Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. I.
Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. I.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
>
CHUM ÁR LEASA. ÍTA NAOMHTHA. I. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Bhí sliocht na nDéiseach i gcontae Phortláirge nuair a thug Pádraig an Creideamh go h-Éirinn — agus táid siad ann fós. Ní contae Phort- láirge a bhí mar ainim ar an áit, go dtí le déanaíghe, ach Tír na nDéiseach. Tá ainim na tíre sin, agus ainim an tsleachta, agus ainimneacha na n-uasal a tháinig ar an sliocht, le feiscint go fíor mhinic i seanachus na h-Éirean, i gcaitheamh na h-aimsire go léir ar a bhfuil seanachus sgríobhtha nú seanachus béil tagaithe anuas chúghainn. Tímpal na bliana d'aoís an Tigh- earna cheithre chéad agus cheithre fichid bhí taoíseach ar an sliocht san agus Cennfoeladh ab ainim dó. De shliocht na nDéiseach ab eadh é agus i dtír na nDéiseach a bhí sé 'ná chómhnuighe. Bhí sé pósta le mnaoí agus Nechta ab ainim di. Bhí inghean acu agus Déirdre a tugadh uirthi mar ainim baistí. Tais- beánan baiste an leinbh chómh luath agus tháinig sí ar an saoghal go raibh an Creideamh agá h-athair agus agá máthair. Thug Declan naomhtha eólus ar an gCreideamh go h-ana luath do shliocht na nDéiseach. Do thaisbeáin an leanbh ó thusach a beatha go raibh dúil éagsamhlach aici i ngrádh Dé. Chuir na daoíne go raibh aithne acu uirthi an dúil sin i gcosmhalacht le tart. Cial- uighean “Íta” an nidh céadna a chial- uighean “tart.” D'á bhrígh sin thug na daoine “Íta” ar an leanbh mar gheall ar an ndúil a bhí aici i ngrádh Dé. Ba ghnáth le daoíne i n-Éirinn fadó an focailín “mo” do chur roimh ainim naoímh, mar chómhartha ceana. Do cuir- eadh “mo” roimh “Íta” agus leis an aimsir do dhéin aon fhocal amháin de'n dá fhocal. Dhéin “m' Íta,” agus ansan “Míta” de'n ainim, agus ansan “Mída.” As san iseadh thainig an ainim “Cill Mídhe” ar áiteanaibh a bhí fé n-a comairce. Do réir an tseanachais is ó Chonn Céadchathach a shíolraidh Cennfoéladh, athair Íta, agus deirtear gur bh'é an t-ochtmhadh glúin é. Tá gach aon deabhramh go bhfuil an seanachus cruinn sa méid sin toisg an aithne bheith chómh maith, ar fuid na h-Éirean, ar sliocht Déiseach Mumhan. Mac do'n Árdrígh, d'Fheidhlimidh Reachtmhar, ó'r shíolraidh Colum Cille, ab eadh Conn Céad- chathach. I dtreó gur ó'n bpréimh gcéadna do shíolraidh Íta agus Colum Cille. Ó fhíor thusach a beatha thug gach aoinne fé ndeara an naomhthacht mhír- bhúilteach a bhí sa leanbh Íta. Bhí stuaim nár bhain leis an saoghal so 'na siúbhal, 'na seasamh, 'na cló, 'na gné, na gnúis, 'na guth, 'na caint, i dtreó go mbíodh iongna ar na daoíne a chíodh í nú do labhradh léi nú bhíodh ag éisteacht léi. An t-é ba lugha srian le n-a theangain ní fhéadadh sé an droch fhocal do labhairt 'na láthair, agus an t-é ba lúgha cuimhneamh ar Dhia 'ná ar leas a anama ní fhéadadh sé gan machtnamh fóghanta teacht 'na chroídhe nuair a chíodh sé, chómh soiléir, grádh Dé ag taithneamh i ngnúis an leinbh. Thug Dia tabharthas mór dó shliocht na nDéiseach nuair a chuir sé an leanbh san chúcha, agus bhí toradh an
tabharthais sin acu gach aon lá fhéuch- adar ar an leanbh agus gach aon uair a thráchtadar uirthi eatartha féin. Tá daoíne sa tsaoghal anois agus nuair a chíd siad thíos sa tseanachus tuairisg ar na mírbhúiltíbh móra a dhéin Íta, nú Seanán, nú aoinne eile des na naoímh a bhí i n-Éirinn i dtusach aimsire an Chreidimh, is amhlaidh a thagan fearg ortha agus seirbhthean agus cuirid siad stailc suas, agus, “Conus fhéadfadh aoinne na neithe sin a chreideamhaint!” adeirid siad. Ach dá mbéidis sa tsaoghal le línn na naomh úd agus aithne bheith acu ortha; radharc a bheith acu, ó lá go lá agus ó sheachtmhain go seachtmhain, ar a mbeatha os cómhair an tsaoghail; anál na naomh úd a bheith ag dul fútha coitchianta; níor bh'fhada go dtuigfidís 'na n-aigne gur dhaoíne fé leith na naoímh sin, agus go raibh lámh fé leith ag Dia ionta. Thuigfidís go soiléir gur mírbhúilt ar fad an naomh, agus d'a bhrígh sin nár chóir iongna dhéanamh d'aon rud mírbhúilteach a dhéanfadh sé. Bhéadh an naomh féin 'na mhírbhúilt bheó os cómhair a súl agus bhéadh sé chómh h-uiriste dhóibh radharc a súl féin do shéanadh agus bhéadh sé dhóibh na mírbhúiltí shéanadh. Ní mhachtnuíghid siad choídhche ar an dtaobh san de'n sgéal. Chíd siad an tuairisg ar an mhír- bhúilt ach ní fheicid siad an duine a dhéin an mhírbhúilt. Dá bhfeicidís an duine a dhéin an mhírbhúilt is mó an ionga chuirfadh an duine ortha 'ná mar a chuirean an mhírbhúilt ortha. Ansan ní bhéadh aon fhonn ortha an mhírbhúilt do shéanadh. Dá bhfeicidís, cuir i gcás, an seómra 'na raibh an leanbh Íta 'na codla, agus é 'na bhladhm lasarach, agus dá ruithidís mar a dhéin na daoine a chonaic é, chun na teine chur i n-éag, agus dá bhfeicidís ansan ná raibh aon díobháil ag an lasair 'á dhéanamh, gur lasair mhírbhúilteach an lasair agus nár dhéin sí blúire díobhála do'n leanbh 'ná do'n tseómra ní dóich liom go gcuirfadh aon rud a dhéanfadh an leanbh san 'na dhiagh san puínn iongna ortha. Nuair a bhí Íta 'na leanbh do thuit san amach di. Bhí sí na codla i seómra fé leith. Chonaic na cómharsain, dar leó, an seómra tré theine. Do ritheadhar chun na teine chur i n-éag. Fuaradar ná raibh ann ach an lasair, ná raibh aon rud d'á dhógh. Do tugadh le tuisgint dóibh gur chialuigh an lasair grádh Dé a bhí ar lasadh an uair sin i gcroídhe an leinbh d'á óige 'bhí sí. Nuair a dúisígheadh í as a codla tháinig atharú' cló uirthi. Tháinig cló aingilídhe uirthi i dtreó nár aithin aoinne í. Bhíodar 'na tímpal ag feuchaint uirthi, agus sgárd ionta agus uathbhás ortha. I gceann tamail tháinig a cló féin airís uirthi agus d'aithnighdar go léir í. Bhí an sgéimh aingilidhe uirthí do réir nádúra. Ach nuair a tháinig an t-atharú' cló uirthi chonaic na daoíne áilneacht 'na snó agus 'na cruth a chuir as a n-aithne í, áilneacht ná feacadar a leithéid i n-aon duine riamh. Níor bhaoghal go mbéadh aon fhonn ar na daoíne sin, as san amach, aon mhírbhúilt a dhéanfadh sí do shéanadh. Uair eile, agus í 'na codla, tháinig aingeal ag trial uirthi agus thug sé trí seóide dhi i bhfuirm trí clocha luachmhara. Dúbhairt sé léi gur chialuigh na trí clocha san Trí Pearsana na Tríonóide ró Naomhtha agus go mbéidís 'na fochair do ghnáth, 'na codla agus 'na dúiseacht di. I gcaitheamh a h-óige, ar an gcuma san, do thaisbeáin Dia go minic, ar shlíghthibh a bhí mírbhúilt- each, méid a naomhthachta agus aoirde na h-oibre a bhí 'na cóir le dhéanamh nuair a thiocfadh an t-am chuige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services