Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. VI.
Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. VI.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. ÍTA NAOMHTHA. VI. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Bhí sagart ana naomhtha i gCluain Mic Nóis an uair sin. Bhí fios a naomhthachta ag Íta agus bhí árd uraim aici dhó. Ba mhian léi, dá mb' fhéidir é, Aifrean a déarfadh sé d'éisteacht agus Corp Naomhtha an Tighearna do ghlacadh as a láimh. Ba dheacair di san a dhéanamh mar bhí Cluain Mic Nóis ró fhada ó-thuaigh ó Sliabh Luachra agus ní fhéadfadh sí imtheacht ó n-a teighlach féin agus dul chómh fada san ó bhaile. Tháinig lá áirighthe saoíre. Tháinig an mian ana láidir 'n-a croídhe Fuil agus Feóil an tSlánuightheóra do ghlacadh an lá san a' láimh an tsagairt sin i gCluain Mic Nóis. Bhí an mian chómh láidir sin gur iar sí ar Dhia rud éigin a dhéanamh di a chuirfadh ar a cumas an mian do shásamh. Ar leagadh na súl bhí sí istigh sa n-eaglais i gCluain Mic Nóis, ar aghaidh na h-áltórach, agus an sagart céadna ar an altóir ag rádh an Aifrinn. Nuair a tháinig an t-am chuige do dhrid sí isteach chun na h-altórach agus ghlac sí Fuil agus Feóil an tSlánuigh- theóra a' láimh an tsagairt sin. Níor thug aoinne fé ndeara í. Do críoch- nuigheadh an t-Aifrean agus ar leagadh na súl bhí sí sa bhaile i Sliabh Luachra 'n-a teighlach féin, agus níor mothuigheadh imthighthe í an fhaid a bhí sí i gCluain Mic Nóis. Ansan do tháinig aingeal ag trial ar dhuine des na manaigh i gCluain Mic Nóis agus d'inis sé do'n mhanach an mhírbhuilt a dhéin Dia d' Íta naomhtha. Fear ana aosta ab eadh an manach san. D'inis sé an sgéal do'n tsagart san a dúbhairt an t-Aifrean an lá san agus gur ghlac Íta an Corp Naomhtha as a láimh. Do leath an sgéal ar fuid an teighlaigh go léir i gCluain Mic Nóis. Shocaruigh an sagart agus raint de mhuíntir an teighlaigh ar dul ó-dheas go Sliabh Luachra chun Íta naomhtha dh'fheisgint agus a beanacht a dh'fhághail. Ghluais- íghdar chun bóthair. Bhí an bóthar fada. Ar an slígh dhóibh d'imthigh tionóisg éigin ar dhuine acu i dtreó gur chaíl sé radharc a shúl. B' éigin do dhuine eile acu breith ar láimh air agus é ghiolacht an chuid eile de'n tslígh. D'fhillfadh sé abhaile ach go raibh súil aige go ndéanfadh Íta a radharc fhághail airís ó Dhia dhó. Do tugadh eólus ó Dhia d' Íta iad a bheith ag teacht. D'inis sí d'á teighlach go rabhdar ag teacht. Bhí gach aon nídh olamh rómpa chómh maith agus dá mbéidís tar éis sgéala chur rómpa. Thánadar. Do glacadh iad go fáilteach agus do cuireadh gach aon chóir ortha. Lar na mháireach a bhí chúgainn d'iar Íta ar an sagart a thug Corp Naomhtha an Tighearna di i gCluain Mic Nóis Aifrean do rádh di 'n-a teighlach féin i Sliabh Luachra. Dhéin sé mar a h-iaradh air. B'é toil Dé gur tugadh radharc a shúl airís do'n t-é gur imthigh an tionóisg air. Nuair a bhí sagart Chluana Mic Nóis agus a chualacht ag imtheacht dúbhairt Íta leis gur mhaith léi féin agus le n-a teighlach ban riaghalta go nglac-
fadh sé uatha mar bhrontanas an chulaith Aifrinn a bhí uime nuair a dúbhairt sé an t-Aifrean dóibh. “Gaibh ár leathsgéal, a Íta, a 'nghean ó,” ar seisean. “Nuair a bhímair ag fágáilt an bhaile thug Aengus, Abb Chluana Mic Nóis, foláramh daingean dúinn gan aon nídh a ghlacadh uaibh-se ach bhur nguídhe chun Dé ar ár son.” “Tabharfad-sa cómhartha dhuit-se le tabhairt d'Aengus,” ar sisi, “agus nuair a thabharfir dó an cómhartha ní bhéidh aon díombádh air chughaibh mar gheall ar bhrontanas bheag a ghlacadh uaim-se. Fiafhraigh dé an cuímhin leis an lá a chuaidh sé go theighlach Chinrecha Dercain agus conus mar a dh'iar Chin- recha naomhtha air leogaint di a chosa do níghe, agus gur leog. Do nigh Cin- recha cosa Aengusa ansan agus do thriomuigh sí iad le h-éadach. Chíon Dia go rabhas-sa i n-aice le Cinrecha an uair sin agus gur nígheas cosa Aengusa n-a teanta agus go raibh mo lámh-sa ar an éadach agus mé 'ghá dtriomú' 'n-a teanta. Nuair a neósfir-se an méid sin d'Aengus ní bhéidh aon chur 'n-a choinnibh aige an méid seo brontanais a ghlacadh uaim.” Do glacadh an chulaith Aifrinn agus do rugadh ó-thuaigh í go Chluain Mic Nóis. Culaith ana shaidhbhir, ana órnáid- each ab eadh í. Bhí díombádh ana mhór ar Aengus nuair a chonaic sé an éide áluinn shaidhbhir. “Ó faire, faire go deó!” ar seisean. “Tá Íta agus a teighlach creachta agaibh. Ba chirte go mór brontanas cosdasamhail de'n tsórd so do dhul uainne ag trial ortha 'ná é theacht uatha-san chughainne. Caithfar aithríghe throm a chur oraibh toisg nár dhéinbhúir mar adúbhradh libh.” “Nuair a bhí Íta ag tabhairt an bhron- tanais seo dhúinn, a Athair,” arsa an sagart a fuair an chulaith Aifrinn, “dhiúltuíghmair go seasamhach d'é ghlacadh agus d'ínseamair di gur tugadh órdú' ana dhian dúinn gan aon níd a ghlacadh uaithi féin agus ó n-a teighlach ach a nguídhe chun Dé ar ár son. 'Ní gá dhaoíbh,' arsa Íta, 'aon eagla bheith oraibh go mbéidh fearg ar Aengus chúghaibh mar tabharfad-sa cómhartha dhaoíbh chuige, cómhartha a shásóchaidh é.' Ansan do thug sí dhúinn an cómhartha so.” Ansan d'inis sé do'n Abb an méid adubhairt Íta i dtaobh. Cinreacha naomhtha agus níghe na gcos agus a dtriomú.' Níor bheag san. Ní dúbh- airt Aengus a thuile. Ghlac sé an chulaith Aifrinn agus isé a bhí go buidheach d' Íta mar gheall ar an mbrontanas do chur ag trial air. Bhí áthas mór i láthair Dé air nuair a thuig sé go raibh Íta ag níghe a chos agus 'ghá dtriomú' i dteanta Chinreacha an lá úd. Táid siad go léir thuas ameasg naomh Éirean anois.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services