Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Neart Cuisleann agus Neart Aigeanta
Title
Neart Cuisleann agus Neart Aigeanta
Author(s)
An Fáinne Fionn,
Pen Name
An Fáinne Fionn
Composition Date
1908
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NEART CUISLEANN AGUS NEART AIGEANTA. I dtír seo na h-Éireann le fada an lá tá cath ar siubhal idir an dá neart so, ceann aca ag íarraidh an dara ceann do tharraing ar a shlighe féin i leith an chuirp, & an ceann eile ag aimsighiughadh slighe do réir teagasg in inntleachta. Tá fhios ag an tsaoghal mór gur ab é an t-inntleacht fhoillsigheas an ní is ceart do dhuine do dhéanamh, no do rádh. Is iomdha rud badh mhaith linn do rádh, no do chur i ngníomh chum meatheas do'n choitchionntacht, acht ma thógramaid an rud sin do dhéanamh, & a fhios againn gur ceart a dhéanamh, bimíd idir dhá cómhairle contrárdha dhá chéile. Ar mhothuigh tú a ríamh, a léightheóir chneasta, ag íarraidh le do dhá láimh gníomh éigin do dhéanamh dhuit, go raibh leath-lámh agat ag déanamh a díthchill i dtreo éigin, & an leath-lámh eile agat go práinneach 'ga toirmeasg? Tá agat 'san sompla so léiriughadh na troda atá ar siubhal do ló is d'oidhche is a gcómhnuidhe idir aon dá ní air bith go bhfuil de cháiligheacht eagsamhail ionnta, bíonn ceann aca ag íarraidh a slighe féin & buaidh do bhreith ar an gceann eile. Do réir méid no laighid na gcáiligheacht reamhráidhte seo a bheidheas dianacht na troda. Acht má tá cáiligheacht díbh lag & an cháiligheacht eile tréan, ní dheachair a rádh cia aca a bhéarfas an bhuaidh. Ní féidir an ceart do bheith ag dá neithibh ag cathughadh re chéile, & má fhágann ceann aca buaidh ar an gceann eile féin, ní móide, amh, go ngeobhthar buaidh ar an gceart choidhche. Muna réidhtigheann an dá neart so le céile, .i., neart cuisleann & neart aigeanta, beidh troid eatarra mar cach, & bhéarfaidh ceann aca buaidh ar an gceann eile, acht seasfaidh an ceart a gcómhnuidhe 'na ionad féin, ní ar taobh seach a chéile, acht eatarra araon, ag déanamh a dhíthchill le cáirdeas thairring eatarra. An mhéid is lugha cath idir neart cuisleann & neart aigeanta is mó is féidir le gach aon aca do dhéanamh de mhaitheas no d'olc. Acht má tá an aigne maith & an cuisleann láidir, & go réidhtigheann síad le céile, obruigh- eann síad mórán de mhaitheas. Ma bhionn ceann de na neartaibh seo go lag & an ceann eile láidir, gidh go mbeadh cómh-oibriughadh eatarra, ní bhéidh toradh a saothair go h-iomlán. Má fhéideann an lámh obair do dhéanamh, no an beul cómhrádh, is easbuightheach an obair, & is neamh- fhoirfe an cómhrádh muna dtig leis an aigne cóbhair do thabhairt dóibh.
Is é toradh an aigeanta Ghaedhealaigh an Ghaedhealtacht, & is as aigne na nGaodhal gach lámh-thoradh Gaedhalach. Muna bhfuil an aigne Gaedalach is beag an toradh fhásfas ar chrann na nGaodhal, acht má fhághann sé a chion féin d'oileamhain & d'oideachas, is gnáth dó bárr líonmhar, saidhbhir do thabhairt uaidh. Cad is oileamhain & oideachas an aigeanta Ghaedhealaigh ann? Is é is oileamhain go coitchionnta ann an biadhtus tugtar leis an brigh do mheudughadh & do chóthughadh; & is é is oideachas go geinearálta ann an módh 'na tugtar an oileamhain sin. Oileamhain aigeanta na nGaodhal is é an biadh sin is oireamhnach chum brigh an aigeanta Ghaedhealaig do mheudughadh, do chótughadh, no do chongbháil suas, & muna bhfuigheadh sé an biadh sin ní fhéadfaidh sé marachtain. Oideachas aigeanta na nGaodhal is é an módh ealadhanta sin 'na tugtar biadh do'n aigne Ghaedhalach. Dá bhfuigheadh an aigne Gaedhalach an dá socair seo .i. oileamhain & oideachas, d'fhásfadh sé suas 'na chrann slán folláin lántoramhail. Fóirleathnóchar an Gaedhealtacht réir mar saothróchar an aigne Gaedhalach. Caithfidh go mbeidh inntinn gach Gaodhail dírighthe chum an Ghaedhaltacht d'fheabhsughadh, & do néartughadh 'san uile shlighe ar a chumas. Is iomdha slighe atá ar chumas Ghaodhail le maitheas a dhéanamh dhá thír, & ná déanadh sé faillighe ann. Má tá toil ann tá slighe ann, & má tá slighe ann is féidir céimniughadh. Bhfuil muínntir na hÉireann ag céimniughadh ar aghaidh? Muna bhfuil, is é is cúis leis go nach bhfuil an toil sin aca daríribh. Dá mbeadh neart Samhsoin i láimh gach Gaodhail, & stuaim Solaimh 'na aigne, gan deagh-thoil ní fhéadfadh sé aon rud fóghanta do dhéanamh. Is é an toil is maighistreás ar na brighibh uile idir corp & anam, & is í fhuláireas orra, & cheaduigheas dóibh a ngniomhartha do chóimhlíonadh. Acht gidh go bhfuil an toil daonna mar mhaighistreás & mar bhaintighearna ar na brighibh uile, ní'l sí, amh, mar mhaighistreás uirri féin; & mar atáid na briogha eile fomósach dí, caithfidh sí-sean bheith fomósach do mhaighistreás nís áirdi 'ná í, & is é an mhaighistreás sin an réasún. Cuir i gcás go bhfuil cumas go leór ag an láimh deigh-gníomh éigin do dhéanamh, & go bhfuil úireasbaidh tola ann, no go bhfuláireann an toil ar an láimh neithe do dhéanamh atá thar a cumas, is é is oifig don réasún ann sin teacht asteach, & an toil do ghríosadh, no cosg do chur léithe, mar a chidhtear í a bheith spadánta no borb. An iomad ndeigh-gníomh a curtar ar gcúl, no a leigtear gan déanamh ar aon chor, is é easbaidh na tola is cionntach leis; & ar an láimh eile, i dtaobh na ndroich-gníomh, is é an toil borb, diuid, ainshriantach pheacaigheas ann. Ní bhíonn an toil umhal do'n réasún ann sin, & ní ghlacann sí cómhairle uaidh. Is múinteóir & is teagasgthóir ciallmhar, cáirideamhuil an réasún, & is mairg nach n-éistear leis a gcómhnuidhe. Teasbánfaidhe réasún i ngach uile ní dá ndéantar, & i ngach focal a ráidhtear, óir is é an réasún a chuireas úghdarás, &
éifeacht i ngníomharthaibh & i mbriathraibh, & is aimsir caillte dhá mheud ar saothar muna bhfuil an réasún 'na fharradh. Is iomdha brigh atá coitchionn do'n ainmhidh & do'n duine, acht is é an duine amháin atá i seilbh an tabhartais mhóir dhiadha so. Is brúideamhail gach gníomh a déantar gan réasún, & árduighthear no íslighthear cáiligheacht gach gníomha réir mar árduighthear no íslighthear an réasún atá leis. Tá trí gnéithe áirighthe do'n réasún, mar atá an réasún deimhnighthe, an réasún diultuighthe, & an réasun ríachtanach. An chéad réasún díbh seo ceaduigheas no molas do dhuine neithe do dhéanamh no do rádh. An dara réasún ní tugann sé d'aoinne cead no cómhairle le neithibh áirighthe do rádh no do dhéanamh, & is é is réasún riachtanach ann an réasún sin órduigheas no chúisigheas neithe do bheith déanta no ráidhte. Má sgrúduighmid stair na h-Éireann, no stair aoin tír eile fá'n ngréin, fuighimid amach, i naoi gcásaibh as an deich, gur b'é sárughadh aon ghné no eile de na trí gnéithibh seo an réasúin fa dear an oiread sin de mhiadh, & de scrios, d'anfhorluing & de dhealbhas do thárla ann. Budh maith & budh mithid do mhuinntir na tíre seo a gcuidh staire féin do léigheamh, d'aithléigheamh, & d'fhóghluim go cúramach tuigsionnach, mar teasbánfar dhóibh na luchta budh chóir dhóibh do sheachaint, & na subháilcidhe, & deigh-gníomhartha budh cóir do leana- mhaint. Ní'l aon leith-sgeul againn, mar tá cead againn, gan stair na h-Éireann do mhúnadh, & d'fhóghluim anois, & is mór an gadh dúinn í, munab fearr linn fanamhuint, i ndorchadas & i-n ainbhfios. Is neart & is cumas an t-eólus. Má's fíor an seanrádh, “beatha duine a thoil féin,” is fíor leis “sógh an duine a réasún féin,” óir is é cheaduigheas dó féidhim do bhaint as gac uile ní, acht amháin an ní sin do budh urchóideach dó, & fóireas air é féin do chosaint & do fhóirchoiméad ar gidh bé ní d'éireochadh dó dá aimhleas. Is mór an chara do dhuine amhlaidh sin a réasún féin, má dhéanann sé úsáid mhaith dé, & ní hé amháin do'n duine go bhfuil sé, acht oibrigheas ar son maitheasa do chach ar cheana. Cleachtadh an réasúin is é an réasúntacht, & is iomdha gné toraidh atá le fághail ann sin idir ciall, stuaim, & gliochas. Is féidir le neart chuirp mórán do dhéanamh, acht do réir an tseanráidh, “is fearr stuaim 'ná neart,” & ní'l a mbuaidh le fághail 'nuair ceangailtear íad in aoin íarracht le céile. AN FÁINNE FIONN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services