Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. IX.
Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. IX.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. ÍTA NAOMHTHA. IX. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. An cailín úd ar ar tráchtadh cheana gur dhéin sí an ghadaidheacht agus gur shéan sí é i láthair Íta agus an teigh- laigh, agus gur fhoilsigheadh d' Íta féin gur bh' í a dhéin é, do dhéin sí 'n-a dhiagh san an rud a dúbhairt Íta dhéanfadh sí. Dhéin sí aimhleas ba mheasa 'ná an ghadaidheacht. Bhí fhios ag Íta go raibh an t-aimhleas san déanta aici. Do ghlaoidh sí cúichi uirthi agus cuir sí 'n-a leith an droch nídh a bhí déanta aici agus do chómhairligh sí di aithríghe dhéanamh. Is é rud a dhéin an cailín 'ná an choir do sheanadh go dána. Ansan dúbhairt Íta léi go gcaithfadh sí imtheacht as an dteighlach nuair ná h-admhoch 'sí an peacadh a bhí déanta aici agus faoisdin a dhéanamh ann agus aithríghe. D'imthigh sí. Abhfad 'n-a dhiagh san d'airigh Íta go raibh sí 'n-a daor ag druidh éighin thuaigh i gConachtaibh. Do foilsigheadh d' Íta go raibh atharú' aigne tagaithe uirthi agus dá bhfaghadh sí an chaoí go ndéan- fadh sí aithríghe. Do labhair Íta le n-a teighlach ban riaghalta, agus d'iar sí ortha bheith ag cur a nguidhe chun Dé ar son na mná san a bhí ar fán uatha agus 'ghá iaraidh ar Dhia í thabhairt thar n-ais chúcha. Do labhair sí mar an gcéadna le Brennán Naomhtha, agus d'iar sí air labhairt le rígh Conacht agus a iaraidh air an bhean agus an leanbh inghíne a bhí aici d'fhuasgailt ó'n ndruidh. “Abair leis an rígh,” ar sise le Brennán, “gur liom-sa an bhean san agus gur éagcóir do'n druidh sin bheith 'ghá coimeád uaim.” Fé dheire b'éigean do'n druidh an mháthair agus an inghean do leogaint uaidh. Tháinig an bheirt go teighlach Íta. Thug Brennán Naomhtha leis iad chun an teighlaigh. Do glacadh iad mar is ceart lucht aithríghe do ghlacadh, le h-atruagh agus le carthanacht. Do dhéin an bhean aithríghe ana dhian an cuid eile d'á saoghal, i dtreó, má thug sí droch shampla uaithi i dtusach, gur thug sí tuile agus a chothrom san de dheagh-shampla uaithi i ndeire bára. Nuair a bhí Íta ag dridim le deire a saoghail do fuaradh amach nídh a chuir iongna agus alltacht ar na daoine go léir. Do fuaradh amach go raibh saghas éigin péiste istigh 'n-a cliathán agus go raibh poll mór ithte isteach sa chliathán ag an bpéist sin. Go raibh an phiast san sa n-áit sin ar feadh mórán blianta roimis sin agus go raibh Íta Naomhtha tar éis an teinnis go léir d'fhulag a gan fhios do'n teigh- lach, a gan fhios do'n tsaoghal go léir. Daol a tugtar sa tseanachus ar an bpéist, agus ínstear go raibh sé ag ithe a cuid feóla agus ag fás go dtí go raibh sé ana mhór agus nár bh'fhéidir dí é cheilt níos sia. D'fhuilig sí an phian san go léir le grádh do Dhia. D'fhuilig sí é a gan fhios do'n teighlach agus a gan fhios do'n saoghal, agus níor fhág san í gan mórán péine agus trioblóide dh'fulag go fiosach do'n teighlach agus go fios- ach do'n tsaoghal. Dheir an seanachus
gur bh'é a mian i gcómhnuighe bheith ag tabhairt aire do dhaoíne breóite, go h-úmhal agus go cneasda, agus, tré mhéid a grádh do'n Tighearna, nár chuir sí a ceann féin riamh ar pheiliúr bhog chun suainis ná chun codlata. “Éist do bhéal!” adeir an filoso- fer. “Ar nóin tá fhios ag an saoghal ná fuil cial ná meabhair le duine bheith ag cur pionóisí mar sin air féin mar shásamh do Dhia! Is mó go mór an onóir a thabharfadh sí do Dhia le tabhar- thaistí do ghlacadh ó Dhia, agus úsáid a dhéanamh díobh do réir thoile Dé, 'ná le bheith ag cur na bpionós san go léir uirthi féin. Nuair a tháinig an daol úd 'n-a cliathán ar dtúis ba chirte dhí go mór fios do chur ar dhoch- túir a bhéadh tuisgionach, eólgaiseach, oilte ar a ghnó, agus leogaint dó an droch nidh do ghearadh amach agus an cliathán do leigheas, 'ná bheith 'ghá chim- éad go dtí go raibh sé, mar adeir an seanachus, chómh mór le banbh muice! Dá ndéineadh duine rud de'n tsórd san anois is ró bheag an chreideamhaint a gheabhadh sé d'á bhár. Ní fheicim go bhféadfadh cial a bheith an uair sin leis ach chómh beag agus bhéadh cial anois leis.” Is iongantach an duine thu, a Mhister Filosofer. Is uathbhásach an tuisgint atá agat. Ní'l teóra le doimhneas agus le géarchúis na h-aigne atá agat. “Cad dó go bhfuilir ag tagairt na cainte sin?” 'S dó, is feár atá fhios agat-sa cad a bhí ar siúbhal idir Íta agus Dia na glóire 'ná mar a bhí 'fhios ag Íta féin é 'ná ag Dia féin, moladh go deó leis! Cad eile atá agam le rádh ach ná fuil aon teóra le doimhneas agus le géar- chúis t' aigne. Dar leat-sa dhéin Íta dearmhad mór nuair a chuir sí pionós uirthi féin le grádh do Dhia, agus dhéin Dia féin, moladh go deó leis, dear- mhad mór nuair a sprioc sé chuige í. Bhí ríghthe agus daoine ag féuchaint ar Íta ag deanamh na h-oibre sin. Ní fheacadar aon díth céille sa n-obair. Ní h-eadh ach do thug an obair dóibh a leithéid d'uraim a bheith acu d' Íta go mairean an uraim fós, agus tá breis agus trí chéad déag blian ó shin ann. Ach is feár a thuigean tusa an sgéal 'ná mar a thuig na daoine go léir é i gcaitheamh na h-aimsire go léir! Is iongantach an duine thú!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services