Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. V.
Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. V.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. ÍTA NAOMHTHA. V. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Tamal beag ó Chill Íta bhí teighlach eile ban riaghalta, i n-áit ar a dtugtí Direo Chuisgrigh. Ní'l deimhne fós ar an áit ar a raibh an ainim sin an uair sin, ach meastar gur b'amhlaidh a cuir- eadh suas an teighlach sa n-áit nuair a bhí an iomad ban óg tagaithe go Cill Íta agus an teighlach ró lán agus nár bh'fholáir teighlach eile dh'fhaghail do chuid acu chun dul chun cómhnuighthe ann. Bhíodar 'n-a gcómhnuighe ann ar aon chuma agus máthair áil os a gcionn, agus ise agus iadsan fé chómhairle agus fé stiúrú' Íta. Taisbeánan an nídh seo atá le h-ínsint anois go raibh ar na riaghalta a bhí ortha an riaghail seo, ná raibh ceadaithe d'aon mhnaoi riaghalta acu aon phioc maoine 'ná saidhbhris a bheith aici i dtreó go bhféad- fadh sí a rádh gur bh'é a cuid féin é ach go raibh gach nídh i bhfuirim saidh- bhris coitchian acu. Bhí nídh éigin luachmhar sa teighlach agus do guideadh é. Ní raibh aoinne chun é ghuid ach duine éigin acu féin 'á thógaint agus 'á chur chúichi chun é chimeád. Tháinig ana bhuairt ar na mnáibh riaghalta eile nuair a fuaradar go raibh duine ar a measg a dhéan- fadh a leithéid sin, mar bhí fhios acu nár bh'fhéidir di é dhéanamh gan an riaghail a bhrise agus peacadh trom a dhéanamh. Bhí aithne mhaith acu ar a chéile agus taithíghe maith acu ar mheón agus ar aigne a chéile, agus ba dhea- cair d'aoinne acu gníomh de'n tsórd san a dhéanamh gan tuairim láidir a bheith ag an gcuid eile cé r' bh'í. Bhí an tuairim sin acu. Ar an gcuma gcéadna ba dheacair do'n t-é a dhéan- fadh gníomh de'n tsórd gan a fhios a bheith aici go maith cia cu bhí an t-amhras uirthi nú ná raibh. Idir an dá nídh sin bhí an sgéal go buartha agus go duairc agus go neamhcharthanach sa teighlach
san ar feadh tamail. Fé dheire b' éigean dóibh go léir dul go Cill Íta agus a iaraidh ar Íta Naomhtha an sgéal a shocarú' dhóibh, a dhéanamh amach, dá mb'fhéidir é, cé dhéin an ghadaidheacht agus gan iad fhágáilt a thuile i gcon- tabhairt éagcóra dhéanamh le droch amhras ar dhuine, b'fhéidir, nár dhéin an gníomh i n-aon chor, agus i gcontabh- airt aimhleasa a n-anama dhéanamh ag fanmhaint i n-aon tigh le duine a dhéan- fadh a leithéid de gníomh. Ní raibh aon mhearathal 'ná gur dhuine éigin acu féin a dhéin é. Thug an mháthair áil a bhí os a gcionn féin i láthair a chéile iad agus chuir sí an cheist lom díreach chun gach duine acu sa tímpal: “Ar dhéinis é? Inis an fhírinne!” D'fhreagair gach duine acu, go socair stuama: “Níor dhéineas, a Mháthair.” Ba léir ansan go raibh éitheach ana mhór, ana dhána, ag duine éigin 'á ínsint. Ní h-aon droch nídh amháin a bhí dhéanta ansan ach dá dhroch nídh, gadaidheacht agus éitheach, agus duine acú féin tar éis an dá dhroch nídh a dhéanamh. Thánadar go Cill Íta gan a thuile righnis. Thánadar i láthair Íta féin i n-aonfheacht. “Tar chúgam anso,” arsa Íta le gach duine acu, “agus tabhair dhom do phóg.” Thánadar go léir, 'n-a nduine 's 'n-a nduine, ach amháin an cailín go raibh an droch amhras uirthi, agus pógadar Íta. D'fheuch Íta ar an gcailín a dh'fhan siar. “Tar chúgham aleith, a chailín,” ar sise, “agus tabhair do phóg dom. Pé duine a dhéin an gníomh so ní tusa a dhéin!” Tháinig an cailín láithreach agus do phóg sí Íta agus ghaibh sí a buidhchas go dúrthachtach le Dia agus le h-Íta mar gheall ar í ghlanadh ar an gcuma san ó'n ndroch ghníomh a cuireadh 'n-a leith agus gan í ciontach ann. Bhí náire a ndóithin ar an gcuid eile mar gheall ar an éagcóir a dhéineadar ar an gcailín sin leis an ndroch amhras. Shocaruighdar 'n-a n-aigne ná tabhar- fidís droch amhras choídhche airís ar aon duine, agus ná cuirfidís droch ghníomh i leith aon duine mura bhfeicfidís ag déanamh an ghnímh é. D'iaradar ar an gcailín an éagcóir sin a mhaitheamh dóibh agus ghealladar nár bhaoghal go ndéan- fidís a leithéid airís. Bhí gach aon rud socair ansan chómh fada agus chuaidh an droch amhras agus an éagcóir a déineadh mar gheall air, ach bhí sgéal na gadaídheachta chómh fada ó shocarú' agus bhí sé riamh. D'fhiafraigh- dar d'Íta cé dhéin an ghadaídheacht. “Inis dúinn ce 'cu againn a dhéin an ghadaidheacht, a Íta,” ar siad. “Ní féidir dúinn rath 'ná grásta ó Dhia a bheith orainn an fhaid a bhéidh sí sa tigh againn.” “Do cuireadh pionós uirthi cheana,” arsa Íta, “mar gheall ar riaghail éigin eile a bhris sí. An rud so a ghuid sí an uair seo, tá sé i bhfolach aici i n-a leithéid seo dh'áit (agus d'inis sí an áit dóibh). Gheabhaidh sibh ann é. Ní gá daoíbh a thuile dh'á duagh dh'fhághail. Ní fhanfidh sí agaibh abhfad. Imtheóchaidh sí uaibh agus déanfidh sí a h-aimhleas, mo thruagh í! Is feara dhaoíbh-se gan aon lámh a chur inti: gan í dhíbirt; leogaint di imtheacht uaithi féin. Déanfidh sí a h-aimhleas, ach ná bíodh sé le rádh aici 'n-a dhiagh san gur thugbhúir-se aon chongnamh dí chun an aimhleasa san a dhéanamh, gur chomáinbhúir chuige í. Déinigh foidhneamh léi agus cuirigh bhúr nguidhe chun Dé ar a son 'ghá iaraidh ar Dhia, má 'sé a thoil naomhtha é, í chosaint ar na crosaibh atá roímpi, nú mura féidir é sin a dhéanamh toisg í bheith chómh claon, í thabhairt saor sa deire ó gach iarsma peaca. Cá bhfuil an duine ná déanfadh aimhleas anama dhó féin mura mbéadh grásta Dé! Ní féidir d'aoinne labhairt go teann. Ní'l dul saor ach ag fíor úmhluigheacht.” Chuadar go léir abhaile chun a dteigh- laigh féin, agus bíodh go raibh fhios acu go raibh ar a measg fós an bhean a dhéin an ghadaidheacht agus ná raibh fhios acu cé r' bh'í, is ag guidhe chun Dé a bhíodar ar a son i n-inead bheith i bhfeirg chúichi. Bhíodar go léir úmhal go maith mar do thuigeadar truime na h-éagcóra a dhéineadar ar an gcailín go raibh an droch amhras acu uirthi. Níor chuid ba lúgha 'ná a fhonn a bhí ortha teacht i láthair an chailín sin agus a admháil go macánta gur mheasa an gníomh a dhéineadar féin leis an ndroch amhras 'ná an gníomh a dhéin an gad- aídhe, pé r' bh' í féin. Thuigeadar 'n-a n-aigne nár bheag dóibh de ghnó bheith 'ghá iaraidh ar Dhia an éagcóir sin a mhaith- eamh dóibh, agus gan bac do bheith ag caitheamh a thuile tuairimí ar cé dhéin an ghadaídheacht. Do fuaradh an rud a guideadh, sa n-áit adúbhairt Íta. Níor bh'fhada gur imthigh an gadaídhe. Níor bh'fhada gur dhéin sí aimhleas ba mheasa 'ná an ghadaídheacht. Ach tar éis morán aimsire tháinig sí thar n-ais ag trial ar Íta, agus dhéin sí aithríghe go h-úmhal agus go fírinneach. Gan amhras bhí Íta ag guidhe go cruaidh chun Dé ar a son an fhaid a bhí sí ar fán, agus isé guídhe Íta a thug thar n-ais í.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services