CHUM ÁR LEASA.
ÍTA NAOMHTHA.
VI.
An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.
Bhí sagart ana naomhtha i gCluain
Mic Nóis an uair sin. Bhí fios a
naomhthachta ag Íta agus bhí árd uraim
aici dhó. Ba mhian léi, dá mb' fhéidir
é, Aifrean a déarfadh sé d'éisteacht
agus Corp Naomhtha an Tighearna do
ghlacadh as a láimh. Ba dheacair di
san a dhéanamh mar bhí Cluain Mic
Nóis ró fhada ó-thuaigh ó Sliabh Luachra
agus ní fhéadfadh sí imtheacht ó n-a
teighlach féin agus dul chómh fada san
ó bhaile. Tháinig lá áirighthe saoíre.
Tháinig an mian ana láidir 'n-a croídhe
Fuil agus Feóil an tSlánuightheóra do
ghlacadh an lá san a' láimh an tsagairt
sin i gCluain Mic Nóis. Bhí an mian
chómh láidir sin gur iar sí ar Dhia rud
éigin a dhéanamh di a chuirfadh ar a
cumas an mian do shásamh. Ar leagadh
na súl bhí sí istigh sa n-eaglais i
gCluain Mic Nóis, ar aghaidh na
h-áltórach, agus an sagart céadna
ar an altóir ag rádh an Aifrinn.
Nuair a tháinig an t-am chuige do
dhrid sí isteach chun na h-altórach agus
ghlac sí Fuil agus Feóil an tSlánuigh-
theóra a' láimh an tsagairt sin. Níor
thug aoinne fé ndeara í. Do críoch-
nuigheadh an t-Aifrean agus ar leagadh
na súl bhí sí sa bhaile i Sliabh Luachra
'n-a teighlach féin, agus níor mothuigheadh
imthighthe í an fhaid a bhí sí i gCluain
Mic Nóis.
Ansan do tháinig aingeal ag trial
ar dhuine des na manaigh i gCluain
Mic Nóis agus d'inis sé do'n mhanach
an mhírbhuilt a dhéin Dia d' Íta
naomhtha. Fear ana aosta ab eadh an
manach san. D'inis sé an sgéal do'n
tsagart san a dúbhairt an t-Aifrean
an lá san agus gur ghlac Íta an Corp
Naomhtha as a láimh. Do leath an
sgéal ar fuid an teighlaigh go léir i
gCluain Mic Nóis. Shocaruigh an
sagart agus raint de mhuíntir an
teighlaigh ar dul ó-dheas go Sliabh
Luachra chun Íta naomhtha dh'fheisgint
agus a beanacht a dh'fhághail. Ghluais-
íghdar chun bóthair. Bhí an bóthar fada.
Ar an slígh dhóibh d'imthigh tionóisg
éigin ar dhuine acu i dtreó gur chaíl
sé radharc a shúl. B' éigin do dhuine
eile acu breith ar láimh air agus é
ghiolacht an chuid eile de'n tslígh.
D'fhillfadh sé abhaile ach go raibh súil
aige go ndéanfadh Íta a radharc
fhághail airís ó Dhia dhó. Do tugadh
eólus ó Dhia d' Íta iad a bheith ag
teacht. D'inis sí d'á teighlach go
rabhdar ag teacht. Bhí gach aon nídh
olamh rómpa chómh maith agus dá
mbéidís tar éis sgéala chur rómpa.
Thánadar. Do glacadh iad go
fáilteach agus do cuireadh gach aon
chóir ortha. Lar na mháireach a bhí
chúgainn d'iar Íta ar an sagart a thug
Corp Naomhtha an Tighearna di i
gCluain Mic Nóis Aifrean do rádh
di 'n-a teighlach féin i Sliabh Luachra.
Dhéin sé mar a h-iaradh air. B'é toil
Dé gur tugadh radharc a shúl airís
do'n t-é gur imthigh an tionóisg air.
Nuair a bhí sagart Chluana Mic Nóis
agus a chualacht ag imtheacht dúbhairt
Íta leis gur mhaith léi féin agus le
n-a teighlach ban riaghalta go nglac-
fadh sé uatha mar bhrontanas an
chulaith Aifrinn a bhí uime nuair a
dúbhairt sé an t-Aifrean dóibh.
“Gaibh ár leathsgéal, a Íta, a 'nghean
ó,” ar seisean. “Nuair a bhímair ag
fágáilt an bhaile thug Aengus, Abb
Chluana Mic Nóis, foláramh daingean
dúinn gan aon nídh a ghlacadh uaibh-se
ach bhur nguídhe chun Dé ar ár son.”
“Tabharfad-sa cómhartha dhuit-se le
tabhairt d'Aengus,” ar sisi, “agus
nuair a thabharfir dó an cómhartha ní
bhéidh aon díombádh air chughaibh mar
gheall ar bhrontanas bheag a ghlacadh
uaim-se. Fiafhraigh dé an cuímhin leis
an lá a chuaidh sé go theighlach Chinrecha
Dercain agus conus mar a dh'iar Chin-
recha naomhtha air leogaint di a chosa
do níghe, agus gur leog. Do nigh Cin-
recha cosa Aengusa ansan agus do
thriomuigh sí iad le h-éadach. Chíon Dia
go rabhas-sa i n-aice le Cinrecha an
uair sin agus gur nígheas cosa
Aengusa n-a teanta agus go raibh mo
lámh-sa ar an éadach agus mé 'ghá
dtriomú' 'n-a teanta. Nuair a
neósfir-se an méid sin d'Aengus ní
bhéidh aon chur 'n-a choinnibh aige an
méid seo brontanais a ghlacadh uaim.”
Do glacadh an chulaith Aifrinn agus
do rugadh ó-thuaigh í go Chluain Mic
Nóis. Culaith ana shaidhbhir, ana órnáid-
each ab eadh í. Bhí díombádh ana mhór
ar Aengus nuair a chonaic sé an éide
áluinn shaidhbhir. “Ó faire, faire go
deó!” ar seisean. “Tá Íta agus
a teighlach creachta agaibh. Ba chirte
go mór brontanas cosdasamhail de'n
tsórd so do dhul uainne ag trial ortha
'ná é theacht uatha-san chughainne.
Caithfar aithríghe throm a chur oraibh toisg
nár dhéinbhúir mar adúbhradh libh.”
“Nuair a bhí Íta ag tabhairt an bhron-
tanais seo dhúinn, a Athair,” arsa an
sagart a fuair an chulaith Aifrinn,
“dhiúltuíghmair go seasamhach d'é
ghlacadh agus d'ínseamair di gur
tugadh órdú' ana dhian dúinn gan aon
níd a ghlacadh uaithi féin agus ó n-a
teighlach ach a nguídhe chun Dé ar ár son.
'Ní gá dhaoíbh,' arsa Íta, 'aon eagla
bheith oraibh go mbéidh fearg ar Aengus
chúghaibh mar tabharfad-sa cómhartha
dhaoíbh chuige, cómhartha a shásóchaidh é.'
Ansan do thug sí dhúinn an cómhartha
so.”
Ansan d'inis sé do'n Abb an méid
adubhairt Íta i dtaobh. Cinreacha
naomhtha agus níghe na gcos agus a
dtriomú.' Níor bheag san. Ní dúbh-
airt Aengus a thuile. Ghlac sé an
chulaith Aifrinn agus isé a bhí go
buidheach d' Íta mar gheall ar an
mbrontanas do chur ag trial air. Bhí
áthas mór i láthair Dé air nuair a thuig
sé go raibh Íta ag níghe a chos agus 'ghá
dtriomú' i dteanta Chinreacha an lá
úd.
Táid siad go léir thuas ameasg
naomh Éirean anois.