Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Íta Naomhtha. VIII.
Title
Íta Naomhtha. VIII.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. ÍTA NAOMHTHA. VIII. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Bhí beirt ag teacht lá chun teighlaigh Íta. Dúbhairt sí le cuid d'á mnáibh riaghalta dul amach feuchaint cé r' bh' iad féin. Tháinig na mná thar n-ais agus d'ínseadar dí cé r' bh' iad. Beirt óganach ab eadh iad go raibh aithne mhaith aici ortha, beirt drithár. “Is truagh an sgéal é!” arsa Íta, agus tháinig na deóra go bog ó n-a súilibh. “Ní fada ó'n mbeirt sin mí- ádh agus buairt. Ní fada go marbh- óchaidh duine acu an duine eile, mo thruagh iad! agus mo thruagh an mháthair bhocht atá acu!” B' fhíor di. D'eirigh aighneas éigin eatartha, agus do mhairbh duine acu an duine eile. Do rugadh ar an bhfear a bhí beó díobh, agus do tugadh é gabhtha i láthair an rígh, rígh Ua gConail, agus do daoradh chun báis é mar geall ar marbhú' a dhrithár. Chuimnigh Íta ar an mháthair agus tháinig ana thruagh aici dhi. Ba mhór an chineamhaint di duine dh'á beirt mhac ag marbhú' an duine eile. D'fhág san í i dtaoibh leis an aon mhac amháin. Ach bhí dlígh na rígh- eachta ag breith an mhic sin uaithi, agus ansan bhéadh sí gan aoinne. D'eirigh Íta agus chuaidh sí chun cainte leis an rígh, agus d'iar sí air maitheamh do'n chime. Chuaidh sí chómh dian san air nár fhéad sé í dh' eiteach. “Leogfar saor é,” arsan rígh, “ach má dhéinean sé aon droch ghníomh eile is tusa a bhéidh freag- arthach ann, a Íta,” ar seisean. “Ní dhéanfidh, a rígh,” ar sisi. “Gheabhaidh sé an ré aithrighe, agus déanfidh sé an aithríghe, agus béidh áthas ort-sa, a rígh, nár chuiris fheuchaint air dul i láthair Dé agus an peaca air.” “Tá go maith,” arsan rígh. “Ach dá luathacht a chuirfir fheuchaint air an aithríghe dhéanamh iseadh is feár é, sar a ndéanfadh sé droch ghníomh eile.” Ba mhaith le h-Íta an aithrighe do theacht ó chroídhe agus ó aigne an duine féin, gan ise ná aoinne eile 'ghá chur suas chun na h-aithríghe, le h-eagla ná béadh an aithríghe fírinneach. Mhínigh sí an nidh sin do'n rígh agus dúbhairt sí go gcaithfí foidhne dhéanamh leis an nduine, ach nár bhaoghal ná go ndéan- fadh sé an aithrighe. Thuit gach aon rud amach fé mar adúbhairt Íta. Do déineadh an fhoidhne. Do sprioc grásta Dé aigne an duine sin. Dhéin sé an aithrighe. D' iompuigh sé amach 'n-a Chríosdaídhe dhiadha, dheagh- chreidimh. Bhí an mháthair tamal i gcontabhairt bheith gan aoinne de'n bheirt, ach, a bhuidhchas ar Íta, do fágadh aici duine a bhí níos feár di 'ná beirt. Bhí treabhchas daoíne 'n-a gcómhnuighe i gcrích a bhí teóranach do chrích ua gConail Gabhra. D'eirigh achran idir an dá chine. Tháinig an sgéal chun cogaidh eatartha. Chruinnigh gach taobh acu a gcongnamh chómh maith agus d'fhéadadar é. Corca Oche an ainim a bhí ar an gcine eile agus treibh d' Uibh Fighente ab eadh iad. Is ag Uibh Chonail a bhí an ceart, agus eugcóir ab eadh do'n mhuíntir eile bheith ag cur ortha. Ach bhí an neart ag an muíntir eile, agus nuair a bhíon an neart ag daoíne is minic gur cuma leó cad a dhéinean ceart an sgéil.
Nuair a chonaic Uibh Chonail go raibh an namhaid ró líommhar, ró láidir ar fad dóibh, thánadar ag trial ar Íta agus do léiríghdar di conas mar ná raibh aon lorg acu féin ar chogadh ná ar choímhsgar, ach go raibh Corca Oche chun eugcóra agus cos ar bolg a dhéanamh ortha agus nár bhfoláir dóibh iad do throid pé rud a thiocfadh as dóibh. Agus d'iaradar ar Íta a guidhe chur suas chun Dé ar a son, 'ghá iaraidh ar Dhia gan leogaint do neart an lámh uachtair fhághail ar cheart. D'éist Íta leó agus nuair a fuair sí gur acu a bhí an ceart agus gur 'n-a n-aimhdheóin a bhíodar ag dul chun an chogaidh do gheall sí dhóibh go dtabharfadh Dia an buadh dóibh ar pé neart a bhéadh agá namhaid 'n-a gcoinnibh. Chuir an gheall- amhaint sin ana mhisneach ortha. Bhí fhios acu nár bhaoghal go gcaillfadh Íta ortha tar éis na geallamhna san a thabhairt dóibh. Bhíodar lán deimhnigh- theach go mbuadhfidís ar an namhaid. Do troideadh an cath. Cath fíochmhar, fuilteach ab eadh é. I n-áit ar a dtugtí Cuilne do troideadh é. Do buadhadh ar Chorca Oche agus do thuit cuid mór díobh. Do cuireadh a n-ár go trom. Tháinig Uíbh Chonail ó'n gcath, tar éis a namhad do thraochadh agus do sgaipe, agus ghabhdar a mbuidhchas go dúrthachtach le Dia agus le h-Íta. Bhí fhios acu gur tré impídhe Íta a thug Dia an buadh dhóibh mar ní raibh aon bhreith acu ar é dh'fhághail tré n-a neart féin. Tá cúntas ar an gcath i nAnnalaibh Rígheachta Éirean, mar seo:— “Aos Críosd cuig cead ceatarcad a sé, cath Cuilne 'nar marbadh mór chuid de Chorcoiche tré ímpídhe Íta Cluana Creadhail.” Tá cúntas leis ar an gcath gcéadna i n-Annalaibh Uladh, mar seo:— “A.D. 551, Cogadh Cuilne 'nar tuit Corca Oche Múmhan tré úrnuighthe Íta Cluana.” Tá chúig bhliana idir an dá chúntas, ach ní mór le rádh chúig bhliana i mbreis agus trí chéad déag blian atá tagaithe ó troideadh an cath. Nuair a bhí Uibh Chonail ag dul sa chath dubhairt Íta leó aithrighe fírinneach a dhéanamh ar dtúis i dtreó go mbéidís olamh i gcóir an bháis. Dhéineadar san. Do dheabhróch' an sgéal, ámhthach, go raibh duine acu nár dhéin. Bhí sé ar an bhfear ba chrodha a bhí ortha. Bhí sé i bhfíor thusach an troda. Do thuit sé, agus a namhaid ar lár 'n-a thímpal. Bhí fhios ag Íta ná dhéin sé an aithrighe. Chuir sí daoine 'ghá chuardach ameasg na marbh tar éis an chatha. Fuaradar é. Ní raibh sé marbh ar fad. Thugadar leó é ag trial ar Íta. Chuir sí a beanacht air. Do leighseadh a chneadh- acha tré n-a guidhe agus tré n-a beanacht. Dhéin sé aithrighe mhór 'n-a dhiagh san agus fuair sé bás naomhtha agus an bheatha shíoruidhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services