Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Íta Naomhtha. VIII.

Title
Íta Naomhtha. VIII.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CHUM ÁR LEASA.



ÍTA NAOMHTHA.



VIII.



An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.



Bhí beirt ag teacht lá chun teighlaigh
Íta. Dúbhairt sí le cuid d'á mnáibh
riaghalta dul amach feuchaint cé r' bh'
iad féin. Tháinig na mná thar n-ais
agus d'ínseadar dí cé r' bh' iad. Beirt
óganach ab eadh iad go raibh aithne mhaith
aici ortha, beirt drithár.



“Is truagh an sgéal é!” arsa Íta,
agus tháinig na deóra go bog ó n-a
súilibh. “Ní fada ó'n mbeirt sin mí-
ádh agus buairt. Ní fada go marbh-
óchaidh duine acu an duine eile, mo
thruagh iad! agus mo thruagh an mháthair
bhocht atá acu!”



B' fhíor di. D'eirigh aighneas éigin
eatartha, agus do mhairbh duine acu
an duine eile. Do rugadh ar an
bhfear a bhí beó díobh, agus do tugadh é
gabhtha i láthair an rígh, rígh Ua gConail,
agus do daoradh chun báis é mar geall
ar marbhú' a dhrithár. Chuimnigh Íta ar
an mháthair agus tháinig ana thruagh aici
dhi. Ba mhór an chineamhaint di duine
dh'á beirt mhac ag marbhú' an duine
eile. D'fhág san í i dtaoibh leis an
aon mhac amháin. Ach bhí dlígh na rígh-
eachta ag breith an mhic sin uaithi, agus
ansan bhéadh sí gan aoinne. D'eirigh
Íta agus chuaidh sí chun cainte leis an
rígh, agus d'iar sí air maitheamh do'n
chime. Chuaidh sí chómh dian san air nár
fhéad sé í dh' eiteach. “Leogfar saor
é,” arsan rígh, “ach má dhéinean sé aon
droch ghníomh eile is tusa a bhéidh freag-
arthach ann, a Íta,” ar seisean. “Ní
dhéanfidh, a rígh,” ar sisi. “Gheabhaidh
sé an ré aithrighe, agus déanfidh sé an
aithríghe, agus béidh áthas ort-sa, a
rígh, nár chuiris fheuchaint air dul i
láthair Dé agus an peaca air.”



“Tá go maith,” arsan rígh. “Ach dá
luathacht a chuirfir fheuchaint air an
aithríghe dhéanamh iseadh is feár é, sar
a ndéanfadh sé droch ghníomh eile.”



Ba mhaith le h-Íta an aithrighe do
theacht ó chroídhe agus ó aigne an
duine féin, gan ise ná aoinne eile 'ghá
chur suas chun na h-aithríghe, le h-eagla
ná béadh an aithríghe fírinneach. Mhínigh
sí an nidh sin do'n rígh agus dúbhairt
sí go gcaithfí foidhne dhéanamh leis an
nduine, ach nár bhaoghal ná go ndéan-
fadh sé an aithrighe.



Thuit gach aon rud amach fé mar
adúbhairt Íta. Do déineadh an fhoidhne.
Do sprioc grásta Dé aigne an duine
sin. Dhéin sé an aithrighe. D' iompuigh
sé amach 'n-a Chríosdaídhe dhiadha, dheagh-
chreidimh. Bhí an mháthair tamal i
gcontabhairt bheith gan aoinne de'n
bheirt, ach, a bhuidhchas ar Íta, do fágadh
aici duine a bhí níos feár di 'ná beirt.
Bhí treabhchas daoíne 'n-a gcómhnuighe
i gcrích a bhí teóranach do chrích ua
gConail Gabhra. D'eirigh achran idir
an dá chine. Tháinig an sgéal chun
cogaidh eatartha. Chruinnigh gach taobh
acu a gcongnamh chómh maith agus
d'fhéadadar é. Corca Oche an ainim
a bhí ar an gcine eile agus treibh
d' Uibh Fighente ab eadh iad. Is ag
Uibh Chonail a bhí an ceart, agus
eugcóir ab eadh do'n mhuíntir eile bheith
ag cur ortha. Ach bhí an neart ag an
muíntir eile, agus nuair a bhíon an
neart ag daoíne is minic gur cuma
leó cad a dhéinean ceart an sgéil.


L. 56


Nuair a chonaic Uibh Chonail go raibh an
namhaid ró líommhar, ró láidir ar fad
dóibh, thánadar ag trial ar Íta agus
do léiríghdar di conas mar ná raibh
aon lorg acu féin ar chogadh ná ar
choímhsgar, ach go raibh Corca Oche chun
eugcóra agus cos ar bolg a dhéanamh
ortha agus nár bhfoláir dóibh iad do
throid pé rud a thiocfadh as dóibh.
Agus d'iaradar ar Íta a guidhe chur
suas chun Dé ar a son, 'ghá iaraidh ar
Dhia gan leogaint do neart an lámh
uachtair fhághail ar cheart. D'éist Íta
leó agus nuair a fuair sí gur acu a
bhí an ceart agus gur 'n-a n-aimhdheóin
a bhíodar ag dul chun an chogaidh do
gheall sí dhóibh go dtabharfadh Dia an
buadh dóibh ar pé neart a bhéadh agá
namhaid 'n-a gcoinnibh. Chuir an gheall-
amhaint sin ana mhisneach ortha. Bhí
fhios acu nár bhaoghal go gcaillfadh
Íta ortha tar éis na geallamhna san a
thabhairt dóibh. Bhíodar lán deimhnigh-
theach go mbuadhfidís ar an namhaid.
Do troideadh an cath. Cath fíochmhar,
fuilteach ab eadh é. I n-áit ar a
dtugtí Cuilne do troideadh é. Do
buadhadh ar Chorca Oche agus do thuit
cuid mór díobh. Do cuireadh a n-ár
go trom. Tháinig Uíbh Chonail ó'n gcath,
tar éis a namhad do thraochadh agus do
sgaipe, agus ghabhdar a mbuidhchas go
dúrthachtach le Dia agus le h-Íta. Bhí
fhios acu gur tré impídhe Íta a thug
Dia an buadh dhóibh mar ní raibh aon
bhreith acu ar é dh'fhághail tré n-a
neart féin.



Tá cúntas ar an gcath i nAnnalaibh
Rígheachta Éirean, mar seo:—



“Aos Críosd cuig cead ceatarcad
a sé, cath Cuilne 'nar marbadh mór
chuid de Chorcoiche tré ímpídhe Íta
Cluana Creadhail.”



Tá cúntas leis ar an gcath gcéadna
i n-Annalaibh Uladh, mar seo:—



“A.D. 551, Cogadh Cuilne 'nar tuit
Corca Oche Múmhan tré úrnuighthe Íta
Cluana.”



Tá chúig bhliana idir an dá chúntas,
ach ní mór le rádh chúig bhliana i mbreis
agus trí chéad déag blian atá tagaithe
ó troideadh an cath.



Nuair a bhí Uibh Chonail ag dul sa
chath dubhairt Íta leó aithrighe fírinneach
a dhéanamh ar dtúis i dtreó go mbéidís
olamh i gcóir an bháis. Dhéineadar san.
Do dheabhróch' an sgéal, ámhthach, go raibh
duine acu nár dhéin. Bhí sé ar an
bhfear ba chrodha a bhí ortha. Bhí sé i bhfíor
thusach an troda. Do thuit sé, agus a
namhaid ar lár 'n-a thímpal. Bhí fhios
ag Íta ná dhéin sé an aithrighe. Chuir
sí daoine 'ghá chuardach ameasg na
marbh tar éis an chatha. Fuaradar é.
Ní raibh sé marbh ar fad. Thugadar
leó é ag trial ar Íta. Chuir sí a
beanacht air. Do leighseadh a chneadh-
acha tré n-a guidhe agus tré n-a
beanacht. Dhéin sé aithrighe mhór 'n-a
dhiagh san agus fuair sé bás naomhtha
agus an bheatha shíoruidhe.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services