Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Íta Naomhtha. VII.
Title
Íta Naomhtha. VII.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Irish Rosary CHUM ÁR LEASA. ÍTA NAOMHTHA. VII. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Bhí fear 'n-a chómhnuighe sa chómhar- sanacht. D'eirigh acharan éigin idir é féin agus dritháir a bhí aige. Do throideadar. Do marbhuígheadh an dri- tháir. Tháinig árd aithreachas láithreach ar an bhfear a mhairbh é. Bhí sgannra air le h-eagla go n-agaróch' Dia an marbhú' air. Tháinig sé ag trial ar Íta chun go 'neósfadh sí dhó cad ba cheart dó a dhéanamh chun dul ó fheirg Dé. Cheap sí breitheamhnachas aithrighe dhó. Bhí an breitheamhnachas aithrighe ana chruaidh, ach do gheall sí dhó dá ndéan- fadh sé an rud a cheap sí dhó nár bhaoghal dó go bhfaghadh sé bás oban ná anbhás; agus go dtabharfadh Dia an bheatha shíoruidhe dhó. Do dhéin sé an obair a chuir sí air. Raint aimsire 'n-a dhiagh san d'éirigh cogadh idir an rígh a bhí os cionn an fhir sin agus rígh eile, agus b'éigion do'n fhear dul sa
chath. Do bhuaidh an taobh eile sa chath, agus do thuit an fear agus a lán d'á mhuíntir. Do h-ínseadh d'Íta go raibh sé marbh. Ghlaoidh sí chúichi ar chuid d'á seirbhíseachaibh. “Imthíghig,” ar sise leó, “agus glaoidhigh ar an bhfear úd agus abraigh leis, i n-ainim Dé, teacht chúgam anso.” “Tá sé marbh ar pháirc an chatha,” ar siad. “Imthíghig agus déinigh mar adeirim libh,” ar sisi. “Dhéin sé an obair a chuireas-sa air agus gheallas dó ná faghadh sé anbhás.” D'imthighdar go h-áit an chatha, mar a raibh na cuirp. Ghlaodar ar an bhfear, díreach mar adubhairt Íta leó. D'éirigh sé láitreach 'n-a sheasamh agus do rith sé fé n-a ndéin; tháinigh sé i n-aonfheacht leó ag trial ar Íta. Ghabhdar go léir a mbuidhchas le Dia mar gheall ar an mírbhúilt sin. Do mhair an fear san ar feadh mórán aim- sire 'n-a dhiagh san agus fuair sé bás tar éis ola agus aithríghe, fé mar a gheall Íta dhó. Tháinig fear eile, lá, chun cainte le h-Íta. Bhí sé ag gol go buartha. Dúbhairt sé go raibh a mhac tar éis bháis agus ná fágfadh sé an conbhint go dtí go ndéanfadh Íta é thógaint ó'n mbás chuige. Chrom Íta a ceann agus dúbhairt sí ná raibh ar a cumas a leithéid sin do dhéanamh. Dúbhairt sé léi go tur go raibh dá mba mhaith léi é, mar go raibh 'fhios ag an saoghal mór gur dhéin sí a leithéid go minic. “Faire!” ar sisi, “ná h-abair é sin. Pé rud a dhéineas riamh de'n tsórd san, ní mar gheall ar aon mhaith a bhí ionam féin a dhéineas é, ach tré neart naomhthachta na n-Aspol agus na naomh mór eile atá sa n-Eaglais.” “Is cuma liom-sa cá dtiocfadh an neart,” arsan fear, “ach go dtógfí mo mhac chúgham beó airís. Dó chaill sé a urlabhra sar a bhfuair sé bás agus níor fhéad sé faoísdin a dhéanamh 'ná aon fhocal do labhairt linn. Ní iarfad ort ach go bhfaghadh sé bheith beó ar feadh aon lae amháin agus go n-aireóchainn guth a chainte.” “Cad é an fhaid ba mhaith leat a mhairfadh do mhac dá dthógadh Dia ó'n mbás chúghat é?” arsa Íta. “Bhéinn sásta agus bhéinn lán bhuidh- each,” ar seisean, “dá mb' é toil Dé é fhágáilt beó agam aon lá amháin.” “Tógfidh Dia ó'n mbás chúghat é,” ar sisi, “agus fágfar beó agat é seacht mbliana agus seacht mí agus seacht lá.” Do tógadh an mach ó'n mbás, agus do mhair sé 'n-a dhiagh san an aimsir díreach adúbhairt Íta a mhairfadh sé. Do tugadh, lá, ag trial ar Íta fear dár bh' ainim Feargus, Bhí gearán éigin air i dtreó go raibh sé ag cail- leamhaint a radhairc agus go raibh úsáid a chos agus a lámh ag imtheacht uaidh. Mheas a mhuíntir go léir nár bh'fhada uaidh an bás. Do tugadh ag trial ar Íta é. Chuir sí a beanacht air. Do leighseadh láithreach é ó'n uile shaghas gearáin, idir ghalar súl agus uile, i dtreó go raibh sé slán foláin 'n-a shláinte ar gach aon tsaghas cuma. Bhí mac ag an bhFeargus san agus bhí an mac san beó le linn an tseana- chaídhe a chuir síos an cúntas i mbeatha Íta. Ba dheacair do'n tseanachaídhe sin gan an cúntas a beith cruínn aige. Bhí dritháir athar, nú dritháir máthar, d' Íta i dtír na nDéiseach agus fuair sé bás. Bhí ochtar mac aige. Chuir Íta fios ortha. Thánadar. “Tá droch sgéal agam duíbh, a chlann ó,” ar sisi leo. “Tá bhúr n-athair bocht ag fulag na bpian. Do foilsígheadh dómh-sa go bhfuil. Ní foláir dúinn rud éigin a dhéanamh a thabharfidh fuasgailt air. Déinigh mar a déarfad libh. Téidhigh abhaile agus tugadh gach duine agaibh, gach aon lá go ceann bliana, arán agus feóil, nú ím agus solus, do bhochtaibh Dé le h-anam bhúr n-athar, agus nuair a bhéidh an bhliain caithte tagaidh chúgham anso airís.” D'imthíghdar agus dhéineadar mar a dúbhairt sí leó. D'imthigh an bhliain agus thánadar chúichi airís. “Tá fuasgailt mhór tabhartha ar bhúr n-athair,” ar sisi leó, “seachas mar a bhí sé. Do dhéin bhúr ndéirc agus m' úrnuighthe-se mórán tairbhthe dhó, ach ní'l sé saor fós ó phiantaibh. Imthíghigh agus déinigh an obair chéadna ar feadh bliana eile, agus ansan tagaidh chúgham anso airís.” D'imthighdar agus dhéin-
eadar an déirc ar an gcuma gcéadna ar feadh bliana eile. Nuair a bhí an bhliain caithte thánadar airís ag trial ar Íta. “Tá an obair déanta go maith agaibh, a chlann ó,” ar sisi leó. “Tá bhúr n-athair saor anois ós na piantaibh, ach tá sé gan chlúdach, mar níor chuir sé féin clúdach ar bhochtaibh Dé, bíodh go raibh an chóir aige. Imthíghig anois agus déinigh déirc éadaigh a thabhairt dos na daoíne bochta atá 'n-a ghátar, i dtreó go bhfaghaidh anam bocht bhúr n-athar clúdach agus fothin na ngrást.” D'imthighdar agus dhéineadar mar a dúbhairt sí leó agus thánadar airís. “Tugaidh bhúr mbuidhchas do Dia anois, a chlann ó,” ar sisi. “Tá suain- eas síoraidhe ag anam bhúr n-athar, mar gheall ar bhúr ndéirc agus ar mo ghuidhe-se, ach go mór mór mar gheall ar thrócaire Dé. Déinigh-se baoís agus ainmhianta na beatha so do shea- chaint. Isiad a chuir na pianta ar bhúr n-athair.” Thugadar a mbuidhchas do Dhia agus d' Íta, agus chuadar abhaile chun a dtíre féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services