Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chum ár leasa. Íta Naomhtha. I.

Title
Chum ár leasa. Íta Naomhtha. I.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CHUM ÁR LEASA.



ÍTA NAOMHTHA.



I.
An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.



Bhí sliocht na nDéiseach i gcontae
Phortláirge nuair a thug Pádraig an
Creideamh go h-Éirinn — agus táid
siad ann fós. Ní contae Phort-
láirge a bhí mar ainim ar an áit, go
dtí le déanaíghe, ach Tír na nDéiseach.
Tá ainim na tíre sin, agus ainim
an tsleachta, agus ainimneacha na
n-uasal a tháinig ar an sliocht, le
feiscint go fíor mhinic i seanachus na
h-Éirean, i gcaitheamh na h-aimsire go
léir ar a bhfuil seanachus sgríobhtha nú
seanachus béil tagaithe anuas chúghainn.



Tímpal na bliana d'aoís an Tigh-
earna cheithre chéad agus cheithre fichid
bhí taoíseach ar an sliocht san agus
Cennfoeladh ab ainim dó. De shliocht
na nDéiseach ab eadh é agus i dtír na
nDéiseach a bhí sé 'ná chómhnuighe. Bhí
sé pósta le mnaoí agus Nechta ab
ainim di. Bhí inghean acu agus Déirdre
a tugadh uirthi mar ainim baistí. Tais-
beánan baiste an leinbh chómh luath
agus tháinig sí ar an saoghal go raibh
an Creideamh agá h-athair agus agá
máthair. Thug Declan naomhtha eólus
ar an gCreideamh go h-ana luath do
shliocht na nDéiseach. Do thaisbeáin an
leanbh ó thusach a beatha go raibh dúil
éagsamhlach aici i ngrádh Dé. Chuir na
daoíne go raibh aithne acu uirthi an
dúil sin i gcosmhalacht le tart. Cial-
uighean “Íta” an nidh céadna a chial-
uighean “tart.” D'á bhrígh sin thug na
daoine “Íta” ar an leanbh mar gheall
ar an ndúil a bhí aici i ngrádh Dé.



Ba ghnáth le daoíne i n-Éirinn fadó
an focailín “mo” do chur roimh ainim
naoímh, mar chómhartha ceana. Do cuir-
eadh “mo” roimh “Íta” agus leis an
aimsir do dhéin aon fhocal amháin de'n
dá fhocal. Dhéin “m' Íta,” agus ansan
“Míta” de'n ainim, agus ansan
“Mída.” As san iseadh thainig an
ainim “Cill Mídhe” ar áiteanaibh a
bhí fé n-a comairce.



Do réir an tseanachais is ó Chonn
Céadchathach a shíolraidh Cennfoéladh,
athair Íta, agus deirtear gur bh'é an
t-ochtmhadh glúin é. Tá gach aon
deabhramh go bhfuil an seanachus cruinn
sa méid sin toisg an aithne bheith chómh
maith, ar fuid na h-Éirean, ar sliocht
Déiseach Mumhan. Mac do'n Árdrígh,
d'Fheidhlimidh Reachtmhar, ó'r shíolraidh
Colum Cille, ab eadh Conn Céad-
chathach. I dtreó gur ó'n bpréimh
gcéadna do shíolraidh Íta agus Colum
Cille.



Ó fhíor thusach a beatha thug gach
aoinne fé ndeara an naomhthacht mhír-
bhúilteach a bhí sa leanbh Íta. Bhí
stuaim nár bhain leis an saoghal so 'na
siúbhal, 'na seasamh, 'na cló, 'na gné,
na gnúis, 'na guth, 'na caint, i dtreó
go mbíodh iongna ar na daoíne a chíodh
í nú do labhradh léi nú bhíodh ag
éisteacht léi. An t-é ba lugha srian
le n-a theangain ní fhéadadh sé an
droch fhocal do labhairt 'na láthair,
agus an t-é ba lúgha cuimhneamh ar
Dhia 'ná ar leas a anama ní fhéadadh
sé gan machtnamh fóghanta teacht 'na
chroídhe nuair a chíodh sé, chómh soiléir,
grádh Dé ag taithneamh i ngnúis an
leinbh. Thug Dia tabharthas mór dó
shliocht na nDéiseach nuair a chuir sé
an leanbh san chúcha, agus bhí toradh an


L. 322


tabharthais sin acu gach aon lá fhéuch-
adar ar an leanbh agus gach aon uair
a thráchtadar uirthi eatartha féin.



Tá daoíne sa tsaoghal anois agus
nuair a chíd siad thíos sa tseanachus
tuairisg ar na mírbhúiltíbh móra a dhéin
Íta, nú Seanán, nú aoinne eile des na
naoímh a bhí i n-Éirinn i dtusach aimsire
an Chreidimh, is amhlaidh a thagan fearg
ortha agus seirbhthean agus cuirid siad
stailc suas, agus, “Conus fhéadfadh
aoinne na neithe sin a chreideamhaint!”
adeirid siad. Ach dá mbéidis sa
tsaoghal le línn na naomh úd agus
aithne bheith acu ortha; radharc a bheith
acu, ó lá go lá agus ó sheachtmhain go
seachtmhain, ar a mbeatha os cómhair an
tsaoghail; anál na naomh úd a bheith ag
dul fútha coitchianta; níor bh'fhada go
dtuigfidís 'na n-aigne gur dhaoíne fé
leith na naoímh sin, agus go raibh lámh fé
leith ag Dia ionta. Thuigfidís go
soiléir gur mírbhúilt ar fad an naomh,
agus d'a bhrígh sin nár chóir iongna
dhéanamh d'aon rud mírbhúilteach a
dhéanfadh sé. Bhéadh an naomh féin 'na
mhírbhúilt bheó os cómhair a súl agus
bhéadh sé chómh h-uiriste dhóibh radharc a
súl féin do shéanadh agus bhéadh sé dhóibh
na mírbhúiltí shéanadh. Ní mhachtnuíghid
siad choídhche ar an dtaobh san de'n
sgéal. Chíd siad an tuairisg ar an mhír-
bhúilt ach ní fheicid siad an duine a dhéin
an mhírbhúilt. Dá bhfeicidís an duine
a dhéin an mhírbhúilt is mó an ionga
chuirfadh an duine ortha 'ná mar a
chuirean an mhírbhúilt ortha. Ansan ní
bhéadh aon fhonn ortha an mhírbhúilt do
shéanadh. Dá bhfeicidís, cuir i gcás, an
seómra 'na raibh an leanbh Íta 'na codla,
agus é 'na bhladhm lasarach, agus dá
ruithidís mar a dhéin na daoine a chonaic
é, chun na teine chur i n-éag, agus dá
bhfeicidís ansan ná raibh aon díobháil
ag an lasair 'á dhéanamh, gur lasair
mhírbhúilteach an lasair agus nár dhéin
sí blúire díobhála do'n leanbh 'ná do'n
tseómra ní dóich liom go gcuirfadh
aon rud a dhéanfadh an leanbh san 'na
dhiagh san puínn iongna ortha.



Nuair a bhí Íta 'na leanbh do thuit
san amach di. Bhí sí na codla i
seómra fé leith. Chonaic na cómharsain,
dar leó, an seómra tré theine. Do
ritheadhar chun na teine chur i n-éag.
Fuaradar ná raibh ann ach an lasair,
ná raibh aon rud d'á dhógh. Do tugadh
le tuisgint dóibh gur chialuigh an lasair
grádh Dé a bhí ar lasadh an uair sin
i gcroídhe an leinbh d'á óige 'bhí sí.
Nuair a dúisígheadh í as a codla
tháinig atharú' cló uirthi. Tháinig cló
aingilídhe uirthi i dtreó nár aithin
aoinne í. Bhíodar 'na tímpal ag
feuchaint uirthi, agus sgárd ionta
agus uathbhás ortha. I gceann tamail
tháinig a cló féin airís uirthi agus
d'aithnighdar go léir í. Bhí an sgéimh
aingilidhe uirthí do réir nádúra. Ach
nuair a tháinig an t-atharú' cló uirthi
chonaic na daoíne áilneacht 'na snó
agus 'na cruth a chuir as a n-aithne í,
áilneacht ná feacadar a leithéid i
n-aon duine riamh. Níor bhaoghal go
mbéadh aon fhonn ar na daoíne sin,
as san amach, aon mhírbhúilt a dhéanfadh
sí do shéanadh.



Uair eile, agus í 'na codla, tháinig
aingeal ag trial uirthi agus thug sé
trí seóide dhi i bhfuirm trí clocha
luachmhara. Dúbhairt sé léi gur chialuigh
na trí clocha san Trí Pearsana na
Tríonóide ró Naomhtha agus go mbéidís
'na fochair do ghnáth, 'na codla agus
'na dúiseacht di. I gcaitheamh a
h-óige, ar an gcuma san, do thaisbeáin
Dia go minic, ar shlíghthibh a bhí mírbhúilt-
each, méid a naomhthachta agus aoirde
na h-oibre a bhí 'na cóir le dhéanamh
nuair a thiocfadh an t-am chuige.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services