Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Neart Cuisleann agus Neart Aigeanta

Title
Neart Cuisleann agus Neart Aigeanta
Author(s)
An Fáinne Fionn,
Pen Name
An Fáinne Fionn
Composition Date
1908
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


NEART CUISLEANN AGUS NEART
AIGEANTA.



I dtír seo na h-Éireann le fada an lá tá cath ar siubhal idir an
dá neart so, ceann aca ag íarraidh an dara ceann do tharraing ar a
shlighe féin i leith an chuirp, & an ceann eile ag aimsighiughadh slighe do
réir teagasg in inntleachta. Tá fhios ag an tsaoghal mór gur ab é an
t-inntleacht fhoillsigheas an ní is ceart do dhuine do dhéanamh, no do
rádh. Is iomdha rud badh mhaith linn do rádh, no do chur i ngníomh chum
meatheas do'n choitchionntacht, acht ma thógramaid an rud sin do
dhéanamh, & a fhios againn gur ceart a dhéanamh, bimíd idir dhá cómhairle
contrárdha dhá chéile. Ar mhothuigh tú a ríamh, a léightheóir chneasta, ag
íarraidh le do dhá láimh gníomh éigin do dhéanamh dhuit, go raibh leath-lámh
agat ag déanamh a díthchill i dtreo éigin, & an leath-lámh eile agat go
práinneach 'ga toirmeasg? Tá agat 'san sompla so léiriughadh na
troda atá ar siubhal do ló is d'oidhche is a gcómhnuidhe idir aon dá ní
air bith go bhfuil de cháiligheacht eagsamhail ionnta, bíonn ceann aca ag
íarraidh a slighe féin & buaidh do bhreith ar an gceann eile. Do réir
méid no laighid na gcáiligheacht reamhráidhte seo a bheidheas dianacht na
troda. Acht má tá cáiligheacht díbh lag & an cháiligheacht eile tréan, ní
dheachair a rádh cia aca a bhéarfas an bhuaidh. Ní féidir an ceart
do bheith ag dá neithibh ag cathughadh re chéile, & má fhágann ceann
aca buaidh ar an gceann eile féin, ní móide, amh, go ngeobhthar buaidh
ar an gceart choidhche. Muna réidhtigheann an dá neart so le céile,
.i., neart cuisleann & neart aigeanta, beidh troid eatarra mar cach, &
bhéarfaidh ceann aca buaidh ar an gceann eile, acht seasfaidh an ceart
a gcómhnuidhe 'na ionad féin, ní ar taobh seach a chéile, acht eatarra
araon, ag déanamh a dhíthchill le cáirdeas thairring eatarra. An mhéid
is lugha cath idir neart cuisleann & neart aigeanta is mó is féidir le
gach aon aca do dhéanamh de mhaitheas no d'olc. Acht má tá an aigne
maith & an cuisleann láidir, & go réidhtigheann síad le céile, obruigh-
eann síad mórán de mhaitheas. Ma bhionn ceann de na neartaibh seo
go lag & an ceann eile láidir, gidh go mbeadh cómh-oibriughadh eatarra,
ní bhéidh toradh a saothair go h-iomlán. Má fhéideann an lámh obair
do dhéanamh, no an beul cómhrádh, is easbuightheach an obair, & is neamh-
fhoirfe an cómhrádh muna dtig leis an aigne cóbhair do thabhairt dóibh.


L. 533


Is é toradh an aigeanta Ghaedhealaigh an Ghaedhealtacht, & is as aigne
na nGaodhal gach lámh-thoradh Gaedhalach. Muna bhfuil an aigne
Gaedalach is beag an toradh fhásfas ar chrann na nGaodhal, acht má
fhághann sé a chion féin d'oileamhain & d'oideachas, is gnáth dó bárr
líonmhar, saidhbhir do thabhairt uaidh. Cad is oileamhain & oideachas an
aigeanta Ghaedhealaigh ann? Is é is oileamhain go coitchionnta ann
an biadhtus tugtar leis an brigh do mheudughadh & do chóthughadh; & is é
is oideachas go geinearálta ann an módh 'na tugtar an oileamhain sin.
Oileamhain aigeanta na nGaodhal is é an biadh sin is oireamhnach chum
brigh an aigeanta Ghaedhealaig do mheudughadh, do chótughadh, no do
chongbháil suas, & muna bhfuigheadh sé an biadh sin ní fhéadfaidh sé
marachtain. Oideachas aigeanta na nGaodhal is é an módh ealadhanta
sin 'na tugtar biadh do'n aigne Ghaedhalach. Dá bhfuigheadh an aigne
Gaedhalach an dá socair seo .i. oileamhain & oideachas, d'fhásfadh sé
suas 'na chrann slán folláin lántoramhail. Fóirleathnóchar an
Gaedhealtacht réir mar saothróchar an aigne Gaedhalach. Caithfidh go
mbeidh inntinn gach Gaodhail dírighthe chum an Ghaedhaltacht d'fheabhsughadh,
& do néartughadh 'san uile shlighe ar a chumas. Is iomdha slighe atá
ar chumas Ghaodhail le maitheas a dhéanamh dhá thír, & ná déanadh sé
faillighe ann. Má tá toil ann tá slighe ann, & má tá slighe ann is
féidir céimniughadh. Bhfuil muínntir na hÉireann ag céimniughadh ar
aghaidh? Muna bhfuil, is é is cúis leis go nach bhfuil an toil sin aca
daríribh. Dá mbeadh neart Samhsoin i láimh gach Gaodhail, & stuaim
Solaimh 'na aigne, gan deagh-thoil ní fhéadfadh sé aon rud fóghanta do
dhéanamh. Is é an toil is maighistreás ar na brighibh uile idir corp &
anam, & is í fhuláireas orra, & cheaduigheas dóibh a ngniomhartha do
chóimhlíonadh. Acht gidh go bhfuil an toil daonna mar mhaighistreás &
mar bhaintighearna ar na brighibh uile, ní'l sí, amh, mar mhaighistreás
uirri féin; & mar atáid na briogha eile fomósach dí, caithfidh sí-sean
bheith fomósach do mhaighistreás nís áirdi 'ná í, & is é an mhaighistreás
sin an réasún. Cuir i gcás go bhfuil cumas go leór ag an láimh
deigh-gníomh éigin do dhéanamh, & go bhfuil úireasbaidh tola ann, no go
bhfuláireann an toil ar an láimh neithe do dhéanamh atá thar a cumas, is
é is oifig don réasún ann sin teacht asteach, & an toil do ghríosadh, no
cosg do chur léithe, mar a chidhtear í a bheith spadánta no borb.



An iomad ndeigh-gníomh a curtar ar gcúl, no a leigtear gan
déanamh ar aon chor, is é easbaidh na tola is cionntach leis; & ar an
láimh eile, i dtaobh na ndroich-gníomh, is é an toil borb, diuid,
ainshriantach pheacaigheas ann. Ní bhíonn an toil umhal do'n réasún ann
sin, & ní ghlacann sí cómhairle uaidh. Is múinteóir & is teagasgthóir
ciallmhar, cáirideamhuil an réasún, & is mairg nach n-éistear leis a
gcómhnuidhe. Teasbánfaidhe réasún i ngach uile ní dá ndéantar, & i
ngach focal a ráidhtear, óir is é an réasún a chuireas úghdarás, &


L. 534


éifeacht i ngníomharthaibh & i mbriathraibh, & is aimsir caillte dhá mheud
ar saothar muna bhfuil an réasún 'na fharradh.



Is iomdha brigh atá coitchionn do'n ainmhidh & do'n duine, acht is
é an duine amháin atá i seilbh an tabhartais mhóir dhiadha so. Is
brúideamhail gach gníomh a déantar gan réasún, & árduighthear no
íslighthear cáiligheacht gach gníomha réir mar árduighthear no íslighthear
an réasún atá leis. Tá trí gnéithe áirighthe do'n réasún, mar atá an
réasún deimhnighthe, an réasún diultuighthe, & an réasun ríachtanach.
An chéad réasún díbh seo ceaduigheas no molas do dhuine neithe do
dhéanamh no do rádh. An dara réasún ní tugann sé d'aoinne cead no
cómhairle le neithibh áirighthe do rádh no do dhéanamh, & is é is réasún
riachtanach ann an réasún sin órduigheas no chúisigheas neithe do bheith
déanta no ráidhte. Má sgrúduighmid stair na h-Éireann, no stair
aoin tír eile fá'n ngréin, fuighimid amach, i naoi gcásaibh as an deich,
gur b'é sárughadh aon ghné no eile de na trí gnéithibh seo an réasúin
fa dear an oiread sin de mhiadh, & de scrios, d'anfhorluing & de
dhealbhas do thárla ann. Budh maith & budh mithid do mhuinntir na tíre
seo a gcuidh staire féin do léigheamh, d'aithléigheamh, & d'fhóghluim go
cúramach tuigsionnach, mar teasbánfar dhóibh na luchta budh chóir dhóibh
do sheachaint, & na subháilcidhe, & deigh-gníomhartha budh cóir do leana-
mhaint. Ní'l aon leith-sgeul againn, mar tá cead againn, gan stair
na h-Éireann do mhúnadh, & d'fhóghluim anois, & is mór an gadh dúinn í,
munab fearr linn fanamhuint, i ndorchadas & i-n ainbhfios. Is neart
& is cumas an t-eólus.



Má's fíor an seanrádh, “beatha duine a thoil féin,” is fíor leis
“sógh an duine a réasún féin,” óir is é cheaduigheas dó féidhim do
bhaint as gac uile ní, acht amháin an ní sin do budh urchóideach dó, &
fóireas air é féin do chosaint & do fhóirchoiméad ar gidh bé ní
d'éireochadh dó dá aimhleas.



Is mór an chara do dhuine amhlaidh sin a réasún féin, má dhéanann
sé úsáid mhaith dé, & ní hé amháin do'n duine go bhfuil sé, acht oibrigheas
ar son maitheasa do chach ar cheana. Cleachtadh an réasúin is é an
réasúntacht, & is iomdha gné toraidh atá le fághail ann sin idir ciall,
stuaim, & gliochas. Is féidir le neart chuirp mórán do dhéanamh, acht
do réir an tseanráidh, “is fearr stuaim 'ná neart,” & ní'l a mbuaidh
le fághail 'nuair ceangailtear íad in aoin íarracht le céile.



AN FÁINNE FIONN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services