Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chum ár leasa. Íta Naomhtha. III.

Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. III.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CHUM ÁR LEASA.



ÍTA NAOMHTHA
III.
An t-Athair Peadar Ua Laoghaire
do sgríobh.



Nuair a bhí socair ag Íta ar dhul
siar go Sliabh Luachra chun teighlaigh
ban riaghalta do chur ar bun ann ar
nós na dteighlach a bhí curtha ar bun
cheana ag Bríghid i dtír na nDéiseach,
tháinig cuid de cailíníbh óga uaisle na
h-áite agus d'iaradar uirthi leogint
dóibh dul siar i n-aonfheacht léi.
Thoiligh sí chuige agus do ghluaiseadar
i n-aonfheacht siar. Thánadar chun na
h-áite ar a dtugtar anois Gleann
Chuinn. Ansan do tháinig an t-aingeal,
fé mar a gealladh di, agus thaisbeáin
sé dhi go cruínn an áit ar a raibh an
teighlach le cur suas aici. Cluan
Credhuel ainim na h-áite an uair sin.
Cíll Íde ainim na h-áite ó shin anuas.
Do cuireadh suas an teighlach. Chómh
luath agus do cuireadh, thusnuig cuid
de chailíníbh óga na h-áite ar theacht
ag trial ar Íta agus ar a iaraidh uirthi
iad féin do ghlacadh 'n-a mnáibh riagh-
alta agus a mhúine dhóibh conus ba
cheart dóibh an bheatha riaghalta do
chaitheamh. Do thoibh sí asta an chuid
gur mheas sí, do réir a tuisgiona, an
ghlaodhach a bheith ortha ó Dhia chun na
beatha san. Do chomhairlidh sí do'n
chuid eile fanmhaint sa ghairm beatha
a bhí ceapaithe ag Dia dhóibh.



Do leath an sgéal ar fuid na tíre
go raibh sí tagaithe ann agus cad é an
saghas oibre a bhí aici 'á dhéanamh. Bhí
aithne ag gach aoinne an uair sin ar
Bhríghid agus ar an obair a bhí déanta
aici ar fuid na h-Éirean. D'á bhrígh
sin do thuig muíntir Sléibhe Luachra
cad é an saghas oibre a bhí beartuighthe
ag Íta a dhéanamh 'n-a measg féin
agus bhí áthas mór ortha. Tháinig ag
trial uirthi an rígh a bhí an uair sin ar
Uíbh Chonail, agus mórán des na
n-uaisle le n-a chois. D'ínseadar di
cad é an t-áthas a bhí ortha í theacht ag
trial ortha, agus conus mar a bhí
ceapaithe acu cabhrú' léi sa n-obair,
le h-ionachus go mbéadh rath agus
beanacht ó Dhia ortha féin agus ar a
sliocht ar an saoghal so, agus áirighthe
acu ar an mbeatha shíoruidhe mar luacht
saothair ó Dhia ar an saoghal eile.
Dúbhradar léi nár bh'fhéidir di an
teighlach a choimeád suas, agus an
obair a bhí beartuighthe aici do dhéanamh
mar ba cheart é dhéanamh, gan raint
éigin tailimh a bheith ag gabháil leis an
dteighlach aici. Go raibh ceapaithe acu,
d'á bhrígh sin, feirim thailimh a thabhairt
di mór thímpal ar an dteighlach.
D'ínseadar di cad é an méid tailimh
ba dhóich leó a dh'oirfadh di chun an
teighlaigh a chothú' agus do choimeád
suas mar ba cheart. Ghaibh sí a bhuidh-
chas leó go caoín agus go cneasda
iad do theacht ag trial uirthi ar an
gcuma san agus an talamh san a
thairisgint di, agus dúbhairt sí leó
nár bhaoghal 'ná go dtabharfadh Dia a
luadh dóibh go maith, mar gur le
h-uraim do Dhia a bhíodar 'á dhéanamh.
“Ach,” ar sise, “déanfidh cheithre acra
de'n talamh san mo ghnó-sa chómh maith
agus dá nglacfinn míle acra dhe
uaibh. Glacfad cheithre acra agus


L. 482


béidh mé chómh buidheach agus dá mbéadh
míle acra ionta. Ní féidir dom níos
mó do ghlacadh mar ní bhéadh aon ghnó
agam dé.”



“Is mór an truagh é sin, a Íta,”
arsan rígh. “Ba shásamh aigne linn tu
'ghá ghlacadh uainn. Is míshásamh mór
dúinn tu dhiúltú' dhó, mar tá fhios
againn go maith nách féidir an teighlach
so choimeád suas i gceart ar cheithre
acra tailimh.”



“Coimeádfidh Dia suas sinn, a
rígh,” ar sisi, “agus cuirfidh sé a bhean-
acht ort-sa agus ar Uíbh Chonail chómh
maith agus dá nglacfinn-se míle acra
uait.”



“Tá go maith a, a Íta,” arsan rígh, “ach
nuair a ghlaodhfidh Dia ort-sa suas
chuige féin tabharfad-sa, nó an t-é
bhéidh anso am dhiaigh, an talamh do'n
teighlach so.”



Do ghlac Íta na cheithre h-acra. Do
cuireadh claidh agus fál ortha agus do
shaothruigh na mná riaghalta iad agus
dhéineadar gáirdíní maitha dhíobh i
dtreó go raibh glasaraí agus buraí
eile acu dhíobh i gcóir an tíghe. An
rud adúbhairt an rígh do déineadh
'n-a dhiagh san é. Do leogadh tearmon
maith tailimh leis an dteighlach san agus
bhí an treibh sin Uí Chonail go léir fé
chomairce Íta naomhtha, agus bhí a
guidhe, agus guidhe na mban riaghaltha
a bhí aici, ag dul suas chun Dé coit-
chianta ar son na ndaoine sin agus
móran tabharthaistí ag Dia 'á bhronadh
ortha mar gheall ar an nguídhe sin.



An nós do lean naoimh Éirean go
léir i dtaobh an trosgaidh do lean
Íta é chómh maith leó. Dhéineadh sí
trosgadh chómh dian san go mbíodh
ionghna ar na daoíne conus a mhaireadh
sí i n-aon chor. Uaireanta bhíodh sí
dhá lá, trí lá, cheithre lá, gan aon rud
i bhfuirm bídh 'ná díghe a bhlaise.
D'fhágadh san ana lag í, ana thnáithte.
Tháinig an t-aingeal chúichi agus dúbh-
airt sé léi go raibh sí ró dhian uirthi
féin, agus nuair ná h-íosfadh sí an
bia saoghalta go gcuirfadh Dia féin
bia mírbhúilteach ag trial uirthi agus
go gcaithfadh sí an bia sin a dh'ithe.
Dúbhairt sí nár bhfoláir di bheith sásta
leis sin, ná béadh sé ceart aici diúltu'
do'n sórd san bídh. As san amach do
thagadh an bia mírbhúilteach chúichi ó
neamh i gcómhnuighe nuair a bhíodh sí ag
dul ró fhada leis an dtrosgadh.



Bhí duine des na mnáibh riaghalta,
bean a bhí ana naomhtha, agus bhíodh sí
go minic ag caint le h-Íta i dtaobh
neithe diadha. Chuir sí ceisdeana
chúichi lá í dtaobh an bhídh mhírbhúiltigh
sin, nú conus a thárla go gcurtí
chúichi é.



“Ó fhíor thusach mo bheatha,” arsa
Íta léi, “ba ghnáth liom bheith ag dlúth
mhachtnamh ar Dhia agus ar na neithibh a
bhainean le Dia, agus ag labhairt le
Trí Pearsanaibh na Tríonóide ró
Naomhtha.”



Do thuig an bhean riaghalta ansan
conus a tháinig an bia mírbhúilteach,
agus conus a fuair Íta na cómhachta
a bhí aici chun mírbhúiltí móra dhéanamh
mar a dhéineadh sí; na daoíne breóite
do leigheas; na deamhain a dhíbirt
a' dhaoíne; agus bheith ag cómhrádh agus
ag cómhluadar cómh minic leis na
h-aingealaibh agus ag déanamh tar-
gaireachta ar na neithibh a thuiteadh
amach. Bhí fhios ag an bpoibilidheacht
go ndéineadh sí na mírbhúiltí ba mhó,
ní h-amháin go léigisadh sí daoíne ós
na galaraibh ba mheasa ach gur thóg sí
daoíne ó'n mbás le cómhachtaibh Dé,
agus rud a chuireadh uathbhás ar gach
duine a chíodh é, i minic a bhíodh fios
droch ghnímh aici agus go measadh an
t-é a dhéin an droch ghníomh ná bíodh a
fhios ag aoinne ach aige féin agus ag
Dia.



Ba ghéar go raibh aghaidh na dútha
uirthi féin agus ar a teighlach i gCill
Íde. An uile duine go mbíodh aon
ghearán air ag teacht ag brath air go
ndéanfadh Íta leigheas fhághail ó Dhia
dhó. Bhí fáig sa n-áit, duine ana
léigheanta. Tháinig taom éigin air i
dtreó gur chaíl sé a urlabhra. Bhí
an léighean ansan aige ach ní raibh aon
fhocal cainte aige. Tháinig sé ag
trial ar Íta. Chuir sí a guidhe chun Dé
ar a shon. Tháinig a chaint dó le
leamhnu' Dé. Isé céad úsáid a dhéin
sé d'á chaint 'ná moladh agus glóire
agus buidhchas a thabhairt do Dhia.
Chuaidh sé abhaile chun a mhuintire


L. 483


féin agus thugadar go léir glóire
agus onóir do Dhia mar gheall ar an
mhírbhúilt, agus thugadar uraim agus
onóir ó chroídhe d'Íta naomhtha mar
gur tré n-a láimh ab é toil Dé an
mhírbhúilt a dhéanamh.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services