A SCEUL FÉIN SCEUL GACH ÉIN.
Seanrádh é seo, & mar gach seanrádh eile, tá brigh áirighthe aige, &
níl ní air bith is féidir a shárughadh. An fhírinne atá foluighthe is na
seanráidhtibh do sheas sí ríamh, & seasfidh go deó gan mhalairt.
Tá sceul agam féin d'innsint innseo, & má's é go bhfuil sé mo
sceul féin é, ní luaighde sin 'na gur sceul é a bhaineas le cach i
gcoitchinn. Cuirim-se ar an ádhbhar sin spéis níos mó ann 'n á i sceul
air bith eile.
Ní ar a shon féin go hiomlán tá gnó ag duine le déunamh. Tá sé
air oibriughadh ar son a chomhdhuine leis. Budh suarach an saoghal ar
fad é, dá mbeadh ann acht daoine nach ndeunfadh aon ní chum maitheasa
daoine eile. Tá daoine ann, ámh, & do réir mar measann siad, ní'l
aon cheart nó comhthrom le fághail le haon dream eile acht leo féin.
Ní'l aon ní cóir no ceart acht mar is maith leo. Acht tá a chóir & a
cheart féin ag gach aoinne de'n chinne daonna, & budh baoth an duine
do mheasfadh, no a dhéarfadh nach bhfuil an ceart sin aige.
Más mian le duine a cheart féin do bhuaint amach, is éigin go
seasfadh se air, & go dtroidfeadh se go neimhmeata fíor-chródha i
n-aghaidh aon dreama shantuigheas an ceart sin do bhaint de. Seasfaidh
an ceart go deó. Ní'l se ar dhuine acht fios fátha a cheirt féin do bheith
aige, & gan aon fhaillighe do dhéunamh 'na thaobh.
Is deachair uaireanta do dhuine a cheart féin do bhuaint amach 'na
aoinfhear is gan chongnamh daoine eile. Bionn an námhaid comh láidir
sin nach féidir leis sheasamh 'na aghaidh ar feadh a bhfad. An leigheas
atá aige ar sin iseadh gan a cheart do thabhairt suas ar aon chor, acht
comhairle & congnamh d'iarraidh ó dhaoinibh chneasta, deagh-aigeanta
eile go gcuideóchaidh siad leis.
Is deas an ní an cómh-oibriughadh i gcúis an chirt. Ní hé amháin go
n-éadtromuigheann sé an saothar, acht is tairbheach, ní hé do aon duine
amháin, acht do gach duine de'n dream sin a gcoitchinne.
Is iomdha duine nár bhuain a cheart féin amach riamh, ar a shon nár
thug sé faoi, no nár bha mhaith leis feuchaint 'na dhiaigh é féin, no ar a
son nár íairr sé congnamh ar dhaoinibh eile; & is iomdha maith atá gan
déunamh aca-soin, ar a shon nár iarradh orra a dhéunamh. Smuain anois
ar an meud maitheasa de gach uile chinéal do bheadh déanta fad ó, &
do bheadh le feicsint fós ann, munab é nar lean duine, no daoine
éigin, a cheart féin dh'fhághail amach leo féin, no le cómh-oibriughadh
daoine eile.
Tá daoine ann, & is féidir leo, ní hé amháin a gcóir, & a gceart
féin do bhuaint amach, acht cóir & ceart na ndaoine thiocfas 'na ndiaigh.
Acht má's é go n-déanann siad-san faillighe le na linn 'san ndualgas
atá orra, ní dhóibh féin amháin atá siad ag déunamh na diobhála, acht dá
sliocht; & ca bhfios dúinn an fhaid & a rachaidh an diobháil chéudna sin.
Maidir le sein-shliocht na nGaedhal, thiomnuigh a sinnsir oidhreacht
bheannuighthe chuca in uadhacht an fhír-chreidimh Chaitlicigh, tabhartas is
fearr 'ná seóda uile an tsaoghail, & beirimis buidheachas mór le Día
go deo ar a shon sin. Do choimhéad ar sinnsir lampa an chreidimh thug
Pádraig naomhtha dhóibh ar lasadh go lán-tsoillseach anuas thríd na
h-aoisibh fhada, ameasg dorchaduis gach duibh-néill dár éirigh ar ghlan-
aghaidh na h-Éireann. Is mór an ghéirleanamhaint & an ingreim
fhulangadar ar son an chreidimh cheudna sin, & is iomdha tír thar lear
'nar lasadar teine an chreidimh do bhí ag dóghadh 'na gcroidhthibh féin, &
is iomdha cath cródha, & cómhrac cruaidhe-comhlainneach do throideadar
ar shon a gcreidimh 'naghaidh na bpáganach & na n-eiriceach.
Tá a sceul féin ag Éirinn comh maith le haon tír eile, & 'san meud
sin de'n sceul atá fágtha againn, tá cúnntas ar an tseanchas so a
dubhras.
Do chailleamar 'san dtroid, gan amhrus, ar saoirse, & ar maithe
saoghalta, acht cad is fiú an mhéid sin i gcóimh-meas le buaidh ar
gcreidimh? Tá sé mar throsgán chaitheas na mairnéalaigh thar bord 'sa
bhfairrge amach, chum íad féin, & a long do tharrtháil in aimsir an
anfaidh; tá sé acht lochan i gcompráid an ghráin, tá sé mar sgath i
gcomórtas an tsubstáint. I mbuaidh an Chreidimh, ní chailleamar aon
ní, & ag cailleamhaint gach neidh ar son an Chreidimh, ní chaillfidh an
Creideamh orainn. & má chailleadar ar sinnsir cath na saoirse,
beidh lá eile ag an bPaorach, lá cuirfeas an ruaig, & an dearg-ruathar,
ar gach cluainearacht, & cleasuigheacht mí-náireach, & ar gach eagcóir is
rógha le h-aon spriosán gallda d'imirt ar mhuinntir na tíre seo.
Na lochta & na dearmaid do rinne ar sinnsir, thángadar-san anuas
chugainn comh-maith & na subháilcí do leigeadar mar oidhreacht dúinn, &
tá sé orrainn na lochta sin do leasughadh & do sheachaint 'nar ré féin,
má's mían linn dul ar aghaidh i mbealach ar leasa. Caithfimid a bheith
dílis, tairiseach le Día na fírinne in 'chuile ní, bheith cóir dhúinn féin, &
ar gcómharsain do ghrádhughadh & d'fhóirithin comh-fhada & is ar ar gcumas
é. An té nach maith leis an mhéid sin a déunamh is truagh, bocht a chás.
Tá orrainn fá láthair ar dtír ndúthchais do chumhdach suas arís. Do
milleadh & do scriosadh í le na náimhdibh; an coigcrigheach sanntach do
rinne a lán-díchioll chum í bhaint dínn d'ais nó d'éigin, & faríor géur!
an námhaid is measa 'ná aon námhaid eile, an t-Éireannach féin.
Mar gach seanrádh eile, is fíor an seanrádh so, “In aondacht tá
neart, in easaondacht micheart.” Má's mían le Caitlicibh na h-Éireann
a gcuid chómhthrom de mhaitheas a dtíre do bhuaint amach, caithfidh go
mbeidh síad dílis díbh fhéin & dhá chéile. Bidís ar aon bhriathar, & ar aon
ghníomh. Seachnaidís an tsean-námhaid sin cúigeachas, condaechus, no
paróisteachas; & os cionn 'ch uile ní, na bidís ag santughadh cheart no
ionad a chéile, ag dul a bhfearann a chéile, no ag cur milleáin ar a
chéile a gcomhnuidhe; acht cuidighdís le na chéile, ag cómhairliughadh & ag
fóirithín a chéile, gan fhéuchaint carbh'as iad, tuaith, deas, soir, síar.
Ní'l aon chómh-oibriughadh ann muna ndéantar amhlaidh sin. Sin íad na
cáiligheachta budh cóir do gach cumann na nGaedhal do bheith aca. Ar
ór no airgead an domhain, no ar son aon tsochair shaoghalta eile, ní'l
sé ceaduighthe do'n Ghaedhal Chaitliceach a bheith rannpháirteach no i
gcomhchogur le náimhdibh a chreidimh, & a thíre dhúthchais. Tá Caitlicigh
ann, amh, & budh dóigh orra go gcuirfidís níos mó de spéis i ndaoinibh
chreidimh air bith eile 'ná i ndaoinibh dá gcreidimh, & dá muínntir féin.
Chidhmid go minic íad 'gá bhfóirithín ar éirighe 'san tsaoghal, acht lámh no
cos ní bhogfaidís da gcídhfidís a gcómh-Chaitliceach ag dul i dteach na
mbocht! A Chaitlicigh Éireannaigh dhéanas mar sin, feuch go bhfuil sé
d'fhiachaibh ort do dhualgas do chóimhlíonadh led' chomh-Chaitliceach 'san
gceud áit, & muna ndéanann tú amhlaidh, táir cionntach & neimhdhílis
do na Caitlicibh go léir. An dóigh leat go n-éireóchaidh aon mhaitheas
duit féin, no do dhaoinibh áirighthe eile, ma dhéanann tú beart do'n
tsamhail sin? Cá bhfuil an feallsamhnacht duit 'ga dhéunamh? Is saobh
an feallsamhnacht, & is aimideach an gníomh duit cleas grána do'n
tsaghas sin d'imirt ar aoinne dod chomh-bhráithribh 'san gcreideamh, & an
ionad aon mhaitheas theacht as duit-se, no do dhaoinibh áirighthe eile, is
amhlaidh a bheas an sceul agat go ndéunfaidh na daoine seo dár chuiris
comaoin chomh-mhór sin orra, an chead cleas eile a bheas in a gcumas
d'imirt ort féin, & sin an buidheachas a gheobhas tú ar son do dhíthchill
go léir! Beidh breall ort, & ní bheidhead-sa 'na dhiaigh ort é ar aon chor.
Ní gheobhamaid ar gcion féin i-n oideachas, no i-n oifigibh phuiblidhe
na tíre seo árd no íseal, go dtí go mbeidhmid uile ar aon inntinn
amháin, ag cómh-oibriughadh guala ar ghualainn le chéile go dúthrachtach,
fírdhílis, & gan cuid againn a bheith ag sodar i ndiaigh na h-uaisleachta
mar maidiríní láthaigh, gan neimhspleachas inntleachta no iontaoibh
asainn féin; daoine liom leat gan éirim gan áird.
Cuirfidís Caitlicigh na h-Éireann rompa a gcion dílis féin de
gach buntáiste, & de gach éadáil a dtalaimh dúthchais d'fhághail dóibh
féin, & geobhaidh siad é, ma chuireann siad íad séin in oireamhain
chuige, & é leanamhaint ar an mbealach cheart díreach.
FÁINNE FIONN.