Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Íta Naomhtha. VII.

Title
Íta Naomhtha. VII.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Irish Rosary



CHUM ÁR LEASA.



ÍTA NAOMHTHA.



VII.



An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.



Bhí fear 'n-a chómhnuighe sa chómhar-
sanacht. D'eirigh acharan éigin idir é
féin agus dritháir a bhí aige. Do
throideadar. Do marbhuígheadh an dri-
tháir. Tháinig árd aithreachas láithreach
ar an bhfear a mhairbh é. Bhí sgannra
air le h-eagla go n-agaróch' Dia an
marbhú' air. Tháinig sé ag trial ar
Íta chun go 'neósfadh sí dhó cad ba
cheart dó a dhéanamh chun dul ó fheirg
Dé. Cheap sí breitheamhnachas aithrighe
dhó. Bhí an breitheamhnachas aithrighe ana
chruaidh, ach do gheall sí dhó dá ndéan-
fadh sé an rud a cheap sí dhó nár
bhaoghal dó go bhfaghadh sé bás oban ná
anbhás; agus go dtabharfadh Dia an
bheatha shíoruidhe dhó. Do dhéin sé an
obair a chuir sí air. Raint aimsire
'n-a dhiagh san d'éirigh cogadh idir an
rígh a bhí os cionn an fhir sin agus rígh
eile, agus b'éigion do'n fhear dul sa


L. 813


chath. Do bhuaidh an taobh eile sa chath,
agus do thuit an fear agus a lán d'á
mhuíntir. Do h-ínseadh d'Íta go raibh
sé marbh. Ghlaoidh sí chúichi ar chuid
d'á seirbhíseachaibh. “Imthíghig,” ar
sise leó, “agus glaoidhigh ar an bhfear
úd agus abraigh leis, i n-ainim Dé,
teacht chúgam anso.” “Tá sé marbh ar
pháirc an chatha,” ar siad. “Imthíghig
agus déinigh mar adeirim libh,” ar sisi.
“Dhéin sé an obair a chuireas-sa air
agus gheallas dó ná faghadh sé anbhás.”



D'imthighdar go h-áit an chatha, mar
a raibh na cuirp. Ghlaodar ar an
bhfear, díreach mar adubhairt Íta leó.
D'éirigh sé láitreach 'n-a sheasamh agus
do rith sé fé n-a ndéin; tháinigh sé
i n-aonfheacht leó ag trial ar Íta.
Ghabhdar go léir a mbuidhchas le Dia
mar gheall ar an mírbhúilt sin. Do
mhair an fear san ar feadh mórán aim-
sire 'n-a dhiagh san agus fuair sé bás
tar éis ola agus aithríghe, fé mar a
gheall Íta dhó.



Tháinig fear eile, lá, chun cainte le
h-Íta. Bhí sé ag gol go buartha.
Dúbhairt sé go raibh a mhac tar éis
bháis agus ná fágfadh sé an conbhint
go dtí go ndéanfadh Íta é thógaint ó'n
mbás chuige. Chrom Íta a ceann agus
dúbhairt sí ná raibh ar a cumas a
leithéid sin do dhéanamh. Dúbhairt sé
léi go tur go raibh dá mba mhaith léi é,
mar go raibh 'fhios ag an saoghal mór
gur dhéin sí a leithéid go minic.



“Faire!” ar sisi, “ná h-abair é
sin. Pé rud a dhéineas riamh de'n
tsórd san, ní mar gheall ar aon mhaith
a bhí ionam féin a dhéineas é, ach tré
neart naomhthachta na n-Aspol agus
na naomh mór eile atá sa n-Eaglais.”



“Is cuma liom-sa cá dtiocfadh an
neart,” arsan fear, “ach go dtógfí
mo mhac chúgham beó airís. Dó chaill sé
a urlabhra sar a bhfuair sé bás agus
níor fhéad sé faoísdin a dhéanamh 'ná
aon fhocal do labhairt linn. Ní iarfad
ort ach go bhfaghadh sé bheith beó ar feadh
aon lae amháin agus go n-aireóchainn
guth a chainte.”



“Cad é an fhaid ba mhaith leat a
mhairfadh do mhac dá dthógadh Dia ó'n
mbás chúghat é?” arsa Íta.



“Bhéinn sásta agus bhéinn lán bhuidh-
each,” ar seisean, “dá mb' é toil Dé
é fhágáilt beó agam aon lá amháin.”



“Tógfidh Dia ó'n mbás chúghat é,”
ar sisi, “agus fágfar beó agat é
seacht mbliana agus seacht mí agus
seacht lá.”



Do tógadh an mach ó'n mbás, agus
do mhair sé 'n-a dhiagh san an aimsir
díreach adúbhairt Íta a mhairfadh sé.



Do tugadh, lá, ag trial ar Íta fear
dár bh' ainim Feargus, Bhí gearán
éigin air i dtreó go raibh sé ag cail-
leamhaint a radhairc agus go raibh
úsáid a chos agus a lámh ag imtheacht
uaidh. Mheas a mhuíntir go léir nár
bh'fhada uaidh an bás. Do tugadh ag
trial ar Íta é. Chuir sí a beanacht
air. Do leighseadh láithreach é ó'n uile
shaghas gearáin, idir ghalar súl agus
uile, i dtreó go raibh sé slán foláin
'n-a shláinte ar gach aon tsaghas cuma.
Bhí mac ag an bhFeargus san agus bhí
an mac san beó le linn an tseana-
chaídhe a chuir síos an cúntas i mbeatha
Íta. Ba dheacair do'n tseanachaídhe
sin gan an cúntas a beith cruínn aige.



Bhí dritháir athar, nú dritháir máthar,
d' Íta i dtír na nDéiseach agus fuair
sé bás. Bhí ochtar mac aige. Chuir
Íta fios ortha. Thánadar.



“Tá droch sgéal agam duíbh, a
chlann ó,” ar sisi leo. “Tá bhúr
n-athair bocht ag fulag na bpian. Do
foilsígheadh dómh-sa go bhfuil. Ní
foláir dúinn rud éigin a dhéanamh a
thabharfidh fuasgailt air. Déinigh mar
a déarfad libh. Téidhigh abhaile agus
tugadh gach duine agaibh, gach aon lá go
ceann bliana, arán agus feóil, nú ím
agus solus, do bhochtaibh Dé le h-anam
bhúr n-athar, agus nuair a bhéidh an
bhliain caithte tagaidh chúgham anso
airís.”



D'imthíghdar agus dhéineadar mar a
dúbhairt sí leó. D'imthigh an bhliain
agus thánadar chúichi airís.



“Tá fuasgailt mhór tabhartha ar bhúr
n-athair,” ar sisi leó, “seachas mar a
bhí sé. Do dhéin bhúr ndéirc agus m'
úrnuighthe-se mórán tairbhthe dhó, ach
ní'l sé saor fós ó phiantaibh. Imthíghigh
agus déinigh an obair chéadna ar feadh
bliana eile, agus ansan tagaidh chúgham
anso airís.” D'imthighdar agus dhéin-


L. 814


eadar an déirc ar an gcuma gcéadna
ar feadh bliana eile. Nuair a bhí an
bhliain caithte thánadar airís ag trial
ar Íta.



“Tá an obair déanta go maith
agaibh, a chlann ó,” ar sisi leó. “Tá
bhúr n-athair saor anois ós na piantaibh,
ach tá sé gan chlúdach, mar níor chuir
sé féin clúdach ar bhochtaibh Dé, bíodh
go raibh an chóir aige. Imthíghig anois
agus déinigh déirc éadaigh a thabhairt
dos na daoíne bochta atá 'n-a ghátar,
i dtreó go bhfaghaidh anam bocht bhúr
n-athar clúdach agus fothin na ngrást.”



D'imthighdar agus dhéineadar mar a
dúbhairt sí leó agus thánadar airís.
“Tugaidh bhúr mbuidhchas do Dia anois,
a chlann ó,” ar sisi. “Tá suain-
eas síoraidhe ag anam bhúr n-athar, mar
gheall ar bhúr ndéirc agus ar mo
ghuidhe-se, ach go mór mór mar gheall
ar thrócaire Dé. Déinigh-se baoís
agus ainmhianta na beatha so do shea-
chaint. Isiad a chuir na pianta ar bhúr
n-athair.”



Thugadar a mbuidhchas do Dhia agus
d' Íta, agus chuadar abhaile chun a
dtíre féin.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services