Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chum ár leasa. Íta Naomhtha. V.

Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. V.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CHUM ÁR LEASA.



ÍTA NAOMHTHA.



V.



An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.



Tamal beag ó Chill Íta bhí teighlach
eile ban riaghalta, i n-áit ar a dtugtí
Direo Chuisgrigh. Ní'l deimhne fós ar
an áit ar a raibh an ainim sin an uair
sin, ach meastar gur b'amhlaidh a cuir-
eadh suas an teighlach sa n-áit nuair a
bhí an iomad ban óg tagaithe go Cill
Íta agus an teighlach ró lán agus nár
bh'fholáir teighlach eile dh'fhaghail do
chuid acu chun dul chun cómhnuighthe ann.
Bhíodar 'n-a gcómhnuighe ann ar aon
chuma agus máthair áil os a gcionn,
agus ise agus iadsan fé chómhairle
agus fé stiúrú' Íta. Taisbeánan an
nídh seo atá le h-ínsint anois go raibh
ar na riaghalta a bhí ortha an riaghail
seo, ná raibh ceadaithe d'aon mhnaoi
riaghalta acu aon phioc maoine 'ná
saidhbhris a bheith aici i dtreó go bhféad-
fadh sí a rádh gur bh'é a cuid féin é
ach go raibh gach nídh i bhfuirim saidh-
bhris coitchian acu.



Bhí nídh éigin luachmhar sa teighlach
agus do guideadh é. Ní raibh aoinne
chun é ghuid ach duine éigin acu féin 'á
thógaint agus 'á chur chúichi chun é
chimeád. Tháinig ana bhuairt ar na
mnáibh riaghalta eile nuair a fuaradar
go raibh duine ar a measg a dhéan-
fadh a leithéid sin, mar bhí fhios acu
nár bh'fhéidir di é dhéanamh gan an
riaghail a bhrise agus peacadh trom a
dhéanamh. Bhí aithne mhaith acu ar a
chéile agus taithíghe maith acu ar mheón
agus ar aigne a chéile, agus ba dhea-
cair d'aoinne acu gníomh de'n tsórd
san a dhéanamh gan tuairim láidir a
bheith ag an gcuid eile cé r' bh'í. Bhí
an tuairim sin acu. Ar an gcuma
gcéadna ba dheacair do'n t-é a dhéan-
fadh gníomh de'n tsórd gan a fhios a
bheith aici go maith cia cu bhí an t-amhras
uirthi nú ná raibh. Idir an dá nídh sin
bhí an sgéal go buartha agus go duairc
agus go neamhcharthanach sa teighlach


L. 647


san ar feadh tamail. Fé dheire b'
éigean dóibh go léir dul go Cill Íta
agus a iaraidh ar Íta Naomhtha an sgéal
a shocarú' dhóibh, a dhéanamh amach, dá
mb'fhéidir é, cé dhéin an ghadaidheacht
agus gan iad fhágáilt a thuile i gcon-
tabhairt éagcóra dhéanamh le droch
amhras ar dhuine, b'fhéidir, nár dhéin an
gníomh i n-aon chor, agus i gcontabh-
airt aimhleasa a n-anama dhéanamh ag
fanmhaint i n-aon tigh le duine a dhéan-
fadh a leithéid de gníomh. Ní raibh aon
mhearathal 'ná gur dhuine éigin acu féin
a dhéin é. Thug an mháthair áil a bhí os a
gcionn féin i láthair a chéile iad agus
chuir sí an cheist lom díreach chun gach
duine acu sa tímpal: “Ar dhéinis é?
Inis an fhírinne!” D'fhreagair gach
duine acu, go socair stuama: “Níor
dhéineas, a Mháthair.” Ba léir ansan
go raibh éitheach ana mhór, ana dhána, ag
duine éigin 'á ínsint. Ní h-aon droch
nídh amháin a bhí dhéanta ansan ach dá
dhroch nídh, gadaidheacht agus éitheach,
agus duine acú féin tar éis an dá
dhroch nídh a dhéanamh. Thánadar go Cill
Íta gan a thuile righnis. Thánadar i
láthair Íta féin i n-aonfheacht.



“Tar chúgam anso,” arsa Íta le
gach duine acu, “agus tabhair dhom do
phóg.” Thánadar go léir, 'n-a nduine 's
'n-a nduine, ach amháin an cailín go raibh
an droch amhras uirthi, agus pógadar
Íta. D'fheuch Íta ar an gcailín a dh'fhan
siar. “Tar chúgham aleith, a chailín,”
ar sise, “agus tabhair do phóg dom.
Pé duine a dhéin an gníomh so ní tusa
a dhéin!” Tháinig an cailín láithreach
agus do phóg sí Íta agus ghaibh sí a
buidhchas go dúrthachtach le Dia agus le
h-Íta mar gheall ar í ghlanadh ar an
gcuma san ó'n ndroch ghníomh a cuireadh
'n-a leith agus gan í ciontach ann. Bhí
náire a ndóithin ar an gcuid eile mar
gheall ar an éagcóir a dhéineadar ar
an gcailín sin leis an ndroch amhras.
Shocaruighdar 'n-a n-aigne ná tabhar-
fidís droch amhras choídhche airís ar aon
duine, agus ná cuirfidís droch ghníomh
i leith aon duine mura bhfeicfidís ag
déanamh an ghnímh é. D'iaradar ar an
gcailín an éagcóir sin a mhaitheamh dóibh
agus ghealladar nár bhaoghal go ndéan-
fidís a leithéid airís.



Bhí gach aon rud socair ansan chómh
fada agus chuaidh an droch amhras agus
an éagcóir a déineadh mar gheall air,
ach bhí sgéal na gadaídheachta chómh fada
ó shocarú' agus bhí sé riamh. D'fhiafraigh-
dar d'Íta cé dhéin an ghadaídheacht.



“Inis dúinn ce 'cu againn a dhéin
an ghadaidheacht, a Íta,” ar siad. “Ní
féidir dúinn rath 'ná grásta ó Dhia a
bheith orainn an fhaid a bhéidh sí sa tigh
againn.”



“Do cuireadh pionós uirthi cheana,”
arsa Íta, “mar gheall ar riaghail éigin
eile a bhris sí. An rud so a ghuid sí
an uair seo, tá sé i bhfolach aici i n-a
leithéid seo dh'áit (agus d'inis sí an
áit dóibh). Gheabhaidh sibh ann é. Ní gá
daoíbh a thuile dh'á duagh dh'fhághail. Ní
fhanfidh sí agaibh abhfad. Imtheóchaidh sí
uaibh agus déanfidh sí a h-aimhleas, mo
thruagh í! Is feara dhaoíbh-se gan aon
lámh a chur inti: gan í dhíbirt; leogaint
di imtheacht uaithi féin. Déanfidh sí a
h-aimhleas, ach ná bíodh sé le rádh aici
'n-a dhiagh san gur thugbhúir-se aon
chongnamh dí chun an aimhleasa san a
dhéanamh, gur chomáinbhúir chuige í.
Déinigh foidhneamh léi agus cuirigh bhúr
nguidhe chun Dé ar a son 'ghá iaraidh ar
Dhia, má 'sé a thoil naomhtha é, í chosaint
ar na crosaibh atá roímpi, nú mura
féidir é sin a dhéanamh toisg í bheith
chómh claon, í thabhairt saor sa deire
ó gach iarsma peaca. Cá bhfuil an
duine ná déanfadh aimhleas anama dhó
féin mura mbéadh grásta Dé! Ní
féidir d'aoinne labhairt go teann.
Ní'l dul saor ach ag fíor úmhluigheacht.”



Chuadar go léir abhaile chun a dteigh-
laigh féin, agus bíodh go raibh fhios acu
go raibh ar a measg fós an bhean a
dhéin an ghadaidheacht agus ná raibh
fhios acu cé r' bh'í, is ag guidhe chun Dé
a bhíodar ar a son i n-inead bheith i
bhfeirg chúichi. Bhíodar go léir úmhal go
maith mar do thuigeadar truime na
h-éagcóra a dhéineadar ar an gcailín
go raibh an droch amhras acu uirthi.
Níor chuid ba lúgha 'ná a fhonn a bhí
ortha teacht i láthair an chailín sin agus
a admháil go macánta gur mheasa an
gníomh a dhéineadar féin leis an ndroch
amhras 'ná an gníomh a dhéin an gad-
aídhe, pé r' bh' í féin. Thuigeadar 'n-a
n-aigne nár bheag dóibh de ghnó bheith 'ghá
iaraidh ar Dhia an éagcóir sin a mhaith-
eamh dóibh, agus gan bac do bheith ag
caitheamh a thuile tuairimí ar cé dhéin
an ghadaídheacht. Do fuaradh an rud
a guideadh, sa n-áit adúbhairt Íta.



Níor bh'fhada gur imthigh an gadaídhe.
Níor bh'fhada gur dhéin sí aimhleas ba
mheasa 'ná an ghadaídheacht. Ach tar
éis morán aimsire tháinig sí thar n-ais
ag trial ar Íta, agus dhéin sí aithríghe
go h-úmhal agus go fírinneach. Gan
amhras bhí Íta ag guidhe go cruaidh chun
Dé ar a son an fhaid a bhí sí ar fán,
agus isé guídhe Íta a thug thar n-ais í.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services