Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. III.
Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. III.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. ÍTA NAOMHTHA III. An t-Athair Peadar Ua Laoghaire do sgríobh. Nuair a bhí socair ag Íta ar dhul siar go Sliabh Luachra chun teighlaigh ban riaghalta do chur ar bun ann ar nós na dteighlach a bhí curtha ar bun cheana ag Bríghid i dtír na nDéiseach, tháinig cuid de cailíníbh óga uaisle na h-áite agus d'iaradar uirthi leogint dóibh dul siar i n-aonfheacht léi. Thoiligh sí chuige agus do ghluaiseadar i n-aonfheacht siar. Thánadar chun na h-áite ar a dtugtar anois Gleann Chuinn. Ansan do tháinig an t-aingeal, fé mar a gealladh di, agus thaisbeáin sé dhi go cruínn an áit ar a raibh an teighlach le cur suas aici. Cluan Credhuel ainim na h-áite an uair sin. Cíll Íde ainim na h-áite ó shin anuas. Do cuireadh suas an teighlach. Chómh luath agus do cuireadh, thusnuig cuid de chailíníbh óga na h-áite ar theacht ag trial ar Íta agus ar a iaraidh uirthi iad féin do ghlacadh 'n-a mnáibh riagh- alta agus a mhúine dhóibh conus ba cheart dóibh an bheatha riaghalta do chaitheamh. Do thoibh sí asta an chuid gur mheas sí, do réir a tuisgiona, an ghlaodhach a bheith ortha ó Dhia chun na beatha san. Do chomhairlidh sí do'n chuid eile fanmhaint sa ghairm beatha a bhí ceapaithe ag Dia dhóibh. Do leath an sgéal ar fuid na tíre go raibh sí tagaithe ann agus cad é an saghas oibre a bhí aici 'á dhéanamh. Bhí aithne ag gach aoinne an uair sin ar Bhríghid agus ar an obair a bhí déanta aici ar fuid na h-Éirean. D'á bhrígh sin do thuig muíntir Sléibhe Luachra cad é an saghas oibre a bhí beartuighthe ag Íta a dhéanamh 'n-a measg féin agus bhí áthas mór ortha. Tháinig ag trial uirthi an rígh a bhí an uair sin ar Uíbh Chonail, agus mórán des na n-uaisle le n-a chois. D'ínseadar di cad é an t-áthas a bhí ortha í theacht ag trial ortha, agus conus mar a bhí ceapaithe acu cabhrú' léi sa n-obair, le h-ionachus go mbéadh rath agus beanacht ó Dhia ortha féin agus ar a sliocht ar an saoghal so, agus áirighthe acu ar an mbeatha shíoruidhe mar luacht saothair ó Dhia ar an saoghal eile. Dúbhradar léi nár bh'fhéidir di an teighlach a choimeád suas, agus an obair a bhí beartuighthe aici do dhéanamh mar ba cheart é dhéanamh, gan raint éigin tailimh a bheith ag gabháil leis an dteighlach aici. Go raibh ceapaithe acu, d'á bhrígh sin, feirim thailimh a thabhairt di mór thímpal ar an dteighlach. D'ínseadar di cad é an méid tailimh ba dhóich leó a dh'oirfadh di chun an teighlaigh a chothú' agus do choimeád suas mar ba cheart. Ghaibh sí a bhuidh- chas leó go caoín agus go cneasda iad do theacht ag trial uirthi ar an gcuma san agus an talamh san a thairisgint di, agus dúbhairt sí leó nár bhaoghal 'ná go dtabharfadh Dia a luadh dóibh go maith, mar gur le h-uraim do Dhia a bhíodar 'á dhéanamh. “Ach,” ar sise, “déanfidh cheithre acra de'n talamh san mo ghnó-sa chómh maith agus dá nglacfinn míle acra dhe uaibh. Glacfad cheithre acra agus
béidh mé chómh buidheach agus dá mbéadh míle acra ionta. Ní féidir dom níos mó do ghlacadh mar ní bhéadh aon ghnó agam dé.” “Is mór an truagh é sin, a Íta,” arsan rígh. “Ba shásamh aigne linn tu 'ghá ghlacadh uainn. Is míshásamh mór dúinn tu dhiúltú' dhó, mar tá fhios againn go maith nách féidir an teighlach so choimeád suas i gceart ar cheithre acra tailimh.” “Coimeádfidh Dia suas sinn, a rígh,” ar sisi, “agus cuirfidh sé a bhean- acht ort-sa agus ar Uíbh Chonail chómh maith agus dá nglacfinn-se míle acra uait.” “Tá go maith a, a Íta,” arsan rígh, “ach nuair a ghlaodhfidh Dia ort-sa suas chuige féin tabharfad-sa, nó an t-é bhéidh anso am dhiaigh, an talamh do'n teighlach so.” Do ghlac Íta na cheithre h-acra. Do cuireadh claidh agus fál ortha agus do shaothruigh na mná riaghalta iad agus dhéineadar gáirdíní maitha dhíobh i dtreó go raibh glasaraí agus buraí eile acu dhíobh i gcóir an tíghe. An rud adúbhairt an rígh do déineadh 'n-a dhiagh san é. Do leogadh tearmon maith tailimh leis an dteighlach san agus bhí an treibh sin Uí Chonail go léir fé chomairce Íta naomhtha, agus bhí a guidhe, agus guidhe na mban riaghaltha a bhí aici, ag dul suas chun Dé coit- chianta ar son na ndaoine sin agus móran tabharthaistí ag Dia 'á bhronadh ortha mar gheall ar an nguídhe sin. An nós do lean naoimh Éirean go léir i dtaobh an trosgaidh do lean Íta é chómh maith leó. Dhéineadh sí trosgadh chómh dian san go mbíodh ionghna ar na daoíne conus a mhaireadh sí i n-aon chor. Uaireanta bhíodh sí dhá lá, trí lá, cheithre lá, gan aon rud i bhfuirm bídh 'ná díghe a bhlaise. D'fhágadh san ana lag í, ana thnáithte. Tháinig an t-aingeal chúichi agus dúbh- airt sé léi go raibh sí ró dhian uirthi féin, agus nuair ná h-íosfadh sí an bia saoghalta go gcuirfadh Dia féin bia mírbhúilteach ag trial uirthi agus go gcaithfadh sí an bia sin a dh'ithe. Dúbhairt sí nár bhfoláir di bheith sásta leis sin, ná béadh sé ceart aici diúltu' do'n sórd san bídh. As san amach do thagadh an bia mírbhúilteach chúichi ó neamh i gcómhnuighe nuair a bhíodh sí ag dul ró fhada leis an dtrosgadh. Bhí duine des na mnáibh riaghalta, bean a bhí ana naomhtha, agus bhíodh sí go minic ag caint le h-Íta i dtaobh neithe diadha. Chuir sí ceisdeana chúichi lá í dtaobh an bhídh mhírbhúiltigh sin, nú conus a thárla go gcurtí chúichi é. “Ó fhíor thusach mo bheatha,” arsa Íta léi, “ba ghnáth liom bheith ag dlúth mhachtnamh ar Dhia agus ar na neithibh a bhainean le Dia, agus ag labhairt le Trí Pearsanaibh na Tríonóide ró Naomhtha.” Do thuig an bhean riaghalta ansan conus a tháinig an bia mírbhúilteach, agus conus a fuair Íta na cómhachta a bhí aici chun mírbhúiltí móra dhéanamh mar a dhéineadh sí; na daoíne breóite do leigheas; na deamhain a dhíbirt a' dhaoíne; agus bheith ag cómhrádh agus ag cómhluadar cómh minic leis na h-aingealaibh agus ag déanamh tar- gaireachta ar na neithibh a thuiteadh amach. Bhí fhios ag an bpoibilidheacht go ndéineadh sí na mírbhúiltí ba mhó, ní h-amháin go léigisadh sí daoíne ós na galaraibh ba mheasa ach gur thóg sí daoíne ó'n mbás le cómhachtaibh Dé, agus rud a chuireadh uathbhás ar gach duine a chíodh é, i minic a bhíodh fios droch ghnímh aici agus go measadh an t-é a dhéin an droch ghníomh ná bíodh a fhios ag aoinne ach aige féin agus ag Dia. Ba ghéar go raibh aghaidh na dútha uirthi féin agus ar a teighlach i gCill Íde. An uile duine go mbíodh aon ghearán air ag teacht ag brath air go ndéanfadh Íta leigheas fhághail ó Dhia dhó. Bhí fáig sa n-áit, duine ana léigheanta. Tháinig taom éigin air i dtreó gur chaíl sé a urlabhra. Bhí an léighean ansan aige ach ní raibh aon fhocal cainte aige. Tháinig sé ag trial ar Íta. Chuir sí a guidhe chun Dé ar a shon. Tháinig a chaint dó le leamhnu' Dé. Isé céad úsáid a dhéin sé d'á chaint 'ná moladh agus glóire agus buidhchas a thabhairt do Dhia. Chuaidh sé abhaile chun a mhuintire
féin agus thugadar go léir glóire agus onóir do Dhia mar gheall ar an mhírbhúilt, agus thugadar uraim agus onóir ó chroídhe d'Íta naomhtha mar gur tré n-a láimh ab é toil Dé an mhírbhúilt a dhéanamh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services