Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Sceul Féin Sceul Gach Éin
Title
A Sceul Féin Sceul Gach Éin
Author(s)
Fáinne Fionn,
Pen Name
Fáinne Fionn
Composition Date
1908
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A SCEUL FÉIN SCEUL GACH ÉIN. Seanrádh é seo, & mar gach seanrádh eile, tá brigh áirighthe aige, & níl ní air bith is féidir a shárughadh. An fhírinne atá foluighthe is na seanráidhtibh do sheas sí ríamh, & seasfidh go deó gan mhalairt. Tá sceul agam féin d'innsint innseo, & má's é go bhfuil sé mo sceul féin é, ní luaighde sin 'na gur sceul é a bhaineas le cach i gcoitchinn. Cuirim-se ar an ádhbhar sin spéis níos mó ann 'n á i sceul air bith eile. Ní ar a shon féin go hiomlán tá gnó ag duine le déunamh. Tá sé air oibriughadh ar son a chomhdhuine leis. Budh suarach an saoghal ar fad é, dá mbeadh ann acht daoine nach ndeunfadh aon ní chum maitheasa daoine eile. Tá daoine ann, ámh, & do réir mar measann siad, ní'l aon cheart nó comhthrom le fághail le haon dream eile acht leo féin. Ní'l aon ní cóir no ceart acht mar is maith leo. Acht tá a chóir & a cheart féin ag gach aoinne de'n chinne daonna, & budh baoth an duine do mheasfadh, no a dhéarfadh nach bhfuil an ceart sin aige. Más mian le duine a cheart féin do bhuaint amach, is éigin go seasfadh se air, & go dtroidfeadh se go neimhmeata fíor-chródha i n-aghaidh aon dreama shantuigheas an ceart sin do bhaint de. Seasfaidh an ceart go deó. Ní'l se ar dhuine acht fios fátha a cheirt féin do bheith aige, & gan aon fhaillighe do dhéunamh 'na thaobh. Is deachair uaireanta do dhuine a cheart féin do bhuaint amach 'na aoinfhear is gan chongnamh daoine eile. Bionn an námhaid comh láidir sin nach féidir leis sheasamh 'na aghaidh ar feadh a bhfad. An leigheas atá aige ar sin iseadh gan a cheart do thabhairt suas ar aon chor, acht comhairle & congnamh d'iarraidh ó dhaoinibh chneasta, deagh-aigeanta eile go gcuideóchaidh siad leis. Is deas an ní an cómh-oibriughadh i gcúis an chirt. Ní hé amháin go n-éadtromuigheann sé an saothar, acht is tairbheach, ní hé do aon duine amháin, acht do gach duine de'n dream sin a gcoitchinne. Is iomdha duine nár bhuain a cheart féin amach riamh, ar a shon nár thug sé faoi, no nár bha mhaith leis feuchaint 'na dhiaigh é féin, no ar a son nár íairr sé congnamh ar dhaoinibh eile; & is iomdha maith atá gan déunamh aca-soin, ar a shon nár iarradh orra a dhéunamh. Smuain anois ar an meud maitheasa de gach uile chinéal do bheadh déanta fad ó, & do bheadh le feicsint fós ann, munab é nar lean duine, no daoine
éigin, a cheart féin dh'fhághail amach leo féin, no le cómh-oibriughadh daoine eile. Tá daoine ann, & is féidir leo, ní hé amháin a gcóir, & a gceart féin do bhuaint amach, acht cóir & ceart na ndaoine thiocfas 'na ndiaigh. Acht má's é go n-déanann siad-san faillighe le na linn 'san ndualgas atá orra, ní dhóibh féin amháin atá siad ag déunamh na diobhála, acht dá sliocht; & ca bhfios dúinn an fhaid & a rachaidh an diobháil chéudna sin. Maidir le sein-shliocht na nGaedhal, thiomnuigh a sinnsir oidhreacht bheannuighthe chuca in uadhacht an fhír-chreidimh Chaitlicigh, tabhartas is fearr 'ná seóda uile an tsaoghail, & beirimis buidheachas mór le Día go deo ar a shon sin. Do choimhéad ar sinnsir lampa an chreidimh thug Pádraig naomhtha dhóibh ar lasadh go lán-tsoillseach anuas thríd na h-aoisibh fhada, ameasg dorchaduis gach duibh-néill dár éirigh ar ghlan- aghaidh na h-Éireann. Is mór an ghéirleanamhaint & an ingreim fhulangadar ar son an chreidimh cheudna sin, & is iomdha tír thar lear 'nar lasadar teine an chreidimh do bhí ag dóghadh 'na gcroidhthibh féin, & is iomdha cath cródha, & cómhrac cruaidhe-comhlainneach do throideadar ar shon a gcreidimh 'naghaidh na bpáganach & na n-eiriceach. Tá a sceul féin ag Éirinn comh maith le haon tír eile, & 'san meud sin de'n sceul atá fágtha againn, tá cúnntas ar an tseanchas so a dubhras. Do chailleamar 'san dtroid, gan amhrus, ar saoirse, & ar maithe saoghalta, acht cad is fiú an mhéid sin i gcóimh-meas le buaidh ar gcreidimh? Tá sé mar throsgán chaitheas na mairnéalaigh thar bord 'sa bhfairrge amach, chum íad féin, & a long do tharrtháil in aimsir an anfaidh; tá sé acht lochan i gcompráid an ghráin, tá sé mar sgath i gcomórtas an tsubstáint. I mbuaidh an Chreidimh, ní chailleamar aon ní, & ag cailleamhaint gach neidh ar son an Chreidimh, ní chaillfidh an Creideamh orainn. & má chailleadar ar sinnsir cath na saoirse, beidh lá eile ag an bPaorach, lá cuirfeas an ruaig, & an dearg-ruathar, ar gach cluainearacht, & cleasuigheacht mí-náireach, & ar gach eagcóir is rógha le h-aon spriosán gallda d'imirt ar mhuinntir na tíre seo. Na lochta & na dearmaid do rinne ar sinnsir, thángadar-san anuas chugainn comh-maith & na subháilcí do leigeadar mar oidhreacht dúinn, & tá sé orrainn na lochta sin do leasughadh & do sheachaint 'nar ré féin, má's mían linn dul ar aghaidh i mbealach ar leasa. Caithfimid a bheith dílis, tairiseach le Día na fírinne in 'chuile ní, bheith cóir dhúinn féin, & ar gcómharsain do ghrádhughadh & d'fhóirithin comh-fhada & is ar ar gcumas é. An té nach maith leis an mhéid sin a déunamh is truagh, bocht a chás. Tá orrainn fá láthair ar dtír ndúthchais do chumhdach suas arís. Do milleadh & do scriosadh í le na náimhdibh; an coigcrigheach sanntach do rinne a lán-díchioll chum í bhaint dínn d'ais nó d'éigin, & faríor géur! an námhaid is measa 'ná aon námhaid eile, an t-Éireannach féin. Mar gach seanrádh eile, is fíor an seanrádh so, “In aondacht tá neart, in easaondacht micheart.” Má's mían le Caitlicibh na h-Éireann a gcuid chómhthrom de mhaitheas a dtíre do bhuaint amach, caithfidh go mbeidh síad dílis díbh fhéin & dhá chéile. Bidís ar aon bhriathar, & ar aon ghníomh. Seachnaidís an tsean-námhaid sin cúigeachas, condaechus, no paróisteachas; & os cionn 'ch uile ní, na bidís ag santughadh cheart no ionad a chéile, ag dul a bhfearann a chéile, no ag cur milleáin ar a chéile a gcomhnuidhe; acht cuidighdís le na chéile, ag cómhairliughadh & ag fóirithín a chéile, gan fhéuchaint carbh'as iad, tuaith, deas, soir, síar. Ní'l aon chómh-oibriughadh ann muna ndéantar amhlaidh sin. Sin íad na cáiligheachta budh cóir do gach cumann na nGaedhal do bheith aca. Ar ór no airgead an domhain, no ar son aon tsochair shaoghalta eile, ní'l sé ceaduighthe do'n Ghaedhal Chaitliceach a bheith rannpháirteach no i gcomhchogur le náimhdibh a chreidimh, & a thíre dhúthchais. Tá Caitlicigh ann, amh, & budh dóigh orra go gcuirfidís níos mó de spéis i ndaoinibh chreidimh air bith eile 'ná i ndaoinibh dá gcreidimh, & dá muínntir féin. Chidhmid go minic íad 'gá bhfóirithín ar éirighe 'san tsaoghal, acht lámh no cos ní bhogfaidís da gcídhfidís a gcómh-Chaitliceach ag dul i dteach na mbocht! A Chaitlicigh Éireannaigh dhéanas mar sin, feuch go bhfuil sé d'fhiachaibh ort do dhualgas do chóimhlíonadh led' chomh-Chaitliceach 'san gceud áit, & muna ndéanann tú amhlaidh, táir cionntach & neimhdhílis do na Caitlicibh go léir. An dóigh leat go n-éireóchaidh aon mhaitheas duit féin, no do dhaoinibh áirighthe eile, ma dhéanann tú beart do'n tsamhail sin? Cá bhfuil an feallsamhnacht duit 'ga dhéunamh? Is saobh an feallsamhnacht, & is aimideach an gníomh duit cleas grána do'n tsaghas sin d'imirt ar aoinne dod chomh-bhráithribh 'san gcreideamh, & an ionad aon mhaitheas theacht as duit-se, no do dhaoinibh áirighthe eile, is amhlaidh a bheas an sceul agat go ndéunfaidh na daoine seo dár chuiris comaoin chomh-mhór sin orra, an chead cleas eile a bheas in a gcumas d'imirt ort féin, & sin an buidheachas a gheobhas tú ar son do dhíthchill go léir! Beidh breall ort, & ní bheidhead-sa 'na dhiaigh ort é ar aon chor. Ní gheobhamaid ar gcion féin i-n oideachas, no i-n oifigibh phuiblidhe na tíre seo árd no íseal, go dtí go mbeidhmid uile ar aon inntinn amháin, ag cómh-oibriughadh guala ar ghualainn le chéile go dúthrachtach, fírdhílis, & gan cuid againn a bheith ag sodar i ndiaigh na h-uaisleachta mar maidiríní láthaigh, gan neimhspleachas inntleachta no iontaoibh asainn féin; daoine liom leat gan éirim gan áird. Cuirfidís Caitlicigh na h-Éireann rompa a gcion dílis féin de gach buntáiste, & de gach éadáil a dtalaimh dúthchais d'fhághail dóibh féin, & geobhaidh siad é, ma chuireann siad íad séin in oireamhain chuige, & é leanamhaint ar an mbealach cheart díreach. FÁINNE FIONN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services