CHUM ÁR LEASA.
ÍTA NAOMHTHA
IV.
An t- ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.
Bhí drifiúr ag Íta. Nessa ab ainim
di. Cailín ana dhathamhail ab eadh í.
Tháinig sí ó thír na nDeíseach i n-aon-
fheacht le h-Íta agus bhí sí n-a cómhnuighe
i dteanta Íta agus na mban riaghalta
eile, sa chonbhint i gCill Íta. Bhí sí
ag cuímhneamh ar í féin a chur fé
oibliogáid na beatha riaghalta sa
chonbhint sin i dteanta a drifeur, ach
bhí an drifiúr 'á cur dé, 'á chómhairliu'
dhi ríghneas a dhéanamh, aimsir a thóg-
aint, feitheamh chun go mbeifí deimh-
nightheach gur bh' é sin toil Dé.
Le n-a linn sin do tháinig adtuaigh ó
Chonachtaibh go Corca Baoíscine i n-Uíbh
Chonail, saor uasal, eólgaiseach dár bh'
ainim Beóán. B'éigean dó imtheacht
as a thír dúchais mar gheall ar éugcóir
éigin a déineadh air. Bhí sé i dtusach
a óige, gan ach a cheárd agus a chuid
saor ealaidhin foglumtha aige nuair ab
éigean dó gluaiseacht. Nuair a
tháinig sé go Sliabh Luachra do thárla
go raibh obair éigin le déanamh i dtigh
nua na mban riaghalta i gCill Íta agus
na raibh aoinne sa cómharsanacht a bhí
ealadhanda a dhóithin chun na h-oibre.
Do tráchtadh ar an bhfear óg a tháinig
adtuaigh ó Chonachtaibh agus ar an
eólus thar bár a bhí aige i ngach saghas
gnótha a bhain le h-órnáid saoírseachta,
i gcloich nú i n-adhmad. Do cuireadh
fios air chun tíghe na mban riaghalta.
Tháinig sé. Dhéin sé an obair agus do
thaithn an obair go mór le h-Íta agus
leis na mnáibh riaghalta agus le gach
aoinne.
Ach do thuit nídh eile amach. Do
chonaic Beóán an cailín áluinn, Nessa,
agus ní túisge chonaic sé í 'ná mar a
líon a chroídhe le grádh dhí. Bhí fhios
aige ná raibh aon cheangal uirthi mar ní
raibh an brat uirthi a bhéadh uirthi dá
mbéadh an ceangal uirthi. D'inis sé
dhí féin agus d' Íta conus a bhí an
sgéal aige, agus nár bh' fhéidir dó
maireachtaint beó mura bhfaghadh sé
Nessa le pósadh. Bhí Nessa idir dhá
chómhairle agus ní fheidir sí cad ba
cheart di a dhéanamh. Ba mhaith léi béith
'n-a mnaoí riaghalta dá mb'é toil Dé
é. Bhí grádh aici do Bheóán, chómh maith
agus bhí aige di, ach bhí eagal uirthi go
mb'fhéidir ná béadh sé ceart aici géile
do'n ghrádh san. Dúbhairt Íta léi nár
cheap Dia í chun bheith 'n-a mnaoí riagh-
alta, ach gur i gcuíng phósta a cheap sé
dhi bheith, agus gur bh'é Beóán an céile
a bhí ceapaithe ag Dia dhi, agus gur
chuige sin a thug Dia adtuaigh ar fad é
ó n-a mhuíntir agus ó n-a dhúthaigh, chun
é thabhairt d'isi mar chéile.
Bhí Nessa sásta. Do pósadh an
lánmha. Bhí Íta coitchianta, as san
amach, ag cur a guídhe suas chun Dé 'á
iaraidh ar Dhia an rath a chur ar an
lánmhain. Do chuir. Bhí mac acu nuair
a tháinig an t-am chuige. Mochaomhóg
a thugadar mar ainim ar an mac. Tá
aithne mhaith ar an ainim sin riamh ó shin
ameasg ainimneacha naomh Éirean.
Naomh ab eadh é féin agus naomh ab
eadh a mháthair, Nessa. Tá a h-ainim
ameasg naomh Éirean chómh maith le
h-ainim a mic. Is iongantach na tabh-
arthaistí a bhronn Dia ar Éirinn agus
ar Ghaedhlaibh sa n-aimsir sin!
Tháinig, lá, ag trial ar Íta, fear a
bhí ana shaidhbhir. Thuig sé i n'aigne nár
bh'fhéidir dó úsáid níob fheár a dheánamh
de chuid de'n tsaidhbhreas a bhí aige 'ná
é thabhairt d'Íta mar chongnamh chun an
teighlaigh a choimeád suas. Bhí tairbhthe
mór, tairbhthe nár bh'fhéidir a mhéid do
mheas, aici féin agus agá mbnáibh riagh-
alta 'á dhéanamh sa n-áit. B'é ba lúgha
ba ghann, dar leis, do dhaoine saidhbhre
na h-áite congnamh cothuighthe thabhairt
dóibh. Thug sé leis suím mór airgid
chun é bronadh ar Íta. Ní ghlacfadh sí
uaidh é. Chuir sí an dá láimh leis
agus do dhruid sí uaithí amach é. Ansan
do ghlaoidh sí ar chailín agus dúbh-
airt sí léi árthach uisge thabhairt
chúichi agus do nigh sí a lámha, 'á chur
i gcéil gur shailigh an t-airgead iad
mar gheall ar iad a bhaint leis i n-aon
chor. Do thuig an fear brígh an ghnímh.
Do labhair sé.
“Inis an méid seo dham, a Íta,” ar
seisean. “Cé 'cu is cirte airgead a
thabhairt do dhaoíne dealbha a bhéadh
'n-a gháthar, nú é thabhairt do daoíne
saidhbhre ná béadh aon ghá acu leis?”
“Oirean sé do gach taobh acu,” ar
sisi, “dos na daoíne saidhbhre i dtreó
go bféadfidís maireachtaint do réir
a n-uaisleachta, agus do dhaoíne
dealbha i dtreó go bhféadfidís tairbhthe
dhéanamh d'á n-anam.”
“Ach cuir i gcás ná fuil oiread
agam dé agus go bhféadfinn é
bhronadh ar gach taobh acu, cé dhó go
dtabharfad é?” ar seisean.
“Isé Dia a thug duité,” ar sisi.
“D'fhág Dia ar do chumas é chaitheamh
le baoís agus le h-aer an t-saoghail nú
é thabhairt thar n-ais dó féin. Má thugan
tú tar n-ais dó féin é tabharfidh sé
an bheatha shíoruidhe dhuit air. Ach an
t-é choimeádfidh greim ar shaidhbhreas
legrádh do'n tsaidhbhreas saileófar a
lámha.”
“Nuair ná glacfá an t-airgead
uaim, a Íta,” ar seisean, “tabhair do
bheanacht dom!”
Fuair sé an bheanacht agus d'imthigh
sé, agus bhí machtnamh 'n-a chroídhe ag
imtheacht dó ná raibh ann ag teacht dó.
Ag teacht dó, ba mhór le rádh, dar
leis, an saidhbhreas. Ag imtheacht dó,
rud, dar leis, ab eadh saidhbhreas ná
saileóch' Íta a lámha leis, biodh go raibh
sí féin agus a teighlach bhan riaghalta
dealbh go leór.
Bhí caradas dlúth idir Bhreanán
Cluana Fearta agus Íta naomhtha. Isí
a chuir i dtreó a chod' léighinn fhághail
é. D'fhiafraigh sé dhi, lá, cad iad na
trí neithe is feár a thithn le Dia.
“Tá,” ar sisi, “do thoil a chur le toil
Dé, ó chroidhe ghlan. Siné an chéad
nídh acu Beatha dhíreach, fé riaghail,
Siné an tarna nídh. Grádh an chroidhe
mhóir do Dhia agus do'n chómharsain.
Siniad na trí neithe is feár a thaith-
nean le Dia.”
Ansan d'fhiafraigh sé dhi cad iad na
trí neithe ba lúgha ar Dhia.
“Tá,” ar sisi “gnúis i n-a bhfuil
fhuath do dhaoíne, croídhe tugta d'an-
mhiantaibh, agus dúil shantach i saidhbh-
reas. Sin trí neithe n-a bhfuil guath
ag Dia dhóíbh.”
Do thuig Breanán agus an mhuíntir
a bhí i n'fhochair brígh na cainte sin go
maith agus fírinne na cainte, agus
thugadar moladh agus glóire agus
onóir do Dhia a thug tuisgint chómh
doimhinn sin d' Íta.
Ba bhéus le h-Íta go minic imtheacht
i n-áit éigin uaigneach agus fanmhaint
ann ar feadh mórán aimsire ag dlúth
mhachtnamh i láthair Dé. Ar fhírinnibh
diamhara na Tríonóide ró Naomhtha
iseadh ba mhó a dhéineadh sí an dlúth
mhachtnamh i láthair Dé. Ar fhírinnibh
diamhara na Tríonóide ró Naomhtha
iseadh b mhó a dhéineadh sí an dlúth
mhachtnamh san Bhí duine des na
mnáibh riaghalta agus thainig mian
mór aici Íta a dh'fheisgint nuair a
bhéadh sí sa dlúth mhachtnamh Lá d'á
bhfeacaidh sí Íta ag dul isteach sa
n-áit uaigneach do lean sí í, tar éis
tamail bhig. D'éuluigh sí isteach go
dtí go raibh radharc aici uirthi. Do
chonaic sí radharc nár sgar a chuimhne
léi an chuid eile dh'á saoghal. Chonaic
sí Íta sa dlút mhachtnamh agus chonaic
sí os cionn a cinn trí liarthóidí soluis
agus gach liarthóid acu ag taithneamh
mar a bhéadh an ghrian lá samhraidh.
Tháinig sganra uirthi agus d'imthigh sí
láithreach. Ach do thuig sí 'n-a h-aigne
gur chialuigh na trí liarthóidí trí pear-
sana na Tríonóide ar a raibh Íta ag
machtnamh an uair chéadna.
Is dána an t-éadan nách foláir a
bheith ar an bhfear a cheapfadh a
bhreitheamhantas féin do leagadh anois
ar mhéid, nú ar luighead, nú ar nádúr
an eoluis a thugadh anTríonóid ró
Naomhta d'Íta an uair sin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11