CHUM ÁR LEASA.
ÍTA NAOMHTHA.
IX.
An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.
An cailín úd ar ar tráchtadh cheana
gur dhéin sí an ghadaidheacht agus gur
shéan sí é i láthair Íta agus an teigh-
laigh, agus gur fhoilsigheadh d' Íta féin
gur bh' í a dhéin é, do dhéin sí 'n-a dhiagh
san an rud a dúbhairt Íta dhéanfadh
sí. Dhéin sí aimhleas ba mheasa 'ná an
ghadaidheacht. Bhí fhios ag Íta go raibh
an t-aimhleas san déanta aici. Do
ghlaoidh sí cúichi uirthi agus cuir sí 'n-a
leith an droch nídh a bhí déanta aici
agus do chómhairligh sí di aithríghe
dhéanamh. Is é rud a dhéin an cailín
'ná an choir do sheanadh go dána.
Ansan dúbhairt Íta léi go gcaithfadh sí
imtheacht as an dteighlach nuair ná
h-admhoch 'sí an peacadh a bhí déanta
aici agus faoisdin a dhéanamh ann
agus aithríghe. D'imthigh sí. Abhfad
'n-a dhiagh san d'airigh Íta go raibh sí
'n-a daor ag druidh éighin thuaigh
i gConachtaibh. Do foilsigheadh d' Íta
go raibh atharú' aigne tagaithe uirthi
agus dá bhfaghadh sí an chaoí go ndéan-
fadh sí aithríghe. Do labhair Íta le n-a
teighlach ban riaghalta, agus d'iar sí
ortha bheith ag cur a nguidhe chun Dé ar
son na mná san a bhí ar fán uatha agus
'ghá iaraidh ar Dhia í thabhairt thar n-ais
chúcha. Do labhair sí mar an gcéadna
le Brennán Naomhtha, agus d'iar sí
air labhairt le rígh Conacht agus a
iaraidh air an bhean agus an leanbh
inghíne a bhí aici d'fhuasgailt ó'n
ndruidh.
“Abair leis an rígh,” ar sise le
Brennán, “gur liom-sa an bhean san
agus gur éagcóir do'n druidh sin
bheith 'ghá coimeád uaim.”
Fé dheire b'éigean do'n druidh an
mháthair agus an inghean do leogaint
uaidh. Tháinig an bheirt go teighlach
Íta. Thug Brennán Naomhtha leis iad
chun an teighlaigh. Do glacadh iad
mar is ceart lucht aithríghe do ghlacadh,
le h-atruagh agus le carthanacht. Do
dhéin an bhean aithríghe ana dhian an
cuid eile d'á saoghal, i dtreó, má
thug sí droch shampla uaithi i dtusach,
gur thug sí tuile agus a chothrom san
de dheagh-shampla uaithi i ndeire bára.
Nuair a bhí Íta ag dridim le deire
a saoghail do fuaradh amach nídh a chuir
iongna agus alltacht ar na daoine
go léir. Do fuaradh amach go raibh
saghas éigin péiste istigh 'n-a cliathán
agus go raibh poll mór ithte isteach
sa chliathán ag an bpéist sin. Go raibh
an phiast san sa n-áit sin ar feadh
mórán blianta roimis sin agus go
raibh Íta Naomhtha tar éis an teinnis
go léir d'fhulag a gan fhios do'n teigh-
lach, a gan fhios do'n tsaoghal go léir.
Daol a tugtar sa tseanachus ar an
bpéist, agus ínstear go raibh sé ag
ithe a cuid feóla agus ag fás go dtí
go raibh sé ana mhór agus nár bh'fhéidir
dí é cheilt níos sia.
D'fhuilig sí an phian san go léir le
grádh do Dhia. D'fhuilig sí é a gan
fhios do'n teighlach agus a gan fhios
do'n saoghal, agus níor fhág san í gan
mórán péine agus trioblóide dh'fulag
go fiosach do'n teighlach agus go fios-
ach do'n tsaoghal. Dheir an seanachus
gur bh'é a mian i gcómhnuighe bheith ag
tabhairt aire do dhaoíne breóite, go
h-úmhal agus go cneasda, agus, tré
mhéid a grádh do'n Tighearna, nár chuir
sí a ceann féin riamh ar pheiliúr bhog
chun suainis ná chun codlata.
“Éist do bhéal!” adeir an filoso-
fer. “Ar nóin tá fhios ag an saoghal
ná fuil cial ná meabhair le duine bheith
ag cur pionóisí mar sin air féin mar
shásamh do Dhia! Is mó go mór an
onóir a thabharfadh sí do Dhia le tabhar-
thaistí do ghlacadh ó Dhia, agus úsáid
a dhéanamh díobh do réir thoile Dé, 'ná
le bheith ag cur na bpionós san go
léir uirthi féin. Nuair a tháinig an
daol úd 'n-a cliathán ar dtúis ba
chirte dhí go mór fios do chur ar dhoch-
túir a bhéadh tuisgionach, eólgaiseach,
oilte ar a ghnó, agus leogaint dó an
droch nidh do ghearadh amach agus an
cliathán do leigheas, 'ná bheith 'ghá chim-
éad go dtí go raibh sé, mar adeir an
seanachus, chómh mór le banbh muice!
Dá ndéineadh duine rud de'n tsórd
san anois is ró bheag an chreideamhaint
a gheabhadh sé d'á bhár. Ní fheicim go
bhféadfadh cial a bheith an uair sin leis
ach chómh beag agus bhéadh cial anois
leis.”
Is iongantach an duine thu, a Mhister
Filosofer. Is uathbhásach an tuisgint
atá agat. Ní'l teóra le doimhneas
agus le géarchúis na h-aigne atá
agat.
“Cad dó go bhfuilir ag tagairt na
cainte sin?”
'S dó, is feár atá fhios agat-sa cad
a bhí ar siúbhal idir Íta agus Dia na
glóire 'ná mar a bhí 'fhios ag Íta féin é
'ná ag Dia féin, moladh go deó leis!
Cad eile atá agam le rádh ach ná fuil
aon teóra le doimhneas agus le géar-
chúis t' aigne. Dar leat-sa dhéin Íta
dearmhad mór nuair a chuir sí pionós
uirthi féin le grádh do Dhia, agus dhéin
Dia féin, moladh go deó leis, dear-
mhad mór nuair a sprioc sé chuige í.
Bhí ríghthe agus daoine ag féuchaint ar
Íta ag deanamh na h-oibre sin. Ní
fheacadar aon díth céille sa n-obair.
Ní h-eadh ach do thug an obair dóibh a
leithéid d'uraim a bheith acu d' Íta go
mairean an uraim fós, agus tá breis
agus trí chéad déag blian ó shin ann.
Ach is feár a thuigean tusa an sgéal
'ná mar a thuig na daoine go léir é
i gcaitheamh na h-aimsire go léir! Is
iongantach an duine thú!