Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Chum ár leasa. Seanán Naomhtha. XXIV.

Title
Chum ár leasa. Seanán Naomhtha. XXIV.
Author(s)
Ua Laoghaire, An t-Athair Peadar,
Composition Date
1904
Publisher
Dominican Fathers

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CHUM ÁR LEASA.



SEANÁN NAOMHTHA.
XXIV.



An t-ATHAIR PEADAR UA LAOGHAIRE
do sgríobh.



Is dócha go ndéarfidh an filosofer
gur daille íntinne agus easba tuis-
giona fé ndeara an uraim mhór a bhí
ag daoíne do gach nídh a bhain le h-Inis
Cathaig agus le Seanán, agus d'á
chómhartha san féin, nuair a tháinig an
“solus,“ nuair a tháinig an creideamh
Gallda, gur imthigh an uraim agus gur
imthigh, leis, an sgannra agus an crith-
eagla a bhíodh ar dhaoíne roimh Sheanán
sar an ndéanfadh sé díbheirig ortha dá
dtugaidís easonóir d'Inis Cathaig 'ná
d'aon nídh a bhí ann.



Tá go maith. Seo sgéal beag agus
déineadh an filosofer a chíre chogaint
air.



Inghean do'n Ochtmhadh Hainnrí ab
eadh Eilís, banríoghan Shasana. Ní raibh
ceart dleaghthach aici chun coróinneach
Shasana. Tá 'fhios ag gach aoinne cad
'na thaobh. Bhí fhios aici, an fhaid a
bhéadh úghdarás an Phápa i bhfeidhm ins
na h-oileánaibh seo ná béadh aon bhreith
aici féin ar choróinn Shasana choimeád.
Cheap sí go raibh sé chómh maith aici an
gníomh dána dhéanamh agus srian an
Phápa thógaint chúichi 'n-a láimh féin.
Do dhéin sí an gníomh san. Dúbhairt sí
ná leómhfadh aoinne bheith 'na cheann
creidimh ins na h-oileánaibh seo ach í
féin, agus aoinne ná h-aontóch' chuige
sin gur bhíodhba báis aici é. Bhí a lán
daoíne thall i Sasana an uair sin agus
ní raibh aon lorg acu ar úghdarás an
Phápa ach oiread agus bhí ag an mban-
ríghin. Bhíodar tar éis saidhbhris na
mainistirí, nú cuid mhaith dhé, d'fhághail
ó n-a h-athair agus bhí eagal ortha dá
gcurtí ceart i bhfeidhm go gcaithfidís
aisioc a dhéanamh. Ghabhdar páirt
láithreach leis an mbanríghin. Ghlac-
adar 'na ceann ar an gcreideamh í.
Ansan, dar leó, agus dob fhíor dhóibh
é, ní raibh baoghal ortha féin 'ná uirthi-
sin. Ní fhéadfadh an Pápa baint leó.



Do cuireadh dlígh i bhfeidhm láithreach
'ghá órdú' do'n uile dhuine sa rígheacht
úghdarás an Phápa do shéanadh ins gach
nídh a bhain le creidimh, agus úghdarás
na banríoghna do ghlacadh i n' inead.
Na sagairt agus na h-easboig ná
glacfadh an dlígh sin níor dhéin Eilís
ach mar ba dhual athar di a dhéanamh,
na cínn a bhaint díobh nú iad do dhíbirt
agus sagairt agus easboig do chur fé
ghrádhaibh, as a h-úghdarás féin, agus
iad do chur isteach ins na h-eaglaisíbh.
Ba dheas é! Ach do déineadh é.



Chuir sí easbog acu siar go Luim-
neach. Bhí Inis Cathaig fé easbog
Luimníghe an uair sin. Bernárd Beag
ab ainim do'n fhear a cuireadh ann i
n' easbog Ghallda. Bhí Bernárd Beag
ar chuaird tríd an ndóisios. Do
h-ínseadh dó cad iad na pionóisí ba
ghnáth le Seanán Naomhtha do chur ar
aoinne dhéanfadh aon chur isteach ar
Inis Cathaig.



“Fianaídheacht!” ar seisean. “Cuir-
fad-sa deire leis an amadántacht
san,” díreach mar a déarfá féin, a
Mhister Filosofeir. Do cómhairlígheadh
dó gan baint leis an áit. Níor dhéin
an chómhairle ach é chomháint ar aghaidh,
dáltha an amadáin i gcómhnuighe, chun an
oileáin chun go ndéanfidís séanadh
L 238>
poibilídhe ar úghdarás an Phápa ann.
Bhí sgannra ar na daoíne. Bhí arm na
banríghna ag Bernárd agus gan bac
air pé úsáid ba mhaith leis a dhéanamh
de'n arm. Shíl na daoíne gur bh'
amhlaidh a bhíodar go léir le marbhú'
istigh ar an oileán dá ndiúltuíghdís
do'n pheacadh dhéanamh. Chromadar go
léir ar ghlaodhach ar Sheanán 'ghá iaraidh
air iad do shaoradh ó'n gcruadhtan 'na
rabhdar.



An oídhche roimis an lá a bhí ceap-
aithe chuaidh Bernárd Beag a chodla.
Ar éigin a bhí a chodla tuitithe air
nuair a dhúisigh sé agus é ag liúirigh
agus ag sgreadaigh. Dhúisigh an liúir-
each agus an sgreadach an gárda airm
a bhí aige. Bhailighdar 'na thímpal.
D'fhiafraighdar dé cad a bhí air.



“Ó!” ar seisean, “Seanán a
tháinig chúgam agus do ghaibh d'á bhachul
easboig orm!”



Bhí sé chómh teinn sin i ndiaigh na
batarála nár fhéad sé eirighe as a
leabaigh amáireach a bhí chúghainn. Níor
fhéad sé an droch obair a dhéanamh ar
an oileán an lá san. Do comhair-
lígheadh airís dó a leas a dhéanamh
agus gan bac d'Ínis Cathaig. Níor
bh'aon mhaith bheith leis. “Is cuma
liom,” ar seisean, “cad a dhéanfidh
Seanán! Cuirfad úghdarás an Phápa
amach a' h-Inis Cathaig d'a aimhdheóin
agus d' bhúr n-aimhdheóin go léir.”
An oídhche a bhí chúghainn chuaidh sé a
chodla i seómra 'na raibh dhá leabaigh.
Chuaidh sé féin i leabaigh acu agus chuir
sé a sheirbhíseach, fear luath láidir a
bhí aige, sa leabhaigh eile. Amach sa
n-oídhche tháinig Seanán airís agus a
éide easboig uime agus a bhachul
easboig 'na láimh aige agus solus
mór 'na thímpal. Chrom sé ar ghabháil
ar Bhernárd Beag leis an mbachul.
Chrom Bernárd ar liúireach agus ar
ghlaodhach. Chonaic an fear a bhí sa
leabaigh eile Seanán agus an solus
ach níor fhéadh sé cor a chur dé, bhí a
leithéid sin de sgannra air. Do
bhailigh na seirbhísigh go léir ar an
dtaobh amuich de'n dorus ach níor
fhéadadar dul isteach mar do dhaing-
nigh Bernárd féin an dorus nuair a
bhí sé féin agus an fear a bhí i n-aon-
feacht leis ag dul a chodla. I gcionn
beagán aimsire do stad an bataráil
agus d'imthigh an solus. D'éirigh an
fear a bhí sa tarna leabaigh agus
d'osgail sé an dorus. Tháinig na
seirbhísigh eile isteach. “Curtar ar
bórd na luinge mé láithreach,” arsa
Bernárd Beag, “agus beirtear suas
go cathair Luimníghe mé.” Do cuir-
eadh, agus do rugadh suas chun na
catharach é. Níor mhair sé ach cheithre
lá t'réis dul abhaile chun na catharach
dó. An mhuíntir a bhí ag cabhrú' leis
chun na droch oibre a bhí le déanamh
aige ar an oileán, tháinig a leithéid
sin de sgannradh ortha nár leag eagla
dhóibh dul i ngoire an oileáin a thuile.



Ní deir an seanachus gur thaisbeáin
Seanán é féin d'aoinne eile 'na diagh
san. Tá tobar ar an oileán, Tobar
Sheanáin, agus tá uraim ana mhór ag
na daoíne dó i gcómhnuighe riamh. Ba
ghnáth, nuair a bhíodh máirnéalaigh ag
dul ó Luimneach amach chun na farge
móire agus nuair a bhíodh gaoith agus
sín 'na gcoinnibh, go dtagaidís chun
an oileáin agus go dtógaidís chúcha
cuid de'n uisge as an dtobar bean-
uighthe agus go mbeiridís leó é ar
bórd a loinge, agus iad 'ghá iaraidh ar
Sheanán naomhtha soinean d'fhághail ó
Dhia dhóibh. Tugadh gach aoinne fé
ndeara, nuair a déintí an nídh sin go
dtagadh an tsoinean laistigh de cheithre
h-uaire fichid.



Do tugtí fé ndeara, mar an
céadna, aoinne thughadh easonóir do'n
áit ná téidheadh leis. Ní'l ach deich
mbliana 's dachad ó tháinig long
Sasanach chun an oileáin. Tháinig
gléusaídhe na luinge agus raint d'á
cháirdibh i dtír ar an oileán. Bhíodar
ag féuchaint ar a raibh ann le feisgint.
Cheap an gléusaidhe go mbéarfadh sé
leis, mar chuímhne ar an áit, géag de
chrann a bhí ann. Dúbhradh leis gan
baint leis an gcrann nú ná béadh sé
buidheach. Níor dhéin sé ach gáire
dhéanamh. Chuaidh sé chun na géige
ghearadh. Do baineadh leagadh as.
Do gortuígheadh chómh mór san é gur


L. 239


ar chómhlainn a rugadh tar n-ais ar
bórd na luinge é.



Ní féidir liom teacht suas le puínn
cúntais ar conus a dh'imthigh leis an
oileán ó aimsir Eilís anuas. Tá an
áit uaigneach a dhóithin anois. Ach tá
an coilcteach 'na choilic-sheasamh fós
ann.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services