrudaibh eile. Do
sgríobh sé leabhar annsin ag cur síos ar an áit, & gan amhras is
taithneamhach, spéiseamhail an leabhar ceadna. Is mór an ceall & gan
eochair againn ar an seinsgríbhinn sin, óir is iomdha sgeul d'inneós-


L. 705


aidis na leacha sin dúinn dambadh ionnann sinn íad a léigheadh
í a thuigsint. 'San roilig arsaidh sin do cuireadh Ollamh Fodhla
do fuair bás do réir an Staruidhe Dochtúir Céiting 'san mbliadhain
3832 a.m. B'é an t-Ollamh Fodhladh sin Sólon mór na h-Éireann
'na aimsir féin. Is leis do rinneadh Mur Ollamhan a dTeamhraigh
& is leis do cuireadh Feis na Teamhrach ar bunn. Do bh'é do rinne
dlighthe cirt fóghanta d'Éirinn ar dtús. Is é an carn 'nar adhlaiceagh
é an carn sin go bhfuil cathaoir mhór chloiche le n-ais, & is dóighche
gur giorra do'n fhírinne an bhárramhail sin 'ná an bhárramhail eile
gur Cathaoir na caillighe í an chathaoir sin. B'Árdrí Éireann
& b'áirdbhreithamh é, óir is ionnann Ollamh & breitheamh no áirdfhile
& is ionnann Fodhla & Éire. Is é bárramhail an Chonbhailligh, & is é mo
bhárramhail láidir féin leis, gurbh'é an chúis go rinneadh & gur cuireadh
an chathaoir mhór chloiche sin ag a adhlaic ar thaobh shoir de Shlíabh
na Caillighe os cómhair na gréine ag éirigh, mar chomhartha a bhreitheamh-
nachta, & mar gheall ar na deighdhlighthibh do chuir sé ar bunn. Do
sgaigeadh, & do ceartuigheadh seindlighthe na h-Éireann i n-aimsir
an Naoimh Pádruig, & do rinneadh an Seanchus Mór asta, & ní bheadh
mar bhreug no Aidhbhéil a rádh gur cuid mhór de'n dlighe sin do cheap
Ollamh Fodhladh ata i gcorp an tSeanchuis Mhóir sin go dtí an lá indiú.
Is deachair an tseangaedhilg atá 'san tSeanchus Mór anois féin,
gidheadh is dóigh go mbadh deachra a bhfad an Ghaedhilg do bhí air ar
dtús, acht "tuigeann saoi leathfhocail." Do bh'é Dubhailt Mac
Firbis, an sgoláire Gaedhalach do bh'fheárr 'ná aimsir féin, do leig
'na dhiaidh eochair mhínighthe na ndlightheadh Éireannach dhúinn, acht do
mharbhadh go h-anbhfalach é i laeithibh a sheandachta le saighdiur dearg-
bhradach Sasannach do bh'ainm dó Crosbuidh, & ó shion i leith go dtí
gur fuair Eóghan Ó Comhraidh an Eochair sin, níor bh'fhéidir le h-aoinne
seindlighthe na h-Éireann do léigheadh, no do thuig sin i gceart.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services