Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Chum ár leasa. Seanán Naomhtha. XXIV.
Title
Chum ár leasa. Seanán Naomhtha. XXIV.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CHUM ÁR LEASA. SEANÁN NAOMHTHA. XXIV. An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE do sgríobh. Is dócha go ndéarfidh an filosofer gur daille íntinne agus easba tuis- giona fé ndeara an uraim mhór a bhí ag daoíne do gach nídh a bhain le h-Inis Cathaig agus le Seanán, agus d'á chómhartha san féin, nuair a tháinig an “solus,“ nuair a tháinig an creideamh Gallda, gur imthigh an uraim agus gur imthigh, leis, an sgannra agus an crith- eagla a bhíodh ar dhaoíne roimh Sheanán sar an ndéanfadh sé díbheirig ortha dá dtugaidís easonóir d'Inis Cathaig 'ná d'aon nídh a bhí ann. Tá go maith. Seo sgéal beag agus déineadh an filosofer a chíre chogaint air. Inghean do'n Ochtmhadh Hainnrí ab eadh Eilís, banríoghan Shasana. Ní raibh ceart dleaghthach aici chun coróinneach Shasana. Tá 'fhios ag gach aoinne cad 'na thaobh. Bhí fhios aici, an fhaid a bhéadh úghdarás an Phápa i bhfeidhm ins na h-oileánaibh seo ná béadh aon bhreith aici féin ar choróinn Shasana choimeád. Cheap sí go raibh sé chómh maith aici an gníomh dána dhéanamh agus srian an Phápa thógaint chúichi 'n-a láimh féin. Do dhéin sí an gníomh san. Dúbhairt sí ná leómhfadh aoinne bheith 'na cheann creidimh ins na h-oileánaibh seo ach í féin, agus aoinne ná h-aontóch' chuige sin gur bhíodhba báis aici é. Bhí a lán daoíne thall i Sasana an uair sin agus ní raibh aon lorg acu ar úghdarás an Phápa ach oiread agus bhí ag an mban- ríghin. Bhíodar tar éis saidhbhris na mainistirí, nú cuid mhaith dhé, d'fhághail ó n-a h-athair agus bhí eagal ortha dá gcurtí ceart i bhfeidhm go gcaithfidís aisioc a dhéanamh. Ghabhdar páirt láithreach leis an mbanríghin. Ghlac- adar 'na ceann ar an gcreideamh í. Ansan, dar leó, agus dob fhíor dhóibh é, ní raibh baoghal ortha féin 'ná uirthi- sin. Ní fhéadfadh an Pápa baint leó. Do cuireadh dlígh i bhfeidhm láithreach 'ghá órdú' do'n uile dhuine sa rígheacht úghdarás an Phápa do shéanadh ins gach nídh a bhain le creidimh, agus úghdarás na banríoghna do ghlacadh i n' inead. Na sagairt agus na h-easboig ná glacfadh an dlígh sin níor dhéin Eilís ach mar ba dhual athar di a dhéanamh, na cínn a bhaint díobh nú iad do dhíbirt agus sagairt agus easboig do chur fé ghrádhaibh, as a h-úghdarás féin, agus iad do chur isteach ins na h-eaglaisíbh. Ba dheas é! Ach do déineadh é. Chuir sí easbog acu siar go Luim- neach. Bhí Inis Cathaig fé easbog Luimníghe an uair sin. Bernárd Beag ab ainim do'n fhear a cuireadh ann i n' easbog Ghallda. Bhí Bernárd Beag ar chuaird tríd an ndóisios. Do h-ínseadh dó cad iad na pionóisí ba ghnáth le Seanán Naomhtha do chur ar aoinne dhéanfadh aon chur isteach ar Inis Cathaig. “Fianaídheacht!” ar seisean. “Cuir- fad-sa deire leis an amadántacht san,” díreach mar a déarfá féin, a Mhister Filosofeir. Do cómhairlígheadh dó gan baint leis an áit. Níor dhéin an chómhairle ach é chomháint ar aghaidh, dáltha an amadáin i gcómhnuighe, chun an oileáin chun go ndéanfidís séanadh L 238> poibilídhe ar úghdarás an Phápa ann. Bhí sgannra ar na daoíne. Bhí arm na banríghna ag Bernárd agus gan bac air pé úsáid ba mhaith leis a dhéanamh de'n arm. Shíl na daoíne gur bh' amhlaidh a bhíodar go léir le marbhú' istigh ar an oileán dá ndiúltuíghdís do'n pheacadh dhéanamh. Chromadar go léir ar ghlaodhach ar Sheanán 'ghá iaraidh air iad do shaoradh ó'n gcruadhtan 'na rabhdar. An oídhche roimis an lá a bhí ceap- aithe chuaidh Bernárd Beag a chodla. Ar éigin a bhí a chodla tuitithe air nuair a dhúisigh sé agus é ag liúirigh agus ag sgreadaigh. Dhúisigh an liúir- each agus an sgreadach an gárda airm a bhí aige. Bhailighdar 'na thímpal. D'fhiafraighdar dé cad a bhí air. “Ó!” ar seisean, “Seanán a tháinig chúgam agus do ghaibh d'á bhachul easboig orm!” Bhí sé chómh teinn sin i ndiaigh na batarála nár fhéad sé eirighe as a leabaigh amáireach a bhí chúghainn. Níor fhéad sé an droch obair a dhéanamh ar an oileán an lá san. Do comhair- lígheadh airís dó a leas a dhéanamh agus gan bac d'Ínis Cathaig. Níor bh'aon mhaith bheith leis. “Is cuma liom,” ar seisean, “cad a dhéanfidh Seanán! Cuirfad úghdarás an Phápa amach a' h-Inis Cathaig d'a aimhdheóin agus d' bhúr n-aimhdheóin go léir.” An oídhche a bhí chúghainn chuaidh sé a chodla i seómra 'na raibh dhá leabaigh. Chuaidh sé féin i leabaigh acu agus chuir sé a sheirbhíseach, fear luath láidir a bhí aige, sa leabhaigh eile. Amach sa n-oídhche tháinig Seanán airís agus a éide easboig uime agus a bhachul easboig 'na láimh aige agus solus mór 'na thímpal. Chrom sé ar ghabháil ar Bhernárd Beag leis an mbachul. Chrom Bernárd ar liúireach agus ar ghlaodhach. Chonaic an fear a bhí sa leabaigh eile Seanán agus an solus ach níor fhéadh sé cor a chur dé, bhí a leithéid sin de sgannra air. Do bhailigh na seirbhísigh go léir ar an dtaobh amuich de'n dorus ach níor fhéadadar dul isteach mar do dhaing- nigh Bernárd féin an dorus nuair a bhí sé féin agus an fear a bhí i n-aon- feacht leis ag dul a chodla. I gcionn beagán aimsire do stad an bataráil agus d'imthigh an solus. D'éirigh an fear a bhí sa tarna leabaigh agus d'osgail sé an dorus. Tháinig na seirbhísigh eile isteach. “Curtar ar bórd na luinge mé láithreach,” arsa Bernárd Beag, “agus beirtear suas go cathair Luimníghe mé.” Do cuir- eadh, agus do rugadh suas chun na catharach é. Níor mhair sé ach cheithre lá t'réis dul abhaile chun na catharach dó. An mhuíntir a bhí ag cabhrú' leis chun na droch oibre a bhí le déanamh aige ar an oileán, tháinig a leithéid sin de sgannradh ortha nár leag eagla dhóibh dul i ngoire an oileáin a thuile. Ní deir an seanachus gur thaisbeáin Seanán é féin d'aoinne eile 'na diagh san. Tá tobar ar an oileán, Tobar Sheanáin, agus tá uraim ana mhór ag na daoíne dó i gcómhnuighe riamh. Ba ghnáth, nuair a bhíodh máirnéalaigh ag dul ó Luimneach amach chun na farge móire agus nuair a bhíodh gaoith agus sín 'na gcoinnibh, go dtagaidís chun an oileáin agus go dtógaidís chúcha cuid de'n uisge as an dtobar bean- uighthe agus go mbeiridís leó é ar bórd a loinge, agus iad 'ghá iaraidh ar Sheanán naomhtha soinean d'fhághail ó Dhia dhóibh. Tugadh gach aoinne fé ndeara, nuair a déintí an nídh sin go dtagadh an tsoinean laistigh de cheithre h-uaire fichid. Do tugtí fé ndeara, mar an céadna, aoinne thughadh easonóir do'n áit ná téidheadh leis. Ní'l ach deich mbliana 's dachad ó tháinig long Sasanach chun an oileáin. Tháinig gléusaídhe na luinge agus raint d'á cháirdibh i dtír ar an oileán. Bhíodar ag féuchaint ar a raibh ann le feisgint. Cheap an gléusaidhe go mbéarfadh sé leis, mar chuímhne ar an áit, géag de chrann a bhí ann. Dúbhradh leis gan baint leis an gcrann nú ná béadh sé buidheach. Níor dhéin sé ach gáire dhéanamh. Chuaidh sé chun na géige ghearadh. Do baineadh leagadh as. Do gortuígheadh chómh mór san é gur
ar chómhlainn a rugadh tar n-ais ar bórd na luinge é. Ní féidir liom teacht suas le puínn cúntais ar conus a dh'imthigh leis an oileán ó aimsir Eilís anuas. Tá an áit uaigneach a dhóithin anois. Ach tá an coilcteach 'na choilic-sheasamh fós ann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services