Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. IV.
Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. IV.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. ÍTA NAOMHTHA IV. An t- ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Bhí drifiúr ag Íta. Nessa ab ainim di. Cailín ana dhathamhail ab eadh í. Tháinig sí ó thír na nDeíseach i n-aon- fheacht le h-Íta agus bhí sí n-a cómhnuighe i dteanta Íta agus na mban riaghalta eile, sa chonbhint i gCill Íta. Bhí sí ag cuímhneamh ar í féin a chur fé oibliogáid na beatha riaghalta sa chonbhint sin i dteanta a drifeur, ach bhí an drifiúr 'á cur dé, 'á chómhairliu' dhi ríghneas a dhéanamh, aimsir a thóg- aint, feitheamh chun go mbeifí deimh- nightheach gur bh' é sin toil Dé. Le n-a linn sin do tháinig adtuaigh ó Chonachtaibh go Corca Baoíscine i n-Uíbh Chonail, saor uasal, eólgaiseach dár bh' ainim Beóán. B'éigean dó imtheacht as a thír dúchais mar gheall ar éugcóir éigin a déineadh air. Bhí sé i dtusach a óige, gan ach a cheárd agus a chuid saor ealaidhin foglumtha aige nuair ab éigean dó gluaiseacht. Nuair a tháinig sé go Sliabh Luachra do thárla go raibh obair éigin le déanamh i dtigh nua na mban riaghalta i gCill Íta agus na raibh aoinne sa cómharsanacht a bhí ealadhanda a dhóithin chun na h-oibre. Do tráchtadh ar an bhfear óg a tháinig adtuaigh ó Chonachtaibh agus ar an eólus thar bár a bhí aige i ngach saghas gnótha a bhain le h-órnáid saoírseachta, i gcloich nú i n-adhmad. Do cuireadh fios air chun tíghe na mban riaghalta. Tháinig sé. Dhéin sé an obair agus do thaithn an obair go mór le h-Íta agus leis na mnáibh riaghalta agus le gach aoinne. Ach do thuit nídh eile amach. Do chonaic Beóán an cailín áluinn, Nessa, agus ní túisge chonaic sé í 'ná mar a líon a chroídhe le grádh dhí. Bhí fhios aige ná raibh aon cheangal uirthi mar ní raibh an brat uirthi a bhéadh uirthi dá mbéadh an ceangal uirthi. D'inis sé dhí féin agus d' Íta conus a bhí an sgéal aige, agus nár bh' fhéidir dó maireachtaint beó mura bhfaghadh sé Nessa le pósadh. Bhí Nessa idir dhá chómhairle agus ní fheidir sí cad ba cheart di a dhéanamh. Ba mhaith léi béith 'n-a mnaoí riaghalta dá mb'é toil Dé é. Bhí grádh aici do Bheóán, chómh maith agus bhí aige di, ach bhí eagal uirthi go mb'fhéidir ná béadh sé ceart aici géile do'n ghrádh san. Dúbhairt Íta léi nár cheap Dia í chun bheith 'n-a mnaoí riagh- alta, ach gur i gcuíng phósta a cheap sé dhi bheith, agus gur bh'é Beóán an céile a bhí ceapaithe ag Dia dhi, agus gur chuige sin a thug Dia adtuaigh ar fad é ó n-a mhuíntir agus ó n-a dhúthaigh, chun é thabhairt d'isi mar chéile. Bhí Nessa sásta. Do pósadh an lánmha. Bhí Íta coitchianta, as san amach, ag cur a guídhe suas chun Dé 'á
iaraidh ar Dhia an rath a chur ar an lánmhain. Do chuir. Bhí mac acu nuair a tháinig an t-am chuige. Mochaomhóg a thugadar mar ainim ar an mac. Tá aithne mhaith ar an ainim sin riamh ó shin ameasg ainimneacha naomh Éirean. Naomh ab eadh é féin agus naomh ab eadh a mháthair, Nessa. Tá a h-ainim ameasg naomh Éirean chómh maith le h-ainim a mic. Is iongantach na tabh- arthaistí a bhronn Dia ar Éirinn agus ar Ghaedhlaibh sa n-aimsir sin! Tháinig, lá, ag trial ar Íta, fear a bhí ana shaidhbhir. Thuig sé i n'aigne nár bh'fhéidir dó úsáid níob fheár a dheánamh de chuid de'n tsaidhbhreas a bhí aige 'ná é thabhairt d'Íta mar chongnamh chun an teighlaigh a choimeád suas. Bhí tairbhthe mór, tairbhthe nár bh'fhéidir a mhéid do mheas, aici féin agus agá mbnáibh riagh- alta 'á dhéanamh sa n-áit. B'é ba lúgha ba ghann, dar leis, do dhaoine saidhbhre na h-áite congnamh cothuighthe thabhairt dóibh. Thug sé leis suím mór airgid chun é bronadh ar Íta. Ní ghlacfadh sí uaidh é. Chuir sí an dá láimh leis agus do dhruid sí uaithí amach é. Ansan do ghlaoidh sí ar chailín agus dúbh- airt sí léi árthach uisge thabhairt chúichi agus do nigh sí a lámha, 'á chur i gcéil gur shailigh an t-airgead iad mar gheall ar iad a bhaint leis i n-aon chor. Do thuig an fear brígh an ghnímh. Do labhair sé. “Inis an méid seo dham, a Íta,” ar seisean. “Cé 'cu is cirte airgead a thabhairt do dhaoíne dealbha a bhéadh 'n-a gháthar, nú é thabhairt do daoíne saidhbhre ná béadh aon ghá acu leis?” “Oirean sé do gach taobh acu,” ar sisi, “dos na daoíne saidhbhre i dtreó go bféadfidís maireachtaint do réir a n-uaisleachta, agus do dhaoíne dealbha i dtreó go bhféadfidís tairbhthe dhéanamh d'á n-anam.” “Ach cuir i gcás ná fuil oiread agam dé agus go bhféadfinn é bhronadh ar gach taobh acu, cé dhó go dtabharfad é?” ar seisean. “Isé Dia a thug duité,” ar sisi. “D'fhág Dia ar do chumas é chaitheamh le baoís agus le h-aer an t-saoghail nú é thabhairt thar n-ais dó féin. Má thugan tú tar n-ais dó féin é tabharfidh sé an bheatha shíoruidhe dhuit air. Ach an t-é choimeádfidh greim ar shaidhbhreas legrádh do'n tsaidhbhreas saileófar a lámha.” “Nuair ná glacfá an t-airgead uaim, a Íta,” ar seisean, “tabhair do bheanacht dom!” Fuair sé an bheanacht agus d'imthigh sé, agus bhí machtnamh 'n-a chroídhe ag imtheacht dó ná raibh ann ag teacht dó. Ag teacht dó, ba mhór le rádh, dar leis, an saidhbhreas. Ag imtheacht dó, rud, dar leis, ab eadh saidhbhreas ná saileóch' Íta a lámha leis, biodh go raibh sí féin agus a teighlach bhan riaghalta dealbh go leór. Bhí caradas dlúth idir Bhreanán Cluana Fearta agus Íta naomhtha. Isí a chuir i dtreó a chod' léighinn fhághail é. D'fhiafraigh sé dhi, lá, cad iad na trí neithe is feár a thithn le Dia. “Tá,” ar sisi, “do thoil a chur le toil Dé, ó chroidhe ghlan. Siné an chéad nídh acu Beatha dhíreach, fé riaghail, Siné an tarna nídh. Grádh an chroidhe mhóir do Dhia agus do'n chómharsain. Siniad na trí neithe is feár a thaith- nean le Dia.” Ansan d'fhiafraigh sé dhi cad iad na trí neithe ba lúgha ar Dhia. “Tá,” ar sisi “gnúis i n-a bhfuil fhuath do dhaoíne, croídhe tugta d'an- mhiantaibh, agus dúil shantach i saidhbh- reas. Sin trí neithe n-a bhfuil guath ag Dia dhóíbh.” Do thuig Breanán agus an mhuíntir a bhí i n'fhochair brígh na cainte sin go maith agus fírinne na cainte, agus thugadar moladh agus glóire agus onóir do Dhia a thug tuisgint chómh doimhinn sin d' Íta. Ba bhéus le h-Íta go minic imtheacht i n-áit éigin uaigneach agus fanmhaint ann ar feadh mórán aimsire ag dlúth mhachtnamh i láthair Dé. Ar fhírinnibh diamhara na Tríonóide ró Naomhtha iseadh ba mhó a dhéineadh sí an dlúth mhachtnamh i láthair Dé. Ar fhírinnibh diamhara na Tríonóide ró Naomhtha iseadh b mhó a dhéineadh sí an dlúth mhachtnamh san Bhí duine des na mnáibh riaghalta agus thainig mian mór aici Íta a dh'fheisgint nuair a bhéadh sí sa dlúth mhachtnamh Lá d'á bhfeacaidh sí Íta ag dul isteach sa n-áit uaigneach do lean sí í, tar éis
tamail bhig. D'éuluigh sí isteach go dtí go raibh radharc aici uirthi. Do chonaic sí radharc nár sgar a chuimhne léi an chuid eile dh'á saoghal. Chonaic sí Íta sa dlút mhachtnamh agus chonaic sí os cionn a cinn trí liarthóidí soluis agus gach liarthóid acu ag taithneamh mar a bhéadh an ghrian lá samhraidh. Tháinig sganra uirthi agus d'imthigh sí láithreach. Ach do thuig sí 'n-a h-aigne gur chialuigh na trí liarthóidí trí pear- sana na Tríonóide ar a raibh Íta ag machtnamh an uair chéadna. Is dána an t-éadan nách foláir a bheith ar an bhfear a cheapfadh a bhreitheamhantas féin do leagadh anois ar mhéid, nú ar luighead, nú ar nádúr an eoluis a thugadh anTríonóid ró Naomhta d'Íta an uair sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services